Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbaol titim in danger of falling
" Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
ar eagla go dtitfeadh duine againn in case one of us fell
" Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann.
thit mé i ngrá leis an bhfuaim. I fell in love with the sound.
" Sheinn Rossa, mo dheartháir, caiséad caite blianta fada ó shin sa charr ar an mbealach abhaile ó Ghaillimh agus thit mé i ngrá leis an bhfuaim.
Titfidh praghsanna tithe go mór there will be a big fall in house prices
thit mé i ngrá I fell in love
" D'éist mé leis sin agus mé ag tiomáint thart sa charr agus thit mé i ngrá le hamhránaíocht Bess.
Thiteas i ngrá léi. I fell in love with her.
titim i ngrá falling in love
" Chónaigh *Jimi Hendrix* ansin, ag titim i ngrá agus ag turgnamh le drugaí chomh maith le rudaí eile.
thiteann i ngrá falls in love
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
titim isteach falling in
" Dúirt sé gur tháinig an smaoineamh chuige an píosa seo a chruthú i ndiaidh an crith talún a tharla i Sichuan i 2008 agus chonaic sé scoil a bhí i ndiaidh titim isteach uirthi féin.
tháirgiúlacht laghdaithe fall off in production
" 5 billiún, sea, B(illiún), in aghaidh na bliana, idir íocaíocht as cúram sláinte, tháirgiúlacht laghdaithe agus chostais ghaolmhara eile nach iad a eascraíonn as caitheamh tobac.
thiteadh isteach used to fall in
" Labhraíonn Papillon faoin mbáisteach ag teacht isteach agus faoina bheith ag ithe na bhfeithidí a thiteadh isteach.
thit tóin in airde i ngrá léi fell head over heels in love with her
" I mBleá Cliath a chuir Máire aithne cheart ar Ruairí Brugha, aon mhac Chathal Brugha, a thit tóin in airde i ngrá léi, ní nach ionadh.
thit siad i ngrá leis an tírdhreach they fell in love with the landscape
" Dúirt siad gur tháinig siad go hOllscoil Luimnigh ar bhliain Erasmus agus gur thit siad i ngrá leis an tírdhreach agus leis an teanga álainn.
titim shuntasach ar líon na ndaoine a remarkable fall in the number of people
"titim shuntasach ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann gach Domhnach le fiche bliain anuas, sa phobal iargúlta sin.
titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála a marked fall in living (peoples’) standards
" Tháinig titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála na ndaoine.
titim thobann san fhaill a sharp fall in the cliff
" D'féadfadh sé seo a bheith fíorchontúirteach sa mhéid is go bhfuil titim thobann san fhaill síos go dtí an loch.
Thit mé i ngrá léi I fell in love with it
" Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh.
dtáinig titim ar líon na ndúnmharuithe a fall happened in the number of murders
" Léiríonn figiúirí sa tír seo ón Gharda Síochána go dtáinig titim ar líon na ndúnmharuithe, ar líon na n-ionsaithe ar réadmhaoin, agus ar líon na n-ionsaithe foréigneach idir 2007 agus 2011.
titim bheag ar luach a small fall in price
" Ní bhíonn mórán difir eatarthu sa luach, ach tagann titim bheag ar luach carranna athláimhe a mbíonn cláruimhir 131D orthu.
thit siad i ngrá léi they fell in love with it
" Nuair a chonaic muintir na hEorpa an 159 den chéad uair thit siad i ngrá léi agus bhí an t-aiseolas fúithi chomh maith sin gur ghnóthaigh sí an tríú háit i nDámhachtainí Eorpacha Charr na Bliana 2006.
meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta a continual fall off in the number of readers
" Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta phríomhnuachtáin na hÉireann agus dhruid nuachtáin aitheanta ar nós an *Sunday Tribune* agus *Irish Daily Star Sunday* le dornán blianta anuas.
Cúlú an Cheoil the fall off in music
" Cúlú an Cheoil ===== Sa seachtú haois déag, bhí cáil ar fud na hEorpa ar cheol na Polainne.
a thit sa ghleo who fell in battle
" Tógadh Iarsmalann Astrálach na gCogaí i gcorplár Canberra, an phríomhchathair, le hurraim a thabhairt dóibh siúd a bhí ar fiannas ar son na tíre i gcogaí éagsúla thar lear, ach go háirithe don 102,000 Astrálach a thit sa ghleo iontu.
i bhfianaise laghdú leanúnach in light of the continuing fall off
" Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite.
Thiteas i ngrá le I fell in love with
" Thiteas i ngrá le ‘American Hustle’ ón chéad amharc ina bhfuil Irving (Christian Bale) liobarnach sa ról seo agus maoile ar a bhaithis.
thug sé grá d'iníon maoir he fell in love with a bailiff’s daughter
" An Tomás céanna, bhí sé ina bhráthair Agaistíneach nuair a thug sé grá d'iníon maoir i Maigh Eo.
nuair a chuaigh an tsearc faoin gcroí air when he fell in love
" Is ann a bhí an mhainistir agus an Caisideach nuair a chuaigh an tsearc faoin gcroí air: Thug mé an ruaig údaí ó mhullach na cruaiche Chugat anuas chun an tsléibhe bháin Ar thuairisc mo chailín d’fhág m’intinn buartha ’Gus rinne sí gual dubh de mo chroí i mo lár.
d’aon bhéim amháin in one fell swoop
" Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.