Pota Focal Intergaelic
cúm | fúg | fúr | fút | gúm
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is beag nár thug sé fúm he nearly attacked me
" Ach chuir sé cár air féin agus, cé go raibh mé ag iarraidh cuidiú leis, is beag nár thug sé fúm.
cur fúm settle down
" B'fhéidir go n-éireodh liom a leithéid a aimsiú sa deireadh - áit a bhfuil grá agam dó agus a thugann grá ar ais dom, áit ar féidir liom mo chuid fréamhacha a chur síos agus cur fúm.
a rómhróinn fúm that I would dig the ground under me
" ? geilleagareconomy ina dtuile amholain a flood of crude oil a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off bantrachtwomen dallamullógdeception dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories bíogúilsprightly is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it maitheasgood mo dhícheannadhmy decapitation cúiscause mo dhianéagmy violent death anbhásviolent death babhta mionnaí móraa bout of cursing bómántaslow-witted
cur fúm to settle down
" Theastaigh uaim cur fúm i gceantar Bhaile Átha Cliath leis.
Tá fúm I intend
" Tá fúm an Ghaeilge a thairiscint dóibh nuair a bheas siad níos sine.
ag iarraidh eolais fúmsa. looking for information about me.
" D’fhan mé cúpla oíche le cairde i mBaile Átha Cliath agus nuair a d'fhill mé ar ais go Learpholl fuair mé scairt ghutháin uathu ag rá gur thug an brainse speisialta cuairt orthu ag iarraidh eolais fúmsa.
ag fonóid fúm scoffing at me
" Faitíos orm go mbeidís ag fonóid fúm agus mo dhrochsheinnt! “Seachain an droch*synth*,” an freagra a fuaireas ar ais.
ag magadh fúm mocking me
" Thosaigh siad ag magadh fúm féin agus faoi bhuachaill eile a bhí tagtha freisin ón scoil náisiúnta.
Tá ruathar fúm anois. I'm in a rush now.
" Tús maith leath na hoibre! Ach tuigim nach bhfuil fiú aon faoin gcéad den obair déanta! Tá ruathar fúm anois.
chuir mé fúm I settled
" Chun an clár “Faoistin Favela” a dhéanamh, chuir mé fúm i mbruachbhaile bocht – Favela – i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle.
fúmsa about me
" Chuala an Flannagánach fúmsa uaidh, agus fuair mé cuireadh dul ar cuairt chuig Caoimhín, rud a rinne mé.
Bhí fúm I intended
" Bhí fúm teacht amach arís go luath ina dhiaidh sin, ach bhí mo shaol féin ar tí casadh i dtreo eile ar fad.
ag magadh fúm mocking me
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
go raibh fúm that I intended
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
thug sé fúmsa he attacked me
" Anois níl mé á rá seo cionn is gur thug sé fúmsa go poiblí go minic, ach is cóir don Seáinín Buí sin imeacht ar ais go dtí cibé cuid de Thír na nGall a bhfuair sé an tuin chainte andúchasach sin ann.
bhí fúm I was riding
" An dara huair a tháinig mé anoir ón Rómáin chuig an Ungáir, is traein gan bhuidéal uisce a bhí fúm.
ag cur fúm staying
" Bhí feirm ina aice leis an teach a raibh mé ag cur fúm agus ní raibh ag an fheirmeoir ach aon tarracóir beag amháin.
ag scaoileadh fúm is tharam mouthing off
" Ach in ionad a bheith ag scaoileadh fúm is tharam anseo faoin droch-chaoi ina bhfuil oideachas na teicneolaíochta sa tír seo, tharraing scéal eile mo shúil le mhí anuas: is mise snag breac na teicneolaíochta amach is amach! Is mó constaic a pléadh sa nuacht teicneolaíochta le déanaí ó shocraigh roinnt comhlachtaí idirlín tabhairt faoi lá lándorcha in agóid ar SOPA.
Níl fúmsa locht a fháil ar dhream ar bith It’s not my intent to find fault with any group
" Níl fúmsa locht a fháil ar dhream ar bith faoi chás na Gaeltachta san alt seo.
gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo till the day came that I settled here
" Mar sin féin, aineolach mo dhóthain a bhíos ar an gcathair agus ar an gcúige seo gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo.
Thíos fúm below me
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
ag magadh fúm slagging me
" Bíonn úinéir an ionaid aclaíochta ag magadh fúm: “Cén mhaith atá sa tae sin?” Lá amháin, thug mé pacáiste de dhuilleoga tae glas dó mar bhronntanas.
murar spéis liom cur fúm sa phobal sin if I’m not interested in living among those people
" Mura mbeidh spéis agam ina gcultúr agus murar spéis liom cur fúm sa phobal sin ar feadh trí mhí, ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin.
deargbhréaga fúm out and out lies about me
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
Is í an bus buí a bhí fúm I travelled by bus
" Is í an bus buí a bhí fúm an chéad tseachtain, ach is beag siúl a bhí inti seachas stad agus seasamh.
na cosa amach fúm amazed me
" Agus a leithéid de thuras! ‘Incendies’ le Denis Villeneuve (Ceanada/An Liobáin 2010) Trinity TF016 ========================= Bhain mo sheal i mBosnia i 1996 na cosa amach fúm.
scríofa fúm written about me
" 
 In Áit na Garaíochta ======= “Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
nuair a chuir mé fúm anseo when I settled here
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
Goncanna a Thabhairt Fúm is Tharam giving rebuffs all around me
" Goncanna a Thabhairt Fúm is Tharam =============== Is é bun agus barr mo scéil anois, gur bheartaigh mé tabhairt faoin Pholannais.
Shuigh mé fúm I sat down
Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo as you know about me by now
" Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo, níorbh fhear don gclaí mé riamh.
ag cur fúm i sealaí beag sócúil living in a small comfortable chalet
" Bhí mé ag cur fúm i sealaí beag sócúil i gCois Fharraige ag an am.
ar nós cuma liom fúm féin okay about myself (being inside)
" Níl amhras ar bith faoi sin, ach beidh daoine ar nós cuma liom fúm féin a bheith istigh.