Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Clár faisnéise documentary
" Clár faisnéise a chonaic mé ar an teilifís ag tús na bliana a tharraing m'aird ar Chúba ar dtús.
seirbhís fhaisnéise information service
" Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire! Obair cheannródaíoch ======= Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí.
teicneolaíocht na faisnéise information technology
"teicneolaíocht na faisnéise éirithe an-sofaisticiúil in achar an-ghearr agus is beag iontas a dheinimid di a thuilleadh.
chlár faisnéise documentary
" Bhí sé le feiceáil cúpla bliain ó shin ar chlár faisnéise ar an teilifís ag déanamh iarrachta labhairt le saighdiúir ó arm Shasana i mBéal Feirste.
cláracha faisnéise documentaries
" Go hiondúil bíonn dhá shraith teilifíse in aghaidh na bliana againn agus thar am tá muid i ndiaidh réimse maith cláracha a dhéanamh - cláracha faisnéise, drámaí, beochan, cláracha do pháistí, cláracha d'fhoghlaimeoirí, irischláracha, sobalfhaisnéisí, cláracha ceoil, srl.
clár faisnéise documentary
" Nuair a bhí mé cupla bliain le cois deich mbliana d'aois, i dtús na n-ochtóidí, thaispeáin Teilifís na Fionlainne clár faisnéise le Mirja Metsola, craoltóir mná atá, sílim, pósta ar Ghaeilgeoir ó Éirinn.
an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 The Freedom of Information Act 2000
" I bhformhór na gcásanna, cuireann an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 cosc ar na Gardaí aon eolas a thabhairt faoi chúlra duine gan cead d'fháil i dtosach ón duine féin.
Acht Um Shaoráil Faisnéise Freedom of Information Act
" Nuair a theip ar de Róiste eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise faoin méid a tharla dó, thosaigh sé ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí.
Bhille um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Bill
" Cheana féin tá an Coimisiún tar éis a mhíshásamh a léiriú leis na hathruithe a rinne an rialtas ar an Bhille um Shaoráil Faisnéise.
cláracha faisnéise documentaries
" Agus tá an rud céanna fíor maidir le tráchtaireacht ar chúrsaí spóirt, cur i láthair na nuachta agus na haimsire, cláracha faisnéise agus araile.
clár faisnéise documentary
" Bhí caint le tamall roimh óráid an Uachtaráin ar an fhadhb áirithe shóisialta seo agus rinne "Primetime" ar RTÉ clár faisnéise speisialta fúithi.
faisnéis information
" Tá dhá cheist ag muintir na háite: "An ndearna dílseoirí ó Bhéal Feirste nó Bolton an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí i mBolton? Bhí rírá sa bhaile i mí an Aibreáin 1996 nuair a d'eagraigh dílseoir áitiúil, Mark Dooley, paráid de chuid Printíseach Dhoire ansin, ócáid ag a raibh Gregory Campbell ón DUP le bheith mar aoichainteoir agus baicle ón ghrúpa faisisteach Combat 18 mar ghardaí cosanta.
cláracha faisnéise documentaries
" Tá leabhra foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann lena scéal.
clár faisnéise documentary
" Níl aon easpa maisíochta ann anois agus is cinnte go mbeidh roinnt daoine ag iarraidh iad ar fad a úsáid láithreach agus clár faisnéise á dhéanamh acu as a bhfíseáin laethanta saoire.
gclár faisnéise documentary
" Ghlac muintir na háite páirt i gclár faisnéise, "Blood of the Vikings", an rinne an BBC in 2001.
gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise law enforcement and intelligence agencies
" Tháinig maolú ar an fhonn seo i ndiaidh an 11 Meán Fómhair, agus luigh na gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise isteach ar stop a chur le hinimircigh mhídhleathacha nó iad a chur faoi ghlas.
clár faisnéise documentary
" Chas mé ar Charlie Lennon (nach maireann) in 2000 nuair a bhí Hector Ó hEochagáin ó TG4 ag déanamh clár faisnéise faoi John Lennon, cothrom 20 bliain óna dhúnmharú i Nua Eabhrac.
clár faisnéise documentary
" Le gairid thaispeáin Channel 4 na Breataine clár dar teideal "Texas Teenage Virgins" clár faisnéise faoin churaclam atá á mhúineadh i scoileanna poiblí in Texas, agus go háirithe iad siúd i Lubbock County, a chuireann béim ar staonadh ó ghnéas amháin.
