Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go tiubh at a fast rate
" com" á gceannach go tiubh agus tá os cionn 20 milliún ainm den chineál seo cláraithe go dtí seo.
chomh tiubh géar as fast as possible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
chomh tiubh géar as fast as possible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
na cnaipí lena chur siar agus aniar the buttons to rewind and fast forward
" Cá bhfuil na cnaipí lena chur siar agus aniar? Tá mé ag iarraidh amhrán a trí a bhualadh duit.
troscadh fast
" Cén dóigh ar féidir a bheith cinnte nach mbeidh caimiléireacht ar siúl maidir le torthaí i scoileanna príobháideacha, nach é an duine a íocfaidh an tsuim is airde a gheobhaidh na torthaí is fearr (mar a tharlaíonn go minic san Iodáil, ar an drochuair)? De bharr gur dhiúltaigh an tAire Moratti bualadh leis na daltaí seo ó scoileanna poiblí na Róimhe, ghlac siad seilbh ar scoil ar feadh cúpla lá agus rinne siad troscadh mar agóid.
dúthroscadh black fast
" "Tá an Carghas buailte linn!" a deir Balor Beannaithe, "Agus is cóir dúinn ár n-aigne a dhíriú ar nithe neamhshaolta, agus an dúthroscadh agus an féinsmacht a chleachtadh.
troscadh fast
" Tá mo bholg líonta ag an aer, agus tá mé ar tí titim i laige ag an troscadh.
tiomáint ghasta fast driving
" Ní bhfuair a Naofacht ach an t-aon locht amháin air mar ghníomhaire rúnda: an tiomáint ghasta - chomh gasta sin agus nach bhfeiceann sé na comharthaí ná na fógraí ar na bóithre.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis as fast as he possibly could
" Amach le Frank chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis agus suas leis ar stól na cistine.
ghreim ghasta fast food
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
níos tapúla faster
" Caithfear cuimhneamh nach bhfuil i mbandaleithead leathan ach slí chun eolas a scaipeadh ar an idirlíon níos tapúla ná mar a dhéantar faoi láthair - agus caithfear fadhbanna eile a shárú chun a chinntiú go meallfar comhlachtaí agus postanna go dtí an tír seo.
go han-sciobtha ar fad very, very fast
" Tá súil agam, má bhíonn cogadh ann, go mbeidh sé thart go han-sciobtha ar fad.
Bhainfeadh sí toit as an talamh she really moved fast
" Bhainfeadh sí toit as an talamh.
Bhí idir luas is léim inti she was a real live-wire/active and fast
" Bhí idir luas is léim inti.
Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol fast fingers don't make music
" Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol.
Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha when the music is played too fast
" AÓF: Céard nach dtaitníonn leat sa cheol Gaelach? SR: Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha nó nuair atá an iomarca béime ar an ornáidíocht seachas ar an gcroí atá sa cheol.
is sciobtha fastest
" Ach ar nós na Gaeilge tugtar neart béalghrá don iomáint: "an cluiche páirce is sciobtha ar domhan"; "is breá liom dul chuig Craobh na hÉireann"; "tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt" (an saghas cainte a chloisfeá i bpub sa Ghaeltacht sa samhradh).
i bhfad níos tapúla much faster
" Is prótacal é FireWire atá i bhfad níos tapúla ná an córas USB, córas atá cosúil leis agus atá in úsáid cheana féin ar an-chuid ríomhairí chun gléasanna ar nós eochracha cuimhne a chur "ag caint" le ríomhairí.
an reathaí is sciobtha san Eoraip the fastest runner in Europe
" Sa Bhreatain rinne an reathaí is sciobtha san Eoraip, Dwain Chambers, tástáil dhearfa i dtaca le THG agus tá an t-imreoir sacair Rio Ferdinand i dtrioblóid ar an ábhar nach raibh sé ar fáil nuair a tháinig na hoifigigh thástála ar cuairt.
tapa fast
" Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire.
níos gaiste faster
" Tá athruithe suntasacha déanta i rialacha imeartha na gcluichí le hiad a dhéanamh níos gaiste agus níos tarraingtí don lucht féachana.
