Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhfeisire áitiúil local MP
" D'éirigh ár bhfeisire áitiúil, Peter Kilfoyle, a bhí an-dílis do Tony Blair, as a phost mar aire fiú, ag rá go raibh an páirtí ag briseadh an cheangail leis na gnáthdhaoine.
feisire Member of Parliament
" Bhí mé sásta a chloisteáil gur chaill George Howarth, Oifig Thuaisceart Éireann agus feisire anseo ar Merseyside, a phost mar aire.
fheisire poblachtánach republican MP
" Tháinig John Mitchell ar ais go hÉirinn in 1874 agus toghadh é mar fheisire poblachtánach i dTiobraid Árann ach ní raibh cead isteach aige go Westminster, fiú nuair a atoghadh é in 1875.
feisirí MPs
" Ag preasócáid i Westminster mí ina dhiaidh sin (21 Eanáir), nuair a tháinig ceathrar feisirí Shinn Féin go dtí a n-oifigí nua den chéad uair, dúirt Gerry Adams go raibh an cosc a chuir an t-iarCheann Comhairle, Betty Boothroyd, ar fheisirí de chuid Shinn Féin i 1997 leithchealach agus éagórach.
feisire MP
" (Bhí feisire ón Pháirtí Home Rule, T.
feisire MP
" Rinne mé cur síos an mhí seo caite ar an ról a bhí ag na deartháireacha John, Patrick agus George King as Learpholl in Éirí Amach na Cásca, 1916 agus luaigh mé an dóigh a raibh feisire ó Pháirtí Rialtais Dhúchais na hÉireann, TP O'Connor sa chathair ó 1885 go dtí 1925.
feisire member of parliament
" Cé go raibh feisire áitiúil, Bob Parry (nach maireann), i láthair agus ag argóint leis an chigire Owens, ní raibh seisean sásta géilleadh.
fheisire MP
" Agus sin ráite, buille mór in éadan fheisire Bhanna Uachtaraí a bhí sa chruinniú deireanach.
feisire MP
" Bhí cruinniú de choiste na Comhairle le bheith ann an oíche sin ach dúirt feisire an DUP, Sammy Wilson le bunadh Shinn Féin go gcuirfi ar ceal é le go dtiocfadh leo ómós a thabhairt dá gcomrádaí.
feisire MP
" (Bhí feisire ón pháirtí sin, TP O'Connor, sa chathair ó 1885 go dtí 1929.
feisire MP
" An mhí seo caite, cuireadh triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble.
feisirí MPs
" Is mór an trua, áfach, gur beag duine i measc na bhfeisirí eile a bheadh in ann an cheist seo a chíoradh i nGàidhlig.
fheisirí MPs
" Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
feisirí s'acu their MPs
" Chuir feisirí s'acu a dtuarastal isteach sa pháirtí agus tugadh liúntais mhaireachtála ar ais dóibh.
an feisire áitiúil the local MP
" Labhair an feisire áitiúil anseo i Walton, Peter Kilfolye, amach faoin chogadh san Iaráic tar éis bhás Ken Bigley i mí Dheireadh Fómhair.
feisire MP
" Beidh an feisire Louise Ellman ó Learpholl Lár ag moladh an rúin ón chathair i Westminster.
an dá fheisire Eorpacha the two MEPs
" Maidir leis an bhfreasúra, mhéadaigh vóta Fhine Gael 5%, agus d'fhan an Lucht Oibre agus An Comhaontas Glas thart ar an leibhéal céanna (cé gur chaill na Glasaigh an dá fheisire Eorpacha a bhí acu).
feisire Albanach Scottish MP
" "Caitheann na boird fanacht istigh de cibé buiséad a thugtar dóibh," arsa an feisire Albanach.
Fheisire Eorpach MEP
" Marc: C+ *Seán Ó Neachtain (FF)* Thit sé idir dhá stól ó ceapadh ina Fheisire Eorpach é.
feisirí parlaiminte MPs
" Ach toisc go mbíonn ar na feisirí parlaiminte go léir a shuíonn ar choiste an Uasail Murphy móid a ghlacadh nach labharfaidh siad choíche faoi ghnóthaí an choiste lasmuigh de, ní bheidh a fhios againn go deo cé acu ar ghéill nó nár ghéill an Coiste dóibh siúd nach raibh sásta nach mbeadh aon ról níos mó ag na seirbhísí rúnda i bpolaitíocht na hÉireann.
corradh le 100 feisire over 100 MPs
"corradh le 100 feisire ag na Liobrálaigh, leathchéad ag an Bloc Québecois, agus 30 nach mór ag an NDP de chuid na heite clé.
chuig an fheisire áitiúil to the local MP
" Chuir mé féin comhad fianaise chuig an fheisire áitiúil agus chuig an National Audit Office i Londain agus tá siad ag fiosrú an scéil anois, ach tá sé rómhall – tá an damáiste déanta.
Feisirí Members of Congress
" Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor.
fheisire MP
" Fuair Fowler tacaíocht fosta ón fheisire Tom Pendry, aire spóirt cúil Pháirtí an Lucht Oibre.
feisirí tofa elected MPs
" Tar éis chúltroid fhuilteach Arm na Poblachta idir 1922 agus 1923, agus seal de bhliantaibh breise caite sa doircheacht lasmuigh, shiúil an “Longfella” agus feisirí tofa a pháirtí nua – Fianna Fáil - thar tairseach an Chúigiú Dáil isteach, ar an 12 Lúnasa 1927.
i measc Fheisirí faona among supine MPs
" Tuin bhreá Chocnaí ag chuile dhuine díobh, ag fiafraí dínn, “Ave ye bin oiver, mait?” Má chuir “Scéim Máthair is Leanbh” Noel Browne caidhp an bháis ar chéad chomhrialtas Fhine Gael – bachall John Charles McQuaid “ag treascairt an tslua is ag tuargain treon” i measc Fheisirí faona ar dhá thaobh na Dála – fáiltíodh arís roimh Fhianna Fáil Dev in olltoghchán na bliana 1951.
an Feisire áitiúil the local MP
" ” Bhí an Feisire áitiúil, Louise Ellman, míshásta leis an ráiteas seo agus d’iarr sí ar an Ord Oráisteach Barwise agus Irwin a dhíbirt as an eagraíocht.
an Feisire áitiúil the local MP
" D’ardaigh an Feisire áitiúil Bob Waring (Páirtí an Lucht Oibre, West Derby, Learpholl) ceist na tacaíochta sa Pharlaimint an mhí seo caite agus dhearbhaigh Aire Stáit na bhFórsaí Cosanta, Adam Ingram, go bhfaigheadh na saighdiúirí comhairle faoi strus: “Briefings on coping with stress and dealing with issues that might arise on homecoming will also be available,” a dúirt an tAire leis.
an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach the only MLA from an ethnic minority
" Mar shampla, tá dílseoirí ag eagrú máirseála in éadan Anna Lo, an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach atá sa Tionól.
Feisirí MPs
" ” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu! Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana.
Feisire Caomhach Conservative MP
" Go deimhin, d’ardaigh Feisire Caomhach as Tuaisceart Shasana, Graham Brady, ceist i dTeach na dTeachtaí le déanaí faoi cad chuige a mbíonn ar dhaoine ina thoghcheantar siúd tuilleadh cánach a íoc “le nach mbeadh ar dhaoine i dtoghcheantar an Phríomh-Aire táillí oidis leighis a dhíol”.
feisirí representatives
" De ghnáth, ceaptar feisirí ina rúnaithe parlaiminte sula gceaptar iad ina n-airí le go mbeidh deis acu taithí rialtais a bhaint amach.
Feisire Eorpach Member of the European Parliament
" Labhraíonn Bairbre de Brún, ar Feisire Eorpach í, ar an “fhís” agus ar “idéalachas” atá ag a páirtí, Sinn Féin.
mar fheisire neamhspleách as an independent MP
" Toghadh bean darb ainm Pauline Hanson, iarbhall den Pháirtí Liobrálach, mar fheisire neamhspleách san olltoghchán céanna.
feisire MP
" Ag labhairt ar chlár maidine Radio Waatea, dúirt feisire an cheantair, Te Ururoa Flavell, gur mhaslaigh na póilíní ainm agus *mana* (dínit) an náisiúin *Tūhoe*.
feisirí tofa elected MPs
" Ach níl sé de cheart ag feisirí tofa a bheith ag cur daoine aeracha i gcomparáid le dúnmharfóirí.
fheisire Parlaiminte Member of Parliment
" Bhí sé ina fheisire Parlaiminte i Hull, Yorkshire, ar feadh 40 bliana (1966-2005).
feisirí MEPs
" An Bhruiséil Roinnt seachtainí ó shin, thug mé cuairt ar an Bhruiséil chun an scéal seo a phlé le hoifigigh an Choimisiúin agus le feisirí na Parlaiminte Eorpaí.
feisirí representatives
" Ina fhianaise sin, is léir cén fáth gur sheas feisirí agus seanadóirí na comhdhála go léir (nach mór) ag bualadh bos agus ag tabhairt na ngártha molta ar feadh beagnach trí nóiméad sular fhéad an t-Uachtarán caint.
Feisire parliament member
" What reason can you see for there being tricolours up yesterday afternoon, a Sunday afternoon? None other than to get a reaction from the loyalist community, and they certainly got a reaction this time, which is very sad*,” arsa Feisire an DUP Adrian Mc Quillan, ráiteas ar ghlac sé leithscéal ar a shon níos maille mar “ní raibh a fios aige go raibh Kevin Mc Daid marbh ag an am.
Feisire MP
" "Cúis náire don réigiún," a dúirt an Feisire Tony Lloyd (Páirtí an Lucht Oibre, Manchain Lár) nuair a toghadh Nick Griffin de chuid an British National Party (BNP) mar Feisire Eorpach d’Iarthuaisceart Shasana.
Fheisire MP
" “Mná Oireachtais 1918 – 2008” ba theideal don ócáid, ba é 1918 an chéad uair a bhí ceart ag mná vóta a chaitheamh agus ba ansin a toghadh an Chuntaois Markiewicz, an chéad bhean a toghadh ina TD nó ina Fheisire.
feisirí representatives
" Tapaíonn feisirí agus seanadóirí na Comhdhála an sos míosa, agus filleann siad abhaile go dtína dtoghcheantair timpeall na tíre.
feisirí representatives
" Ba léir freisin go raibh daoine ón eite dheis den Pháirtí Liobrálach go hiomlán míshásta leis an mbille, ach go háirithe i measc seanadóirí an pháirtí – bíonn baill an tSeanaid níos coimeádaí ná na feisirí sa teach íochtair de ghnáth.
bhfeisirí MPs
" Bíonn Ciúin Ciontach Tá an DUP féin iontach ciúin faoin scéal, ach tá saol pearsanta duine dá bhfeisirí i mbéal an phobail fosta.
Fheisire MP
" Tá cuid mhór cainte sa bhlagasféar go bhfuil oilbhéim réidh le pléascadh fá Fheisire Ghleann an Lagáin, ach ní fhacthas a dhath sna nuachtáin go fóill.
fheisire an MP
" Sular chaill sé a shuíochán san olltoghchán trí bliana ó shin, ba é an t-aon duine amháin de shliocht bundúchasach a bhí ina fheisire sa pharlaimint náisiúnta.
feisire representative
" Tá fógartha ag feisire amháin de chuid an Stáit go mba chóir Arizona a bhaghcatáil mar gheall ar an dlí nua.
feisirí MPs
" Rinneadh faire na hoíche san Ionad Éireannach roimh aifreann speisialta san Ard-Eaglais béal dorais 12/13 Feabhra agus seoladh na céadta sreangscéalta as an Ionad go dtí feisirí.
feisirí MPs
" Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad.
fheisirí representatives, MPs
" Bhuaigh an Páirtí Glas ceann amháin, toghadh beirt fheisirí neamhspleácha nua agus toghadh arís an triúr feisirí neamhspleácha a bhí sa pharlaimint cheana.
bhFeisire representative
" Thosaigh an FBI ag cúléisteacht ar an bhFeisire Schakowsky sa bhliain 2000 mar chuid d’imscrúdú níos leithne ar spiaireacht eachtrach agus caimiléireacht i measc oifigeach poiblí.
fheisirí representatives
" Bhí an Páirtí Glas glan in aghaidh fhiannas na bhfórsaí Astrálacha i gcogadh na hAfganastáine ón gcéad lá riamh agus níorbh aon ionadh é gur labhair a chuid fheisirí go neamhbhalbh ina éadan.
Feisire Representative
" Roimh na toghcháin lár téarma ag tús mhí na Samhna i mbliana, labhair an Feisire Gary Ackerman leis an *Jewish Daily Forward* faoin tionchar a bhí ag Daonlathaigh Ghiúdacha ar bheartas Obama i leith Iosrael.
feisirí representatives
" Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?** SÓhU: Caithfidh siad súd labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir.
fheisire representative
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
Feisire Eorpach MEP
" Ach níl sé fíor! Agus fiú má bhí, tá sé thart!” Spealadh na Neascóide ========= Ach ní raibh Balor sásta ligean leis gan cheist a chur air faoi Nessacóid Childers, Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Locht Oraibhse, a mhaígh i bParlaimint na hEorpa gur meilt airgid a bhí ann cáipéisí a aistriú go Gaeilge.
a bhfeisirí their MPs
" Chuaigh na mílte saorálaithe i mbun oibre ar fud na tíre, iad eagraithe tríd an idirlíon, agus sheol céad míle duine litreacha chuig a bhfeisirí, chun a míshásamh chur ina luí orthu.
feisire an MP
" D'éirigh go maith le feisire pairliminte i Sasana darbh ainm George Calvert (< calf+herd, .
feisirí TDs
" , rud a chiallaíonn nach dtig le feisirí imeacht go dtí thart ar 9.
feisire MP
"feisire as an Tasmáin darb ainm Andrew Wilkie ina measc agus gheall Wilkie go dtacódh sé leis an rialtas ar an acht go rithfí reachtaíocht le dul i ngleic le ceist na gcearrbhach anó faoi mhí na Bealtaine 2012.
fheisire MP
" Nuair a toghadh Bobby Sands ina fheisire i bhFear Manach/ Tír Eoghain Theas ar 9ú Aibreán 1981 le líon níos mó vótaí (30,493) ná an méid a fuair Margaret Thatcher i Finchley (20,918 san olltoghchán i 1979) , bhí muid ag súil le athrú mana ó ‘mháthair na bparlimintí’, áit a mbíodh síorchaint faoin daonlathas agus síorchaint ar sceimhlitheoireacht ann gcónaí.
feisire representative
" Isteach le Michele Bachmann, feisire as Minnesota, stát a bhfuil cáil air mar áit a thogh an t-iomrascálaí teilifíse Jesse Ventura mar ghobharnóir i 1999.
Fheisire representative
" Bhí sé ina Aire Stáit ins na nóchadaí agus anois tá sé ina Fheisire Eorpach iontach éifeachtach agus gníomhach.
feisire representative
" Ba é Eliot Engel, feisire Daonlathach Giúdach ó Nua-Eabhrach, a thug isteach é – fear a mheasc Hezbollah le Hamas fiú nuair a bhí sé ag maíomh as an mbaint a bhí aige féin leis an reachtaíocht don chéad Cruinniú Mullaigh Iarúsailéim a d’eagraigh rialtas Tel Aviv i nDeireadh Fómhair 2003.
fheisire MP
" Bhí an t-aon fheisire de shliocht Bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe sa pharlaimint náisiúnta, Ken Wyatt, ar an gcoiste freisin.
Feisire MEP(s)
" Cruinniú an AE sa Bhruiséil ============ Anuas air sin, tháinig 27 Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa le chéile ag Comhairle Ghnothaí Eachtracha an AE ar 14 Bealtaine chun socrú ar pé acu, an gcuirfidís baghcat ar an Úcráin nó nach gcuirfeadh le linn an Euro 2012.
feisirí áitiúla local MPs
" ”* Chaill Margaret Aspinall (cathaoirleach *Hillsborough Family Support Group*) agus Anne Williams a mic sa tubaiste agus bhí siad ar an ardán le Sheila Coleman agus le feisirí áitiúla.
an Feisire MP
" ” Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: *“He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin.
feisire representative
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
An Feisire radacach the radical representative
" Ach Tommy Lee Jones (An Feisire radacach Thaddeus Stevens) agus Daniel Day-Lewis (Lincoln).
Deirfiúr cleamhnais an fheisire a sister-in-law of the MP
" Deirfiúr cleamhnais an fheisire David Ervine nach maireann agus bean Brian Ervine, iarcheannaire an PUP, bhí Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste ag caint leis an Chéad Aire Peter Robinson le linn ceiliúradh 60 bliain den scoil a raibh sí ag obair inti, Ashfield Girls’ High School.
airí agus feisirí áirithe ministers and particular MPs
" Ní hamháin go raibh airí agus feisirí áirithe sa pharlaimint ina mball den chlub, ach bhí na státseirbhísí náisiúnta ba cheannasaí agus ba chumhachtaí ar a bhord rialacháin.
fheisire MP
" ”* Labhair Francie Molloy atá ina fheisire ag Sinn Féin in Ulaidh Láir.
lena n-áiríodh an feisire among whom were the member
" Rinne comhghleacaithe áirithe sna páirtithe coimeádaithe iarracht Abbott a chosaint, lena n-áiríodh an feisire parlaiminte Bronwyn Bishop, an bhean atá ceaptha ina ceann comhairle sa pharlaimint nua.
na feisirí bochta the poor MPs
" Agus tugann Moore le fios dúinn go raibh meas thar na bearta aici ar roinnt áirithe sóisialaithe sna Coimíní, ach go háirithe na feisirí bochta cosúil le James Griffith agus Harold Wilson fiú a tháinig chun Londain ar son na “*underdogs*” (sin nath Thatcher).
fheisire Pairliminte an MP
" ) Tá eolas ar Gladstone in Éirinn ós é a bhí ina Phríomh-Aire ar chríocha na Breataine nuair a bhí Charles Stuart Parnell ina fheisire Pairliminte agus cúis na hÉireann á brú chun cinn aige.
lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach amongst whom are the only native M.P.
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.
tá feisirí acu they have representatives
" Ar a laghad tá feisirí acu i Londain faoi láthair agus tá guth acu i stiúradh an airgeadra.