Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Más fíor don tairngreacht seo if this prediction is true
" Más fíor don tairngreacht seo, beidh áit lárnach ag WAP sa teicneolaíocht choitianta sa todhchaí.
barr fíorach skyline
"barr fíorach so-aitheanta Nua-Eabhrac athraithe go deo.
fíor na spéire horizon
" Abracadabra, tugann ceann acu trasna an ghóilin sinn, radharc againn ar thithe spéire san áit a raibh gaineamhlach lom ag síneadh go fíor na spéire scór éigin bliain ó shin.
fíor-Ghaeltachtaí true Gaeltacht regions
" Tá daoine ann a deir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt sa chaoi nach mbeadh fágtha ach fíor-Ghaeltachtaí, cibé atá i gceist acu leis an téarma sin.
fíor-Phoblachtánaigh true Republicans
" Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, "chan ionann agus páirtithe eile," dar le Byrne.
fíor-neamhghnách extremely unusual
" De réir an Ollaimh Laver, tá sé fíor-neamhghnách go bhfágfaí faoin Taoiseach ionadaithe a cheapadh don teach uachtarach.
fíor-bheathuisce Preispitéireach real Presbyterian whiskey
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne demanding minutes that were truthful and accurate
" Nuair a chuir mé ceist uirthi faoi seo, fuair mé ríomhphost ón leas-phríomhoide ag rá nach raibh tagairt dóibh ann mar nach raibh siad tábhachtach! Bhí fearg orainne faoi na himeachtaí seo, agus tháinig ionadaithe ó UNISON agus ón NATFHE le chéile agus chuir muid ráiteas chuig an phríomhoide ag cáineadh Griffiths agus na mbainisteoiri eile, agus ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne.
fhíor-dhrochrud a really bad thing
" Bheadh sé mar fhíor-dhrochrud dá mba rud é go raibh muid tar éis a bheith ag obair leo siúd.
Fíor-nuacht real news
" Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!" Bhí Balor prioctha ag an bheach.
fíor-othair real patients
" Dar leis go bhfuil na seomraí éigeandála sna hospidéil ina gcuibhreann ag na druncairí, go mbíonn na crampaeirí ag titim thart agus ag cur isteach ar na fíor-othair bhochta.
fíor-fhidléir ina steillbheatha a real fiddler, as large as life
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíor-fhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil.
cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? how could the opposite be true?
" "I dtaca liom féin de, bhí tionchar mór ag an pholaitíocht ar mo shaol - cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? - agus caithfidh mé aghaidh a thabhairt ar cheisteanna polaitiúla, agus iad a phlé fríd an fhilíocht.
fhíorach representational
" Tagann Iglesia as glúin a thosaigh ag obair ar shuiteálacha sna hochtóidí agus, i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach a tháinig rompu, ba obair fhíorach a bhí i gceist acu den chuid is mó.
a mhalairt atá fíor the opposite is true
" Deir roinnt tráchtairí gur úsáideoirí gan saineolas ríomhaireachta faoi deara na fadhbanna seo ar fad ach a mhalairt atá fíor.
eachtraí fíora éigeandála actual emergency situations
" " Deir Cole gur maith leis fosta go bhfuil oiread le foghlaim, ó lámhleabhair na rannóige, ó rúideanna traenála agus ó eachtraí fíora éigeandála.
fíor-Ghaeltacht a true Gaeltacht
" Agus, ar ndóigh, is ceist oscailte í, cad is "fíor-Ghaeltacht" ann - beidh gach glúin inár ndiaidh in ann a rian féin a fhágáil ar ár saothar.
Béile fíor-Mheiriceánach a true American meal
" Béile fíor-Mheiriceánach in Kewpee's Diner ((www.
Fhíor-IRA Real IRA
" Easaontóir poblachtánach atá in Tohill a d'admhaigh don nuachtán *Lá* gur thug sé "comhairle mhíleata" don Fhíor-IRA.
fíor-neamhspleách truly independent
" Cé go bhfuil tionól acu anois i gCaerdydd, bhí parlaimint fíor-neamhspleách ag na Breatnaigh i Machynlleth i 1404 i rith éirí amach Owain Glyndwr (1400-1415).
