Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cúpla mí tar éis dom m’fhear céile a chailleadh a few months after I had lost my husband
" Cúpla mí tar éis dom m’fhear céile a chailleadh i bhfómhar na bliana 2001, thosaigh mé a fhoghlaim na feadóige stáin ag Siamsa i Montreal mar shaghas teiripe báis.
bean chéile fir chonspóidigh. the wife of a controversial man.
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
fear céile husband
" Ní raibh aon fhreagra ón uimhir agus d'eagraigh sí mar sin go dtabharfadh a fear céile síob dom go stáisiún Oxenholme.
fear céile husband
" Ba dheis dom é roinnt ama a chaitheamh léi agus aithne níos fearr a chur ar a fear céile, Liam, agus ar a gcuid páistí, Éanna, Emer agus Córa.
m’fhear céile my husband
" Nuair a chinn mé féin agus m’fhear céile ar mhí na meala a chaitheamh ar safari sa Tansáin in oirthear na hAfraice, ní raibh mé ag tnúth le cosúlacht ar bith a fheiceáil idir an tír choimhthíoch sin agus Éire, ach bhí dul amú orm.
m’fhear chéile my husband
" Nuair a thosaigh mé isteach go gearánach ar an ábhar seo dúirt m’fhear chéile liom nach ionann mise is ‘gnáthdhaoine’.
dá fear céile of her husband
" Tá cuma mhaorga bheannaithe uirthi agus, i lár a héadain, tá mionphortráid dá fear céile, Diego.
a fear chéile ar imeall a bhriste her husband almost broken
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
dhúnmharú a fir chéile her husband’s murder
" An mbeadh sé i bhfách le hAct Gaeilge don Tuaisceart, cuirim i gcás? An dtabharfadh sé tacaíocht do Geraldine Finucane agus í ag iarraidh fiosruchán poiblí faoi dhúnmharú a fir chéile, Pat? Cad é an dúnghaois náisiúnach-chairdiúil a dtiocfadh leis a thabhairt isteach nach dtiocfadh salach ar aontachtaithe Fhear Manach, an dream is mó tionchar sa pháirtí? Cinnte, beidh rath ar an fhear úr ag an tús, mí na meala, ach go fóill, ní heol dúinn cén cineál dúnghaoise a leanfaidh Nesbitt.
theith a fear céile her husband fled
" Caitheadh roinnt polaiteoirí de chuid an fhreasúra isteach sa charcair lena cois agus theith a fear céile chun Poblacht na Seice, áit a bhfuair sé tearmann polaitiúil.
theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile those other languages which belong to their wives and husbands
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
ná a fear céile ríoga nor her royal hubby
" Agus is léir nach raibh Kate féin, ná a fear céile ríoga, róshásta go raibh brollach s’aicise ar taispeáint ar an idirlíon le go ndéanfadh daoine googleáil air.
ar a fear céile on her husband
" D’oibrigh mo chuid Gaeilge tionchar uirthise, ar a gcuid gasúr agus braithim gur oibrigh ar a fear céile mar gur labhraíos leis’sean i mBéarla go lách.
in aice le muintir bhean chéile an fhir seo beside his in-laws
" Ní raibh i gceist ach bungaló measartha agus é in aice le muintir bhean chéile an fhir seo.
Iompraíonn a fear chéile siúd her husband carries
" Iompraíonn a fear chéile siúd buidéil uisce suas an staighre dóibh ar ball.
siúd an fear céile ag cur gothaí troda air féin here’s her hubby bristling for a fight
" *“He pushed me”* arsa Judith bhreá, agus siúd an fear céile ag cur gothaí troda air féin.
D’insealbhaigh m’fhear chéile my husband installed
" D’insealbhaigh m’fhear chéile an leagan in aisce ar an iPad s’aige, ag ceapadh nach mairfeadh an leannán seo acu.
lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile to give full free will to her husband to her husband
" Dhiúltaigh na breithimh Nicholas Kearns, Paul Carney agus Gerard Hogan cead a thabhairt do Mharie Fleming lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile deireadh a chur lena saol, saol atá loite ag Multiple Sclerosis le níos mó ná scór bliain de shaol uafáis.
raibh a fear céile her husband was
" Níos déanaí, thaifead sí tuilleadh amhrán leis an ghrúpa Lá Lugh, a raibh a fear céile Gerry O Connor ina bhall de.
fir chéile in ainneoin mí-úsáid husbands despite abuse
" Is minic nach dtréigfidh siad fir chéile in ainneoin mí-úsáid a bheith á fulaingt acu ar eagla go mbeidh orthu filleadh ar an tír dhúchais.
gur scaoileadh a fear chéile that her husband was shot
" An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.
a fear céile her husband
" B'as an India a fear céile.
m’fhear chéile anois my husband now
" Chuaigh mé go BÁC i ndiaidh na céime nó is ann a bhí Paul ag an am, m’fhear chéile anois.
casadh m’fhear céile féin orm I met my own husband
" Agus is dócha go bhfuil sé chomh maith agam a admháil gur casadh m’fhear céile féin orm ag céilí a d’eagraigh an cumann gaelach san ollscoil i nGaillimh.
Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile everyone crazier than the next
" Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile ================ Le tamall rófhada, tá muid ag plé le daoine atá craiceáilte as a meabhair mar a bheadh saoithe iontu.
fear céile husband
" An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.
fear céile husband
" Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir.