Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feidhmiú functioning
" Tá mé freagrach as feidhmiú agus forbairt na heagraíochta ó lá go lá, i gcomhar le feidhmeannach agus faoi threoir Coiste Stiúrtha.
ag feidhmiú functioning
" Is carranna príobháideacha iad seo a bhíonn ag feidhmiú mar thacsaithe, ach iad i bhfad níos saoire ná na gnáth-thacsaithe.
ag feidhmiú functioning
" Cé go bhfuil Napster ag feidhmiú go fóill, tá gach rud a bhí faoi chóipcheart air á bhaint de réir a chéile agus is beag amhrán nó píosa ceoil atá fágtha.
ag feidhmiú functioning
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
ag feidhmiú functioning
" Tá gach saghas coiste, cumann, agus eagras ag feidhmiú san áit agus iad gníomhach i mbun oibre agus críochnúil i mbun beartais.
ag feidhmiú functioning
" Agus tú á leamh seo, seans mór nach mbeidh an Tionól ag Stormont ag feidhmiú níos mó.
nach bhfeidhmíonn that don't work/function
" Cé gur féidir a rá le do bhrabhsálaí idirlín gan glacadh leo, tá cuid mhaith suíomh gréasáin nach bhfeidhmíonn gan iad.
ag feidhmiú ar bhonn áitiúil functioning at local level
" Feiceann sé é mar pholaiteoir a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn áitiúil, duine nach bhfuil idé-eolaíocht cheart forbartha aige.
feidhmiú function
" Cuirfidh an RAM breise sin ar chumas na gcláracha feidhmiú níos tapúla.
bhfeidhmiú an táirge the functionality of the product
" Beidh suim faoi leith acu i bhfeidhmiú an táirge agus labhróidh siad leat faoi go maidin má ligeann tú dóibh.
ag feidhmiú functioning
" "B'fhéidir nach drochshampla é aonad de chuid an rialtais, taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta, a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge.
feidhmiú function
" Ach céard tá i ndán do chumann ar nós Cumann Báire Caoimhín? Cen chaoi ar féidir le cumann feidhmiú i gceantar ina bhfuil bochtaineacht shoiléir agus fadhb mhór drugaí i measc daoine óga ar thaobh amháin agus pobal neamhbhuan, sealadach ar an taobh eile? Is cumann beag é, cumann gan chumhacht, a mheall isteach buachaillí a d'fhreastail ar scoileanna áirithe sa cheantar, chomh maith le corrfhear óg ó Chorcaigh nó Uíbh Fháilí a tháinig ag obair sa cheantar agus dúil san iománaíocht aige.
ag feidhmiú functioning
" Ní hamháin gur gearradh táillí an-arda ar chur le chéile suíomh ach chomh luath is a bhí suíomh ag feidhmiú, ní raibh mórán spéise ag na dearthóirí amharc ina dhiaidh ó lá go lá.
feidhmiú to function
" Bhíomar ag feidhmiú ar feadh blianta fada ar phinginí agus ar an ngannchuid ó thaobh foirne agus ó thaobh airgead forbartha de.
ag feidhmiú functioning
" Is ceart go mbeadh an córas naíonra seo neamhspleách ar na bunscoileanna agus ag feidhmiú lasmuigh den chóras sin.
ag feidhmiú functioning
" Is dócha gur obair é an t-aistriúchán a thiteann ar éinne a bhíonn ag feidhmiú as Gaeilge sa lá atá inniu ann.
ag feidhmiú acting
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Rúnaí ar an gCoiste Téarmaíochta (an CT) agus mar eagarthóir ar an téarmaíocht.
ag feidhmiú mar acting as
" Siocair Fear na Súile Nimhe bheith ar laethanta saoire, tá deirfiúr óg Bhalor, Balorina, ag feidhmiú mar sceach sa bhearna.
feidhmiú function
" Creidim freisin gur chun leas an tSeanaid a bheadh sé dá gceadódh an Taoiseach don Seanad na ceapacháin a dhéanann Airí ar na boird stáit éagsúla a scrúdú agus dá ligfeadh sé don teach feidhmiú anois agus arís mar bhinse fiosraithe.
ag feidhmiú acting
" Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar bhainisteoir ó 1995.
ag feidhmiú functioning
" Tá seomra san fhoirgneamh sin atá ag feidhmiú mar Chultúrlann anois.
