Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bruth fearthainne intense heat before rain
"bruth fearthainne ann, tá eagla orm," a d'fhreagair McAllister.
ag deoradradh fearthainne spitting rain
" Bhí an solas ag meath le seo agus bhí sé ag deoradradh fearthainne.
a ngruaig ina gclibíní ag an bhailc fearthainne their hair like rats' tails from the downpour
" Bhí na páistí a bhí ag spochadh as ina seasamh ansin agus a ngruaig ina gclibíní ag an bhailc fearthainne.
fearthainn bhog a light rain
" Thosaigh fearthainn bhog ag titim agus mhothaigh mé baiste, beannaithe.
chith fearthainne a rain shower
" I mo sheasamh ag doirteal na cistine ag amharc amach ar chith fearthainne ag teacht isteach thar na hoileáin a bhí mé, ag smaointiú go gcaithfinn an t-éadach a thabhairt isteach ón líne, nuair a chuala mé trup na veain ag teacht aníos an cabhsa.
fhearthainn rain
" "Ó, a Dhia, sin an fhearthainn anois agus mo chuid níocháin amuigh ar an líne.
chith fearthainne a rain shower
" I mo sheasamh ag doirteal na cistine ag amharc amach ar chith fearthainne ag teacht isteach thar na hoileáin a bhí mé, ag smaointiú go gcaithfinn an t-éadach a thabhairt isteach ón líne, nuair a chuala mé trup na veain ag teacht aníos an cabhsa.
fhearthainn rain
" "Ó, a Dhia, sin an fhearthainn anois agus mo chuid níocháin amuigh ar an líne.
a leithéid de radadh fearthainne such a deluge of rain
" " Agus bhí an ceart aici, ar ndóighe, nó is fada ó chonaic Aifric a leithéid de radadh fearthainne agus róisteacha gaoithe móire.
bailc thobann fearthainne a sudden downpour
" Bhí daoine ag snámh agus ag marcaíocht toinne freisin, go dtí gur tháinig bailc thobann fearthainne.
fearthainn go flúirseach rain in abundance
" Drochaimsir a fhaigheann sí ar ndóigh, agus fearthainn go flúirseach - ach cuidíonn sin leis an uisce bheatha is blasta in Albain a cruthú, leithéidí Ardbeg, Bowmore agus Caol Íle! Ach anois, táthar ag tabhairt "glas" ar Íle ar chúis eile: an clú atá saothraithe ag an oileán mar ionad nua-teicneolaíochta, ach go háirithe maidir le fuinneamh athnuaite.
sprais fearthainne a shower of rain
" Bhí sprais fearthainne leis an ghaoth anois, agus d'amharc Louis uaidh agus chonaic sé go raibh fás ar an fharraige agus go raibh an bád ar snámh i gcalcacha cúir.
roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma some very heavy rain storms
" Cé go raibh aimsir mhaith ann an chuid is mó den am, bhí roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma ann freisin.
Nuair a chuireadh sé fearthainn when it would rain
" Nuair a chuireadh sé fearthainn, thógaidís a scáthanna báistí agus leanaidís ar aghaidh leo mar sin, gan guagadh ar bith.
lá fearthainne móire on a very rainy day
" D’admhaigh sé go ndeachaigh sé go Contae na Mí ar cuairt uair amháin, lá fearthainne móire, agus cé gur taispeánadh dó an áit a mbíodh Ard-Ríthe na hÉireann ina gcónaí anallód, ní bhfuair sé radharc ceart ar an áit nó bhí an láthair ársa mhaorga clúdaithe le ceo na staire, dar leis.
ceathanna fearthainne rain showers
" Bád oscailte a bhí ann, agus bhí ceathanna fearthainne ann ó am go ham.
ceathanna fearthainne rain showers
" Bád oscailte a bhí ann, agus bhí ceathanna fearthainne ann ó am go ham.
de bharr easpa fearthainne. because of a shortage of rain.
" Faraor, nuair a thug mise cuairt ar cheann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne, ba bheag uisce a bhí le feiscint ar na heasanna iad féin de bharr easpa fearthainne.
scáth fearthainne an umbrella
" Dúirt an *Fraulein* liom go dtabharfadh sí scáth fearthainne domh, ach tá scil amháin atá i linn géinte na Síneach nach bhfuil i gceann na nGael: a bheith ag rothaíocht agus scáth fearthainne i do lámh agat ag an am chéanna.
Leis an mhéid fearthainne with the amount of rain
" Más Gaeilgeoir tú, tá tú fós i mbaol! Leis an mhéid fearthainne a bhí againn an samhradh seo, tá an cosán trasna Chnoc Ramhar, atá leathbhealach suas Sliabh Liag, an-chlábarach.
scáthanna fearthainne umbrellas
" Uaireanta is beag é an tábhacht a bhaineann leis an fhadhb: bíonn an iomarca aráin ar fáil nó bíonn easpa bóithre ann nó easpa scáthanna fearthainne.
fearthainne rain
" Bhí sé ag bagairt fearthainne ach, bhí muid ag ’ul a éirí fliuch cibé.
fhearthainn rain
" Cúpla oíche ó shoin bhí gaoth fhuar fheanntach ag feadaíl sa ghairdín agus bhí an fhearthainn ag lascadh in aghaidh na fuinneoige.
scáthanna fearthainne umbrella
" - (b)“Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”: cuir seastán rothair os comhair an tsiopa agus cuir scáthanna fearthainne ar fáil dóibh siúd atá ag siúl chuig carr nó cabhraigh leo a gcuid earraí a iompar a fhad leis an gcarr agus bí cinnte go gcuireann tú eolas chucu faoi na háiteanna is fearr agus is saoire le páirceáil sa cheantar: cruthaigh mapa ar Googlemaps le sonraí taistil iomlána air agus clóigh amach léarscáil bhrandáilte agus coinnigh ar an gcabhantair iad.
corrdheoir fhearthainne the odd drop of rain
" corrdheoir fhearthainne ======= Nuair a bhíonn tú ag brath ar an rothar agus ar an phuball, bíonn ort cur suas le corrdheoir fhearthainne.
scáthanna fearthainne ar iompar carrying umbrellas
" Tá léaráidí ann d’fhir a bhfuil hataí babhlaera á gcaitheamh acu agus de mhná a bhfuil scáthanna fearthainne ar iompar acu.
an cheo agus na fearthainne of fog and rain
" An bhfuil ceacht le foghlaim againne ón scéal sin in Éirinn iathghlas an cheo agus na fearthainne? Ós ag caint dúinn ar cheachtanna, is iad na ceachtanna áirimh sna scoileanna dara leibhéil a bhíonn ag dó na geirbe ag an Aire Éadóchais agus Eolaíochta, Ruairí Rua.
shíorshileadh na fearthainne the constant rain
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
an fhearthainn ag stealladh anuas rain lashing down
" Bhí an aimsir go breá le linn mo chuairte ar ámharaí an tsaoil, ach ní fhéadfainn gan lá síne a shamhlú, i lár an gheimhridh, an ghaoth mhór ag caitheamh na dtonn in aghaidh na gcarraigeacha agus an fhearthainn ag stealladh anuas.
suas na sleasa síoraí san fhearthainn up the unending slopes in the rain
" Ba bheag uchtaigh a thug mo chomhpháirtithe sa dólás dom agus muid ag déanamh ár mbealach go malltrialach suas na sleasa síoraí san fhearthainn.
faoin fhearthainn in the rain
" Chonacthas roinnt daoine amuigh faoin fhearthainn i gConamara agus i gCorca Dorcha agus iad ceann-nochta! An é go síleann siad nach dtuigeann muid gur ag ní a gcuid gruaige saor in aisce a bhí siad.
chroch leat an scáth fearthainne take your umbrella
" An Nollaig thar lear? Níl aon chailleadh ar an Nua-Shéalainn dar le hAoife Uí Fhaoláin, ach chroch leat an scáth fearthainne.