Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feidhmeannach sinsearach senior executive
" In éineacht léi bhí a fear céile David chomh maith le Pádraig Stanlaí, a rúnaí príobháideach, agus Eoin Ó Conaill, feidhmeannach sinsearach de chuid na Roinne.
feidhmeannach executive
" Ag an chruinniú ar 1 Nollaig, aistarraingíodh rún Arlene Foster - a mhol go gcuirfí deireadh leis an chomhrialtas feidhmeannach ó thuaidh mura mbeadh díchoimisiúnú iomlán curtha i gcrích ag deireadh mhí Feabhra - ar mhaithe le rún eile David Burnside a mhol athbhreithniú ar straitéis "gunnaí agus rialtas" an UUP i mí an Mhárta agus go bhfágfadh an páirtí an Chomhairle Thuaidh/Theas mura gcuirfí ar ais siombail an Bhriotanachais sa chóras póilíneachta agus sna cúirteanna.
Stiúrthóir Feidhmeannach Executive Director
" "Tá muid ag éileamh córas sláinte agus córas leasa shóisialaigh a thugann cothrom na Féinne do gach duine," a deir Gomez, atá ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar Mary's Center ón chéad lá.
feidhmeannaigh shinsearacha senior executives
" Is beag duine a rinneadh saibhir mar thoradh ar an ghnó mídhleathach seo ach amháin roinnt de na feidhmeannaigh shinsearacha sa chomhlacht, leithéidí Jeffrey Skilling, Andrew Fastow agus Kenneth Lay.
fheidhmeannach meánaicmeach bainc middle-class bank official
" Cúlra ======= Ach cén saghas saoil a bhí ag Berlusconi sular bhain sé a stádas reatha amach mar *Il Cavaliere* (an Ridire)? Rugadh é i Milano i mí Mheán Fómhair 1936 agus ba fheidhmeannach meánaicmeach bainc é a athair.
fheidhmeannach official
" Is cineál *cliché* a leithéid a rá agus is minic a shamhlaítear bréagmholadh le caint na pearsa mór-le-rá, bíodh sé ina pholaiteoir nó ina fheidhmeannach den chumann féin agus é ag labhairt ag ócáid phoiblí faoina clubanna céanna.
feidhmeannaigh officials
" D'fhéadfadh feidhmeannaigh BAT agus cuid de na dlíodóirí a bhí fostaithe acu a bheith ar a dtriail de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.
feidhmeannaigh officials
" D'fhág sé an coláiste sin ag deireadh na chéad bhliana, áfach, de bharr go raibh sé mar aidhm ag an chúrsa "feidhmeannaigh a chur ar fáil don Eoraip úr agus ní raibh spéis ar bith agamsa a bheith i m'fheidhmeannach.
feidhmeannaigh officials
" Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
fheidhmeannaigh executives
" Ag an am sin, thóg Donald Keough, duine d'fheidhmeannaigh shinsearacha Coca Cola, a shuim sheanbhunaithe i stair agus i gcultúr na hÉireann go leibhéal nua nuair a bhronn sé airgead ar Notre Dame, chun maoiniú a dhéanamh ar chlár nua i réimse Léann na hÉireann.
feidhmeannaigh shinsearacha senior officials
" Ligeadh don aighneas dul ar aghaidh gan aon iarracht fhónta a dhéanamh é a réiteach, agus súil ag feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne ar na himpleachtaí don chomhaontú náisiúnta pá dá ngéillfí dóibh.
dáréag feidhmeannach twelve executives
" Cé mhéad duine atá páirteach san eagraíocht faoi láthair? Tá timpeall dáréag feidhmeannach, triúr teagascóirí agus breis is céad scoláire againn.
feidhmeannaigh officials
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
feidhmeannaigh officials
" Nó do na feidhmeannaigh a bheas ag plé le cúrsaí na mara i gContae an Chabháin, ceann den dornán contaetha nach bhfuil aon chósta leo.
Stiúrthóir Feidhmeannach Executive Director
" Le linn na 1990í bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar an Port Authority of New and New Jersey, post thar a bheith cumhachtach, agus bhí an tIonad Trádála Domhanda i measc na bhfoirgneamh a bhí faoina chúram.
Feidhmeannach Riaracháin Administrative Executive
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag an COGG anois? Duine amháin eile, Aisling Nic Craith, atá ina Feidhmeannach Riaracháin.
cáipéisí na bhfeidhmeannach the officials' documents
" Bíonn a chuid obair bhaile déanta i gcónaí aige agus cáipéisí na bhfeidhmeannach léite go cúramach aige.
feidhmeannach official
" Chuir feidhmeannach a raibh blianta fada caite aige leis an FBI in iúl an mhí seo caite gurbh eisean an té a chas leis an bheirt iriseoirí ón *Washington Post, *Bob Woodward agus Carl Bernstein, i dtús na seachtóidí.
feidhmeannaigh officials
" Tá a fhios go maith ag cuid de na feidhmeannaigh a bhíonn ag plé leis an Acht gurb amhlaidh an cás agus baintear mí-úsáid as táillí dar liom lena n-ualach oibre a laghdú.
feidhmeannaigh officials
" Níl dabht ar bith ann ach go bhféadfadh go mbeadh feidhmeannaigh de chuid na Ranna is na nOifigí Stáit nár tugadh marcanna breise dóibh ag cur an dlí orthu agus ag lorg cúitimh mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu.
scór feidhmeannach twenty officials
" ” Sa mhullach air seo, fógraíodh an mhí seo caite nach mbeadh ach scór feidhmeannach de chuid na Seirbhíse Promhaidh ag bogadh as Baile Átha Cliath go dtí an Uaimh.
feidhmeannaigh idirnáisiúnta international officials
" D'eitil sí ar aghaidh chun na Róimhe ina dhiaidh sin chun cúrsaí na Liobáine a phlé le feidhmeannaigh idirnáisiúnta.
léiritheoir feidhmeannach executive producer
" ***Ceapadh le gairid thú mar ******léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
ról an léiritheora fheidhmeannaigh. the role of the executive producer.
" Níor tharla aon *puppet murder* sa chompántas fós!”Is é an ról atá ag Darach anois ná ról an léiritheora fheidhmeannaigh.
feidhmeannaigh executives
" Ar eagla go mbeadh daoine ag ceapadh gur bhris mé isteach i nDún Aimhirgín i ndorchadas na hoíche le tóirse, ba cheart dom a shoiléiriú gur chuir feidhmeannaigh an Aire Uí Chuív féin an fhíric thuasluaite in iúl dom i scríbhinn.
feidhmeannach an executive
" Dhíol mé an táille achomhairc (€75 an iarraidh seo) agus rinne feidhmeannach níos sinsirí próiseáil ar m’iarratas – Rúnaí Cúnta na Roinne.
Fuadach feidhmeannaigh kidnapping an executive
" Fuadach feidhmeannaigh Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin.
feidhmeannach executive
" Ní na Lochlannaigh a bheas dár gcur faoi chois an t-am seo, ach lucht an Deutsche Bundesbank agus a gcuid feidhmeannach, a mbeidh an tír ceannaithe acu ar chúpla billiún Euro.
feidhmeannaigh executive
" Chomh dona céanna, fuarthas ríomhphoist eile idir feidhmeannaigh an chomhluchta a rinne cur síos ar na bearta mar "chac".
fheidhmeannaigh officials
" Tá an-chreidiúint ag dul d’fheidhmeannaigh agus do bhord an Fhorais mar gur léirigh siad spéis agus tacaíocht don mholadh agus, tar éis dúinn dul tríd an phróiseas a bhí leagtha síos, rinne siad an conradh a thairiscint dúinn.
feidhmeannach executive
" I mbeagán focal, ba chóir go mbeadh ról ní ba láidre ag baill tofa na n-údarás (in áit na mbainisteoirí ag a bhfuil gach cumhacht feidhmeannach faoi láthair), ba chóir roinnt mhaith comhairlí a chónascadh, agus ba chóir go mbeadh méara tofa ag na cathracha (ní hamháin Baile átha Cliath mar atá le teacht an bhliain seo chugainn.
feidhmeannach executive
" ** Maidir le hiompar ar pháirc na himeartha míníonn an Treoraí Oifigiúil go bhfuil cosc ar ‘caint mhaslach nó bhagrach a úsáid le réiteoir, moltóir, maor, feidhmeannach’ agus an smachtbhanna sa chás seo ná cur an imreora den pháirc.
feidhmeannaigh executives
" So what are you waiting for?”* Thart ar an am céanna, aimsíodh “scriosliosta” ina raibh feidhmeannaigh, oifigigh agus comhlachtaí Mheiriceá luaite ar shuíomhanna gréasáin a bhfuil baint acu le al-Qaeda.
idir fheidhmeannaigh agus bhord both management and bord members
" Síleann lucht an Údaráis, idir fheidhmeannaigh agus bhord, gurb é an cúram atá ar an eagraíocht ná postanna a chur ar fáil, beag beann ar cé na daoine a bheadh sna postanna nó cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaíocht nuachruthaithe ar an gcothromaíocht teanga sa phobal.
feidhmeannaigh executives
" ” **Balor: “Bhuel, b’fhéidir, agus ní móide; ach cé eile i saol na Gaeilge a bhfuil barraíocht airgid acu?** Coimisinéir: “Cad é faoi Fhoras na Gaeilge féin? Nach bhfuil bord nua le hainmniú acu? Agus nár gheall Fine Gael i rith fheachtas na toghchánaíochta nach líonfaidís boird le feidhmeannaigh nó le comhairleoirí dá gcuid féin? Agus cé leis ar líon siad an bord úr? Agus cén fáth go raibh feidhmeannaigh an dá pháirtí rialtais ag marú a cheile le bheith ar an bhord úr seo? Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge? Bhuel, nuair a bheas mise réidh leis an mhungailt a dhéanfaidh mo chuid fiacla ar chostais an bhoird áirithe sin, beidh na baill ag tabhairt leo cupán tae i mbuidéal chuig na cruinnithe – agus ceapaire cáise sa phóca chomh maith.
Beidh ar fheidhmeannaigh na gcoistí pobail community committee executives shall have to
" Beidh ar fheidhmeannaigh na gcoistí pobail go leor dá gcuid obair reatha a chur ar leataobh le díriú ar an iarracht pobail a iompú i dtreo na Gaeilge arís.
feidhmeannaigh officials
" In imeacht ceithre bliana go leith, ní raibh ach cruinniú amháin idir feidhmeannaigh ón dá eagraíocht faoin ábhar cé go raibh a gcuid ceannáras lonnaithe i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile.
Chas feidhmeannaigh officials met
" Chas feidhmeannaigh ón dá eagraíocht le chéile ar Lá Bríde agus leagadh amach spriocanna áirithe chun an scéal a bhogadh chun tosaigh.
feidhmeannaigh officials
" Déanfar athbhreithniú fosta ar na liúntais Ghaeltachta a íoctar le Gardaí agus le feidhmeannaigh de chuid na Roinne Talmhaíochta agus na Roinne Sláinte.
sheol feidhmeannach an official sent
" ”* Bhí an t-eolas seo mar chuid de litir a sheol feidhmeannach de chuid an Roinn Dlí agus Cirt chuig Declan Quigley in Oifig an Ard-Aighne ar an 3 Meán Fomhair, 1976 ag tairiscint cúnaimh *“in what may be a ‘sticky situation.
mhol feidhmeannach sinsireach a senior official adviced
" Mar thoradh ar seo, mhol feidhmeannach sinsireach ina Oifig don Ard-Aighne go raibh an cinneadh a deineadh chun bannaí a dheonú don Uasal Ó Monacháin i 1976: *“bedeviled with uncertainties, possibilities, probabilities and consequent speculations.
d'ullmhaigh feidhmeannaigh prepared by officials
" *" Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: "*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.
os comhair feidhmeannaigh oifigiúil in the presence of an official
" Cuireadh cathaoireacha amach ar an trá i gCapitola, agus mhalartaigh an bheirt a móidí pósta os comhair feidhmeannaigh oifigiúil.
neart feidhmeannach teicneolaíochta many technology executives
" Leis an *Dublin Web Summit*, nó ‘cruinniú mullaigh an ghréasáin’ is dóigh, thart do 2013 tá neart feidhmeannach teicneolaíochta ag déanamh machnaimh ar ghnólachtaí nuathionscanta (.
feidhmeannaigh executives
" De réir dealraimh, ní raibh na feidhmeannaigh thuas staighre sásta nuair nár éirigh le Ripper Street níos mó daoine a mhealladh ó na cláracha gan chéill sin a gheallann rachmas, clú agus cáil don ghnáthshaoránach, cláracha cosúil le *I’m a Celebrity* ar ITV.
fheidhmeannach sinsearach senior executive
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
feidhmeannaigh executives, officials
" Daoine a bhí sásta go maith leis an socrú ná Dónal Óg Ó Cíosóig agus Dessie Ó Fearghaíle, iar-imreoirí le Corcaigh agus Áth Cliath faoi seach agus feidhmeannaigh de chuid Chumann na n-Imreoirí Gaelacha (GPA).
mar aon le feidhmeannaigh shinsireacha as well as senior executives
" Ar ndóigh, dá mbeadh an rialtas dáiríre faoin dátheangachas a spreagadh i bpostanna tábhachtacha sa státseirbhís, bheadh orthu a chinntiú go mbeadh cumas Gaeilge ag achan fháilteoir, guthánaí, oifigeach cumarsáide mar aon le feidhmeannaigh shinsireacha i ngach Roinn.
feidhmeannaigh officials
" An Troid ar Ais ====== Ach tá cuid den pobal ag troid ar ais: tá Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga bunaithe agus réidh le dul i ngleic leis an athrú teanga sa gceantar, ach an solas glas á fháil ó feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta.
feidhmeannaigh officials
" Tá binse fiosraithe san Astráil i ndiaidh a léiriú go raibh a fhios ag feidhmeannaigh de chuid AWB go raibh a gcomhlacht ag cur airgid i bpócaí Saddam Hussein, rud a shéan siad ar dtús.
léiritheoir feidhmeannach executive producer
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.