Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhád farantóireachta ferries
" Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.
báid chumhachtacha farantóireachta powerful ferry boats
"báid chumhachtacha farantóireachta anois ag tabhairt daoine isteach ar an mBlascaod agus má tá tú i measc na ngealt sin ar maith leo liathróid bheag bhán a bhualadh timpeall ar feadh an lae, tá galfchúrsa den scoth acu i nDún an Óir.
bád farantóireachta ferry
" Mar shampla, tá dhá bhaile bheaga ann, Port an Pheire ar thaobh amháin agus Baile Loch Cuan ar an taobh eile, agus tá bád farantóireachta ag dul eatarthu.
farantóireachta ferrying
" Tá roinnt daoine ag gabháil do chúrsaí farantóireachta ar na báid a thugann cuairteoirí go dtí an mBlascaod le linn bhiaiste na dturasóirí.
bhád farantóireachta ferry
" Mar a dúirt seandálaí: "Ní raibh ar mhuintir na Clochaoise dul go Holyhead leis an bhád farantóireachta a fháil go hÉirinn.
caighdeán na mbád farantóireachta the standard of the ferries
" Tá muid breá sásta le caighdeán na mbád farantóireachta a théann go hInis Mór na laethanta seo.
comhlacht farantóireachta ferry company
" Is é an comhlacht farantóireachta Turasmara atá i mbun na seirbhíse báid agus tá oifig acu ar an Bhun Bheag (075-32210) agus i Machaire Rabhartaigh (074-35501).
seirbhís rialta farantóireachta a regular ferry service
" Reáchtáiltear cúrsaí teanga agus cúltúir ar an oileáin, tógadh tithe saoire agus brú galánta, tá córas maith lóistín ann agus seirbhís rialta farantóireachta.
bád farantóireachta ferry
" Chuaigh mé go dtí an bád farantóireachta, An Naomh Ciarán, an mhaidin dár gcionn.
bád farantóireachta ferry
" " bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce.
go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta that the ferry is very popular
" Bhí freastalaí óg croíúil ann, a d'inis dúinn go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta.
bád farantóireachta ferry
" Tá na hÉireannaigh agus na Breatnaigh ag teacht go Learpholl le blianta fada, ach tá ceangal láidir idir an chathair agus Oileán Mhanann fosta, agus tá bád farantóireachta gasta ag dul idir an dá áit.
Chríochfort Bhád Farantóireachta Staten Island the Staten Island Ferry Terminal
" I rith an Charghais, timpeall deich mbliana ó shin, a rinne Buckley a bhealach den chéad uair chuig an séipéal beag Caitliceach atá suite trasna na sráide ó Chríochfort Bhád Farantóireachta Staten Island.
bhád farantóireachta ferry
" Léigh Dolores rogha dá cuid filíochta faoi Socrates, Wittgenstein agus stoirm farraige ar bhád farantóireachta Inis Bó Finne, agus chuir Seán an lucht féachana faoi dhraíocht le "Éamonn Mhagáine" agus "Sliabh na mBan".
Bád farantóireachta ferry
" Bád farantóireachta atá ann, a sheolann gach lá ó mhí an Mhárta go Deireadh Fómhair ó Ché an Phoirt Thuaidh ar an Life go dtí an Pier Head i lár Learphoill.
bád farantóireachta ferry
" An *Ulster Monarch *a bhí i gceist, an bád farantóireachta a théadh ó Learpholl go Béal Feirste de ghnáth.
bád farantóireachta ferry
" Bhí bád farantóireachta ag dul ó Staten Island go Nua-Eabhrac agus bhí sin i bhfad níb fhearr.
bhád farantóireachta ferry
" Thug a gcuid comrádaithe in ETA aire mhaith dóibh ansin sula ndearna siad a mbealach chun na Briotáine agus trasna na mara go Ros Láir ar an bhád farantóireachta.
bhád farantóireachta ferry
" Tagann a lán turasóirí anseo leis an bhád farantóireachta a fháil go Steòrnabhagh ar Leòdhas, nó i rith turais thart timpeall Gharbhchríocha na hAlban.
ar an mbád farantóireachta on the ferry
" Dá thaitneamhaí an turas bus, is deise fós an trasnú ar an mbád farantóireachta.
bád beag farantóireachta a small ferry
" Chuir mé mo rothar beag infhillte sa ghluaisteán, agus d’imigh mé liom go Port Apuinn, áit as a dtéann bád beag farantóireachta anonn is anall an lá ar fad.
bád farantóireachta ferry
" Téann bád farantóireachta ón Òban go Creag an Iubhair ar Mhuile, turas a ghlacann trí cheathrú uaire.
ar bhád farantóireachta on a ferry
" An lá dár gcionn, thug mé aghaidh ar chuan suaimhneach Picton áit ar chaith mé cúpla lá, sular thaistil mé ar bhád farantóireachta go cathair Wellington.
ar an bhád farantóireachta on the ferry
" Thaistealaíodh sé ar an bhád farantóireachta ó Chromba go dtí an Neag.
ar bháidín farantóireachta on a very small ferry
" Is féidir Ferry Landing a thrasnú ar bháidín farantóireachta - turas réchúiseach dhá nóiméad atá ann.
bád farantóireachta ferry
" An iris *Carn* (más ann di go fóill), féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, an Fhéile Pan-Cheilteach, bád farantóireachta idir Corcaigh agus Roscoff, eitilt Ryanair idir Port Láirge agus Lorient – níl mórán eile ann, nó sin a bhraitheas ar chuma ar bith.
bád farantóireachta ferry
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
bád farantóireachta ferry boat
" Nuair a theipeann ar iarracht a thugann sé féin agus compánach dá chuid dul i bhfolach ar leoraí atá ar tí an bád farantóireachta a bhordáil, socraíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach snámh trasna.
farantóireachta ferry
" Fágann bád farantóireachta Fionnphort ar Oileán Muile gach 30 nóiméad le cuairteoirí a thabhairt isteach ar Oileán Í, ach amháin ar an Domhnach.
farantóireachta ferry (boat)
" Ach má thug, ba léir go raibh fadhbanna farantóireachta agus lastais go hÁrainn á gcíoradh ag bord an Rialtais.
mbád farantóireachta ferry boat
" Bhain mé an-taitneamh as an am a chaith muid sna hOileáin Chincíse agus bhí mé thar a bheith sásta leis an tsaoire ar fad – go dtí go raibh orm aghaidh a thabhairt ar an mbád farantóireachta le filleadh ar tír mór!
farantóireachta ferry
" D’éirigh liom bean amháin a chur ag Gaeilgeoireacht liom ar an mbád farantóireachta idir Árainn Mhór agus Ailt an Chorráin ach ní mba as ceantar na Rosann í.
bhád farantóireachta ferryboat
" Phléigh mé seo in alt faoin bhád farantóireachta go hÉirinn, an Chat Mara.
as a seolann an bád farantóireachta which the ferry sails from
" Ar Google Maps, tugtar Baile Mor ar an sráidbhaile ar an oileán agus tugtar Fionnphort ar an mbaile beag as a seolann an bád farantóireachta gach 30 nóiméad le cuairteoirí a thabhairt ann.
an bád farantóireachta the ferry boat
" Dála na mílte Éireannach i Learpholl, thapaigh Seán Mac Con Mara agus Proinsias Mac Íomhair deis an bád farantóireachta as an chathair go Baile Átha Cliath ó aois óg.
na báid farantóireachta le caladh the ferries into port
" Agus má bhíonn sibh sa mBreatain, bígí i gCill Chiaráin cúig mhíle ón bhfarraige agus cúig mhíle fichead ó Abergwaun (Fishguard) áit a dtagann na báid farantóireachta le caladh.
an tseirbhís farantóireachta an-tapa the fast ferry service
" Tá cinneadh déanta ag an Steam Packet Company deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta an-tapa idir Learpholl agus Baile Átha Cliath, rud a bheidh ina bhuille an-mhór dá chathair dhúchais, dar le Tony Birtill.