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise under the Freedom of Information Act
" I ndiaidh an dara reifreann ar Chonradh Nice, cuir i gcás, cuireadh 32 éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise isteach maidir leis an gcoiste sin agus maidir le gníomhaíochtaí na n-ionadaithe Éireannacha ann.
cláracha faisnéise documentaries
" Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá muid ag obair do TG4 le cláracha faisnéise agus ag léiriú cláracha drámaíochta.
scannán faisnéise documentary film
" Ciallaíonn sé sin gurb é an chéad scannán faisnéise ariamh a tháinig ar bharr an liosta díolachán ticéad sna Stáit an deireadh seachtaine a eisíodh é.
faisnéis intelligence
" Cháin sé na seirbhísí faisnéise ar a lán bealaí, cé gur éirigh leis corrfhocal molta a rá freisin - go raibh ag éirí go maith leo "i gcoitinne".
cláracha faisnéise documentaries
" " Taitníonn an drámaíocht agus cláracha faisnéise le O'Hara ach deir sé gur fearr leis an drámaíocht.
clár faisnéise documentary
" Tugann clár faisnéise Jeremy Deller, *Memory Bucket 2003*, atá suite in Texas, an lucht féachana go dtí láthair léigear Waco agus baile dúchais an Uachtaráin George W.
clár faisnéise documentary
" Tá a lán spéise agam sa *Derry Club*, agus nuair a fuair mé scairt ghutháin ó Lynn Keane i 1995 ag lorg eolais faoi na dílseoirí i Learpholl le haghaidh clár faisnéise do *Channel 4, *bhí mé sásta cuidiú a thabhairt di.
teicneolaíocht na faisnéise information technology
" Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.
clár faisnéise documentaries
" Sna daichead bliain ina dhiaidh sin scríobh Eoin agus chuir sé i láthair 16 scannán agus 53 clár faisnéise ar litríocht, bhéaloideas, theanga agus chultúr na hÉireann do chraoltóirí seirbhísí poiblí.
teicneolaíocht na faisnéise information technology
" Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.
clár faisnéise documentary
" Ba é an clár faisnéise *Léargas *ar RTÉ ar an ábhar céanna a spreag an díospóireacht seo.
cláracha faisnéise documentaries
" “Bíonn sleachta ó na scannáin seo á n-úsáid an t-am ar fad i gcláracha faisnéise comhaimseartha,” a deir Marcus.
i gcláracha faisnéise comhaimseartha in contemporary documentaries
" “Bíonn sleachta ó na scannáin seo á n-úsáid an t-am ar fad i gcláracha faisnéise comhaimseartha,” a deir Marcus.
sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise in Documentary Photography
" Rugadh Bowler i mBaile Átha Cliath i 1978, agus bhain sé amach céim onóracha BA le gairid sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise sa University of Wales College i Newport.
Choiste Faisnéise agus Slándála the Intelligence and Security Committee
" Is beag aird a tugadh ar cheapadh an Uasail Murphy mar Chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine.
chlár faisnéise documentary
" Cúpla bliain ó shin fuair mé féin suim airgid ó TG4 le dul i mbun taighde ar chlár faisnéise mar gheall ar an iaraire ó Dhún na nGall, Neil Blaney.
d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach the makers of the documentary programme 'Tonight' refurbished an old house
" “Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.
faisnéis information
" “Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.
clár faisnéise documentary
" Seo cuid den mhéid a bhí le rá aige: … níl barúil agam cad é a dhéanfaidh mé i mí Dheireadh Fómhair nuair a bheas an clár sin (an clár faisnéise) críochnaithe mar, más fíor, ní bheidh aon airgead eile ar fáil i mbliana.
