Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An Frith-Fhaisisteachas anti-fascism
" "An Frith-Fhaisisteachas" a bhí mar théama ag an pharáid i mbliana mar go bhfuil an British National Party agus grúpaí mar iad gníomhach in iarthuaisceart Shasana faoi láthair.
i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais in the long tunnel of the dark years of facism
" Glactar go forleathan anois leis go raibh Bunreacht 1937 ní ba liobrálaí ná aon nua-bhunreacht Eorpach eile, i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais.
i gcoinne an fhaisisteachais against fascism
" Is cúis bhróid domsa gur throid na céadta as Merseyside i gcoinne an fhaisisteachais sa Spáinn agus bhí áthas orm grianghraf a fheiceáil i *Lá* (17 Deireadh Fómhair 2005) den Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa ag comhrá le Mícheál Ó Ríordáin agus Bob Doyle (Baile Átha Cliath), in éineacht le beirt as Learpholl, Jack Edwards agus Jack Jones, nó “Jim Larkin Jones” mar a baisteadh air.
an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais the struggle against fascism
" Ach ní raibh Padaí críochnaithe leis an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais agus nuair a fógraíodh an cogadh i 1939 chuaigh sé isteach san RAF.
don fhaisisteachas frithchumannach with anti-communist fascism
" Mhúin leabhair Hubert Butler ceachtanna tábhachtacha dó mar gheall ar bhá ársa na hEaglaise Caitlicí don fhaisisteachas frithchumannach, ceachtanna dár cíoraíodh go gairmiúil le déanaí i leabhar breá Robert Tobin, *The Minority Voice: Hubert Butler and Southern Irish Protestants (Oxford, 2012)*.
tá faisisteachas feiceálach fascism is visible
" ”* Saol na Linne ====== Ar an drochuair, tá faisisteachas feiceálach arís i Sasana faoi láthair, agus cé go mbíonn a bhforéigean dírithe ar na Moslamaigh an chuid is mó den am, tá na hÉireannaigh ar a liosta fuatha go fóill.
i gcoinne an fhaisisteachais against fascism
" Is cúis áthais é do Tony Birtill go bhfuil trácht go fóill ar na hÉireannaigh a throid i gcoinne an fhaisisteachais sa Spáinn.