Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an fhearg fhíréin righteous anger
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
fíréin faithful
" Go fóill, is ann do na fíréin i gCeanada, tír dhúchais Gretzky, nach bhfuil aon lagú ar a gcreideamh gur dia cruthanta é Gretzky.
na fíréin the just people
" “Agus mar fhreagra ar an tuar agus ar an tairngreacht éireoidh na fíréin amach ó gach Gaeltacht sa tír, agus ó Ghaeltacht nó dhó nach bhfuil sa tír, agus déarfaidh siad in athuair agus in athuair arís nach bhfuil ach réiteach amháin ar an fhadhb seo, nó is fadhb mhór í gan dabht gan amhras ar bith: deontais agus deontais agus tuilleadh deontas.
Iontaobhas an Iolair Fhíréin the Golden Eagle Trust
" Deir Iontaobhas an Iolair Fhíréin i nGleann Bheatha nach eol dóibh aon chás inar mharaigh iolar uan, cé go bhfuil 46 acu tógtha as Albain go Dún na nGall ó bhí 2001 ann.
fíréin true blues, the elect
" Ach, in ainneoin na ngearán agus an mhosáin ar fad, nuair a thiocfaidh an t-am, beidh na fíréin ag dul ina ndrongbhuíonta chuig na boscaí vótála agus iad ag fulaingt fós ón Gonorrhoea Lectem.
fíréin elect, choice people
" Deonaítear Deontais! “Agus mar thoradh ar an tuar agus ar an tairngreacht, éireoidh na fíréin amach ó gach Gaeltacht sa tír, agus ó Ghaeltacht nó dhó nach bhfuil sa tír, agus déarfar in athuair agus in athuair arís nach bhfuil ach réiteach amháin ar an fhadhb seo, nó is fadhb mhór í gan dabht, gan amhras ar bith: deontais agus deontais agus tuilleadh deontas a bhronnadh ar lucht labhartha na Gaeilge Gaelaí i ngach Gaeltacht.
d’fhíréin of the true blues
" ” Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan ==================== Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo.
do na fíréin for the attuned few
" **SMM: An mbeadh sé fíor a rá gur seirbhís do na fíréin é Raidió na Gaeltachta agus nach bhfuil TG4 dírithe ar an lucht éisteacht/féachana céanna; go bhfuil sibhse dírithe ar mhuintir na fíor-Ghaeilge agus go bhfuil siadsan dírithe ar phobal níos fairsinge?** ENíCh: Is dóiche go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 dírithe ar lucht féachana agus lucht éisteachta na Gaeilge sa tír, ach dar ndóighe, is féidir le daoine ar beagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilg a bheith ag breathnú ar ghléas teilifíse.
fíréin the chosen ones
" Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill.
fíréin the elect, chosen
" Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.
Na fíréin abhus those considered perfect here
" Na fíréin abhus, samhlaítear iad mar shíol an diabhail ag an duine thall.