Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
molaim duit é a fheiceáil I recommend that you see it
tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam I'm enjoying what I'm seeing
" 'Is cuma muna dtuigim, tá mé ag baint suilt as a bhfuil le feiceáil agam'.
Thig liom toirt tí a fheiceáil I can see the shape of a house
" Thig liom toirt tí a fheiceáil uaim sa dorchadas.
ar bís le thú a fheiceáil dying to see you
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
gan duine ná deoraí le feiceáil without a soul in sight
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
ar bís le thú a fheiceáil dying to see you
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
gan duine ná deoraí le feiceáil without a soul in sight
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
Beidh le feiceáil. It remains to be seen.
" Seo an t-am a fheicfear chomh mór agus is féidir le brainse rialtais athrú i Meiriceá, ach an athróidh an rialtas féin? Beidh le feiceáil.
ag tnúth leis an bpáirc seo a fheiceáil looking forward to seeing this park
" Bhí mé féin agus mo chompánach Sophia ag tnúth leis an bpáirc seo a fheiceáil ó thosaíomar ag pleanáil an turais.
le háiteanna ársa a fheiceáil. to see ancient places.
" " Ar maidin, chuaigh mé amach le háiteanna ársa a fheiceáil.
ní bhídís le feiceáil ar an teilifís they used not be seen on television
" Imreoirí agus laochra, peileadóirí agus iománaithe, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, Nicky Rickard, Mícheál Ó Conaill agus Deasún Ó Foghlú, ba chúis cuid mhaith leis sin mar ní bhídís le feiceáil ar an teilifís faoi mar a bhíonn laochra an lae inniu.
ar fheiceáil na miodóige fuiltí di on seeing the bloody dagger
" D\'eascair cairdeas saoil as seo agus is í anbhean a thit i laige ar fheiceáil na miodóige fuiltí di ná Mary Wilsona bhí ina comhfhreagraí le cúrsaí dlí le RTÉ ó 1996 go dtí an bhliainseo.
na dreapadóirí a fheiceáil ar an oighear. to see the climbers on the ice.
" Ach bhí mé mícheart arís, mar bhí fuinneog mhór ann, rud a chuir ar chumas na siopadóirí na dreapadóirí a fheiceáil ar an oighear.
mórcharachtair na linne a fheiceáil to see the big characters of the time
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil I was barely able to see anything
" Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha.
ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil of seeing bouts of boxing and wrestling
" Tá taithí againn cheana féin ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil ar an taobhlíne, sa tollán ag leathama nó le linn an chluiche é féin.
cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair Even though you can see the scene again
" Sa deireadh, d'éirigh leo an scéal a mharú, cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair ar YouTube, agus cuireadh an lacha ar fionraí chluiche amháin.
Beidh le feiceáil. it remains to be seen
" An bhfuil athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh a tharlódh sé sin? Beidh le feiceáil.
beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís Des's bit will be shown on TV
" Mura féidir leat freastal ar an seó beo, beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís nuair a chraolfar clár deireanach na sraithe ar an 24 Aibreán.
bhí a éadan le feiceáil his face was seen
" Nuair a labhair mé le Lunny le gairid bhí sé 6,000 míle uaim, ina bhaile nua, ach bhí a éadan le feiceáil go soiléir ar scáileán mo ríomhaire agus a ghuth le cloisteáil go glé glinn, a bhuíochas sin ar an bhogearra iontach sin Skype.
ag súil go mór lena saothar a fheiceáil. looking forward to seeing her work.
" CóragrafaíochtTá Jenny Roche ag déanamh PhD sa damhsa comhaimseartha agus tar éis dom cluinstin faoina hábhar tráchtais, bhí mé ag súil go mór lena saothar a fheiceáil.
chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil so used to seeing Bianca
" Éiríonn daoine chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil ar fud na háite go dtosaíonn siad ag caitheamh léi mar fhíorbhean – castar “chairde” uirthi agus faigheann sí tairiscintí poist chomh maith le háit ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla.
feiceáil see(n)
" Tá seisean le feiceáil ar You Tube ag scairtigh 'IRA Scum!' ar pharáid phoblachtánach i Learpholl i gcuimhne na Stailce Ocrais mí Bealtaine 2001.
feiceáil see
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
ar mhian liom a fheiceáil I’d like to see
" Ach bhí áiteanna ann ar mhian liom a fheiceáil: Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua mar shampla nó crann tarchuradóra Raidió na Gaeltachta i gCasla agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.
fheiceáil to see
" Is mór an mhaith sárshaothar na beirte ealaíontóir Meicsiceach, Frida Kahlo (1907-1945) agus Diego Rivera (1886-1957) a fheiceáil i dtaispeántas atá ar siúl faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
feiceáil a view
" Bhí sí ar thraein chomh compordach ’s a bhí fúm le fada: pasáiste leathan, fuinneoga breátha ar an dá thaobh ionas go raibh feiceáil ar spéir agus ar thalamh i rith an ama.
ab fhiú a fheiceáil which would be worth seeing
" Ealaíontóirí suntasacha eile ab fhiú a fheiceáil ann is ea an tEilvéiseach, Thomas Hirschhorn, a bhfuil installation ollmhór déanta aige le hábhair ilchineálacha agus tá saothar le Jannis Kounellis ann, an seanfhondúir Gréagach a bhí bainteach leis an ghluaiseacht ealaíne Arte Povera sna 60í agus na 70í.
Tá a rian sin le feiceáil such is to be seen
" ’sé sin do bhaill an bhoird féin! Tá a rian sin le feiceáil ó na costais is na táillí flaithiúla a bronnadh orthu le dornán blianta anuas agus iad ag taisteal na tíre le freastal ar chruinnithe den bhord, de choistí réigiúnda, agus d’imeachtaí eile.
an chluiche a fheiceáil to see the game
" Téim isteach sa bhus agus suím síos chun an chluiche a fheiceáil.
Tá a rian le feiceáil the result can be seen
" Tá a rian le feiceáil fosta sna cúirteanna a bhíonn ag suí sna ceantair Ghaeltachta.
Tá méadú suntasach le feiceáil a remarkable raise to be seen
" Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
is fiú go mór é a fheiceáil it is well worth seeing
" Bhí mé ag *The Plough and the Stars*, léiriúchán de chuid Amharclann na Mainistreach (is fiú go mór é a fheiceáil) agus le linn taighde a bhí mé a dhéanamh ar an dráma, fuair mé amach go raibh an drámadóir Sean O Casey ina bhall den Ord Oráisteach ina óige.
bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne the horizon stretching out in a ring
" Leochaileacht na Cruinne s’Againne ========== Ón cheamara taobh amuigh den árthach, bhí bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne.
gur deacair a fheiceáil cén chaoi it’s hard to see how
" Ní hé go bhfuil iarrthóir den scoth ag an bPáirtí Daonlathach, ach tá iarrthóir chomh dona sin ag an bPáirtí Poblachtánach gur deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfadh sé teacht suas lena chéile comhraic.
a bhfuil feiceáil acu can be seen
" Cé méid tír san Eoraip a bhfuil feiceáil acu trasna na farraige ar a chéile? Tá tíortha ann atá cóngarach go leor dá chéile.
oileán a fheiceáil ar mhaol na bóchna seeing an island perched on the wave
" Pé scéal é, is de sheandraíocht an tsaoil oileán a fheiceáil ar mhaol na bóchna san áit nach mbíonn de ghnáth ach ceo.
ach diabhal seic a bhí le feiceáil ann no sign of a damn check
" Ins an chéad leagan den phacáiste fuair tuismitheoirí leabhrán a chuir comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge mar aon le Rabhlaí Rabhlaí (dlúthdhiosca agus leabhar rannta do pháistí) ach diabhal seic a bhí le feiceáil ann! Cosnaíonn sé tuairim is €10 in aghaidh an teaghlaigh an pacáiste a chur le chéile agus is léir gur ciorrú faoi choim, i gcruth leasaithe, atá ann.
le feiceáil go soiléir ann to be seen clearly in it
" Is sampla álainn dá shaothar é Bean le Liúit (1662-1663) agus tá a chuid saintréithe mar phéintéir ardchumasach le feiceáil go soiléir ann.
le sraitheanna móra muilte a fheiceáil to look at long lines of turbines
" Ní thagann cuairteoirí go hAlbain le sraitheanna móra muilte a fheiceáil.
fiú nuair nach mbíonn feiceáil even when it can’t be seen
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
gur beag toradh a bhíonn le feiceáil ar there’s little to be shown
" Ní thig le héinne a shéanadh gur beag toradh a bhíonn le feiceáil ar an 14 bliana a chaitheann scoláirí na tíre ag foghlaim na teanga.
an táirge a dhear sé a fheiceáil to see the product he produced
" Ní bhíonn ach achar gearr ama idir an coincheap agus an tseilf agus tugann sé sásamh ar leith don innealtóir an táirge a dhear sé a fheiceáil ag an phobal.
Ní raibh an tréigean seo le feiceáil this exit wasn’t evident
" Tá Mealladh na nAstrálach Inti =============== Ní raibh an tréigean seo le feiceáil i mbliana, áfach, mar go bhfuil cóisir ar siúl ó cheann ceann na bliana le céad bliain na cathrach a cheiliúradh agus imeachtaí éagsúla go leor ann le freastal ar gach riachtanas.
gan mórán toradh le feiceáil without seeing much result
" Thuig mé ag tús na 1970aí gur ag mún in aghaidh na gaoithe a bhí lucht na Gaeilge, gan mórán toradh le feiceáil ar an obair.
shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil sites where relics of our forebears are to be seen
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
is léir seo ón méid acu atá le feiceáil ar bhóithre na tíre seo this is obvious from looking at the Irish roads
" Is féidir brath ar an Avensis – agus is léir seo ón méid acu atá le feiceáil ar bhóithre na tíre seo agus ar bhóithre tíortha éagsúla eile ar fud na cruinne.
tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh all the outside curves are visible inside
" Tá na diaileanna ar fad dírithe i dtreo an tiománaí agus tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh.
tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin to see with their own eyes the benefit of the Gaeltacht for the children
" Is í seo Tír na hÓige! Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin.
tú a fheiceáil ar an idirlíon to see you on the net
" Tá sé níos cumhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh go bhfuil deis ag daoine fud fad na cruinne tú a fheiceáil ar an idirlíon.
b'annamh daoine óga a fheiceáil one seldom saw young people
" “Bhí sé aisteach liom, bhí sé deacair dom, bhí mé i mo chailín an-óg aníos as Conamara agus ní raibh aon duine eile le Gaeilge ar an teilifís go rialta seachas na daoine a bhí ar Cúrsaí, ach b'annamh daoine óga a fheiceáil, mar sin ba scéal iontais a bhí ann do mo thuismitheoirí agus do Chonamara - go raibh cailín óg Gaeltachta ag léamh na nuachta ar RTE, an craoltóir náisiúnta.
aon rud luachmhar le feiceáil nothing special to be seen
" Tá sé liath, plaisteach – agus níl aon rud luachmhar le feiceáil ann.
feiceáil go forleathan to be seen widely
" Is cuí agus is tráthúil go bhfuil an taispeantas seo le feiceáil sa Róimh agus a bhfuil de chosúlachtaí idir griangrafadóireacht Jeffries agus saothar na n-ealíontóirí móra ón Ré Bharócach, atá le feiceáil go forleathan sa chathair sin.
suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann remarkable to see the youth there
" Thug siad slua breá i láthair as na ceantair éagsúla agus bhí sé suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann.
déanann feiceáil fírinne seeing is believing
" Ach déanann feiceáil fírinne, agus is fearr an chéad éisteacht ná an dara tuairisc.
Níl an tairbhe le feiceáil the benefit isn’t visible
" Níl an tairbhe le feiceáil.
ar mhaith liom a fheiceáil I’d like to see
" Rud eile a thaitníonn liom ná cumhacht a bheith in aon charr a thiomáinim agus, i láthair na huaire, tá mé ag féachaint gluaisteáin a chuimsíonn nach mór gach rud ar mhaith liom a fheiceáil i bhfeithicil ar bith.
gan mórán torthaí le feiceáil without many visible returns
" Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéile nó ag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre.
foréigean a bhí le feiceáil violence to be scene
" Ba bheag screadbhach nó foréigean a bhí le feiceáil mar, níos minice ná a mhalairt, ní oibríonn an ciníochas mar sin.
a bhíos le feiceáil who are to be seen
" Déan teagmháil le duine díobh seo a bhíos le feiceáil sna sráideanna i rith an lae nó san oíche.
feiceáil go soiléir clearly visible
" Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir.
fheiceáil ag teacht in inmhe to see (C.) coming to fruition
" Cé nár mhair ll Duce fada go leor le Cinecittà a fheiceáil ag teacht in inmhe, chuir sé tús le tionscal tábhachtach a chothaigh sainaicme scannaíochta chomh maith le roinnt de na scannáin is suntasaí agus is clúití i stair scannánaíochta na hEorpa.
le feiceáil go soiléir clearly visible
" Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois.
le feiceáil thar lear to be seen overseas
" Ceistíonn Ó Ruairc tuairim an CLG agus daoine eile go mbeidh na cluichí Gaelacha le feiceáil thar lear de thoradh an tsocraithe nua seo.
in ann cluichí áirithe a fheiceáil (wouldn’t be) able to see certain games
" Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.
le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh to be seen in two court cases commenced
" Bhí a chruthúntas nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh i 2010 inar tugadh cúiteamh airgid do bheirt iarrthóirí siocair nár cuireadh marcanna breise dá gcumas i mBéarla agus i nGaeilge san áireamh agus iad i mbun comórtais inmheánacha.
le feiceáil ina laghad dul chun cinn visible in the lack of progress
" Is baolach fosta go bhfuil easpa dáiríreachta an rialtais reatha ar cheist na hearcaíochta le feiceáil ina laghad dul chun cinn atá déanta ag an Aire Howlin meitheal dhátheangach a bhunú le míonna beaga anuas.
Tá an fhianaise le feiceáil the evidence is to be seen
" Turasóireacht na Tuaithe Tite go Dona ==================== Tá an fhianaise le feiceáil sa phobal seo.
fheiceáil ina steillbheatha to see (the players) live
" Is é an feall é ó thaobh mhuintir na hAfraice agus Meiriceá Theas nach mbíonn an deis acu ach go hannamh na himreoirí acusan a fheiceáil ina steillbheatha.
an toradh le feiceáil the result visible
" Bhí lucht dornálaíochta ar ndóigh ag gabháil don oiliúint le fada agus an toradh le feiceáil le fada ar a gcuid oibre.
infheistíocht a fheiceáil láithreach to see investment immediately
" Tá roinnt margaitheoirí ar líne an-tógtha leis an bhforbairt seo a ligfidh dóibh an toradh ar a n-infheistíocht a fheiceáil láithreach in ionad trí cleasaíocht anailíse.
fiú chun na radharcanna a fheiceáil even to see the scenery
" Ní hamháin chun bród agus chun an teanga fuinniúil a mhothú thart timpeall ort, ach fiú chun na radharcanna a fheiceáil.
a chaithfear a fheiceáil which must be seen
" Scannán ar leith a chaithfear a fheiceáil.
aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach in seeing any progress being made by his ideology
" Tá líomhaintí déanta ag Ciarán Mac Aonghusa san alt seo a chaithfear a chur ar shúile do chaon duine den eite chlé ar spéis leis aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach san am atá le theacht.
an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil great enjoyment from viewing more than 30 films
" Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise.