Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shainmhíniú na faidhbe the definition of the problem
" Féachadh ar na Taistealaithe féin mar shainmhíniú na faidhbe.
dul i ngleic leis an bhfadhb tackle the problem
" Tá cuid de na daoine seo ar shlí na fírinne anois, de bharr easpa maoinithe san earnáil sláinte, agus de bharr nach raibh daoine a raibh an chumhacht acu ábalta ná sásta dul i ngleic leis an bhfadhb agus glacadh leis an dualgas a ghabhann le cumhacht.
fadhbanna airgeadais financial problems
" " Tá go leor cainte faoi láthair ar na fadhbanna airgeadais atá ag na comhlachtaí móra teileachumarsáide ar nós Vodafone agus British Telecom.
réiteach na faidhbe the solution to the problem
" Tá cúiseanna ann gan amhras agus is againne féin réiteach na faidhbe.
fadhbanna ilgnéitheacha diverse problems
" Tá ceithre nó cúig ghréasán curtha le chéile sa mhórcheantar atá ag iarraidh fadhbanna ilgnéitheacha an cheantair a réiteach.
dul i ngleic leis an fhadhb seo to address this problem
" Tá sé i gceist ag Tolle dul i ngleic leis an fhadhb seo trí eolas ilghnéitheach a thabhairt san ionad.
chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo to tackle this problem
" Eagraíonn an Comharchumann club óige, campa samhraidh agus scoláireachtaí chuig Gaeltachtaí eile mar iarracht chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
fadhbanna airgeadais financial problems
" "Bhí orthu teacht ar fhoinse éigin airgid, de bharr fadhbanna airgeadais an *Irish Times*.
gur féidir na fadhbanna a shárú that the problems can be overcome
" Ach measann Martin McGuinness gur féidir na fadhbanna a shárú.
fadhbanna uirbeacha urban problems
" Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí.
fuascailt gach faidhbe the solution to each problem
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil long-term environmental problems are created
" Tá ábhair dhainséaracha ar nós luaidhe agus mearcair in a lán ríomhairí agus má fhágtar an saghas sin trealaimh i láithreáin dramhaíola cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Córas lochtach ======= Ag croí na faidhbe tá an córas lochtach faoina shocraítear na cuotaí éisc san Aontas Eorpach.
níltear sásta tabhairt faoi na fadhbanna móra there is an unwillingness to face the big problems
" Pé cad is brí leis na focail sin, ní dócha go gcuirfidh siad an Ghearmáin ar an mbealach ceart mar níltear sásta tabhairt faoi na fadhbanna móra.
caithfear fadhbanna eile a shárú other problems must be overcome
" Caithfear cuimhneamh nach bhfuil i mbandaleithead leathan ach slí chun eolas a scaipeadh ar an idirlíon níos tapúla ná mar a dhéantar faoi láthair - agus caithfear fadhbanna eile a shárú chun a chinntiú go meallfar comhlachtaí agus postanna go dtí an tír seo.
fadhbanna problems
" ") Ag féachaint siar ar a céad tréimhse i Meiriceá, dúirt Walsh: "Den chuid is mó, níor labhair daoine linn faoi chúrsaí in Éirinn, rud a bhí go maith, mar go dtéann páistí ansin le héalú ó gach rud agus le dearmad a dhéanamh ar na fadhbanna sa bhaile.
fadhbanna cánach tax problems
" Ach cheana féin, tá leaganacha beagáinín níos nua-aimseartha den chlár sin ag cruthú conspóide i Sasana, agus ag tabhairt fadhbanna dlí agus fadhbanna cánach le seirbhísí ar líne chun solais.
ag cothú fadhbanna cheana féin creating problems already
" De réir Phríomhfheidhmeannach Chumann Easpórtálaithe na hÉireann, John Whelan, tá an cogadh ag cothú fadhbanna cheana féin do chomhlachtaí atá ag trádáil leis an taobh seo den domhan.
ag réiteach fadhbanna teicneolaíochta solving technological problems
" Ó lá go lá bíonn an fhoireann ag ullmhú ceachtanna, ag caint le daltaí thar an idirlíon, agus ag réiteach fadhbanna teicneolaíochta.
cruthóidh sé seo fadhbanna this will create problems
" Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin atá ag iarraidh a láthair a cheilt.
fadhb tráchta traffic problem
" Tá tochailt ar siúl ar fud lár na cathrach agus tá sé seo ag cur go mór le fadhb tráchta a bhí go holc ar aon nós.
de dheasca na faidhbe seo because of this problem
" Tá comhlachtaí ag bogadh as an Ghaeltacht agus as áiteanna eile de dheasca na faidhbe seo agus is léir go mbeidh deacracht ann cuid eile acu a choinneáil i bhfad.
ag cruthú fadhbanna nua creating new problems
" Mar sin, tá seoltaí idirlín ag éirí níos faide agus níos faide, rud atá ag cruthú fadhbanna nua.
fadhbanna teicniúla technical problems
" org )) chun na fadhbanna teicniúla a bhaineann le litreacha as an ngnách a shárú, agus is féidir iad a chlárú anois i seoltaí ".
fadhb bhunúsach basic problem
" Ach taobh amuigh den mhéid sin ar fad tá fadhb bhunúsach le smacht sna cluichí Gaelacha.
préamh na faidhbe the root of the problem
" Uaillmhian agus fuath ======= Is é préamh na faidhbe dáiríre ná gné áirithe de chúltúr na gcluichí ag gach leibhéal, cultúr a chruthaíonn paisean agus uaillmhian agus fuath, uaireanta, in imreoirí agus i bhfoirne agus a théann thar fóir rómhinic.
an fhadhb a aithint to recognise the problem
" Is gá mar thús an fhadhb a aithint agus ansin tá gá le gníomh.
conas an fhadhb a réiteach how to solve the problem
" Ní fhéadfaí úsáid ar bith a bhaint as na ríomhairí sin - go fiú chun dul ar an idirlíon chun léamh faoi conas an fhadhb a réiteach.
fadhb shlándála security problem
" Le tamall beag anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil comhlachtaí sásta a ndualgais a chomhlíonadh - go mór mhór toisc go bhfuil Rialtas Mheiriceá anois den tuairim gur fadhb shlándála don tír sin atá i víris ar ríomhairí.
croílár na faidhbe the heart of the problem
" Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe.
fadhbanna inmheánacha agus seachtracha internal and external problems
" Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
fadhbanna struchtúrtha bunúsacha basic structural problems
" Míníonn Rodrigo Rato, Leas-Uachtarán na Spáinne agus Aire Eacnamaíochta na tíre, go bhfuil praghas na dtithe ró-ard agus go bhfuil fadhbanna struchtúrtha bunúsacha, ar nós amhantraíochta, leis an talamh sna cathracha.
lucht fuascailte fadhbanna problem solvers
" "Géillstean don DUP" - céim rófhada, déarfainn, do ghluaiseacht na poblachta, ach tá Sinn Féin ag maíomh gur "lucht fuascailte fadhbanna" iad.
fhadhb achrannach vexed problem
" Go bhfaightear réiteach ar an fhadhb achrannach seo sa bhliain úr, fadhb atá ag cur isteach ar inimircigh i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá ar fad, ó thíortha ón Albáin go hÉirinn, agus ó Mheicsiceo go hÉimin.
a chuid fadhbanna a shárú to overcome his problems
" Go minic, má tá córas cumarsáide ar fáil don duine atá in ísle brí, éireoidh leis a chuid fadhbanna a shárú go pointe.
fadhbanna síceolaíocha psychological maladies
" Íocfaidh an t-airgead as cláracha scoile a mhúineann do dhaoine óga go gcothaíonn gnéas roimh phósadh fadhbanna síceolaíocha agus gurb ionann gnéas ina n-úsáidtear coiscíní agus rúiléid Rúiseach víreasach.
fadhbanna le réiteach problems to be solved
" Cosúil le gach leagan "a haon ponc a náid" de chlár ríomhaireachta, tá roinnt rudaí beaga le ceartú agus fadhbanna le réiteach in EasyReader faoi láthair.
lear mór fadhbanna lots of problems
" " Ach dá n-éireodh le tuismitheoirí go díreach tosú ag caint faoi, a dúirt sé, d'fhéadfadh siad a bpáistí a chosaint ó lear mór fadhbanna atá furasta a chosc, mar shampla toircheas i measc déagóirí agus galair ghnéas-tarchurtha.
an réiteoidh sin na fadhbanna seo will that solve those problems?
" Tuigeann gach ball den eagraíocht go bhfuil brú airgid ar CLG agus ar Pháirc an Chrócaigh, ach an réiteoidh cúpla cluiche sacair agus rugbaí idir seo agus an t-am a bheas an pháirc úr ar Bhóthar Lansdúin tógtha, an réiteoidh sin na fadhbanna seo? Tá cuid mhór ball den eagraíocht amhrasach fá dtaobh de sin.
a gcuid fadhbanna a réiteach to solve their problems
" "An rud a bheidh i gceist leis an gcúig euro sa mhí de dhifríocht, b'fhéidir, idir muidne agus dream eile ná luach sa tseirbhís - seirbhís mhaith chustaiméara le cabharú leo a gcuid fadhbanna a réiteach, guth cairdiúil ar an taobh eile den ghuthán agus guth i nGaeilge a chuirfidh ar a suaimhneas iad.
fadhbanna móra big problems
" Ach má d'imigh an duine go tobann an lá roimhe sin, agus é nó í ag screadach nó ag caoineadh, agus má tá an deasc lán píosaí beaga craptha páipéir, seans maith go mbeidh fadhbanna móra romhat.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
saor ó fhadhbanna an tsaoil mhóir free from the problems of the world
" " Is éard atá sa *Yellow Man *ná bailiúchán de shaothair ina bhfuil pearsa atá go hiomlán dearfach; cónaíonn sé san Iodáil agus atá saor ó fhadhbanna an tsaoil mhóir.
ag dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta tackling the unemployment problem
" De réir leagan amach an Rialtais, tá an dlí nua in ainm is a bheith ag dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta atá ina mórfhadhb sa nGearmáin le blianta anuas.
Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga that would lead to a decrease in behavioural problems
" Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga de bharr alcóil, etc.
fadhbanna bainistíochta management problems
" Ón tús, áfach, ba léir go raibh fadhbanna bainistíochta ar an eastát agus go raibh imeallú á dhéanamh ar na háitritheoirí.
dul i ngleic leis an bhfadhb seo to tackle this problem
" " Ach gan spreagadh ar bith a bheith ag Eircom infheistíocht a dhéanamh; gan fonn a bheith ar na rialtóirí iachall a chur ar Eircom páirc imeartha chothrom a chruthú agus gan é bheith ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an bhfadhb seo go héifeachtach, is féidir dhá rud a thuar: beidh post deacair ag Noel Dempsey idir seo agus an chéad toghchán eile agus beidh go leor de mhuintir na tuaithe fós ag feitheamh ar an leathanbhanda.
an fhadhb a fhuascailt to solve the problem
" Ach caithfear an fhadhb a fhuascailt mar go bhfuil staid Ghiobráltar ag teacht salach ar dhlíthe na hEorpa agus ní féidir dlíthe áirithe a reáchtáil ansin gan an fhadhb seo a réiteach.
fadhbanna Thír na mBascach the problems of the Basque Country
" Tá níos mó tábhachta, dar leo, ag baint leis an sceimhlitheoireacht, an dífhostaíocht agus fadhbanna Thír na mBascach.
fhadhb an ólacháin the drink problem
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
fadhbanna ollmhóra maoinithe huge funding problems
" Le cúpla mí anuas, tá achan cheann de na cúig Bhord Oideachais agus Leabharlann i dTuaisceart Éireann ag rá go bhfuil fadhbanna ollmhóra maoinithe acu.
fadhb dífhostaíochta unemployment problem
" Caillfear 48 post de bharr deireadh a bheith á chur léi - buille don gheilleagar áitiúil i Learpholl, áit a bhfuil fadhb dífhostaíochta go fóill.
fadhb chasta complex problem
" Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom.
fadhb dhoréitithe insoluble problem
" Cheapfá ón méid a bhí le rá aige gur fadhb dhoréitithe a bhí ann agus nach mbeadh ar chumas aon rialtais a leithéid a dhéanamh, cuma cé na hacmhainní a chaithfí léi.
fadhbanna síciatracha agus iompair psychiatric and behavioural problems
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
fadhbanna aistritheachta mobility problems
" Bhí an scoil suas staighre cloiche measartha fada – níl Lucca fóirsteanach do dhaoine a bhfuil fadhbanna aistritheachta acu mar go bhfuil líon mór seanfhoirgneamh ard gan ardaitheoir ann.
níorbh iad na hothair ba chúis leis an fhadhb the patients were not the cause of the problem
" Agus níorbh iad na hothair ba chúis leis an fhadhb.
fhadhbanna rochtana access problems
" Tháinig an tuarascáil seo sna sála ar fhigiúirí a d’eisigh Fáilte Ireland a léiríonn go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, de cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
fhadhbanna níos leithne wider problems
" Fadhbanna níos leithne ======= Ó tharla go bhfuil constaic amháin sáraithe ag breith na Cúirte Uachtaraí, níor mhiste díriú anois ar fhadhbanna níos leithne a bhaineann le ceart slí.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
réiteach na faidhbe the solution to the problem
" Ach is i lámha an Rialtais a bhí, agus atá, réiteach na faidhbe.
fadhb taistil travel problem
" Bheadh comhoibriú trasteorann ann go fírinneach agus tá an dá áit chomh gar sin dá chéile nach mbeadh fadhb taistil ag duine ar bith.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
réimse fadhbanna a range of problems
" Mar sin, tá réimse fadhbanna ann a chruthaítear nuair nach bhfreastalaíonn daoine ar na coirmeacha.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
ar an iliomad fadhbanna to the large array of problems
" Níor mhiste a rá ag an tráth seo go bhfuil córas sláinte na tíre ina chiseach agus nach bhfuil aon réiteach simplí ar an iliomad fadhbanna a bhaineann leis.
fuascailt na faidhbe the solution to the problem
" B’fhéidir é, ach is i lámha glana an rialtais atá fuascailt na faidhbe.
chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo to tackle these problems
" Ach tá trealamh nua ag teacht ar an margadh i gcónaí chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo.
an dóigh le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna how to tackle their problems
" Nárbh fhearr labhairt lena macasamhail sa phobal náisiúnach, iad sin atá beo bocht, iad sin ar cuireadh cosc ar a gcultúr, iad sin atá ag iarraidh sochaí úr shíochánta shochma a chruthú? Nárbh fhearr foghlaim ón fhéinmhuinín úr i measc na náisiúnaithe an dóigh le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna mar atá déanta in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
cruthóidh sin fadhbanna that will create problems
" Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
réiteach na faidhbe the solution to the problem
" Ach ní bhainfidh siad sin amach mura dtugann Jeffrey agus polaiteoirí aontachtacha a n-aghaidh ar réiteach na faidhbe agus chan ar *bete noire *an náisiúnachais, máthair gach oilc, dar leo.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
fadhbanna teicniúla technical problems
" Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta mé.
fadhb mhillteanach a terrible problem
" Cé gur mionlach iad na ciníochaithe i Learpholl, is fadhb mhillteanach iad mar is féidir le mionlach trioblóid mhór a chothú.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
fadhbanna dáileacháin distribution problems
" Is mó ceoltóir atá cráite ag fadhbanna dáileacháin, ach le cúnamh Dé sáróimid na fadhbanna san.
i bhfuascailt na faidhbe in solving the problem
" Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Má théann sí i ngleic leis an fhadhb if she tackles the problem
" Má théann sí i ngleic leis an fhadhb mar is ceart beidh uirthi dul i ngleic fosta le ceardchumainn na múinteoirí.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
fadhbanna móra sláinte big health problems
" Ar an gcéad dul síos, tá fadhbanna móra sláinte ag an Uasal Snow agus, chomh maith leis sin, is duine é a bhfuil an t-uachtarán cáinte go hoscailte aige.
fadhbanna móra sláinte big health problems
" Ar an gcéad dul síos, tá fadhbanna móra sláinte ag an Uasal Snow agus, chomh maith leis sin, is duine é a bhfuil an t-uachtarán cáinte go hoscailte aige.
fadhb mhór dífhostaíochta a big unemployment problem
" Tá an ráschúrsa suite ar imeall na cathrach, ach níl sé ach míle go leith siúil ó Walton, an áit a bhfuil mé féin i mo chónaí agus áit a bhfuil fadhb mhór dífhostaíochta go fóill.
tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu after they had ignored the problems
" Tá daoine ann a déarfadh gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach, go dtabharfadh sé le tuiscint don phobal go raibh rud éicint ar siúl acu tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu le deich mbliana.
fadhbanna teicniúla technical problems
" Bíonn fadhbanna teicniúla leis an tarchuradóir, rud a chiallaíonn go mbíonncomhartha lag i gceantair áirithe sa chathair.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Agus sin croí na faidhbe, dar liomsa.
fadhbanna tromchúiseacha serious problems
" Dúirt an cigire leo go raibh fadhbanna tromchúiseacha leis an pharáid, mar shampla go bhfacthas duine amháin agus deoch mheisciúil ina lámh aige.
aimsíodh fadhbanna leis an sreangú eatarthu problems were found with the wiring between them
" Tá neart ríomhairí san eitleán (roinnt mhaith acu chun a rogha scannáin agus ceoil, agus an t-idirlíon, a thabhairt do gach paisinéir), agus aimsíodh fadhbanna leis an sreangú eatarthu.
fadhb níos leithne a wider problem
" Ach tá fadhb níos leithne ná sin ann.
réiteach gach faidhbe the solution to every problem
" Roimh theacht na déabhlóide, gan mórán cumhachta acu, bhí na páirtithe Albanacha den bharúil gurb é tuilleadh maoinithe rialtais réiteach gach faidhbe.
dul i ngleic leis an bhfadhb sin to tackle that problem
" Nílim róthógtha le bheith thuas ard ach shocraigh mé go raibh sé in am dom dul i ngleic leis an bhfadhb sin.
faoi fhadhbanna rochtana about access problems
" Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte.
an fhadhb seo a réiteach to solve this problem
" Ní bheadh sé costasach an fhadhb seo a réiteach in Éirinn agus bheadh turasóireacht gheimhridh agus samhraidh againn.
dul i ngleic leis na fadhbanna geilleagracha to tackle the economic problems
" Agus ansin beidh siad féin, i gcuideachta na bpáirtithe eile, ábalta dul i ngleic leis na fadhbanna geilleagracha atá ag crá cuid mhór de bhunadh an tuaiscirt.
An gcruthaíonn sin fadhbanna daoibh? Does that create problems for you?
" AÓF: An gcruthaíonn sin fadhbanna daoibh? Conas a bhíonn sibh in ann cleachtadh le chéile mar ghrúpa, mar shampla?CNicG: Is féidir linn teacht le chéile nuair a bhíonn féile ar siúl, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cleachtaidh déanta ag na féilte sin.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Is minic ráite é gurb í an phóilíneacht croí na faidhbe i dTuaisceart Éireann.
fadhb fhorleathan widespread problem
" Is fadhb fhorleathan anois í an cineál seo bulaíochta, go háirithe i measc aos óg na linne seo.