Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fíonta geala white wines
" Deirtear gur cheart blaiseadh gan slogadh – ach ní thagann scil mar sin ach le cleachtadh! Tá fíonta geala na Nua-Shéalainne an-mhaith go deo agus tá siad níos éadroime ná cinn gheala na Fraince.
fíonta wines
" Straitéis margaíochta fíorfheidhmiúil atá ann ar ndóigh toisc go dtarraingíonn an Beaujolais Nouveau aird ar na fíonta eile as réigiún an Beaujolais, réigiún atá idir Macon agus Lyon ina dtáirgtear fíonta cáiliúla ar nós Fleurie, Brouilly agus Juliénas, gan ach cuid acu a lua, fíonta a mbíonn díol maith orthu in Éirinn toisc blas éadrom torthaí a bheith orthu.
fíonta na tuaithe country wine
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.