Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos feiceálaí more noticeable
" Dar ndóigh, ní bhaineann an feiniméan seo leis an Rinn amháin ach tá sé níos feiceálaí i nGaeltacht na nDéise toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin.
feiceálach conspicuous
" Tá cuid mhaith den dream sa cheantar seo a bhí ina mbaill den pháirtí éirithe as anois agus níl an t-ábhar bolscaireachta chomh feiceálach is a bhíodh ar na sráideanna.
feiceálach conspicuous
" ) Ach tá dath difriúil ar chuid mhaith de na Moslamaigh agus caitheann mná caifirín agus mar sin tá siad feiceálach go maith agus soghonta.
níos feiceálaí more conspicuous
" Tá an Ghaeilge níos feiceálaí i gceantair a bhfuil coistí Ghlór na nGael iontu.
siombailí feiceálacha visible symbols
" Cruthaíonn an t-ailtire siombailí feiceálacha ár gcultúir dúinn.
feiceálach conspicuous
" Rudaí simplí ar nós cé chomh feiceálach is atá an fógra le haghaidh McDonald's.
feiceálacha conspicuous
" Idir an dá linn beidh idir 100 agus 150 bó le feiceáil ar shráideanna, i bpáirceanna agus in áiteanna feiceálacha thart timpeall na cathrach.
óna cholainn fhearga fheiceálach from his conspicuous virile body
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire fá choinne cúpla seachtain a chaitheamh ar a shuaimhneas, a bholg bhiata bhlonagach le grian gheal an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla a bheith lena thaobh, scaifte péas armtha i bhfáinne thart air le cailíní na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
an-fheiceálach highly-visible
" B'fhéidir gurb é an sampla is suntasaí de vótóirí a bheith ag iarraidh a gcuid tuairimí maidir le cúrsaí rialtais a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile ná an streachailt leanúnach, an-fheiceálach idir na liobrálaigh ar mian leo go bhfanfadh an deighilt idir an eaglais agus an stát, agus an dream coimeádach, bunúsach a bhfuil sé mar sprioc acu an rialtas a dhéanamh Críostaí.
feiceálacha conspicuous
" Lena chois sin, i dteannta leis na cláracha feiceálacha ar RTÉ ar nós "Léargas", coimisiúnaíonn RTÉ neart cláracha speisialta in aghaidh na bliana (le craoladh ar RTÉ féin) ón earnáil neamhspleách léiriúcháin.
feiceálach conspicious
" ” Toisc gur colún feiceálach é colún Uí Mhuirí, sa nuachtán is tábhachtaí, b’fhéidir, sa tír, tarraingítear neart airde go minic ar na “tuairimí” seo a nochtann sé ann.
fheiceálach visible
" Bhí an páistí ceithre bliana déag seo tar éis fás aníos i gcathair agus i gcultúr nach raibh páirt fheiceálach a thuilleadh ag na hÉireannaigh.
níos leithne is níos feiceálaí wider and more conspicuous
" Rogha astu seo, b'fhéidir: seirbhisí úra, áiseanna breise, foirgnimh eile, foireann níos mó, comhpháirtíochtaí éagsúla, agus scoil nua a chur ar fáil do phobal Gaelach atá níos leithne is níos feiceálaí.
is feiceálaí most conspicuous
" Idir iompar poiblí sna cathracha (briseach ráillí Luas mar shampla) agus an nuacht is deireanaí ó Ryanair, Aer Lingus nó Aer Arann, is é seo an chuid is feiceálaí den ghnó, an t-iompair *daoine *ó A go B.
feiceálach conspicuous
" Le deich mbliana anuas tá dul chun cinn mall, ach feiceálach, le tabhairt faoi deara ó thaobh na hiomána faoi aois i mBaile Átha Cliath.
san áit ab fheiceálaí in the most conspicious place
" Mar shampla, i ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois, cuireadh an phuilpid san áit ab fheiceálaí.
feiceálach noticeable
" Tá sé feiceálach sna siopaí móra; in HMV, tá sé taobh istigh den doras.
feiceálach agus tarraingteach conspicuous and attractive
" Geal, feiceálach agus tarraingteach – b’in iad na príomhthréithe a thug mé faoi deara nuair a chonaic mé pictiúir de chuid Derek i ndiaidh dom siúl isteach sa stiúideo, atá suite ar chúl ionad súgartha páistí in aice le stáisiún Birkdale.
níos feiceálaí more conspicuous
" Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
feiceálach, conspicuous
" Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
thar a bheith feiceálach extremely conspicuous
" Táimid ag breathnú ar láithreacha ar Shráid Loch Garman, Sráid San Seoirse agus i mBarra an Teampaill faoi láthair, cuir i gcás, mar go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad thar a bheith feiceálach agus go mbeidh an pobal in ann teacht air go héasca.
níos feiceálaí more apparent
" Baineann sé seo le gach gné den saol Mheiriceánach, ach tá sé níos feiceálaí ná riamh anois agus sinn ar maos san oiread sin fadhbanna, ceann ar dhroim a chéile.
feiceálaí visible
" Tá tráchtairí eile atá i bhfad níos feiceálaí agus táim tar éis tarraingt siar rud beag as na meáin ó tháinig na leanaí.
feiceálach visible
" SMM: Le do shaolré féin a Rónáin, an bhfaca tú athruithe, an bhfuil sé feiceálach? RMAB: Á Dhia, tá sé feiceálach.
feiceálach visible
" Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon.
feiceálach obvious
" Bhí luas lasrach faoi troid Chraoibhe le Dong chomh maith agus cruinneas thar na bearta glan feiceálach ann.
d’infheistíochtaí feiceálacha of visible investments
" Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
feiceálach visible
" Is cuimhin liom an Prionsa Harry ar an teilifís anseo i Sasana, ag scaoileadh inneallghunna le daoine san Afganastáin agus cuma shásta feiceálach ar a aghaidh, ag tabhairt 'dea-shampla' don dream óg sa tír seo.
chomh feiceálach le as visible as
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
feiceálach visible
" Bhíodh fógra i nGaeilge, i bhfad níos lú, ann blianta ó shin ach tá an ceann nua feiceálach agus is léir go bhfuil na hAlbannaigh mórtasach as a dteanga féin agus iad faoi bhealach chun an neamhspleáchais.
feiceálach visible
" Ní hé go bhfuil siopaí gunnaí chomh flúirseach feiceálach ann agus atá sna Stáit Aontaithe, ach tá fáil sách éasca ar arm tine ag duine a dteastaíonn ceann uaidh.
chomh feiceálach so visibly
" Tarlaíonn sé chomh humhal éasca ar fud an domhain, domhnach is dálach, ó cheann ceann na bliana agus chomh feiceálach gur minic a shamhlaítear do thuismitheoir gasúr atá ag foghlaim dhá theanga, nó breis, gur múscán uiliteach é inchinn an ghasúir i dtaca le foghlaim teanga/cha.
go feiceálach visible
" Leis an mblonag mealltach orthu, go feiceálach, bainfidh siad plaic i ndiaidh a chéile as an bhfeoil bhlasta.
go feiceálach visible
" Tá an aigne dhearfach go feiceálach fós féin i measc na n-óg agus is rud iontach é sin don tír agus an cruth a fágadh uirthi faoi láthair.
Tomhaltas feiceálach visible consumerism
" "Tomhaltas feiceálach" a thug an t-eacnamaí Thorstein Veblen (1857-1929) ar an ábhar seo.
fheiceálach visible
" Shílfeá go mbeadh an riail mar a bhí i bhfad níos éasca a chur i bhfeidhm i gcás na peile ar an ábhar go bhfuil liathróid mhór, fheiceálach i gceist, go mbíonn imreoirí agus liathróid ag taisteal achair níos giorra agus ar luas níos moille ná mar a bhíonn san iomáint agus go mbeadh deis níos fearr ag an gcúigear maor a bhíonn gar don chúl suíomh na n-imreoirí i limistéir na ‘cearnóige’ bige a fheiceáil.
chomh feiceálach go fóill so visible yet
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
chomh feiceálach as visible
" Níl sé chomh feiceálach agus a bhí sé trí bliana ó shin, áfach, mar thosaigh mé ag glanadh litir nó dhó anuraidh gach uair a théim suas ansin.
tá faisisteachas feiceálach fascism is visible
" ”* Saol na Linne ====== Ar an drochuair, tá faisisteachas feiceálach arís i Sasana faoi láthair, agus cé go mbíonn a bhforéigean dírithe ar na Moslamaigh an chuid is mó den am, tá na hÉireannaigh ar a liosta fuatha go fóill.
feiceálach i measc evident among
" Mhol sé na heagraíochtaí deonacha, mar Chúram Comhphobal Éireannach Merseyside, “Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine,” agus dúirt sé linn go raibh an tréithe sin feiceálach i measc na n-imirceach agus an dóigh ar thug siad cuidiú do sheandaoine nó do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu.
Bíonn tréithe áirithe feiceálach certain features are evident
" Bíonn tréithe áirithe feiceálach ina measc siúd.
níos feiceálaí more conspicuous
" Go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí in áiteanna nach mbeifeá ag súil le hí a fhéiceáil - i gcomhthéacsanna sóisialta, mar shampla.
bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach although it doesn’t display the visible signs
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
an táiraigne go feiceálach inferiority visible
" Bhí an táiraigne go feiceálach ann ón chéad abairt.
feiceálach visible
" Ar chlúdach eagráin na míosa seo, tá an athbheochan seo feiceálach ar aghaidheanna gásúir Choláiste Lurgan.
níos feiceálaí sna meáin chumarsáide more visible in the media
" Ní hamháin sin, ach tá amhránaithe sean-nóis níos feiceálaí sna meáin chumarsáide agus sa réimse sin a dtugtar an “ceol domhanda” air agus níos mó meas orthu dá réir.
gur feiceálaí an carr ná an siopa that a car is more visible than a shop
" B’fhéidir, chomh maith leis sin, gur feiceálaí an carr ná an siopa, an caifé nó an oifig chomhlachta, tharla go mbíonn carranna siúlach, ag imeacht thart ó áit go háit, feicfidh daoine go leor é, cúl an chairr go háirid.
an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim the Irish visible on their rear
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
fhógraí gránna, feiceálacha horrible glaring adverts
" Mar bharr ar an sparán teann a caitheadh le poiblíocht, tá carn mór airgid caite ar fhógraí gránna, feiceálacha, ar mhuin mhairc a chéile, agus tá siad go forleathan san iarthar anois.
go feiceálach visibly
" Mná na ngúnaí bána ba chionsiocair leis an éagaoineadh is cosúil, cionn is gur leáigh an tseacláid ar a gcuid gúnaí, go feiceálach, a fhad is d’fhan siad ag geabaireacht in ionad a bheith ag placadh leo.
go feiceálach visible
" Níl le déanamh ach siúl isteach sa teampall Anglacánach agus is minic go mbíonn brait reisimintí Arm Shasana go feiceálach ar na ballaí nó fiú amháin in aice na haltóra.
go feiceálach visibly
" Gné eile atá aisteach faoi scéal na Palaistíne, is ea na cosúlachtaí atá ag roinnt le heachtraí sa Dara Cogadh Domhanda, go feiceálach, a bhfuil a macasamhail ag tarlú sa lá inniu i nGása.
feiceálach (very) visible
" Ach i mbliana, tógadh crois ard, mór, feiceálach cóngarach don leacht seo.
gur feiceálach gur dá ndeoin féin atá na gasúir ann one can see that the youngsters want to be there
" Is deas an rud freisin gur feiceálach gur dá ndeoin féin atá na gasúir ann.
nochtú feiceálach to display prominently
" Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.
go feiceálach visibly
" Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé.
feiceálach visible
" Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
a bheith feiceálach to be visible
" Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.
nimh agus plaisteach go feiceálach poison(ing) and plastic plainly visible
" Áiríonn Tony Birtill nimh agus plaisteach go feiceálach in áiteanna gan beann ar an reachtaíocht.