Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhórsa péas pobail community police service
" "Ba mhaith liom sibh bhur dtacaíocht a léiriú don fhórsa péas pobail ab fhearr ar domhan - na B-Speisialaigh," a dúirt sé.
fórsaí slándála security forces
" I 1981, fuarthas amach freisin go raibh Berlusconi ina bhall de P-2, Craobh de Chumann na Máisiún atá mar ghréasán rúnda ag póilíní, baill de na fórsaí slándála agus den rúnseirbhís, lucht gnó, baincéirí agus baill de na meáin chumarsáide.
má ghéilltear do na fórsaí sin if those forces are yielded to
" Tá imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain má ghéilltear do na fórsaí sin.
an fórsa póilíneachta a neartú to strengthen the police force
" Beidh a rian sin ar an rialtas nua, rialtas atá ag pleanáil níos mó bóithre fiú a thógáil, a dteastaíonn uaidh tiomáint carranna a dhéanamh níos saoire, an fórsa póilíneachta a neartú, agus slite a aimsiú chun déileáil ar dhóigh níos éifeachtaí le hinimircigh mhídhleathacha.
fórsaí slándála security forces
" Scaoileadh duine eile san aghaidh agus tá tuilledh dúnmharithe le theacht, dar leis na fórsaí slándála.
d'fhórsaí na Cosainte Sibhialta Civil Defence forces
" Níl aon mhascaí gáis ar fáil d'fhórsaí na Cosainte Sibhialta.
na fórsaí slándála the security forces
" Sa pháipéar liobrálach *The Guardian*, mar shampla, bhí an scéal ar an phríomhleathanach agus bhí dhá leathanach iomlána eile ann, lán le gach sórt líomhaintí a fuair na hiriseoirí Rosie Cowan agus Nick Hopkins ó na fórsaí slándála.
fhórsaí na corónach the crown forces
" Tá Riail 21, a chuir cosc ar fhórsaí na corónach, imithe, mar aon le Riail 28 a chuir cosc ar bhaill an CLG cluichí gallda a imirt.
fórsa chun maitheasa force for good
" Luann sé, dar ndóigh, nach go minic a tharlaíonn a leithéid sin agus gur fórsa chun maitheasa atá i gCumann Lúthchleas Gael tríd is tríd.
ar fhórsaí an mhargaidh shaoir against free market forces
" Ar an taobh eile, níl aon chosaint acu ar fhórsaí an mhargaidh shaoir a thuilleadh.
na fórsaí slándála the security forces
" Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d'fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála.
fórsaí na comhghuaillíochta the coalition forces
" Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce "trédhearcach" agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.
fórsaí slándála na Breataine the British security forces
" Ach tá go leor amhrais ann ó shin go raibh claonpháirteachas i gceist le fórsaí slándála na Breataine.
fhórsa aontais unifying force
" (e) Chun cultúr agus modhanna ealaíon dúchais an cheantair a chothú agus a fhorbairt, mar fhórsa aontais sa phobal agus mar bhunús le féiniúlacht an cheantair.
Fórsaí geilleagracha economic forces
" Fórsaí geilleagracha atá i gceist anseo.
Fórsaí rúnda na Breataine the British secret forces
" Fórsaí rúnda na Breataine, “Securocrats” Whitehall, nó poblachtánaigh easaontacha atá in éadan an phróisis - dream díobhsean a d’údaraigh agus a rinne an beart, dar le *Daily Ireland*.
fórsaí cosanta defence forces
" Bhí an Ulster Defence Regiment (UDR), reisimint de chuid arm na Breataine, é 95% Protastúnach, iarbhaill de chuid na B-Specials ann, mar *militia* logánta de chuid na bhfórsaí cosanta sna Sé Chontae.
fórsaí míleata SAM US military forces
" **D ** Dermot Ahern, An tAire Gnóthaí Eachtracha: Ba ar ghlantóirí a thit sé a thaispeáint don Aire an rud a bhí ar eolas ag madraí an bhaile ach a bhí á shéanadh scun scan aigesan – is é sin go bhfuil mí-úsáid á baint ag fórsaí míleata SAM as Aerfort na Sionna.