chaifí bia ghasta fast food cafés
" Agus tú ag siúl na mbóithre i nDún na nGall, i gConamara, i Maigh Eo, i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile sa tír, ní féidir gan an bruscar a thabhairt faoi deara: cannaí, málaí plaisteacha, boscaí folmha ó chaifí bia ghasta, sean-nuachtáin agus réimse rudaí eile.
chomh sciobtha céanna quite as fast
" Ar íoróiní an tsaoil, spreag na deacrachtaí sin an comhlacht le dlús a chur lena iarrachtaí margaí agus treonna nua a aimsiú - rud nach dtarlódh chomh sciobtha céanna, b'fhéidir, dá mbeadh an saol ar a gcompord acu sa mbaile i gcónaí.
rómhall nó rósciobtha too slow or too fast
" **Luas:** Is féidir le tiún a bheith rómhall nó rósciobtha.
scafánta fast
" Scaití feiceann tú daoine ag cur strainceanna orthu féin agus iad ag gabháil d'amhrán mall agus iad ag gáire agus iad ag gabháil d'amhrán scafánta.
an traein is tapúla ar domhan the fastest train in the world
" Thug mé é seo faoi deara nuair a thóg mé an *MagLev* - an traein is tapúla ar domhan - ó Aerfort PuDong isteach go Shanghai.
deich n-uaire níos tapa ten times faster
" Le leathanbhanda, is féidir le húsáideoirí luas atá deich n-uaire níos tapa a fháil ná mar a fhaightear le móideim 56 cilibheart sa soicind (cbss).
an-sciobtha go deo really very fast
" B'fhéidir nach gceapfá é, ach tá sé sin an-sciobtha go deo - baineann sé sála na mbróg díot, ach bíonn tú ag do cheann scríbe i bhfad roimh lucht na gceann nach dtéann ach 3 chiliméadar san uair! Chaith mé cúpla seachtain ag lorg obair bhreise, gan mórán dul chun cinn a dhéanamh.
taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine a ball travels faster than a person
" Cosc ar ruathair aonair - chuirfeadh sé le luas an chluiche mar taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine.
ghasta fast
" Tógann an turas ceithre huaire ar an bhád ghasta seo, a bhfuil spás ann do charranna agus do rothair fosta.
chomh tiubh géar is a thiocfadh leo as fast as they possibly could
" Tuairim is agus ceathrú uaire ina dhiaidh sin, chuala siad duine inteacht ag an doras agus d’éirigh siad beirt agus rinne ar an doras chomh tiubh géar is a thiocfadh leo.
freagairt éirimiúil agus thapa intelligent and fast response
" Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015: “Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin” Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: “**Roinnt Chothrom**”.
níos sciobtha agus níos lúfaire faster and fitter
" Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad.
eascarthach fast-growing
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
eascarthach fast-growing
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
leagan tapaidh fast version
" ======= De réir mar a sheinn mé é, tháinig leagan tapaidh de chugam chomh maith.
meara fast
" seirbhís lasta trasna an Atlantaigh a chur ar bun in 2008, ag úsáid longa lasta speisialta meara a bheidh ábalta an turas a dhéanamh i gceithre lá in áit seacht nó ocht lá.
scaird thapaidh amháin one fast pouring
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
aon chnaipe mearchasta no fast-forward button
" Agus ní féidir iad a sheachaint toisc nach bhfuil aon chnaipe mearchasta ar fáil.
níos tapúla ná faster than
" Luathaíonn sé ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim – ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige! Cuirtear le chéile é i monarcha Lotus i Sasana – agus má dhéanann tú é a phlugáil isteach um thráthnóna, is féidir leis turas 400 ciliméadar a dhéanamh an maidin dár gcionn, a bhuí sin le teicneolaíocht chliste a úsáideann ceallraí iain litiam, cosúil leis na cinn a bhíonn i ríomhairí glúine (ach i bhfad níos mó).
ag tiomáint go róghasta. driving too fast.
" Bíonn sciar mór de thiománaithe na tíre ag tiomáint go róghasta.
ráta níos sciobtha a faster rate
" Agus faoi láthair, tá na heitleáin seo á dtógáil ag ráta níos sciobtha ná mar a tharla riamh roimhe: tagann ceann amháin nó an ceann eile amach as monarcha gach lá den bhliain.
trí eitilt go tapa an-ghar don talamh by flying fast very close to the ground
" Ó na seascaidí go dtí na hochtóidí, bhí eolaithe Rúiseacha ag obair ar thionscadal rúnda chun eitleáin nua a fhorbairt a d’fhéadfadh lasta ollmhór a iompar trí eitilt go tapa an-ghar don talamh (timpeall 10-20 méadar ón talamh!).
agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta and it was they who created the fast reckless style
" * Thuig Hannah agus Barbera cúrsaí grinn ó thaobh gluaiseachta agus cleasaíochta de agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta atá mar bhuntreoir ag cruthaitheoirí cartún an lae inniu.
Scuabaire Ifrinn Fast-Moving Animal from Hell
" fós! Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar *Beo Ar Éigean*, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery.
gasta agus oilte, fast and skillful,
" Ach bhí sé ag imirt in aghaidh daoine fásta faoin am sin agus, cé go raibh sé gasta agus oilte, bhí siadsan a bhfad ní ba láidre ná é.
tapa go leor fast enough
" Ní raibh Tauhara brónach in ann taisteal tapa go leor de bharr a chuid créachtaí.
chomh sciobtha so fast
" I bhfaiteadh na súl, bhí an leaid óg fionn a bhí á mharcáil agam imithe ar ruathar aonair, chomh sciobtha sin nárbh fhiú dom iarracht a dhéanamh fanacht leis.
dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil. if there was a fast internet connection available
" Tá seirbhísí teoranta ar fáil cheana féin a dhéanann é seo ach d’fheabhsóidís go mór dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil.
gléasanna soghluaiste tapa fast mobile devices
" Ba mhaith leo go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ag daoine dul ag brabhsáil ar an idirlíon le gléasanna soghluaiste tapa agus tá siad ag iarraidh teacht timpeall ar na constaicí atá cruthaithe ag leithéidí Vodafone agus O2.
luas lasrach the really fast speed (the flashing speed)
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
ar luas níos tapúla. at a faster speed.
" Léiríonn raon leathan na n-inneall cuardaigh atá ar fáil na laethanta seo gur féidir linn anois inneall faoi leith a roghnú le haghaidh cuardaigh faoi leith, agus gheobhaimid eolas níos fearr ar luas níos tapúla.
an-ghasta very fast
" Nuair a bhí muid ag imirt sacair le chéile ar an trá ansin thug mé faoi deara go raibh Seán an-ghasta agus oilte.
á scaipeadh ar luas lasrach being distributed at a fast rate
" Tá eolas, caipiteal agus earraí á scaipeadh ar luas lasrach ar fud an domhain.
ach théadh an lá thart go gasta but the days would go by fast
" Mar is gnáth bhí mé ag obair, ach théadh an lá thart go gasta.
céalacan fast(ed)
" Rinne sé céalacan faoi stiúir dochtúra a mhair 10 seachtaine san iomlán agus d’admhaigh sé go ndeachaigh an taithí seo i bhfeidhm go mór air.
chomh tiubh géar as fast as is
" Is ag dul chuig áit nó ag filleadh as áit a bhíonn an duine, déanfaidh sé cibé gnó atá le déanamh aige agus baileoidh sé leis chomh tiubh géar agus is féidir leis.
troscadh fasting
" “Tá an ceart ar fad agat, a Bhiffo,” arsa Balor, “ach ná déan dearmad go bhfuil an Carghas ann agus go bhfuil muid in ainm troscadh agus tréanas a dhéanamh.
greim gasta fast food
" Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gur “comhoibrithe leis an namhaid” a bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta.
go tiubh gasta at speed, very fast
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
sciobtha snappy, fast
" De ghnáth líonaim isteach 1, 2, 3, 4 réasúnta sciobtha, ach ansin tosnaím ag roinnt na vótaí ísle amach: an vóta is ísle don té is mó atá mé ina aghaidh agus coinním orm go bhfuil na daoine is measa liom déanta.
