Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
féith iriseoireachta journalistic ability
" Ról na meán ======= Léiríonn an scéal seo rud éigin i bhfad níos tábhachtaí ná féith iriseoireachta Michael Heney.
féith an chiníochais tendency to racism
" Ba léir don rialtas gur mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán i mí na Samhna.
Bhí féith an ghrinn go láidir ann he had a strong sense of humour
" Bhí féith an ghrinn go láidir ann, rud a bhí le feiceáil go soiléir agus é ar an stáitse.
féitheacha sinewy, veined
" Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
féith an mharfóra killer trait
" Bhí teoiricí ag daoine faoi seo agus ina measc bhí an tuairim ann go bhfuil sé "ródheas" agus nach bhfuil féith an mharfóra ann! Dá bhrí sin uilig bhí an-áthas ar a lán daoine anseo in Éirinn nuair a bhuaigh Pádraig an comórtas sin toisc gur Éireannach é agus "fear deas".
féitheacha veins
" B'fhéidir go bhfuil fuil Éireannach ina chuid féitheacha.
féith an chiníochais tendency to be racist
" Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson, léirigh sí go bhfuil féith an chiníochais beo bríomhar san Astráil go fóill agus go mbeidh.
an fhéith grinn the sense of humour
" Throid sé an galar go misniúil cróga, agus cé go raibh lámh in uachtar á fháil ag an mbreoiteacht air de réir a chéile, níor chaill sé riamh an fhéith grinn a bhí ann.
féith na garraíodóireachta talent for gardening
" Is as an Ghearmáin é agus tá féith na garraíodóireachta ann.
féith an cheoil talent for music
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
féitheacha veins
" An fonn, a deirim, a thosaíonn ina chuid ladhracha agus a chuireann an sú ag sciurdadh fríd a chuid féitheacha aníos, a chuireann dinglis ar a chraiceann agus crith ina chorp, a chuireann lasair ina shúile agus casacht ina chliabhrach.
féitheacha veins
" Ach is mí fhriseáilte, íocshláinteach, athbhríoch í mí seo na Bealtaine, dar le laoch na litríochta: an t-am a dtagann duilliúr ar na crainn agus bláthanna ar na sceacha, an t-am a dtosaíonn suán na beatha ag sníomh aníos arís fríd a chuid féitheacha.
féith na suime a tendency to take an interest in things
" Tá chuile bhláth, chuile chuileog ina eachtra duit má tá féith na suime ionat.
féith ghrinn sense of humour
" " Féith an ghrinn ======= Tá féith ghrinn O'Hara le feiceáil sna tionscadail atá déanta aige go dtí seo.
ina fhéitheacha, in his veins
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann. that he will be a talented sean-nós dancer
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
a raibh féith an cheoil inti who had a gift for music
" Duine d’ochtar clainne ab ea í a raibh féith an cheoil inti riamh – ina croí, ina méara agus ina guth.
a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith. who is also musically talented
" Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith.
fiabhras an chreidimh ina bhféitheacha, the fever of faith in their veins,
" Lena leabhar nua, agus fiabhras an chreidimh ina bhféitheacha, chuaigh pobal na heaglaise i mbun daoine a iompú chun an Mhormannachais.
Bhí féith sa chailín seo This girl had talent
" Bhí féith sa chailín seo agus bhí sí go maith ag bogadh, ach tá pléisiúr ar leith ag baint le bheith ag amharc ar dhamhsóir lúfar, caol, matánach, láidir (maith dom an tuairim seo – ná scaoil mé!).
Níl mórán féithe cruthaithí ann, He has much of an ability to be creative,
" Níl mórán féithe cruthaithí ann, áfach.
