Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcoinne fíona for making wine
" D'insíodh Peadar do chlann Sheáin Liam cá raibh barr maith airní i gcoinne fíona le fáil agus barr maith úlla beaga fiáine i gcoinne jelly.
ag blaiseadh braon beorach is fíona tasting a drop of beer and wine
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
raon fairsing fíona a wide range of wine
" Murab ionann agus in Albain agus i Sasana, áit a mbíonn raon fairsing fíona ar fáil ar phraghas réasúnta, ní bhíonn de rogha ag óltóirí na hÉireann ach buidéil bheaga agus fíon nach bhfuil mórán de bhlas air.
an táirgeadh fíona wine production
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
beáir fíona agus bialanna wine bars and restaurants
"beáir fíona agus bialanna ann freisin, agus árasáin chostasacha, ach tá neart daoine bochta sa cheantar go fóill.
scailtín fíona mulled wine
" Stainníní margaidh atá sa *Weihnachtsmarkt* a dhíolann bréagáin áille adhmaid, scailtín fíona agus arán sinséir i bhfoirm cístí, brioscaí i gcruthanna difriúla, agus go leor rudaí eile.
a shúile lán fíona drithligh, his eyes full of sparkling wine
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
gaineamh, grian agus gloiní fíona sand, sun and glasses of wine
" Ní raibh ach cúpla lá saoire fágtha agam ón jab agus bhí gaineamh, grian agus gloiní fíona ag teastáil uaim!Bhí an bháisteach ag titim gan stop i mBaile Átha Cliath agus bhí aimsir níos tirime de dhíth orm.
tobar fíona a well of wine
" Ghlac mé sos ansin agus ar aghaidh liom go dtí Irache áit a bhfuil tobar fíona.
fonn fíona seeking wine
" Ní dhéanaim ach sciuird a thabhairt ar Tesco de ghnáth, nuair a bhíonn fonn fíona orm ach thug mé aghaidh ar Theach Bhaile Mhaolmhuaidh (www.
chúrsa lae i mblaiseadh fíona a wine-tasting day course
" ie) le déanaí chun freastal ar chúrsa lae i mblaiseadh fíona.
lucht eolas fíona wine experts
" Tá comhlachtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí earraí tomhaltais, comhlachtaí earcaíochta, siopaí speisialtóireachta arlíne, lucht eolas fíona, eolaithe teicneolaíochta, ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí Gaeilge (!!!) ag plé is ag roinnt is ag líonrú ar Twitter chuile lá.
lucht déanta fíona wine makers
" Dála lucht déanta fíona, bíonn blianta níos fearr ná a chéile ag lucht cheist na Gaeilge ach bíodh nach bhfuil 2010 ach ina tús fós, tá an chuma ar an scéal gur bliain den scoth a bheidh ann dóibh siúd a choiméadann beo an traidisiún ársa seo.
tuilleadh fíona more wine
" Roinn sé tuilleadh fíona orainn.
siléar lán fíona cellar is full of wine
" Tá an chistin lán bia agus an siléar lán fíona…” “Caidé sin a dúirt tú faoin chistin agus faoin siléar?” “Lá bia agus lán fíona, agus tá roinnt bairillí móra beorach sa seomra stórais…” “Cén áit a gcuirfidh mé an ghairleog lofa seo, a Angela?” Agus, a léitheoirí dílse, nuair a thiocfaidh an scéal amach go bhfuil ár gcuid fiacha maite dúinn, beidh a fhios agaibh nach d’Enda ná do Michael Noone a bhfuil an chreidiúint ag dul, ach do Bhalor an Laoch, a chroch suas a mhisneach ar son na hÉireann.
tionscal fíona wine industry
" Más fíor sin, tá tionscal fíona na hAstráile ar a mhíle dícheall ag tacú leis an bhfírinne.
ghloine fíona a glass of wine
" Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”.
chóisir fíona a wine party
" D'fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.