a fheidhmíonn i gcoinne víreas which work against viruses
" Cheana féin, tá daoine tosaithe ar shíntiús rialta a íoc chun bogearraí a fheidhmíonn i gcoinne víreas a choimeád suas chun dáta.
feidhmiú to function
" Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach.
ag feidhmiú acting
" Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach.
le feidhmiú to function
" Níl an seomra cruinnithe atá ag an bhForas Éireannach um Chosaint Raidghníomhaíochta (RPII) sách mór ná sách cóirithe le feidhmiú mar lárionad feidhme don Phlean Náisiúnta Éigeandála - ach sin an áit atá roghnaithe sa bplean mar lárionad.
feidhmiú mar idirghábhálaí to function as an intermediary
" Mar shampla, bhí ar chumas an iar-Thaoisigh Albert Reynolds feidhmiú mar idirghábhálaí idir an Iaráic agus An Teach Bán i 1998.
ag feidhmiú acting
" Agus sin an argóint a bhí ag an dream atá in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh: má athraítear an stát ón taobh istigh, má bhíonn poblachtánaigh agus náisiúnaithe ag feidhmiú i Stormont, agus brú díreach éifeachtach ar Rialtas na Breataine, bainfear Éire aontaithe amach.
feidhmiú na ndlíthe the functioning of the laws
" Ní hamháin go bhfuil ar an gcáiníocóir íoc as feidhmiú na ndlíthe, tá sé á phlúchadh ag na dlíthe céanna.
chun feidhmiú go héifeachtach to function effectively
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
gur ceart don duine feidhmiú that a person should function
" Is éard atá i gceist leis seo go praiticiúil, dar leis, ná gur ceart don duine feidhmiú de réir a bhuanna pearsanta féin agus na buanna san a fhorbairt an méid agus is féidir.
ag feidhmiú functioning
" Is ardú meanman é do phobal a labhraíonn mionteanga, agus d'eagraíochtaí an phobail sin, bíodh siad deonach nó ag feidhmiú mar ghnó, dream a fheiceáil ag tabhairt faoi pháipéar laethúil a fhoilsiú sa teanga sin.
feidhmiú dá réir to act according to it
" Ach is rud amháin Bunreacht a scríobh, nó conradh a shíniú, rud eile ar fad feidhmiú dá réir.
ag feidhmiú functioning
" Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.
ag feidhmiú functioning
" Chomh maith le hÁras Mháirtín Uí Chadhain, bíonn dhá choláiste samhraidh ag feidhmiú ar an mbaile chun freastal a dhéanamh ar dhéagóirí na tíre.
ag feidhmiú operating
" Ach tá go leor eolais tar éis teacht chun cinn a léiríonn gur lean MI6 air ag feidhmiú sa stát seo.
ag feidhmiú acting
" Bhí cuid crúb Éamoinn dá shíorfháil i dtrioblóid i gcás ar bith, agus an sparán… B'éigean do dhuine inteacht aire a thabhairt dó, agus ós rud é gur mé féin a bhí ar an láthair, agus ós rud é gur mé féin a bheadh ag feidhmiú mar eagarthóir sealadach… mé féin a thug aire dó.
ag feidhmiú mar phóilín domhanda acting as a world police force
" Ba ghá ón tús gur comhghuaillíocht leathan a bheadh ag plé le ceist an Mheánoirthir agus nach mbeadh tír amháin ar bith ag feidhmiú mar phóilín domhanda.
go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber that the new council would function like the Star Chamber
" Ach más rud é go bhfágtar faoin rialtas baill na comhairle preas nua a cheapadh, gach seans go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber.
ag feidhmiú functioning
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise law enforcement and intelligence agencies
" Tháinig maolú ar an fhonn seo i ndiaidh an 11 Meán Fómhair, agus luigh na gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise isteach ar stop a chur le hinimircigh mhídhleathacha nó iad a chur faoi ghlas.
ag feidhmiú acting
" Is fíor a rá freisin go bhfuil an tÁras ag feidhmiú mar lárionad do phobal na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
ag feidhmiú functioning
" Cén ról atá agat féin san Áras agus cén fhad atá tú sa phost? Táimse mar rúnaí ar an gcomhlacht atá i gceannas ar Áras na nGael agus ag feidhmiú mar bhainisteoir ginearálta an Árais.
ag feidhmiú functioning
" Chun stop a chur le cóipeanna mídhleathacha, caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon laistigh de thrí seachtaine nó stopfaidh sé de bheith ag feidhmiú.
ag feidhmiú i gceart working properly
" "Níl mé anseo ach le coicís ach feictear dom go bhfuil an córas ag feidhmiú i gceart, istigh is lasmuigh.
feidhmiú function
" Fíorphobal Gaeilge a bhunú sa tír seo atá ábalta feidhmiú trí Ghaeilge mar go bhfuil na seirbhísí ar fáil dóibh.
ag feidhmiú functioning
" Agus ní bheidh Coiste Feidhmiúcháin ag feidhmiú roimh 2006, rud a chuirfidh isteach ar straitéisí an dá rialtas, mar, ag an am sin, beidh an Tionól ar fionraí le ceithre bliana.
feidhmiú ar an dóigh sin to act in that way
" Tá sé mar a bheadh sé faoi gheasa feidhmiú ar an dóigh sin taobh istigh de réaltacht seo an scéil atáimid ar tí a léamh.
fheidhmiú na seirbhíse poiblí the functioning of the public service
" Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.
go bhfeidhmíonn an tionscadal Gluaise Pobail that the Community Glossary project acts
" Dúirt urlabhraí Microsoft go bhfeidhmíonn an tionscadal Gluaise Pobail mar mheán d'aistriúchán comhluadair ar théarmaíocht theicniúil do theangacha áitiúla éagsúla.
ag feidhmiú acting
" Dé ghnáth, tar éis bliana sa bhunrang téann daoine áirithe atá meáite ar an teanga a fhoghlaim suas go dtí an t-ardrang agus, cé go mbíonn deacrachtaí go leor acu, tá cleachtadh ag na mic léinn eile ar a bheith ag feidhmiú mar chomhairleoirí dóibh.
Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú in the highly-competitive environment in which they function
" Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna.
ag feidhmiú le chéile functioning together
" Ach dá mba rud é go raibh siad ag feidhmiú le chéile, gurb iad Sinn Féin agus an DUP a bhí ag iarraidh na táillí uisce a ghearradh ar dhaoine, agus muidne i mbun feachtais ina gcoinne, sílim go mbeadh muid in áit i bhfad níos sláintiúla.
Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí songs function as vehicles
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
ag feidhmiú functioning
" Múnlaí difriúla ======= Ar an iomlán tá 34 tionscnamh iompair áitiúil ag feidhmiú ó cheann ceann na tíre.
ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht functioning once as a monopoly
" Is é an fhadhb leis sin ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta i lámha Eircom, ar comhlacht iar-Stáit é a bhíodh ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht.
ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda functioning on an all-island basis
" Is léir go bhfuil gnéithe den pholaitíocht "ar an talamh" - sláinte, cultúr, an tslándáil féin - ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda.
ag feidhmiú i bhfolús functioning in a vacuum
" Is tuairim sheanchaite é go bhfuil aighneas idir na healaíona agus an gnáthshaol; go bhfuil na healaíona ag feidhmiú i bhfolús agus gan mórán bainte acu le gnáthdhaoine.
ag feidhmiú mar mhonaplacht acting as a monopoly
" De bharr athruithe sna Stáit Aontaithe i 1986 (nuair a tógadh AT&T os comhair na cúirte toisc go rabhadar ag feidhmiú mar mhonaplacht), tosaíodh ar athruithe a dhéanamh i dtreo dírialaithe timpeall na hEorpa.
ag feidhmiú functioning
" Spreagadh daoine le seasamh a thógáil ní ar mhaithe leis na *cappuccinos *coipeacha agus na bonnóga mealltacha - cé go raibh siad sin iontach deas - ach mar gur creideadh gurbh fhiú féacháil le hinstitiúid dhúchasach a chaomhnú, ainneoin nach raibh sé ag feidhmiú le héifeacht sa mhargadh níos mó.
ag feidhmiú go héifeachtach operating efficiently
" Tháinig athrú ó bhonn ar an aerlíne le roinnt blianta anuas agus is dea-shampla os comhair an tsaoil é mar chomhlacht fo-stáit atá ag feidhmiú go héifeachtach.
ag feidhmiú functioning
" Marc; B+ An Mhí ======= *Cathal Seoighe (Neamhspleách)* Fear eile atá ag feidhmiú mar ionadaí lánaimseartha, rud nár samhlaíodh riamh i gcás comhalta boird.
ag feidhmiú operating
" Ag deireadh na n-ochtóidí, nuair nach raibh sé ag tiomáint tacsaí le hairgead breise a shaothrú, thosaigh English ag scríobh faoi thriail iomráiteach Mickey Featherstone agus drong Éireannach na Westies a bhí ag feidhmiú sa West Side i Manhattan.
feidhmiú to act
" Dá bharr sin, tugadh *carte blanche *do na Gardaí feidhmiú mar a bheadh poblacht neamhspleách ann laistigh den fhórsa.
ag feidhmiú functioning
" Mar a dúirt mé chomh maith, murach Seán ní bheadh Conradh na Gaeilge ag feidhmiú i nGlaschú sa lá atá inniu ann.
feidhmiú to act
" Dá bharr sin, tugadh *carte blanche *do na Gardaí feidhmiú mar a bheadh poblacht neamhspleách ann laistigh den fhórsa.
d’fheidhmigh an CC an CC acted
" Rud nach raibh súil leis san am, d’fheidhmigh an CC i rith an dara Cogadh Domhanda mar bhealach éalaithe do Bhriotánaigh i mbaol, agus leanadh dá nglacadh isteach ina dhiaidh sin.
ag feidhmiú i ngeiteo operating in a ghetto
" “Níl mise ag iarraidh go mbeidh an ciste ag feidhmiú i ngeiteo, mar atá daoine áirithe anseo ag iarraidh.
feidhmiú to function
" Cúrsa é atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla a chur ar fáil a bhíonn in ann feidhmiú go hoilte sa ghnó.
feidhmiú implementing
" ” Ach cuma cé chomh daor nó saor atá feidhmiú an Achta Teanga, beidh soiniciúlacht ina thaobh i gcónaí.
feidhmiú to act/function
" Níl an t-oideachas céanna orainne is atá ar na náisiúnaithe, agus mar sin ní miste dúinn feidhmiú de réir an easpa oideachais atá orainn.
ag feidhmiú functioning
" Ní chuirfidh an treoir áirithe seo mórán le híomhá na caoinfhulainthe san eagraíocht dhomhanda agus cuirfear na sagairt ar homaighnéasaigh iad agus atá ag feidhmiú san eaglais cheana féin go mór faoi bhrú agus beidh orthu dul i bhfolach ar dhóigh níos doimhne sa tsochaí.
ag feidhmiú functioning
" An t-aon difríocht a thabharfaidh tú faoi deara ná an costas níos ísle! Agus, má tá do chóras leathanbhanda ag feidhmiú thar cábla na teilifíse nó thar seirbhís gan sreang, is féidir leat fáil réidh le do ghnáthlíne theileafóin go hiomlán.
feidhmiú to function
" Cúrsa é atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla a chur ar fáil a bhíonn in ann feidhmiú go hoilte sa ghnó.
feidhmiú to function
" ” Ach cad é mar a thig le hiriseoir feidhmiú agus an dúbhrón seo uilig thart air, bás a chairde agus a lucht aitheantais.
feidhmiú to function
" Chomh maith leis sin, éireoidh an turas laethúil i ngluaisteán ó Phort Laoise nó ón Mhuileann gCearr nó ó Chill Mhantáin go dtí an oifig i mBaile Átha Cliath ródhaor, agus lena chois sin, ní beidh tionscal na heitlíochta (agus Ryanair san áireamh) ábalta feidhmiú mar atá faoi láthair.
ag feidhmiú operating
" Nuair a smaoinítear ar stáisiún raidió i nGaeilge, smaoinítear de ghnáth ar Raidió na Gaeltachta, ach tá stáisiún eile ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath a bhfuil scoth na gcláracha á gcraoladh air i nGaeilge, is é sin Raidió na Life 106.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" An ndéanfar cinneadh ar deireadh rogha a thabhairt do thuismitheoirí Gaeltachta a bpáistí a chur chuig scoil amháin sa cheantar atá ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge? An gcuirfear taisteal ar fáil do na páistí sin agus an bhféachfar le córas scolaíochta ar nós na Gaelscolaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht? Mary Harney ======= Tá Harney faoi bhrú mar go bhfuil daoine i scuainí i ngach cearn den tír ag fanacht le seirbhísí ospidéil.
ag feidhmiú functioning
" Ní haon áibhéil a rá gur ar bhonn dátheangach atáthar ag feidhmiú anois.
a fheidhmíonn ar son a stáit who act for their state
" Baill tofa go hiomlán atá sa bhrainse seo, idir bhaill Seanaid, a fheidhmíonn ar son a stáit, agus bhaill Chomhdhála, a fheidhmíonn ar son a dtoghcheantar.
ag feidhmiú acting
" Tá mé ag feidhmiú sa ról seo ó bhí mí na Bealtaine 2005 ann.
ag feidhmiú functioning
" Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
ag feidhmiú go sealadach acting on a temporary basis
" Deirtear go mbeidh sé ag feidhmiú go sealadach in áit an fhíor Joe Mac Donagh go dtí go gceaptar comharba Joe.
ag feidhmiú functioning
" Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta.
ag feidhmiú functioning
" Má cuireadh córas in áit na Gaeilge éigeantaí ba cheart go mbeadh an córas sin ag feidhmiú.
ag feidhmiú go lánaimseartha acting on a full-time basis
" Cén ról atá agat féin in Feachtas agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú go lánaimseartha mar dhuine d’Oifigigh Forbartha Feachtas agus tá mé sa phost ó chríochnaigh mé mo chéim le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2004.
ag feidhmiú operating
" Bac ar ndóigh is ea an traidisiún nó an cultúr ina bhfuil siad ag feidhmiú.
ag feidhmiú go huile is go hiomlán functioning totally
" Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir so that the station will function as it should
" Tá sé éagsúil ó eagraíochtaí eile sa mhéid is go bhfuil géarghá le hinfheistíocht leanúnach i dtrealamh ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir.
ag feidhmiú acting, functioning
" Ceann de na smaointe atá ann ná go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag feidhmiú taobh istigh de gach comhlacht, agus tá an tÚdarás ag féachaint ar bhealaí chun spreagadh a thabhairt don duine sin (cúiteamh airgid, seans, a thiocfaidh ón Údarás agus ón gcomhlacht féin) ionas go dtógfaidh sé an post go dáiríre.
ag feidhmiú i gceart working properly
" Faraor, ní raibh mo mhasc ag feidhmiú i gceart agus lig sé isteach go leor leor uisce, ionas go raibh orm éalú ón uisce - thar carraigeacha a bhí clúdaithe le rudaí beaga géara! Bhí an fhuil ag sileadh asam, ach bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre! Go dtí seo níl mórán ag cur as dom seachas bheith ite ag na muiscítí agus gaineamh bheith i mo mhála, i mo leabhair, i mo bhróga agus i m’éadaí! Ach mé ag fágáil Mhósaimbíc, ag filleadh ar ais go dtí an Afraic Theas, bhí tuiscint éigin agam ar an draíocht a bhraith Bob Dylan agus go leor eile sa tír seo.
feidhmiú Merseyside Police the functioning of Merseyside Police
ag feidhmiú functioning
" Bhí sraithchomórtas náisiúnta ag feidhmiú ó 1876 amach agus fuair gach imreoir tuarastal.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
feidhmiú an-teoranta very limited performance
" Rinneadh gluaisteáin leictreacha roimhe seo, ach gluaisteáin bheaga a bhí iontu de ghnáth, nó feithiclí a raibh feidhmiú an-teoranta ag baint leo.
ar fheidhmiú an Achta, on the functioning of the act,
" I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF.
ag feidhmiú operating
" Go deimhin, dúirt sí mura mbeadh iriseoirí ag seoladh iarratais rialta ar thóir eolais ó eagraíochtaí stáit faoin Acht nach mbeidís ag feidhmiú ar bharr a maitheasa.
feidhmiú ar ríomhairí éagsúla to function of different computers
" Tá go leor daoine i dtaithí air anois agus ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine feidhmiú ar ríomhairí éagsúla – idir ríomhairí Windows agus cinn Apple Mac – gan traenáil nua.
ag feidhmiú functioning
" Sin an prionsabal – níl an córas ag feidhmiú 100% go fóill.
a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin. which would be responsible for implementing those powers.
" Éilimh Shinn Féin Cad é tá ag teastáil ó Shinn Féin? Tá amscála de dhíth orthu ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, dáta cinnte ar a n-aistreofar na cumhachtaí sin agus cinnteacht fá leagan amach na roinne a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin.
feidhmiú mar státairí to act like statesmen
" Caithfidh polaiteoirí na cruinne feidhmiú mar státairí i dtaca leis an fhadhb seo agus spriocanna dochta a mhairfidh ar a laghad 50 bliain a leagan síos.