Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saothraithe fíniúna wine-growers
" Tá cuid de na saothraithe fíniúna ag clamhsán go bhfuil an tóin tite as an margadh dá gcuid fíonchaor agus nach mbeidh brabach ar bith le déanamh acu i mbliana.
le lobhadh ar an bhfíniúin to rot on the grape-vine
" Measann cuid de na saothraithe go bhfágfar 5% nó níos mó de na caora le lobhadh ar an bhfíniúin i mbliana agus go mbeidh sé dhá bhliain ar a laghad sula mbeidh an t-éileamh agus an soláthar i gcóimheá arís.
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe I refused to eat grapes
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
na cineálacha éagsúla fíniúna. the various kinds of grapes.
" Leanamar treoraí ar thuras lae chun réimse deas fíonghort a fheiceáil, agus chun foghlaim faoi na cineálacha éagsúla fíniúna.
gcaora fíniúna grapes
" Cineál Idaho beag atá ann, le coinníollacha foirfe lena bhfás – créafóg dhearg ghainmheach shaibhir, geimhreadh fuar fada, agus mar a deir an connoisseur fíona den chéad rogha – ar an tslí chéanna leis an dóigh gur féidir leat an chréafóg a bhlaiseadh i gcaora fíniúna – is mar gheall ar an chréafóg shaibhir dhearg seo atá an blas chomh heisceachtúil.