na fórsaí slándála the security forces
" “Ní raibh aon chaidreamh cairdiúil idir na fórsaí slándála anseo agus gnáthphobal Chathair Dhoire.
fórsa réigiúnda regional force
" Tá sé ina raic ansin ó 2000 agus tharla an trioblóid is deireanaí in ainneoin fórsa réigiúnda as tíortha eile, a bhformhór as an Astráil agus an Nua-Shéalainn, a bheith ansin le tamall de bhlianta le rudaí a choinneáil faoi smacht.
fórsaí cúltaca reserve forces
" Anois, agus é cinnte ina chogadh cathartha san Iaráic, is léir nach bhfuil go leor trúpaí Meiriceánacha ar fáil ann agus saighdiúirí ag teastáil go géar san Afganastáin ag an am céanna, agus go bhfuil géarghá le fórsaí cúltaca a choinneáil in áiteanna eile ar eagla go dtitfeadh cogadh amach i dtír eile a bhfuil suim ag Meiriceá inti, mar an Phalaistín nó Cúba.
in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, against the dark forces of Britain,
" An sceithfidh Sinn Féin ar phoblachtánaigh atá ag leanstan ar aghaidh leis an streachailt armtha in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, i.
i leith fheidhmiú an fhórsa. with regard to the functioning of the force.
" Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa.
Ceadaíonn Pulse do bhaill den fhórsa Pulse allows force members
" Ceadaíonn Pulse do bhaill den fhórsa a bhfuil céim chigireachta, nó os a cionn, bainte amach acu fáil a bheith acu ar ríomhphoist sheachtracha.
ceannasaí an fhórsa póilíneachta. the head of the police force
" Ní ba dhéanaí sa bhliain gabhadh Rafael Del Pozo, ceannasaí an fhórsa póilíneachta.
flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta a float from the local police force
" I mbliana, bhí flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta páirteach sa pharáid, rud a léiríonn an t-athrú suntasach atá tagtha ar stádas an phobail seo le tríocha bliain anuas.
ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta commander-in-chief of the defence forces
" Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
fórsaí póilíneachta police forces
" Ag deireadh na nóchaidí, thug an Pentagon airm bhreise do na fórsaí póilíneachta timpeall na tíre mar gheall ar an gCogadh Fuar a bheith tagtha chun críche.
cothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní. an armed police force creates fear in society towards the police
" Deir siad go gcothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní.
ar fhórsaí an dorchadais on the forces of darkness
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, the commander-in-chief of the defence forces,
" Oilithreacht mhíleata a bhí ann, agus cionn is gurb ise ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, chuaigh sí in éineacht leo – le súil a choinneáil orthu, mar a déarfadh sí féin.
fórsaí slándála na Breataine the British security forces
" Thuig fórsaí slándála na Breataine agus an IRA araon nach dtiocfadh leo buille marfach a thabhairt dá chéile agus d’fhóir an idirbheartaíocht do gach taobh.
fórsa éifeachtach síocháiníochta effective peace-keeping force
" Saga*, maíonn Boutros-Ghali gur éirigh le rialtas Clinton – le cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.
fórsaí forghabhála. occupying forces
" Ach nuair a thit gach rud as a chéile san Iaráic go luath tar éis an ionraidh, chuir Bush an-bhrú ar Howard trúpaí a sheoladh ar ais mar chuid de na fórsaí forghabhála.
Fhórsaí Cosanta defence forces
" Le breacadh an lae, shroich siad An Bóthar, an tábhairne sona suaimhneach sin ag bun Chnoc Bhréanainn, áit a raibh grúpa sléibhteoirí ó Fhórsaí Cosanta na hÉireann ag fanacht chun an Tóirse a thabhairt suas an sliabh.
fórsa saothair líonmhar a large work force
" Tabharfaidh na tomhaltóirí breise seo speagadh láithreach don gheilleagar inmheánach agus cinnteoidh sé go mbeidh fórsa saothair líonmhar ann chun an tír a choimeád sa siúl agus chun ár bpinsean a íoc! Quel bonheur! Gach duine sásta.
fórsaí na Gearmáine German forces
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
fórsa a chruthú to create a force
" “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
 Beith an Duine a Fhorbairt ============ Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí.
bhfórsaí slándála security forces
" Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall.
theip ar fhórsaí ionraidh invading forces failed
" Nuair a theip ar fhórsaí ionraidh na n-Iosraelach an ruaig a chur ar Hezbollah i rith an tsamhraidh 2006, mheas cairde Iosrael i Washington gurbh é an tSiria an ball lag sa phasáiste ón Iaráin go dtí an Liobáin Theas.
fórsaí slándála security forces
" Ba í an t-aon duine a cúisíodh as Cath Thaobh an Bhogaigh a throid in aghaidh fórsaí slándála an stáit! Ba shainchomhartha cumhachtach an resistance í.
fhórsaí neamhrialta irregular forces
" Drogall an Oirthir ======= Tá al-Assad ag brath ar shaighdiúirí tuarastail agus ar fhórsaí neamhrialta chun an réabhlóid a chosc freisin.
fórsaí an mhargaidh the market forces
" Cháin sé ‘fórsaí an mhargaidh’ mar prionsabal saoil, rud a bhí cuibheasach, mar labhair sé faoin 1.
d’fhuascail fórsaí na gComhghuaillithe the Allied Forces freed
" Scaoileadh saor Luigi, Mokryna agus a hiníon Nadia, nuair a d’fhuascail fórsaí na gComhghuaillithe an campa i 1945.
fhórsa oibre na cathrach díomhaoin the city’s workforce unemployed
" Chuir cliseadh Sráid Wall go mór lena ndeacrachtaí agus fá 1931 bhí a thrian de fhórsa oibre na cathrach díomhaoin.
na bhFórsaí Cosanta of the Defence Forces
" Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig atá ag tabhairt aire dár muintir i gcaitheamh na saoire agus tríd an gcuid eile den bhliain freisin go deimhin – áirim orthu san An Garda Síochána, an tSeirbhís Príosúin, iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, agus comhaltaí na bhFórsaí Cosanta atá ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin thar lear.
i gcás bhaill fhórsaí slándála na Breataine in the case of members of the British security forces
" "Má tá réiteach ann maidir le hiar-sceimhlitheoirí a bhí gníomhach, is cóir go mbeadh sé amhlaidh i gcás bhaill fhórsaí slándála na Breataine,” ar sé, ag cur an dá ghrúpa ar comhchéim.
hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha the Sunni forces attacks
" Tá ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.
fórsaí slándála security forces
" Tá seirbhísí rúnda na Breataine gníomhach i bPoblacht na hÉireann le fada agus tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an gcomhoibriú idir iad féin agus fórsaí slándála an stáit, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
fórsaí cosanta defence forces
" Thángthas ar thuilleadh fianaise le tamall anuas go raibh claonpháirteachas i gceist idir na fórsaí cosanta agus na dílseoirí sna Sé Chontae.
na fórsaí slándála the security forces
" Tá go leor fianaise ann go raibh claonpháirteachas leanúnach i gceist idir na fórsaí slándála sna Sé Chontae agus paraimíleataigh dhílseacha ach, mar a mhíníonn Robert McMillen, níl an toil pholaitiúil ann dul i ngleic leis an scannal.
ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána on duty with the Garda Reserve Force
" Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.
a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar whom British forces killed in Gibraltar
" Bhí aithne mhaith ag Tony Birtill ar Sheán Savage, an ball den IRA a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar fiche bliain ó shin.
fórsaí póilíneachta police forces
" Agus tá fórsaí póilíneachta na Stát Aontaithe ar cheann de na dreamanna is mó a bhfuil spéis acu sna hairm, dar le Brian Ó Broin.