gasta fast
" Beagánín grástúil, beagánín garbh, beagánín gáifeach, beagáinín gasta, beagáinín grianmhar.
gasta fast
" Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor.
lón sciobtha fast lunch
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
Bhrais fast
" Eagarthóir: Ní fíor sin, a Bhaloir Bhrais Bhríomhair, bail ó Dhia ort mar chioclóp saonta somheallta.
gasta fast
" scaoil anois mé – cuir urchar idir mo dhá shúil, tarraing an truicear – déan gasta é agus cuir deireadh leis an bore-fest a bhfuil mé á chéasadh leis anseo.
spleodrach fast, exciting
" Tá úsáid bainte ag Somers as na scileanna agus na taithí uilig atá aige mar shléibhteoir agus mar údar le húrscéal inchreidte, spleodrach, sainiúil a chruthú.
tiubh géar fast
" Theacht dheirge an dá néal an mhaidin chiúin shamhraidh sin, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, agus i ndiaidh dó *The Western People* agus *The Mayo News* a léamh ó chlúdach go clúdach, ghléas sé é féin fá choinne an chatha: clogad crua rothaíochta fána chasdlaoithe buí, sciath óir de Bhunreacht Fhine Gael crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheas agus léine gheal ghorm an pháirtí ceangailte thart ar a cholainn chaol chaomh.
luas mear fast pace
" Bhí dhá thoisc ann a chuir laincis ar a chuid iarrachtaí (rud atá amhlaidh i gcoitinne) is iad sin luas mear na himeartha agus éiginnteacht na rialacha peile.
sciobtha fast
" Athraíonn na nósanna agus na stíleanna agus na hábhair agus an saol sóisialta chomh sciobtha sin.
troscadh fasting
" Níl iontas ar bith go mbeidh gá le hardú mór ar an deontas a fhaigheann Seosamh ó Fhoraois na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn, nó ní thiocfadh le duine ar bith tréanas ná troscadh ná féinsmacht féin a chur i leith Laoch na Súile Nimhe agus na Tóna Toirtiúla i dtaca le feoil agus ól.
thapa fast news
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
druidte go teann shut fast
" Níl ann ach rud beag de scoilt, ach ar a laghad tá an doras a bhí druidte go teann le cuimhne na ndaoine anois ar oscailt.
ba thréimhse throscaidh é it was a time of fasting
" De réir an traidisiúin, ba thréimhse throscaidh é an tréimhse idir Lá Fhéile Mártan ar an 11 Samhain agus an Nollaig.
taobh troscaidh matter of fasting
" Le himeacht aimsire, níor leagadh an bhéim chéanna ar an taobh troscaidh den tréimhse roimh Nollaig, an Aidbhint mar a thugtar air anois, agus thosaigh na margaí Nollag, a bhfuil clú agus cáil orthu go speisialta ar Mhór-Roinn na hEorpa, ag teacht chun cinn.
sách sciobtha fast enough
" Tá dhá rud ag tarlú -- tá an Ghaeilge ag fás sa nGalltacht agus, b’fhéidir, ag fáil bháis sa nGaeltacht -- b’fhéidir sách sciobtha anois mar go bhfuil sí ag meath i measc an aosa óig.
aclaí fast moving
" Smaoinigh freisin ar an mbealach ar éirigh le Raleigh Shasana an bua a fháil ar Armáid na Spáinne: bhí a loingeas beag agus aclaí.
sciobtha fast
" “An gá duit culaith a chaitheamh san oifig?”, fágaim, nó “An bhfuil fonn ort bia sláintiúil/ Indiach/ sciobtha a ullmhú?” srl.
mhórluais fast
" Scrios gobharnóir nua an stáit sin, Chris Christie, tionscadal tolláin mhór do thraenacha idir Nua-Gheirsí agus Nua-Eabhrac i mí na Samhna seo caite, agus tá gobharnóir tofa Wisconsin, Scott Walker, tar éis tionscadal iarnróid mhórluais d'ardchathair an stáit sin, Madison, a scrios freisin, ag diúltú do $810 milliún ó rialtas na Cónaidhme sa phróiséas.
sciobtha fast
" Sula gcuirtear an chéad cheist, caithfear ceacht sciobtha a dhéanamh.
chomh sciobtha so fast
" Bhí díothú na Gaeilge ag tarlú chomh sciobtha sin.
han-ghasta very fast
" Fear deisbhéalach é Noonan agus tá sé de bhua aige go dtig leis dul i ngleic go han-ghasta le fadhbanna agus le dúshláin úra.
i mbun troscaidh engaged in a fast
"i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.
chomh tapaidh so fast
" Tá an cluiche chomh tapaidh faoi láthair agus na himreoirí chomh haclaí go bhfuil gá le corp agus intinn aibí agus beoga ag an réiteoir.
An Scéal ina Loscadh Sléibhe news moving fast
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
a thapúla how fast
" Ach an bua ba mhó a bhí acu ná a thapúla is a heagraíodh na hagóidí, agus an luas inar scaipeadh eolas i measc na bhfeachtasóirí.
faoina sciobtha about how fast
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
ar luas iontach tapa at a very fast rate
" Is argóint iontach láidir ar son an tumoideachais i sprioctheanga gné seo na liogeolaíochta, óir is é nádúr an naíonáin teanga agus teangacha a fhoghlaim ar luas iontach tapa.
chomh sciobtha céanna just as fast
" D’admhaigh sé go raibh an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag fáil bháis chomh sciobtha céanna faoin Rialtas dúchasach is a bhí faoi Rialtas na Breataine agus *“if something is not done to deal with the decay it is only a question of a generation or two until it will be dead.
An tArdaitheoir Mear the fast lift
" An tArdaitheoir Mear =========== Nuair a chuaigh mé i dtaithí ar na scíonna a úsáid agus ar chosc a chur orm féin, bhain mé an-taitneamh as an gcuid eile den lá agus d’éirigh liom dul suas ar chuid de na bláir ísle.
go sciobtha fast
" Ní dheachaigh mé ag sciáil ó shin ach tuigim anois a shásúla is a bheadh sé ruaig a thabhairt anuas ó na bláir arda go sciobtha dá mbeinn in ann dul i dtaithí ar an sciáil.
troscadh fasting
" Gnéas agus an Eaglais Caitliceach ================ Cé go bhfuil móráltacht na Críostaíochta ceaptha a bheith bunaithe ar Dheich nAithne a thug Moses leis anuas ó Sinai, th’éis troscadh 40 lá a bheith déanta ar an sliabh aige, ceapfá ó thréadlitreacha na nEaspag Caitliceach nach raibh ach peaca mór amháin ann: sásamh de chineál ar bith a bhaint as an gcollaíocht.
gluaiseacht sciobtha a fast movement
" Ansin, go tobann tarlaíonn gluaiseacht sciobtha suas an pháirc i dtreo chúl an fhreasúra.
idir leisciúil agus mheargánta both lazy and fast
" Dearcadh idir leisciúil agus mheargánta a léirigh ceannairí i dtaobh ré nua an airgeadais.
ní ba ghaiste faster
" Gan amhras ar bith chuaigh an teicneolaíocht chun cinn ní ba ghaiste le linn an fhichiú céad ná mar a chuaigh sí sa chúig chéad bliain roimhe sin.
Millteanach gasta incredibly fast
an duilliúr ag imeacht go tiubh foliage is going fast
"an duilliúr ag imeacht go tiubh den chraoibh cheana féin.
níos mó ar ionsaí mear more on fast attack
" In 2012, níor caitheadh an chosaint ghéar i dtraipisí ach cuireadh béim níos mó ar ionsaí mear agus ar scóranna a aimsiú.
níos gasta ná luas na fuaime faster than the speed of sound
" Ar an bhealach anuas bhain sé luas de 833 msu amach – níos gasta ná luas na fuaime – agus rinne sé beagnach 120,000 troithe de shaorthitim sular oscail sé a pharaisiút.
ag streachailt le luas mear na línte struggling with the fast pace of the lines
" I ndiaidh tamaill, áfach, feictear Lehane ag streachailt le luas mear na línte agus leis an méid atá le rá aici.