A mhalairt ar fad atá fíor! The opposite is true!
" A mhalairt ar fad atá fíor! Trí chéile, bíonn caighdeán lucht an B.
fíor na sléibhte the outline of the mountains
" Bhí fíor na sléibhte le feiceáil go doiléir i bhfad uainn.
faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo about this very extremely serious matter
" Bhí an tAire Spóirt faoi agallamh níos mó ná uair amháin in aghaidh an lae le gairid chun ceisteanna a fhreagairt faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo.
fíor-mhíshásta deeply dissatisfied
" Faoi mar a bhí muintir na hIaráine i 1979, nuair a cuireadh tús le réabhlóid bhunúsach, tá muintir na hAraibe Sádaí fíor-mhíshásta leis na polasaithe a leanann rialtas na tíre i leith na Meiriceánach.
ó fhoinse fhíor from a true source
" Ní hionann é ar chor ar bith agus foghlaim ó fhoinse fhíor.
fíor true
" Dá dtiocfadh daoine chuig cóisir i do theach, an gcoinneofá an páiste is lú gnaoi sa chlann faoi ghlas sa lochta ar eagla nach dtaitneodh sé/sí le daoine? Dála fhoireann sacair an tuaiscirt, táthar ag baint úsáide as an mharatón le híomhá den *New Northern Ireland - Our Wee Country *- a chraobhscaoileadh, íomhá nach bhfuil iomlán nó fíor.
athrú fíor-radacach a truly-radical change
" “Bheadh athrú fíor-radacach ag baint le hathrú teanga ag an bpointe seo,” a deir.
fíor-dhrochthorthaí extremely bad results
" Bhí fíor-dhrochthorthaí ag an bhfoireann in 2004 agus 2005 agus chuir sin an-bhrú agus strus ar an mbainisteoir Humphrey Kelleher, a bhí ag obair go dian ar son na foirne.
fíor nó leathfhíor true of half true
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
an fhíor-fhéinmhuinín the true self-confidence
" Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.
nósanna fíor-Éireannacha truly Irish customs
" Bhí sé doiligh go leor ar Fhear Dia nósanna fíor-Éireannacha a ghlacadh chuige féin, ach chuidigh a cheanndánacht agus a chadrántacht go mór leis.
raibh fíor-dhroch-chaidreamh a really bad relationship
" Mar a bheifeá ag súil, bhí drogall ar an Aire Stáit tabhairt faoi na hiascairí sruthlínte bradáin agus tuairiscítear go raibh fíor-dhroch-chaidreamh idir an bheirt fhear.
fíor-cheannródaíoch really pioneering
" Cúrsa fíor-cheannródaíoch a bhí ann maidir le hÉirinn de.
fíor-eitneach truly ethnic
" Tá ceol sa Taisce a dtugaim ceol fíor-eitneach air, ceol a bhfuil sé doiligh éisteacht leis, an chuid is troime agus is casta den sean-nós, ach tá ceol le Bridie Gallagher ann fosta.
fáilte fhíor-Albanach a true Scottish welcome
" Táimid ag tnúth go mór le fáilte fhíor-Albanach a chur roimh mhuintir na hÉireann agus iad ag teacht go dtí na hoileáin don ócáid ilchultúrtha seo.
ó fhíor-Albanach, from a true Scot,
" Ach, mar a bheifeá ag súil ó fhíor-Albanach, bhí sí amuigh ar an oighear linn arís! An sliabh is airdeLá deas geal a bhí ann an cúigiú lá agus bhí mé ag iarraidh dul suas Guastatoppen (1883m), an sliabh is airde in Telemark, leis an cheantar álainn seo a fheiceáil.
leoga, a mhalairt a bhí fíor. indeed, the opposite was true.
" Sin ráite, ní “reibiliúnaigh” a bhí sa teaghlach – leoga, a mhalairt a bhí fíor.
nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor. that that isn't completely and utterly true
" ”Cé go maíonn Myers nach mbraitheann sé “searbhas ar bith” mar gheall ar an eachtra anois de bhrí gur “mothúchán amaideach í an tseirbhe”, is léir óna chuid cainte nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor.
bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, I knew that something fatal had occured
" Ag an gcéim sin, bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, rud nach bhféadfaí a chur ina cheart go deo.
más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid if the results of a comprehensive study published recently are correct
" (Paragraf 3) ** ** **Staidéar** Tharla an eachtra áirithe seo in Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach is léir gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht in Éirinn chomh maith, más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid.
fíor-éifeachtach really effective
" Tá an nós seo i gceist sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil sé an-choitianta agus fíor-éifeachtach.
a mhalairt a bhí fíor. the opposite was true
" An iarraidh seo, ámh, a mhalairt a bhí fíor.
Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, it is unlikely that philanthropy was the reason for the generosity of the extremely wealthy speculator
" Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, áfach.
A mhalairt ar fad atá fíor the opposite is true
" A mhalairt ar fad atá fíor, dar le Kevin Rooney, a scríobhann ina bhlag Northern Ireland – painting over the cracks (www.
scéal fíor ár linne the real truth of our times
" Mothú an fhuadair agus an tsaothair Mothaítear a lán den obair seo ó thráth go chéile, in ionad a bheith ag léamh faoi, glan soiléir, dubh agus bán, i gcolúin nuachtáin, nó éalaíonn a lán de scéal fíor ár linne féin tharainn, mórán i ngan fhios dúinn.
más fíor if it's true
" Seacht déag ponc a trí milliún duine a bhí ag féachaint ar an chlár, más fíor an scéala a d’eisigh RTÉ inné.
más fíor if true
" Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
fíor a rá true to say
" Is fíor a rá gur tháinig córas na gcoistí ar an saol le fiche bliain anuas agus gur céim chun cinn atá san fhorbairt seo.
Is fíor it's true
" Is fíor an chaint sin a deir siad faoin óige a mholadh agus go dtiocfaidh sí.
más fíor if it's true
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
Más fíor if it's true
" 08 ar *How the Irish Invented Slang* faoin teideal 'Buille tábhachtacht i gcogadh teanga': "Más fíor gur tír gan anam tír gan teanga, is seacht n-uaire níos measa é más féidir a chur i gcéill nach raibh teanga againn riamh.
Is fíor it's true
" Cúlú agus Cailleadh san Eoraip Is fíor gur measa i bhfad é scéal na nuachtán i Meirceá ná mar atá siad san Eoraip.
An fíor is it true
" ” Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ball nó baill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “*The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?*” Agus cad é fá na polaiteoirí? “Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtra nó cuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde.
fíor true
" An bhfuil tú sásta leo, nó an fíor do na ráflaí atá ag dul thart: go bhfuil tú ag iarraidh iad a dhíbirt as an chomh-aireacht? Biffo: Ní fíor ar chor ar bith.
más fíor if true
" Go deimhin, más fíor don tuairisc san eagrán deiridh den nuachtán, bhí €618,000 mar cúlchiste brabúis ag Móinéar Teo.
is fíor a rá aithne againn uile
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
fíor true
" Cioca? Nó an bhféadfadh go mbeadh an dá léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina cnámh spairne pé áit a theaspeántar ‘Antichrist’.
Ní fíor it's not true
" Ní fíor gur dream ar shiúl le féileacáin iad na mainicíní.
arbh fhíor was it true
" Ní rabhas ariamh i dTexas, cé go raibh an chuid is mó de stáit eile Mheiriceá siúlta agam, agus ba mhór m'fhonn a fháil amach arbh fhíor a deir daoine faoin stát.
fíor true
" (A mhalairt atá fíor sna tíortha a bhfuil tiomáint ar thaobh na deasóige ina dhlí.
Arbh fhíor would it be true
" ” An Ghaeilge, ar ceal Cé gur as Béarla atá suíomh idirlín Ivana, tá cúpla abairt Ghaeilge ar an leathanach tosaigh a chuireann in iúl go bhfuil “beagáinín Gaeilge agam, ach táim ag obair air!” Arbh fhíor a rá nach bhfuil sna habairtí sin ach béalghrá? “Bhíodh fáinne airgid agam nuair a bhí mé ar an mbunscoil in iarthar Chorcaí.
fíoracha figurative
" Thosaigh sé ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh sé gur chuidigh an cleachtadh seo lena mhodh líníochta féin a fhorbairt.
fíor truth
" Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor.
fíor true
" (Beo, Eagráin 80 agus 103) Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
Más fíor if it's true
" Más fíor don tuar is tairngreacht atá á dhéanamh le blianta beaga anuas, ní fada go dtiocfaidh deireadh le saol ársa Mandaean na hIaráice.
fíor-neamhghnách really unusual
" Bhain sí an stádas Búdach is airde lena ceannsacht is lena comhbhá i gceann trí bhliain - éacht fíor-neamhghnách.
is fíre truer
" ‘Feiceann súil ghlas saol glas’ a deir an seanfhocal agus is fíre ná riamh é ar cheist an chárta den dath céanna! Feiniméan Domhanda === Ar ndóigh, is rud é an inimirce neamhdhleathach a tharlaíonn i ngach cearn den domhan.
fíor-Ghaelach Irish Irish
" Is é atá sa Ghaeltacht thall ná an chuid sin de Pháirc na Féile Gaelaí atá fíor-Ghaelach amach is amach; áit a mbíonn na fíor-Ghaeil agus a gcuid fíorchairde fíor-Ghaelacha agus fíor-Ghael-Mheiriceánacha Gaelacha agus a gcuid cairde fíor-Ghaelacha siúd.
fíor dáiríre is true in fact
" Déarfadh daoine freisin nach bhfuil an iomaíocht chomh géar ná chomh dian i gcás dornálaíocht na mban is atá i spóirt eile, ach aon duine a bhí ag féachaint ar throideanna Katie, agus ar a troid i gcoinne Queen Underwood de chuid na Stát Aontaithe sa bhabhta leathcheannais go háirithe, thuigfidís gurb é a mhalairt atá fíor dáiríre.
fíor-riachtanais real necessity
" Níor cheart cuairt a thabhairt ar an réigiún, dar leis, ach i gcás fíor-riachtanais amháin.
Fíor true
" Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí.
fíor-riachtanach imperative
" Tá sé sin fíor-riachtanach i saol gach éinne againn.
An fíor dom é is it true to say
" **SMM: An fíor dom é go bhfuair tú an-oiliúint ag beirt d'aos teangeolaíochta a raibh a n-ainm in airde go hidirnáisiúnta, fear amháin díobh, Joshua Fishman, a raibh baint mhór aige le hÉirinn in am an Athar Colmán Ó hUallacháin.
fíor-Bhriotánach truly Breton
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
fíora agus féideartha real and likely/possible
" Conas is féidir le teicneolaíocht teacht i gcabhair leat is tú ag cur na ndifríochtaí seo i bhfeidhm ar do chustaiméirí, fíora agus féideartha? Seo seacht nod don siopadóir, nó na rudaí a dhéanfainn féin dá n-osclóinn féin siopa amárach.
fíor true
" Bíodh sin fíor nó ná bíodh, cé nach bhfuil i ngrianghraf ach mionspléachadh ar ábhar nó ar eachtra, is minic a insíonn sé go leor ina thaobh.
an eite chlé fíor the true left wing
" Tá poll ollmhór mar sin, i bpolaitíocht na heite clé agus ins na blianta atá amach romhainn, tánn sé mar dhualgas orainn, mar fhreagracht tromchúiseach ar an eite chlé fíor, gluaiseachtaí nua a chur chun cinn a thabharfaidh ionadaíocht mhacánta radacach le malairt pholaitíocht, malairt eacnamaíochta a chur chun cinn.
fíor true
" A mhalairt atá fíor i measc na gnáthmhuintire, ar ndóigh, atá ag cur na ceiste, cén fáth go mbeidh orthu sin díol as córas atá chomh lochtach is atá? Tá daoine ina scuainí ar fud na Sé Chontae ag bailiú uisce ó leoraithe móra inniu, agus muid i 2011.