cláir aonair fhaisnéise single documentaries
" Mar níl déanta acu go dtí seo ach cláir aonair fhaisnéise do TG4, *so* cén chaoi a bhféadfaimis ceathrú milliún punt a thabhairt dóibh chun sraith de chláir a dhéanamh? Dá bhrí sin, an rud a rinne muid ná gur thug muid roinnt airgid do na comhlachtaí Gaeilge, agus ansin thug muid airgead do chomhlachtaí an Bhéarla atá tar éis ceangal a dhéanamh le daoine i saol na Gaeilge agus thug muid airgead do chomhlachtaí Gaeilge atá bunaithe ó dheas agus atá anois lonnaithe ó thuaidh freisin.
Theicneolaíocht na Faisnéise Information Technology
" Cén obair atá á déanamh san Acadamh faoi láthair, ó lá go lá? Ag cur cúrsaí ollscoile ag léibhéal Máistreachta, Ard-Dioplóma agus Dioplóma ar fáil i réimsí ar nós an Aistriúcháin, na Cumarsáide, Theicneolaíocht na Faisnéise, an Oideachais agus na Gaeilge Feidhmí; ag forbairt cúrsaí nua sna réimsí seo agus i réimsí eile; agus i mbun tionscadail éagsúla taighde.
clár faisnéise documentary
" Tá sé ag súil go gcuirfidh an clár faisnéise seo an leagan ceart de scéal na ndrongadóirí ar fáil, scéal nach bhfuil le fáil i scannáin agus i leabhair faoin ábhar.
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise under the Freedom of Information Act
" Léiríonn cáipéisí a tugadh dom faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, mar shampla, gur thug dhá eagraíocht sláinte sa tír foláireamh láidir don Aire gan leapacha breise a chur i mbardaí ospidéil.
clár faisnéise documentary
" Léiríodh an scéal seo i gclár faisnéise le Robert Beckford dar teideal “The Gospel Truth” a taispeánadh ar Channel 4 níos luaithe i mbliana.
Bailiú faisnéise intelligence collecting
teicneolaíocht na faisnéise information technology
" Leanfaidh imeachtaí an lae ar aghaidh le trí sheisiún éagsúla, ceann faoi phleanáil sa Ghaeltacht, ceann faoi phodchraoladh agus ceann praiticiúil ar an mbealach leis an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise i do shaol oibre.
an Acht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" Tá imní léirithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, nach bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an Acht um Shaoráil Faisnéise le dornán blianta anuas.
teicneolaíocht na faisnéise information technology
" Leanfaidh imeachtaí an lae ar aghaidh le trí sheisiún éagsúla, ceann faoi phleanáil sa Ghaeltacht, ceann faoi phodchraoladh agus ceann praiticiúil ar an mbealach leis an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise i do shaol oibre.
chlár faisnéise documentary
" Bhí sé suimiúil domsa Ronnie McCartney a fheiceáil ar an chlár faisnéise “Facing the Truth” ar BBC 2 i mí an Mhárta (tuilleadh eolais ar www.
mangairí faisnéise na Corónach the intelligence pedlars of the Crown
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
fhaisnéis sceite an bhrathadóra the leaked intelligence of the informer
" Seo ceist: An raibh O’Toole ag seasamh le líne eagarthóireachta an Raghallaigh, rud a mbítear ag súil leis, fiú muna dtacaíonn na fíricí leis an líne eagarthóireachta chéanna? Ar chreid O’Toole gur iarchomrádaithe neamhúdaraithe a bhásaigh Donaldson - ar son onóra agus ar son chuimhne na n-óglach a thit de bharr fhaisnéis sceite an bhrathadóra? Deir “srón” an tseaniriseora ormsa gur mar sin a bhí an scéal le Michael O’Toole.
lámhseálaithe faisnéise intelligence handlers
" Mo léamh féin ar an scéal? “Dead Man Walking” ab ea Donaldson ón lá a d’inis a lámhseálaithe faisnéise dó go rabhthas chun a rún a scaoileadh.
teicneolaíocht na faisnéise information technology
" Leanfaidh imeachtaí an lae ar aghaidh le trí sheisiún éagsúla, ceann faoi phleanáil sa Ghaeltacht, ceann faoi phodchraoladh agus ceann praiticiúil ar an mbealach leis an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise i do shaol oibre.
clár faisnéise documentary
" Agus sinn ann, dheineamar, chomh maith leis na ceolchoirmeacha, clár faisnéise le Fionn Mac Giolla Chuda, cara mór linn, fear ceamara ón Rinn, mar gheall ar Dhanú san Ind.
déantóir clár faisnéise documentary programme maker
" ” Dialanna an Ríordánaigh Nuair a cailleadh an Ríordánach bhí Ó Coileáin agus Seán Ó Mórdha, déantóir clár faisnéise agus eagarthóir, ag labhairt le Tadhg Ó Ríordáin, deartháir leis an bhfile.
clár faisnéise documentary
" Thug mé a lán eolais faoin Derry Club don léiritheoir teilifíse Lynn Keane nuair a bhí sí ag déanamh clár faisnéise do Channel 4 i 1995 agus cé go ndearna siad *exposé* faoin áit agus an ceangal a bhí ann leis an UVF, arís ní dhearna na póilíní faic faoi.
Acht um Shaoráil Faisnéise Freedom of Information Act
" Rinne an nuachtán sin iniúchadh ar líon na n-iarratas a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) ón uair a tháinig sé i bhfeidhm naoi mbliana ó shin.
clár faisnéise documentary
" We shall not forget you, and when the olive tree of peace puts forth its leaves again, entwined with the laurels of the Spanish Republic's victory, come back!” Glacann na seansaighdiúirí leis gur seo an ceiliúradh deireanach a bheas acu agus sin an fáth go ndearna an BBC clár faisnéise mar gheall ar an ócáid, is dócha.
tháinig mé ar chlár faisnéise I happened upon a documentary
" Clár teilifíse Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte, stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as ardchaighdeán a chraoltóireachta.
do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny. the documentary on RTE recently about Dónal Lunny failed totally.
" Ar an ábhar sin do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny.
coinneáil siar faisnéise agus fianaise, the withholding of intelligence and evidence,
" Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.
faisnéis bhréagach false information
" Ní raibh bunús ar bith leis na líomhaintí sin, áfach, agus cuireadh i leith na ngardaí gur thug baill den fhórsa faisnéis bhréagach do na meáin ar eagla go mbeidís ag ceistiú ról na ngardaí san eachtra.
cúig scannán déag faisnéise fifteen documentaries
"cúig scannán déag faisnéise déanta aige agus is é “Teenage Kicks”, faoin bhanna ceoil The Undertones, an ceann is clúití acu.
ag léiriú sraitheanna faisnéise producing documentary series
" Bíonn siad ag léiriú sraitheanna faisnéise ar chúrsaí spóirt do TG4 fosta – “Ard san Aer” agus “Laochra Gael” ina measc – mar aon le sraith shláinte dar teideal “The Health Squad” do RTÉ agus an clár spóirt “Hurling Bootcamp” do TV3.
Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu There are a number of documentary series being developed by them
" Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu faoi láthair, sraith amháin i dtaobh stair CLG agus a nasc le náisiúnachas san áireamh.
scannán faisnéise documentary
" Ba é Kieran a léirigh na cláracha teilifíse sin i dtosach – *Dá mBíodh Ruball ar an Éan, *scannán faisnéise ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna ar bronnadh gradam air ag féile idirnáisiúnta scannán, ina measc.
clár faisnéise documentary
" Más clár faisnéise atá ann, beidh aoisghrúpa faoi leith ag amharc air; más sobaldráma é, beidh aoisghrúpa agus gnéas áirithe (mná go speisialta) i gceist ar an mheán.
Craoladh clár faisnéise den teideal céanna a documentary of the same name was broadcast
" Craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
an tAcht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, with the help of the Freedom of Information Act,
" Is léir, áfach, ó shuirbhé atá déanta agam, le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith ann maidir le cur i bhfeidhm an choinníll ó chontae go contae.
tá clár faisnéise ar an teilifís there is a documentary on the television
" Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá clár faisnéise ar an teilifís faoi chaimiléirí sa Nigéir a mheallann daoine aonaránacha ar fud an domhain trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh.
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise under the Freedom of Information Act
" De réir figiúirí a scaoil an Roinn Oideachais chugam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an mhí seo caite, bíonn duine as gach beirt a bhfuil míchumas foghlama orthu, agus a fhaigheann díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge dá bharr, ag déanamh staidéir ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad.
i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise. in the IT industry
" Is fir shingile den chuid is mó iad a chuid custaiméirí, atá idir fiche bliain d’aois agus aois an phinsin, agus tá leath acu ag obair mar innealtóirí nó i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise.
cláracha faisnéise documentary programmes
" Tá sraitheanna mór-ráchairte mar *Bringing it All Back Home *(BBC), *Other Voices* (RTÉ) agus *Sé mo Laoch* (TG4) déanta aige, mar aon le cláracha faisnéise ar cheoltóirí mór le rá mar Tom Waits, Daniel Lanois, Christy Moore agus Elvis Costello.
theicneolaíocht na faisnéise IT
" MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais An bhunaidhm atá leis an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais ná ardscileanna gnó agus tuiscint ar theicneolaíocht na faisnéise san ionad oibre a fhorbairt.
craoladh clár faisnéise den teideal céanna a documentary of the same title was broadcast
" Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin agus craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
cláracha faisnéise Gaeilge Irish language documentaries
" I measc na n-imeachtaí éagsúla a bheas ar siúl lena linn, reáchtálfar taispeántas ina mbeidh ealaín chomhaimseartha de chuid na hÉireann le feiceáil, beidh sraith cainteanna ar siúl ina bpléifear tionchar na Gaeilge agus na nÉireannach ar stair Learphoill agus taispeánfar cláracha faisnéise Gaeilge.
scannán faisnéise documentary film
" Chomh maith le scannán faisnéise a thaispeáint a rinne an scannánaí clúiteach Ken Burns faoin Seanadóir Ted Kennedy, labhair Kennedy é féin ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin go bhfuil sé ag troid in aghaidh na hailse inchinne.
clár faisnéise documentary
" Insíonn an clár faisnéise *The Children Beyond Chernobyl* (RTÉ 1) scéal an uafáis seo.
cláracha faisnéise agus oideachasúla documentary and educational programmes
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
cláracha faisnéise Gaeilge. Irish language documentary programmes
" I measc na n-imeachtaí éagsúla a bhí ar siúl le linn Fhís 2008, bhí taispeántas d'ealaín chomhaimseartha na hÉireann, sraith de chainteanna ar ról na nÉireannach i stair Learphoill agus cláracha faisnéise Gaeilge.
Acht um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Act
" Tugadh an t-eolas seo dom mar fhreagra ar achomharc a rinne mé in éadan cinneadh na Roinne gan mórán eolais a chur ar fáil dom ar an ábhar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Coimisinéir Faisnéise Information Commissioner
" Cad tuige nach bhfuil aon doiciméad ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le líon na n-eagraíochtai Gaeilge a laghdú nó a chónascadh? Agus an darna ceist: cad atá sa 48 doicméid nár tugadh dom maidir le Colmcille agus Bord na Leabhar Gaeilge atá chomh leochailleach sin go bhféadfaí cur isteach ar an chaidreamh Thuaidh Theas? Is faoin léitheoir féin atá sé an chéad cheist a fhreagairt agus is as achomharc chuig an Coimisinéir Faisnéise a thiocfas freagra an dara cheist.
