Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin that were kept secret at the time of the general election
" Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin.
á choinneáil faoi rún being kept secret
" An é nach raibh a fhios ag na húdaráis go raibh caimiléireacht ar leibhéal fairsing ar siúl agus go dtí gur sceith duine éigin an scéal is déanaí, go raibh an cleachtas go hiomlán faoi rún? Is cosúil go raibh a fhios ag traenálaithe agus gníomhairí agus bainisteoirí na lúthchleasaithe faoi na drugaí agus go rabhadar ag cabhrú leo iad a fháil agus a ghlacadh, agus é sin ar fad á choinneáil faoi rún.
faoi rún in secret
" Ansin chuaigh sé ar chúl géige, agus sheas sé comhthreomhar leis an ngéag, ag breathnú i leith faoi rún, mar a mheas sé, má mheas, ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige.
sa chóras ballóide faoi rún in the secret ballot system
" Fágadh ar lár é i l994 de bharr locht sa chóras ballóide faoi rún, ach an bhliain chéanna sin, roghnaigh na himreoirí é mar "Imreoir na Bliana" agus ba é an rogha leis do dhuais Texaco, "Iománaí na Bliana"! Gné eile de scéim na Réaltaí a thug uchtach agus spreagadh d'imreoirí ná turas na Réaltaí.
faoi rún in secret
" Nach raibh leath de mhná na tíre ag rith ina dhiaidh go hoscailte, agus an leath eile i ngrá leis faoi rún? Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar a chúlra le tuiscint a fháil ar phearsantacht tharraingteach an fhathaigh seo de pholaitíocht na tíre.
níor fhágadar faoi rún é go rabhdar ann they didn't keep it a secret that they were there
" Bhí na mílte is na mílte de ghnáthphobal na hÉireann agus áiteanna eile i láthair freisin gan dabht agus níor fhágadar faoi rún é go rabhdar ann.
faoi rún in secret
" Tarlaíonn sé taobh istigh den oifig, faoi rún mar a déarfá, agus ní bheidh a fhios ag éinne tada faoi.
fiú faoi rún na faoistine, even under the secrecy of confession,
" fós! Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar *Beo Ar Éigean*, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery.
Athaontú faoi rún. Re-unification by stealth.
ba cheart é a choinneáil faoi rún! it should be kept secret
" AÓF: Agus chas tú corramhrán freisin agus tú ansin! TC: Sin eolas rúnda agus ba cheart é a choinneáil faoi rún! Ní amhránaí mé ar chor ar bith, ach chan muid chomh maith agus muid ansin.
faoi rún hidden, secretive
" Is léiriú é Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Éirinn faoi rún, nó an ‘The Hidden Ireland’ ag Dónall Ó Corcra, nach dtugann meáin chumarsáide mhóra na tíre aird ar bith uirthi toisc nach bhfuil aon spéis acu inti.
tá orm é a choinneáil faoi rún I can’t talk about it
" **BD: Socrú airgid an ea?** MÓC: Ba chuid den socrú é go gcoinneofaí faoi rún é agus tá orm é a choinneáil faoi rún.
faoi rún on the 'qt’
" Tá ráite aici féin faoi rún le Balor nach mbeidh spéis dá laghad aici fanacht san Áras mar Ionadaí na Banríona in Éirinn, ach go bhfuil cara aici a mbeadh spéis mhór aige sa phost sin, mar atá an Seanadóir Dáithí Ó Norrissa.
faoi rún secretly
" Bhí Fear na Súile Nimhe ar cuairt, a léitheoirí; ar cuairt faoi rún, nó ba é Balor na Súile Nimhe an t-aon iriseoir Éireannach amháin a fuair cuireadh ar leith ó Bheairic Ó Bama chun agallamh a chur air san Oifig Ubhach, sula dtiocfaidh sé anseo ar a chuairt stáit.
meamram faoi rún a secret memorandum
" Chuir Rúnaí Príobháideach an Taoisigh meamram faoi rún chuig a chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag lorg treorach faoi cad é ba cheart a dhéanamh faoin litir.
faoi rún on the qt
" Déarfaidh daoine dar ndóigh go mbrisfear aon riail a bheas ann agus go leanfaidh an íocaíocht ar aghaidh faoi rún.
raibh rún faoi chaibidil there was a motion being discussed
" Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.
ach faoi rún other than surreptitiously
" ) Athrú Réimis i mBeo ar Éigean (nó Ruathar Aeir, the Alley Snackbar!) ====================== Siur nach bhfuil a fhios ag an saol mór gur dlúthchairde iad <ainm ag an eagarthóir> agus Balor le fada fada an lá, ón am ar cuireadh an bheirt acu ar fionraí ó Chumann Fíorghaelach Meiriceánach na bhFíorghaeilgeoirí Fíorghaelacha Meiriceánacha in Washington DC, toisc iad a bheith ró-leathanaigeantach ina n-aigne phoiblí ag an am nár ceadaíodh a leithéid (ach faoi rún).
faoi rún secret
" Coinníodh scéal Goldsboro faoi rún go dtí an mhí seo caite nuair a scaoileadh é i gcáipéis oifigiúil.
faoi rún quiet, under wraps
" Tá a fhios ag an domhan mór gur saolaíodh leanbh di an fómhar seo caite ach coinníonn sí formhór na scéalta seo faoi rún.