Is fíor it’s true
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
fíor-thírghráthóirí real true patriots
" I measc na rannpháirtithe, tá fíor-thírghráthóirí Mheiriceánacha - ní hionann agus an dream a chaitheann brat SAM ar a mbrollach - ar nós Alison Weir, Philip Giraldi agus Jeff Blankfort.
ach a mhalairt atá fíor the opposite is true
" 
Is annamh a chluin tú aontachtach nó Protastúnach féin ag moladh an tsóisialachais agus shílfeá go dtagann an dá rud salach ar a chéile ach a mhalairt atá fíor dar le Ervine.
más fíor if true
" Ceann Scríbe ======== Bhí sé ina chlapsholas faoin am a shroicheamar Les Trois Vallées, an ceantar sciála is mó ar domhan más fíor don suíomh idirlín www.
is fíor it’s true
" ‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint.
más fíor if true
" Nuair a dúras le mo dheirfiúr i nGaillimh go rabhamar le dul go Baltimore, d'fhreagair sí "seachain na cailíní díomhana!" De réir dealraimh, níl stopadh leo i mBaltimore, más fíor do *‘He's Just Not That Into You’*.
más fíor if what’s said is true
" Duine eile nach bhfuil ar aon intinn le Criostóir Ó Cuana ach oiread, más fíor, ná Barry O Brien, Cathaoirleach Choiste Thiobraid Árann.
Tugann siad Perussuomalaiset - na Fíor-Fhionlannaigh - orthu féin they call themselves the TFs
" Tugann siad Perussuomalaiset - na Fíor-Fhionlannaigh - orthu féin.
Níl a mhalairt fíor the opposite isn’t true
creidim gur fíor I believe it’s true
" Páirc an Chrócaigh ========== Más fíor gur treise beart ná focal, agus creidim gur fíor, labhair na bearta beaga le líofacht láidir.
fíor true
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
lucht an fhíor-rachmais the super-rich
" An mionlach atá ag cruthú go maith i dtólamh, tuigeann siad an droch-chaoi atá fágtha ag lucht an fhíor-rachmais ar an domhan agus tuigid siad gur go tóin an umair a rachas gach geilleagar mura dtaga teicneolaíocht úrnua ar an saol a chuirfeas borradh céadtach faoin saol.
go bhfuil a mhalairt ar fad fíor that the complete opposite is true
" Creidtear sa dearcadh diúltach seo d’ainneoin go bhfuil fianaise fhollasach go leor ann go bhfuil a mhalairt ar fad fíor.
Fíor na spéire the horizon
"Fíor na spéire …’ Macalla na filíochta, b’fhéidir.
fíor-fíordhearfach very very positive
" Níl an scagadh iomlán déanta go fóill, ach ón mhéid atá feicthe agam, agus níl ann ach sracfhéachaint, tá sé fíor-fíordhearfach.
in am fíor in real time
" D’fhógair *Kickstarter* ar an 21 Meitheamh go mbeadh siad ag roinnt eolais faoina staidreamh in am fíor as seo amach.
nath atá chomh fíor a phrase that’s as true
" ‘Insíonn fíon fírinne’ a deir an seanfhocal ilteangach, nath atá chomh fíor inniu is bhí riamh, óir léirímid tréithe sainiúla ár gcroí don saol mór nuair a bhíos an braon sa ghrágán againn.
Tá sé seo fíor agus tá sé aisteach this is both true and strange
" Eachtra Teanga ====== Tá sé seo fíor agus tá sé aisteach.
a mhalairt atá fíor the opposite is true
" Tagann an gaoth ón bhfarraige i rith an lae agus a mhalairt atá fíor san oíche.
fhíor-Ghaeltacht G. proper
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
fhíor-dhrochaimsir extremely bad weather
" Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana.