Pota Focal Intergaelic
afar | ar | fa | fad | faí
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcóngar is i gcéin near and far
" Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin.
Go bhfios dom As far as I know
" Go bhfios dom, is é seo an chéad uair a rinneadh a leithéid riamh, i.
go bhfios dom as far as I know
" (Níl mé féin ar dhóigh ar bith seicteach, go bhfios dom, ach in amanna caithfidh mé a rá le mo chuid páistí gan Gaeilge a labhairt agus muid i gceantracha nach mbeadh sé sábháilte í a labhairt iontu.
níos cáidhí go mór far dirtier
" " Ní ag tagairt do lábán shuíomh na tógála i mBaile an Aba atá sé, ach do chlábar atá níos cáidhí go mór.
a fhorbairt tuilleadh to develop further
" Deirtear go bhféadfadh an CLG na milliúin euro a thuilleamh tré chluichí sacair agus rugbaí a cheadú agus go bhféadfaí an t-airgead sin a úsáid ansin chun an iomáint agus an pheil, agus an liathróid láimhe ar ceann de chluichí an chumainn í chomh maith le cluiche corr chomh fada le m'eolas, a fhorbairt tuilleadh.
i gcéin agus i gcóngar far and near
" Beidh an deis ag ailtirí i gcéin agus i gcóngar cur isteach ar an chomórtas seo.
i gcéin is i gcóngar far and near
" Bhí Pádraig MacPiaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis* ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar.
sa Chian-Oirthear in the Far East
" Ba bheag an mhaith breis agus deich míle díograiseoir ag glacadh an darna morgáiste amach ar an teach agus ag díol a gcuid leanaí le sclábhaíocht le go mbeidís in ann bheith in éineacht leis an fhoireann sa Chian-Oirthear.
i gcéin agus i gcóngar far and near
" An phríomhláidreacht atá againn ná go bhfuil foireann óg fhuinniúil againn agus go bhfuil aitheantas faighte againn i gcéin agus i gcóngar as ardchaighdeán ár gcuid foilseachán litríochta agus ceoil.
níos faide ar an eite dheas further to the right
" Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an "New UUP", atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair.
i bhfad níos tromchúisí far more serious
" Bíonn fadhbanna dlí i gceist freisin - ábhar atá i bhfad níos tromchúisí toisc go ndéantar damáiste fadtéarmach d'ainm agus do sparán na heagraíochta.
is sia siar farthest west
" Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar "an paróiste is giorra do Mheiriceá" ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén córas iompair atá faoi do thóin.
go nuige seo so far
" Níor éirigh le hÚdarás na Gaeltachta aon mhonarcha a bhunú sa pharóiste go nuige seo ach, bíodh sin mar atá, ní luaitear mórán bochtanais leis an bparóiste ach oiread.
laghdaítear an stoc a thuilleadh the stock is further reduced
" Leanann na hiascairí ar aghaidh ansin ag marú na n-iasc ag leibhéal atá ró-ard, agus laghdaítear an stoc a thuilleadh.
níos sia farther
" Agus ar aon nós téann fadhbanna Fhine Gael i bhfad níos sia agus níos doimhne ná fadhbanna sa gceannasaíocht.
níos faide soir fosta further east also
" Ach tá a leithéid scaipthe fud fad iarthar na hEorpa, agus níos faide soir fosta, mar shampla in aice leis an Mhuir Dhubh, san Iordáin, agus fiú sa Chóiré.
i bhfad ar shiúl far away
" Tá an t-achar idir baill na dteaghlach forleathnaithe sa tír ag fás leis, agus cinntíonn na háiteanna seo i bhfad ar shiúl, ina gcónaíonn tuismitheoirí agus seantuismitheoirí, nach mbeidh siad ina gcuid lárnach de shaol laethúil a bpáistí agus a ngarpháistí a thuilleadh.
céim níos faide a step further
" Ach i Sasana tá an saghas seo cluiche tógtha céim níos faide ag an stáisiún teilifíse Avago.
chomh fada céanna ó thuaidh leis An Iorua as far north as Norway
" Seo iad na sléibhte is airde ar na hoileáin seo, atá chomh fada céanna ó thuaidh leis An Iorua.
níos faide siar farther west
" Bhí na hOllannaigh i mbun na Indinéise fosta, atá níos faide siar ó Phapua Thiar.
i bhfad i gcéin far away
" Ón bpríomhdhoras tá tú in ann breathnú amach ar chuan Bhaile Átha Cliath agus ar Dhún Laoghaire i bhfad i gcéin.
is faide ó dheas furthest south
" Is é Cléire - nó Cape Clear Island sa Bhéarla - an pointe is faide ó dheas in Éirinn.
gríostar imreoirí le dul thar fóir players are incited to go too far
" Sa chéad áit gríostar imreoirí le dul thar fóir ina n-iarrachtaí chun an bua a bhaint amach.
i bhfad ónár gcúl féin far from our own goal
" Déan feall i bhfad ónár gcúl féin".
go ndeachaigh sé thar fóir that he went too far
i gcéin is i gcóngar far away and nearby
" Tagann na mílte duine agus a gcuid páistí ó áiteacha i gcéin is i gcóngar.
an áit is faide ó thuaidh the furthest point north
" " Lean muid ar aghaidh go Cionn Mhálanna, an áit is faide ó thuaidh in Éirinn, ansin go Cúil Dabhcha, a bhfuil teach tábhairne agus bia maith ann in aice leis an trá.
d'imeachtaí i bhfad is i gcéin to events far away
" Is minic a bhíonn tagairtí aige do bhia (ceapairí, fataí, cístí), do dheochanna (*hip flasks*, Southern Comfort, tábhairní), d'fhilí, don stair, d'imeachtaí i bhfad is i gcéin agus gach tagairt fite fuaite go deas néata trí ábhar an ailt.
chuaigh siad i bhfad is i gcóngar they went near and far
" Bhí carr ar cíos acu agus chuaigh siad i bhfad is i gcóngar.
na gaolta i bhfad amach the far-out relations
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
níos faide ar shiúl ón lámh láidir further away from violence
" Má thig le hAdams agus a chairde bogadh níos faide ar shiúl ón lámh láidir, tá *vista* an-phléisiúrtha rompu, ainneoin iarrachtaí Michael McDowell.
ag breathnú níos faide ná sin looking further than that
" Tá TG4 tábhachtach dúinn mar is craoltóir an-tábhachtach in Éirinn iad, ach tá muid ag breathnú níos faide ná sin, chun nach mbeimid ag brath céad faoin gcéad ar TG4 ná ar aon stáisiún amháin.
i bhfad níos éasca far easier
" " Leis an bhforbairt atá déanta ar uirlisí logánaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ar nós Unicode le blianta beaga anuas, tá sé i bhfad níos éasca ag comhlachtaí ríomhaireachta an próiseas logánaithe a chur i bhfeidhm.
craobhacha i gcéin is i gcóngar branches far and near
" Bhí Pádraig Mac Piaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis *ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar.
ó chéin is ó chóngar from far and near
" Ceantar idirnáisiúnta spioradálta ab ea Teamhair a mheall daoine ó chéin is ó chóngar ar feadh na mílte bliain.
a aimsíodh go dtí seo found so far
" Ach má ghlacann sé le hachainí an NRA, fágfaidh sin go dtosófar láithreach ar na láithreáin seandálaíochta a aimsíodh go dtí seo a scrúdú agus is é seo, thar aon rud eile, atá ag cur imní ar dhaoine, agus cúis mhaith acu.
A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt As far away from this place as you can take me
" "A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt, a mhic," arsa Deirdre agus léim sí isteach.
Dá fhad a théann an sionnach, beirtear air sa deireadh However far the fox goes, he is caught in the end.
" Féach, mar shampla, ar an gcéad cheann a d'fhoghlaim mé riamh (a bhuíochas ar Shéamas Ó Cualáin): "Dá fhad a théann an sionnach, beirtear air sa deireadh".
i bhfad ar shiúl far away
" Cuireann sé cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl.
ag dul thar an cheasaí going overboard/too far
" Ba thur an fháilte a chuir sé roimh an chur agus an cúiteamh seo uilig agus sa deireadh, nuair a bhí sé ag baint deireadh dúile do chinneadh, agus nuair a mheas sé go raibh sí ag dul thar an cheasaí, dúirt sé: "I ngeall ar Dhia, a Shiobhán, déan cinneadh.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar.
ó chian is ó chóngar from far and near
" Thagadh daoine ansin ar an fharraige ó chian is ó chóngar.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcian is i gcóngar.
de chéin is de chóngar from far and near
" Na laethanta seo, tagann daoine de chéin is de chóngar go fóill.
a tholg an galar go dtí seo who have contracted the disease so far
" Ceann de na rudaí is measa faoin ngalar ná an ráta ard báis – tuairim is 50% de na daoine a tholg an galar go dtí seo, i bhfad níos airde ná aon ghalar eile dá shórt.
ag dul thar fóir going too far
" Ní dóigh liom go bhfuil mé ag dul thar fóir nuair a deirim go bhfuil Éire ag cuidiú leis na Stáit Aontaithe beart atá go huile is go hiomlán mídhleathach a chur i gcrích.
i gcéin far away
" Ach botún atá éacsa a dhéanamh i gcás an té atá ag foghlaim i gcéin i mo bharúilse ná an iomarca béime a chur ar an teanga scríofa in ionad na teanga labhartha.
i bhfad ar shiúl far away
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
níos faide i gcéin further away
" Níl sé rófhada siar i stair na tíre seo ó bhí pictiúir le feiceáil ar an teilifís go rialta de dhaoine ag caoineadh agus iad ag dul ar eitleáin, ó Aerfort Chnoc Mhuire go Londain, cuir i gcás, agus níos faide i gcéin.
i bhfad ar shiúl far away
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
a raibh sna ceithre hairde fichid everyone from far and near
" Bhí cuma air go raibh a raibh sna ceithre hairde fichid cruinnithe agus, cibé nach raibh ann, bhí Pól ann nó fuair sé sceiteadh dá shúl air.
go bhfios dom as far as I know
" Cloistear go minic nach bhfuil ár gcuid scileanna áirimh thar moladh beirte ach go bhfios dom ní mholtar riamh gur cheart Matamaitic a bhaint ón churaclam.
i gcéin is i gcóngar far and near
" Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú.
i bhfad níos aibí far more mature
" Tá na daoine óga atá ag teacht isteach anois ag déanamh trialacha scáileáin i bhfad níos aibí ná mar a bhí mise nuair a bhí mé á ndéanamh.
sa Chianoirthear in the Far East
" **Balor:** Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh? **CD:** Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh.
i gcéin is i gcóngar far and near
" Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú.
fadradharcach far-sighted
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
i gcéin is i gcóngar far and near
" Agus iad oilte, chuaigh siad go háiteacha i gcéin is i gcóngar le mainistreacha nua a bhunú.
áiteanna iargúlta imigéiniúla remote far-away places
" Cibé faoin na státseirbhísigh is iomaí searbhónta poiblí nach bhfuil sásta teaghlach agus teallach, sólann agus dánlann, bialann agus iarsmalann, parlús suathaireachta agus club *lapdance* a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna iargúlta imigéiniúla i bhfad amach.
dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin we would concentrate on lands further away
" Nuair a bheadh dreach Pharthais scriosta as éadan againn dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin mar Phurgadóir nó Liombó agus bheadh ag na milliúin peacaí ag díol cíosa linn.
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
i bhfad róluachmhar far too valuable
" ‘Tá sé i bhfad róluachmhar le ligean amach ar cíos.
ó chian agus ó chóngar from far and near
" AÓF: Cén saghas scoláirí a d'fhreastail ar na cúrsaí seo agus cén leibhéal a bhí i gceist? DdeB: Tháinig siad ó chian agus ó chóngar.
i bhfad ní ba shubstaintiúla far more substantial
" Chaith na páipéir thablóideacha an oiread sin dua leis an ngáifeachas, gur tugadh an chluas bhodhar do chúrsaí i bhfad ní ba shubstaintiúla.
i bhfad barraíocht seomraí far too many rooms
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta far from the corridors of power
" Tógadh í i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta, áfach, i Maínis i gConamara, áit ar bhog an teaghlach ag deireadh na seascaidí.
cuma i bhfad níos deise a far nicer appearance
" Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.
trealamh i bhfad níb fhearr far better equipment
" Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.
taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh we travel further north
" Ashikawa Ar maidin, taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh le seinnt in iarsmalann Ainu agus chun lá a chaitheamh i measc mhuintir Oki.
i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, in suburbs far from cities,
" Agus luachanna tithe ag titim, go háirithe i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, tá sciar níos mó de thuarastal na ndaoine á chaitheamh ar mhorgáistí gan dóchas ag na húinéirí céanna go bhfaighidh siad costas a dtithe ar ais nuair a dhíolfaidh siad arís iad.
níos faide chun tosaigh further ahead
" Níor mhór dóibh amharc níos faide chun tosaigh ná an chéad olltoghchán eile.
i bhfad róbhog. far too soft.
as tíortha i gcéin is i gcóngar from countries far and near
" Tagann daoine – go háirithe daoine óga – as tíortha i gcéin is i gcóngar le páirt a ghlacadh inti.
i bhfad an iomarca bád far too many boats
" Ach, faraor, bhí i bhfad an iomarca bád amuigh ar an sceir – bheadh imní ort go ndéanfadh an ollturasóireacht seo an-damáiste don sceir.
gaol i bhfad amach far-out relationship
" Amhránaí ab ea mo mháthair, a raibh gaol i bhfad amach aici le Mary Anne Carolan.
i bhfad i gcéin far away
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
Go bhfios dom, as far as I know,
" Go bhfios dom, níl sé mar aidhm ag na Gardaí deireadh a chur ar fad leis an ólachán agus mholfainn dóibh discréid a léiriú san ghné seo dá bhfeachtas.
i bhfad Éireann níos slítheánta. far more sly.
" Ach tháinig ciníochas eile ina áit, ciníochas atá i bhfad Éireann níos slítheánta.
cruthú eile further proof
" Ní raibh sa gclár faisnéise sin ach cruthú eile go ndéanann muid idirdhealú fo-chomhfhiosach idir daoine geala agus daoine dubha maidir leis an ról ba chóir dóibh a bheith acu inár sochaí.
i gcéin is i gcóngar. far away and nearby.
" Cé go bhfuil sé as an bhealach – níl seirbhís traenach go dtí an áit, fiú – téann daoine ansin ó áiteanna i gcéin is i gcóngar.
Tírdhreach na bPiréiní i bhfad taobh thiar díom the landscape of the Pyrenees far behind me
" Tírdhreach na bPiréiní i bhfad taobh thiar díom faoi seo.
i dtíortha i gcéin in far-off countries
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
i bhfad níos leadránaí, far more boring,
" Tá an pholaitíocht i bhfad níos leadránaí, i bhfad níos malltriallaí ach is mó an luach atá leis, a deir an poblachtánach seo.
bhfad níos malltriallaí far more slow-moving
" Tá an pholaitíocht i bhfad níos leadránaí, i bhfad níos malltriallaí ach is mó an luach atá leis, a deir an poblachtánach seo.
ag léiriú an fhadradhairc showing the far-sightedness
" Caithfidh muid fanacht go dtí an tréimhse, chan amháin iar-Paisley ach iar-Robinson, le go bhfeicfidh muid an treo ina bhfuil an pholaitíocht ag dul, dar le McAuley, ag léiriú an fhadradhairc nár léirigh páirtí ar bith eile go dtí seo.
níos fraochta i bhfad far more fierce
" Tá an spórt seo níos fraochta i bhfad ná an *happy slapping*, níos forniata ná cluiche ceannais idir Glasgow Rangers agus Glasgow Celtic, agus níos fíochmhaire ná Mr White agus Mr Pink ó na Reservoir Dogs.
níos faide i gcéin, farther away,
" Tá an áit lán *multinationals* anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, *so it is*.
nach raibh sé i bhfad ón rud nádúrtha, that it wasn't far from the natural thing,
" Ach sílimse gur choinnigh muidinne i gcónaí smacht air sin, nár athraigh muid an stíl, nach raibh sé i bhfad ón rud nádúrtha, ón traidisiún.
níos faide ó thuaidh ná further north than
" Ní shílfeá go mbeadh a leithéid i nGarbhchríocha na hAlban, níos faide ó thuaidh ná Inbhir Nis! Sa ré Victeoiriach bhí neart spánna mar seo le fáil ar fud na hEorpa, ina raibh uisce mianrach agus folcadáin chlábair le fáil.
ó chian agus ó chóngar, from far and near,
" Chuaigh daoine saibhre faiseanta ann ó chian agus ó chóngar, agus bhí carráistí speisialta don áit ar an traein ó Londain.
fiosróir fadradharcach inteacht some far-seeing inquirer
" Is maith a bhí a fhios agam go dtiocfadh fiosróir fadradharcach inteacht an bealach seo agus go mbéarfaí orm faoi dheireadh.
i dtreo na heite clé barraíocht. to far to the left.
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
i bhfad níos lú fuinnimh far less energy
" Tá sé i bhfad níos éasca (is é sin, tá i bhfad níos lú fuinnimh de dhíth) an t-eatánól seo a fháil ó bharra áirithe ná ó bharra eile.
scoite amach far from
" Cé go bhfuil an Nua-Shéalainn scoite amach ón Eoraip, tá nasc cultúrtha aici fós leis na hEorpaigh.
níos faide ar aghaidh further on
" An tseanchathairÓs ag caint ar shoithigh muid, ní mór áit a lua atá dhá mhíle níos faide ar aghaidh ar an Greenway – an South Street Seaport.
chomh fada siar le as far west as
" An bhféadfadh sé gur eitil siad chomh fada siar le Gleann Cholm Cille? Más amhlaidh a bhí, thiocfadh leis a bheith ina rud iontach ó thaobh an chomhshaoil agus na turasóireachta sa cheantar, mar atá in Oileán Muile in Albain.
níos faide ó thuaidh further north
" Cape Reinga Ní féidir dul níos faide ó thuaidh in Aotearoa ná Cape Reinga, nó Te Rerenga Wairua.
i bhfad óna muintir is óna ngaolta, far from their people and their relatives,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
níos faide soir further east
" Tá siad uilig imithe anois, agus tá Inbhir Greinnde, atá níos faide soir ag tús Linn Giùdain, ar an phort coimeádán is mó in Albain.
Níor fhéad sí dul níb fhaide ná an chéad fhoirgneamh she couldn't go any further than the first building
" Níor fhéad sí dul níb fhaide ná an chéad fhoirgneamh agus rinne cara léi í a thabhairt ar ais go dtí an chathair.