Philip Treacy
Rinne sé staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha i mBaile Átha Cliath agus le linn na tréimhse seo thosaigh sé ag obair le dearthóirí fadbhunaithe, leithéidí Rifat Ozbek agus John Galliano.
Tá gaol speisialta fadbhunaithe ag an dánlann le go leor ealaíontóirí agus leis an phobal agus is dá bhrí seo atá saothar dúshlánach úr - tionscadail phoiblí, ealaín bheo (*performance*) agus taispeántais dánlainne - á chur ar fáil anois.
An fhadhb a bhí ag foireann na gColáistí ná nach mbíodh dóthain ama acu chun foireann a chur le chéile i gceart agus aghaidh a thabhairt i gcoinne foirne oilte, fadbhunaithe na gcoláistí móra.
Tá sé mar phrionsabal ag muintir Uí Chionnaith tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí nua atá díreach ag dul i mbun oibre, chomh maith le taispeántais a eagrú de dhaoine fadbhunaithe a bhfuil clú agus cáil orthu cheana féin, leithéidí Charles Lamb, Gertrude Degenhardt, Jack B.
Tá saothar ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha le feiceáil ann, rud a thugann an-deis dóibh siúd nach bhfuil fadbhunaithe a saothar a thaispeáint taobh leis an dream a bhfuil aitheantas bainte amach acu go forleathan cheana féin.
Tá saothar an Mheiriceánaigh óig Marla Olmstead, atá ceithre bliana d'aois agus atá ina cónaí lena teaghlach i mBinghampton i stát Nua-Eabhrac, ag díol ar phraghsanna a chuirfeadh éad ar go leor ealaíontóirí fadbhunaithe.
ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúntathe long-established role of traditional journalism
Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
Is Hiondúigh iad formhór mhuintir Kerala, ach tá an Chríostaíocht fadbhunaithe ansin fosta – deirtear gurbh é Thomas Aspal a thug chun an cheantair í – agus thug trádálaithe Arabacha an Ioslamachas chun na háite leo sa seachtú haois.
Lena chois sin, tá traidisiún fadbhunaithe ariamh anall in Éirinn gur fir is mó a bhíonn ag traenáil foirne peile is iomána agus, cé go bhfuil sé in am dul i ngleic le buanchruthú inscne den chineál sin, is mall a mhilleann na muilte in amanna.
In áit iriseoirí fadbhunaithe agus téagartha ar nós Póilín Ní Chiaráin agus Cathal Mhic Coille a tharraing cáil amach don seanleagan de Foinse, tá colúnaithe éadroma ar nós Dhaithí Uí Shé agus Hector Uí Eochagáin sa leagan nua.
Ar ndóigh, bíonn buntáiste nach beag ag seanfhondúirí an tSeanaid sa mhéid is go gcoinníonn siad greim éadmhar ar a ngréasán vótála fadbhunaithe trí fhéiríní a bhronnadh orthu ag aimsir na Nollag mar shampla.
Is coimhlint í seo a théann go smior i bpobal na hÉireann de thairbhe an dearcadh fadbhunaithe atá againn i leith úinéireacht talún, dearcadh a d'eascair cuid mhaith ón Drochshaol, ó Chogadh na Talún agus ónár n-oidhreacht iarchóilíneach.
bealach raidió fadbhunaithea long established radio station
Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
Tháinig dream nua ealaíontóirí chun cinn, banealaíontóirí a bhformhór, a raibh fís nua radacach acu agus a raibh lé acu le briseadh rialacha agus coinbhinsiúin ealaíne a bhí fadbhunaithe.