Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feimineach feminist
" " An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá "Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach.
smaointeachas feimineach female thinking
" Aithnítear Biddy Jenkinson mar bhanfhile go príomha agus tá an smaointeachas feimineach go smior ina cuid filíochta.
feiminí feminist
" Ní chuireann an stiúrthóir Annabelle Comyn béim ar an gcóras aicme ná ar fhoshruth na critice feiminí.
dearcadh feimineach feminist view
" Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach mar bhunús leis.
feiminigh áirithe certain feminists
" Thug feiminigh áirithe ‘torc an tsotail’ air.
gníomhach sa ghluaiseacht feimineach active in the feminist movement
" Ansin fiafraíodh díofa cé acu seo is dóichí: a) Tá Linda ina hairgeadóir bainc b) Tá Linda ina hairgeadóir bainc agus tá sí gníomhach sa ghluaiseacht feimineach.
ngníomhairí feimineacha feminist (and lesbian) activists
" De thoradh ar thuairimí liobrálacha agus comhaimseartha DiFranco, ghin an t-amhránaí lucht leanúna a bhí go príomha ina ngníomhairí feimineacha agus leispiacha.
feimineach láidir a strong feminist
" (gáire croíúil) Bím ag scríobh go leor agus bím ag labhairt go seasta! Is spéisiúil gur feimineach láidir a bhí i mo dheirfiúr nuair a scaoileadh as an gcarcair í agus mhaíodh sí ‘women are always the extension or another, a male’, an dtuigeann tú? Ach is é mo scéal féin, mar a tharlaíonn, gur deartháir Mairead Farrell mise.