Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uirlisí feirmeoireachta farming implements
" D'fhág siad a dtithe agus a bhfeirmeacha beaga i gConamara ina ndiaidh agus tugadh teach nua do gach teaghlach, mar aon le 22 acra talún, beostoc agus uirlisí feirmeoireachta.
fheirmeoireacht éisc fish farming
" Thosaigh sé a shaol oibre san fheirmeoireacht éisc agus ag déanamh anailíse ar thréithe uisce.
na príomheagraíochtaí feirmeoireachta the main farming organizations
" Níorbh aon iontas é, ar bhealach, go mbeadh na príomheagraíochtaí feirmeoireachta míshásta leis an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
ceantar feirmeoireachta a farming area
" Rugadh agus tógadh mo mháthair in áit darb ainm Town of Kildare, ceantar feirmeoireachta a bhunaigh daoine as Éirinn in áit iargúlta i lár Wisconsin aimsir an Ghorta Mhóir.
seasamh na n-eagraíochtaí feirmeoireachta the stance of the farming organisations
"seasamh na n-eagraíochtaí feirmeoireachta ar an cheist seo le cáineadh go mór.
na heagrais fheirmeoireachta the farming organisations
" Beart místuama a bhí ann do na heagrais fheirmeoireachta tacú le McSharry i mo thuairimse.
feirmeoireacht farming
" Turasóireacht, feirmeoireacht, iascaireacht: is cuid de gheilleagar na tuaithe iad uilig (ar scáth ar a chéile a mhaireas na daoine).
thalamh feirmeoireachta farming land
" Feirm Barhill ======= Téann an ceathrú deireanach den tslí trí thalamh feirmeoireachta.
thugadar faoi fheirmeoireacht they started farming
" Bhraith na hinimircigh seo go rabhadar ar ais sa Ghearmáin arís, agus thugadar faoi fheirmeoireacht díreach mar a thug a n-aithreacha fúithi sa “tseantír.
don fheirmeoireacht caorach ar mhórscála. for large-scale sheep farming.
" Idir 1770 agus 1860, chuir na tiarnaí talún na mílte míle tuathánach amach as a lonnaíochtaí beaga, mar bhí níos mó airgid le fáil as an talamh a ligean ar cíos don fheirmeoireacht caorach ar mhórscála.
don fheirmeoireacht chaorach. for sheep farming.
" Caitheadh na mílte duine amach as éastáit Dhiúc Sutherland le spás a dhéanamh don fheirmeoireacht chaorach.
Cúlra feirmeoireachta farming background
" ***Buntáistí:*** Cúlra feirmeoireachta aige agus é mar ionadaí tofa ar chontae mór déiríochta.
talamh maith feirmeoireachta good farming land
" Insíonn sé dúinn faoin nós a bhí ag muintir na Gaeltachta gabháil ag obair ar an Lagán, is é sin “áit ar bith ó Leitir Ceanainn go Doire go Tír Eoghain”, áiteanna a raibh talamh maith feirmeoireachta, agus faoi Aonach an Fhostaithe ar an Srath Bán.
earnáil na feirmeoireachta the farming sector
" Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d'astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a laghdú.
fheirmeoireacht farming
" Faoi thús na mílaoise bhí an nua-aoiseachas tagtha go chuile chearn den tír agus ní raibh ach seacht faoin gcéad de mhuintir na tíre ag brath ar an fheirmeoireacht mar ghléas beo.
seal leis an fheirmeoireacht a while farming
" D'fhreastail sí ar an bhunscoil taobh thiar den séipéal, ach nuair a fuair a deirfiúr bás, agus ansin a máthair, i 1919, d'fhill an teaghlach go Muineachán, áit ar chaith Owen seal leis an fheirmeoireacht.
feirmeoireacht agus foraoiseacht farming and forestry
" Cónaíonn sé sna coillearnacha atá fágtha in oirthear agus i ndeisceart na tíre, na limistéir chéanna ina bhfuil forbairt uirbeach, feirmeoireacht agus foraoiseacht ag dul i dtreis ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach i 1788.
rath ar an bhfeirmeoireacht farming is prospering
"rath ar an bhfeirmeoireacht san Astráil faoi láthair ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá imní ag na feirmeoirí mar sin féin.
thodhchaí na feirmeoireachta the future of farming
" Tá an triomach is measa le fada acu san Astráil faoi láthair agus tá sé ag spreagadh díospóireachta faoi thodhchaí na feirmeoireachta.
saol na feirmeoireachta the world of farming
" Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.