Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feamainne buí knotted wrack
" Tá lagan tagtha ar thionscal na feamainne buí - tionscal a thug saothrú séasúrach do chuimse teaghlach ar chósta thiar Chonamara.
feamainn seaweed
" Thug se léiriú ar an nganntan cré a bhí ar Árainn agus thaispeáin sé muintir an oileáin ag déanamh talaimh, ag baint úsáide as feamainn, fód agus gaineamh.
táirgí feamainne seaweed products
" Tá caife beag in aice leis an bhealach isteach, agus siopa fosta a dhíolann táirgí feamainne, mar fholtfholcadh agus glóthach ceatha.
á dtumadh féin sna tobáin feamainne immersing themselves in the sea-weed tubs
" Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.
feamainn seaweed
" Baineadh úsáid mhór as na báid seo sna blianta atá caite, chun móin a iompar agus earraí a thabhairt ó Ghaillimh, nó chun feamainn a iompar chuig Oileáin Árann.
fheamainn sea-weed
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
ag bailiú feamainne gathering sea-weed
" " Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: "Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.
feamainn seaweed
" " Ansin tháinig muid ar chlocha móra agus iad leagtha amach i línte fada agus feamainn ag fás orthu.
téitear feamainn in áith seaweed is heated in a kiln
" Le ceilp a dhéanamh, téitear feamainn in áith.
a nocht láib agus feamainn which uncovered mud and seaweed
" Bhí lag trá ann, a nocht láib agus feamainn.
trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, by placing sea-weed wigs on the figures,
" Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí! Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan.
roinnt mhaith folcadán feamainne quite a few seaweed baths
" In Éirinn, bhí roinnt mhaith folcadán feamainne le fáil, agus ag Srath-pheofhair thiocfadh leat folcadh móna a bheith agat.
feamainn seaweed
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
rian na feamainne the track of seaweed
" Bhí mé féin agus an compántas beag lena raibh mé le stopadh ar an ard le breathnú ar smúsach seanchloiche ó aimsir na díleann, cloch a raibh rian na feamainne le feiceáil inti fós.
d’fheamainn ghaoithe of flying seaweed, wind-farted seaweed
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
bhfolcadáin fheamainne seaweed baths
" Lig Liz Curtis a scíth le gairid i bhfolcadáin fheamainne i gContae Shligigh.