Acht um Shaoráil Faisnéise FOI Act
" Bhí iontas an tsaoil orm arís eile leis an toradh a fuair mo chomhleacaí, Áine Lally le Nuacht TG4, nuair a d'fhiosraigh sí an scéal tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Shaoráil Faisnéise (ASF) Freedom of Information
" Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).
faisnéis rúnaicmithe classified secret information
" Is faisnéis rúnaicmithe gach a bhaineann le cás Edmonds ó shin i leith.
clár faisnéise documentary
" Bhí aoibh mhaith ar an fhear uasal seo mar foilsíodh an leabhar Error of Judgment - The Truth About the Birmingham Pub Bombings le Chris Mullin MP i 1986 agus rinne World In Action clár faisnéise faoin chás.
faisnéise mímhacánta false evidence
" Is é Chalabi an bréagadóir cruthanta a chuireadh Judith Miller, tuairsceoir leis an *New York Times*, a chuid faisnéise mímhacánta faoin Iaráic i láthair mar nuacht go rialta.
Shaoráil Faisnéise freedom of information
" Sin é an léamh lom gur féidir a bhaint as eolas a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dom ar na mallaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
tuairiscí faisnéise intelligence report
" Dúirt François Reynaert, scríbhneoir agus iriseoir, agus é ag scríobh faoin scannán ‘*Welcome*’ sa Nouvel Observateur an tseachtain dar críoch 18 Márta: Tá saothair ficsin ann a bhfuil a oiread sin cumhachta iontu go n-éiríonn leo a bheith céad uair níos éifeachtaí ná na tuairiscí faisnéise is fearr ar domhan.
gcláracha faisnéise documentaries
" Baintear an-leas as i gcláracha faisnéise polaitiúla le bolscaireacht an rialtais a chur chun cinn agus ainneoin dreach an fhir ghrinn a bheith air in amanna, éiríonn cuíosach maith leis agus é i mbun argóna.
faisnéis rúnaicmithe classified information
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
fhaisnéis bhréige false intelligence
" Phleadáil Franklin, a bhí ag obair in oifig Douglas Feith as ar tháinig an fhaisnéis bhréige i dtaobh na hIaráice, ciontach do spiaireacht i 2005.
Choiste an Tí um Fhaisnéis House Intelligence Committee
" Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis.
faisnéis bhréagach false evidence
" Ach bíodh is go bhfuil go leor faisnéis bhréagach á scaipeadh maidir le riachtanais an Achta, níor mhór a admháil go bhfuil teip cumarsáide ann fosta.
teicneolaíochta faisnéise information technology
" Bunaíodh InfoSys agus Wipro, dhá chomhlacht teicneolaíochta faisnéise, thart ar 10 mbliain ó shin.
faisnéise documentary
" Tá a fhios agam go raibh trí scór go leith duine eile istigh ar an jab, ardchéimeanna sa Ghaeilge ag chuile dhuine acu, agus taithí na mblianta acu mar eagarthóirí ar nuachtáin cháiliúla náisiúnta nó ar chláracha faisnéise raidió agus teilifíse.
faisnéise informative
" Leabhar beag faisnéise do pháistí ab ea é.
Faisnéise information
" I miontuairisc de chruinniú idir feidhmeannaigh shinsireacha na Roinne agus An Bord Snip Nua (8 Aibreáin 2009) agus a scaoileadh chugam tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, cheistigh Mary Walsh (ón Bhord Snip) an gá a bhí leis na naoi gcinn déag d'eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann maoiniú ón Fhoras.
fhaisnéis intelligence
" Cuireadh géibheann saoil ar an nGiúdach Meiriceánach seo i 1986 mar gheall ar na mílte leathanach de dhoiciméid a ghoid sé ina phost mar anailísí do fhaisnéis chabhlaigh SAM.
gclár faisnéise documentary(ies)
" Ocht gclár faisnéise ar country music legends.
Shaoráil Faisnéise freedom of information
" Tá sonraí an logleabhair úd, a scaoileadh saor tríd An Acht um Shaoráil Faisnéise, á fhoilsiú don chéad uair in Beo na míosa seo.