Má tá féith an rince ionat if you are a talented dancer
"Má tá féith an rince ionat cheana féin – agus suim agat tabhairt faoi obair dheonach atá fiúntach agus spraíúil – eagraítear cúrsaí traenála agus scrúduithe do dhaoine ar spéis leo cáilíocht a bhaint amach i dteagasc an rince céilí.
féith an ghrinn can laugh at a joke
" Mothaím féin go mbíonn deifir orm i gcónaí abhus, agus cuirtear faoi strus mé in amanna agus mé díreach ag labhairt le daoine, bíonn siad chomh míshocair sin – daoine nach mbíonn ag féachaint sa tsúil orm toisc go bhfuil siad chomh gnóthach sin, daoine a labhraíos chomh gasta sin is go gcuirfidh siad mo chroí i mo bhéal! Éire na Féile, más ea Cuimhním go hiondúil ar an teideal a bhronntar ar Éirinn, gurb í tír na féile is na mílte fáilte í, go bhfuil clú agus cáil orainn fud fad na cruinne mar dhream a bhfuil féith an ghrinn agus fad na teanga le brath go mór ionainn.
féitheacha arteries
" Tosaíonn an pléisiúr i mo chuid ladhracha agus cuireann sé an sú ag sciurdadh fríd mo chuid féitheacha; cuireann sé dinglis ar mo chraiceann agus crith i mo chorp; cuireann sé lasair i mo shúile agus casacht i mo chliabhrach; osclaíonn sé na píobáin agus cuireann sé mé ar crith; ach is fearr crith maith ná droch-chasacht, a Bhaloir,” a dúirt an Taoiseach tromchaiteach, tromaigeantach, trombhríoch, tromchroíoch.
féith an ghrinn a comic side
" Cró na Snáthaide Bhí féith an ghrinn ann chomh maith.
féith ghrinn comic side
" Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir.
bhféithe arteries
" tráthnóna, ceanglaíodh de thralaí otharlainne é, cuireadh diltálaire isteach i bhféithe a dhá sciathán, agus instealladh nimh iontu, sa chaoi go raibh sé marbh faoi 11.
féith ghrinn den scoth aige he has an excellent sense of humor
" Togha comhluadar ab ea é: scéalaí iontach agus féith ghrinn den scoth aige.
mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal the matter mustered up racism amongst the public
" Scríobh Ó Colchúin san alt thuasluaite go raibh sé soiléir don rialtas gur “mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán”.
féith an lámhchleasaithe iltascálaigh the neural multi-tasking dexterity
" Bíonn tionchar ag hipirtéacs ar an léamh (Caibidil 7), an caidreamh atá idir ár ngníomhaíocht ar líne agus ár gcumas cuimhnimh (Caibidil 9) agus féith an lámhchleasaithe iltascálaigh atá ag teastáil chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne (Caibidil 7).
tá chuile chileán féithe den fharraige ann the sea in all its different aspects is there
" Tá an fharraige mhór thart anseobh againn agus tá chuile chileán féithe den fharraige ann.
a raibh féith na reacaireachta aige ón gcliabhán who had a natural ability of eloquence
" Is cinnte go mba charachtar ceart é Cheiro, fear ar tháinig bua na cainte go héasca dó agus a raibh féith na reacaireachta aige ón gcliabhán, mar a bheifeá ag súil leis ó Éireannach béilbhinn.
an fhaid is a tomadh leacht nimhiúil ina fhéitheacha while a poisonous liquid was poured into his arteries
" B’éigean do Hitchens suí os comhair teilefíse in otharlanna éagsúla an fhaid is a tomadh leacht nimhiúil ina fhéitheacha, leacht a thug “chemo-brain” dó an lá dár gcionn.
Féith na Cruthaitheachta the creative talent
" Féith na Cruthaitheachta ======== **SMM: Ar bhain imirce d’óige ó bhaile go baile cuid mhaith le forbairt na cruthaitheachta ionat nó cad é a sheol amach i mbun pinn thú a Shéamais?** Séamas Mac Annaidh: Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach ceart go leor.
féith na fealsúnachta the philosophical element
" Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl.
féith talent
" Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann.