Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an fhreasúra the opposition
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
fhreasúra the opposition
" Ní mó ná sásta a bhí cuid den fhreasúra leis an tacaíocht sin.
an fhreasúra the opposition
" Thug Mark Latham, urlabhraí de chuid an fhreasúra, "lightheoir tóna" ar Howard nuair a d'fhill sé.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Dúirt Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, leis na fórsaí gur cheap sé nár chóir dóibh a bheith ag imeacht.
fíorcheannaire an fhreasúra the real leader of the opposition
" Níos measa fós, tá ceannaire úr ag Páirtí an Lucht Oibre atá sa tóir ar an lipéad úd a bhronn na meáin chumarsáide ar Dick Spring tráth: "fíorcheannaire an fhreasúra".
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Fuair Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, é sin amach nuair a labhair sé leis an slua i mBrisbane, daoine nach raibh mórán measa acu ar pholasaí an Lucht Oibre - go mbeadh cogadh ceart go leor dá mbeadh na Náisiúin Aontaithe ag tacú leis.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Nuair a dúirt José Luis Rodríguez Zapatero, ceannaire an fhreasúra, sa Pharlaimint go raibh an rialtas ag tabhairt tacaíochta do chogadh mídhleathach agus go raibh sé ag cur leis an ngéarchéim sna Náisiúin Aontaithe, is é an freagra a thug Aznar air ná nach raibh an Páirtí Sóisialach ach ag iarraidh dochar a dhéanamh don rialtas.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Tá sé ráite ó shin ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go dtabharfar sceimhlitheoirí na hAstráile abhaile ón Iaráic roimh an Nollaig má bhíonn athrú rialtais ann i dtoghchán na bliana seo.
fhreasúra opposition
" Ionsaí ======= Léiriú eile ar an deighilt bhinibeach idir an dá Mheiriceá - Meiriceá an fhreasúra agus Meiriceá na neocons - is ea an t-ionsaí a rinne an tráchtaire Bill O'Reilly ar lucht Adbusters le linn a chláir seisean ar Fox News.
cheannaire an fhreasúra leader of the opposition
" B'in bua don Taoiseach agus do cheannaire an fhreasúra, Enda Kenny, araon, ach anois tá orthu dul in iomaíocht lena chéile don phríomhdhuais.
ceannaire an fhreasúra the leader of the opposition
" Tá sé ráite ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go raibh a gcuid polasaithe ceart.
fhreasúra opposition
" Táthar ag rá go bhfanfaidh an dá pháirtí urramacha seo taobh amuigh den sorcas, ag feidhmiú mar fhreasúra agus iarracht ar siúl acu aifeáltas a chur ar an DUP, a bheidh fágtha leo féin mar pháirtnéirí Shinn Fein ag Stormont.
den fhreasúra of the opposition
" Faoi dhó sa chraobh sin d'aimsigh imreoir den fhreasúra cúilín ó phoc sleasa agus buadh ar an bhfoireann s'againne le cúilín amháin.
tréanphointí an fhreasúra the strong points of the opposition
" Maidir leis na físeáin, baintear an-leas astu chun féachaint siar ar chluichí a imríodh agus na botúin a deineadh a scrúdú agus a chur ina gceart, agus chun anailís a dhéanamh ar laigí chomh maith le tréanphointí an fhreasúra.
fhreasúra opposition
" Ba mhaith leis an PSOE (an Páirtí Sóisialach) go mbeadh an PP (Páirtí an Phobail) agus na páirtithe eile sa fhreasúra sásta a gcuid tuairimí a chur in iúl chun feabhas a chur ar an téacs atá leasaithe ag na Catalónaigh.
nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra that a squeak wasn't heard from the opposition
" Seans fosta gurb í sin an chúis nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra faoin scannal spíodóireachta i Stormont, a ba chúis le titim an rialtais ó thuaidh agus na n-institiúidí trasteorainn.
chúl an fhreasúra the opposition's goal
" Bhí sé tapa agus sciliúil agus dheineadh sé ruathar aonair i dtreo chúl an fhreasúra gan fuacht gan faitíos.
fhreasúra opposition
" Ba mhaith leis an PSOE (an Páirtí Sóisialach) go mbeadh an PP (Páirtí an Phobail) agus na páirtithe eile sa fhreasúra sásta a gcuid tuairimí a chur in iúl chun feabhas a chur ar an téacs atá leasaithe ag na Catalónaigh.
fhreasúra opposition
" Ba mhaith leis an PSOE (an Páirtí Sóisialach) go mbeadh an PP (Páirtí an Phobail) agus na páirtithe eile sa fhreasúra sásta a gcuid tuairimí a chur in iúl chun feabhas a chur ar an téacs atá leasaithe ag na Catalónaigh.
ceannaire ar an fhreasúra leader of the opposition
" Sa tríú sraith doiciméad, tá comhad ina bhfuil cur síos ar chomhrá a bhí ag Harold Wilson, Príomh-Aire na Breataine ag an am, Stát-rúnaí an Tuaiscirt, Mervyn Rees, agus Margaret Thatcher a bhí ina ceannaire ar an fhreasúra.
don fhreasúra for the opposition
" Níl aon bhuntáiste ann don fhreasúra bheith ag cáineadh an pholasaí.
ar chúlbhinsí an Fhreasúra on the backbenches of the Opposition
" Má bhí mífhoighid ar Dev, is cosúil nach raibh a chuid iarairí sinsearacha – Lemass, Mac an tSaoi, ná Frank Aiken – ag cothú iomarca tinnis dó, bíodh is gur i bhfad ó theas na cumhachta ar chúlbhinsí an Fhreasúra a fágadh iad.
a chéilí comhraic san fhreasúra his opponents in the opposition
" Anuas air sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó geana ag an phobal air go fóill ná mar atá ar a chéilí comhraic san fhreasúra.
ina cháineadh ar an fhreasúra in his criticism of the opposition
" Éirithe níos gangaidí agus níos pearsanta ina cháineadh ar an fhreasúra le cúpla mí anuas.
an fhreasúra inmhéanaigh of the internal opposition
" Bhí níos mó den mblustar agus den bhféintábhacht le sonrú ar an dream seo, le feiscint ina ngimp agus ina gcur chuige, agus le cloisint sa sórt cainte a tháinig uathu, ná mar a gheobhfá i ranga an fhreasúra inmhéanaigh sna trinsí rompu amach.
sa fhreasúra in opposition
" Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
go rachaidís isteach sa fhreasúra that they go into opposition
" Má chailleann siad cúig shuíochán déag, chuile sheans go nglacfaidh siad féin agus na páirtithe eile leis gurb é toil na ndaoine é go rachaidís isteach sa fhreasúra.
ceannaire an fhreasúra, the leader of the opposition,
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
nach ngéillfeadh do fhreasúra ar bith. who wouldn't give in to any opposition.
" Chomh maith leis sin roghnaigh sé imreoirí a raibh meon láidir agus cur chuige acu, imreoirí nach ngéillfeadh do fhreasúra ar bith.
ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra Encouraging the opposition
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
go binsí an fhreasúra. to the opposition benches
" De thoradh an toghcháin seo, díbríodh an páirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) – an páirtí Dlí is Cirt a chuir an cúpla Kaczynski ar bun in 2005 – go binsí an fhreasúra.
Tá siad ar bhinsí an fhreasúra they are on the opposition benches
" Tá siad ar bhinsí an fhreasúra i ngach parlaimint sa tír.
formhór pháirtithe an fhreasúra most of the opposition parties
" Diomaite de Shinn Féin, léireoidh formhór pháirtithe an fhreasúra comhdhearcadh polaitiúil i leith na ceiste seo.
Thacaigh ceannaire an fhreasúra, the leader of the opposition supported
" Thacaigh ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, leis an rún agus dá bharr sin ritheadh é d'aon ghuth.
ar bhinse an fhreasúra on the opposition bench
" Tá daoine maithe cumasacha de chuid Fhine Gael ina suí faoi láthair ar bhinse an fhreasúra – leithéidí Olwyn Enright, Alan Shatter agus Simon Coveney.
ceannaire an fhreasúra leader of the opposition
" Cheap Kerr ceannaire an fhreasúra mar phríomh-aire sealadach ar an gcoinníoll go ngairfí olltoghcháin láithreach le seanad agus parlaimint nua a thoghadh.
ag an fhreasúra. by the opposition.
" Mary Harney** (Cúl báire): Toilteanach imirt san áit nach raibh aon duine eile sásta a bheith agus í faoi ionsaí leanúnach ag an fhreasúra.
feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann. the opposition regard him as a weakness.
" Níl ach bliain caite sa phost aige agus feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann.
dar leis an fhreasúra, according to the opposition,
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
ceannaire an fhreasúra the leader of the opposition
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
i gceannaireacht an fhreasúra in the opposition leadership
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
cáinte ag urlabhraí inimirce an fhreasúra reatha criticised by the immigration spokesperson of the current opposition
" Chuir na heagraíochtaí éagsúla a oibríonn ar son na dteifeach sa tír seo fearadh na fáilte roimh an mbeartas nua ach, ar an drochuair, tá an cur chuige nua cáinte ag urlabhraí inimirce an fhreasúra reatha.
an fhreasúra the opposition's
" Chomh maith leis an chleachtas seo a bheith ina oilbhéim airgeadais, tugann sé buntáiste as cuimse don Aire in olltoghchán, chan amháin i gcoinne iarrthóirí an fhreasúra, ach i gcoinne iarrthóirí a pháirtí féin fosta.
urlabhraí an fhreasúra the opposition spokesperson
" Mhaígh urlabhraí an fhreasúra náisiúnta ar chúrsaí inimirce, an Seanadóir Sharman Stone, go raibh an rialtas agus a bheartas bog freagrach as an sléacht, nuair a cuireadh faoi agallamh teilifíse í an lá dár gcionn ar na mallaibh.
bheachtaíocht an fhreasúra the opposition's criticism
" Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth, agus tá 60 suíochán sa Seanad ag an bPáirtí Daonlathach cheana féin - go leor chun í a chosaint ar bheachtaíocht an fhreasúra.
fhreasúra opposition
" Rinne Rudd agus ceannaire an fhreasúra, Malcolm Turnbull, ráitis i dTeach na Parlaiminte ag déanamh comhbhróin le muintir an naonúir.
ceannaire an fhreasúra the opposition leader
" Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr! Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa.
fhreasúra opposition
" Is é Tizi-Ouzou, príomhchathair Kabylie, atá mar dhaingean an fhreasúra i gcoinne an arabaithe agus is anseo a tharla an eachtra as ar eascair ‘Earrach na nImazighen’, nó ‘Tafsut Imazighen’.
fhreasúra opposition
" Chomh maith leis sin, is ceart gan an iomarca moilleadóireachta a dhéanamh lena daingniú: cé gurb intuigthe an mhaise don Aire tacaíocht pháirtithe an fhreasúra a ghnóthú, d’fhéadfadh éiginnteacht pholaitiúil nó olltoghchán gan choinne an straitéis a chur ó mhaith.
fhreasúra opposition
" Agus plimp! Leag sé straiméad ar smig pháirtí an fhreasúra as chomh dígeanta is a bhí siad i dtaobh clár oibre na comhdhála.
fhreasúra opponent's
" Maíonn an t-údar nach bhfuil sé d'achmhainn ach ag daoine saibhre agus ag daoine bochta ('nach bhfuil airgead ná maoin saoil dá gcuid féin acu agus nach baol dóibh má chailltear a gcás') dul chun na cúirte sa lá atá inniu ann de bharr na costais arda a bhaineann leis an phróiseas agus an baol go mbeidh orthu ualach costais an fhreasúra a iompar fosta.
fhreasúra opposition
" BD: Maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cén uair a bheas moltaí an fhreasúra agus na heagrais Ghaeilge curtha le chéile agat? PÓC: Tá fochoiste den Choiste Um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta agus Gaeltachta ag obair ar thuarascáíl bunaithe ar na moltaí sin faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh siad réidh faoi lár na míosa seo.
moltaí an fhreasúra the opposition's proposals
" BD: Maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cén uair a bheas moltaí an fhreasúra agus na heagrais Ghaeilge curtha le chéile agat? PÓC: Tá fochoiste den Choiste Um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta agus Gaeltachta ag obair ar thuarascáíl bunaithe ar na moltaí sin faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh siad réidh faoi lár na míosa seo.
fhreasúra opposition
" ” Mugabe, sa treimhse 1982-85 a rinne ionsaí ar Matabeleland, ceantar an fhreasúra i Zimbabwe, díreach an t-am céanna nuair a bhí Thatcher ag déanamh ionsaí ar cheantair an fhreasúra sa Ríocht Aontaithe.
fhreasúra opposition
" Bhí an chuma ar an scéal go bhfanfadh Páirtí an Lucht Oibre ar bhinsí fuara an fhreasúra go ceann tamaill eile mar go raibh an geilleagar láidir agus bhí meas ag na daoine ar Howard, cé nach raibh a lán ceana acu air.
lucht an fhreasúra the opposition
" Idir an dá linn, tá lucht an fhreasúra ag cur fógraí in airde in aghaidh Ioslaim ar bhusanna i Siceagó, Nua-Eabhrac, agus i San Francisco.
fhreasúra opposition
" Bhíothas ag cur ina leith ag an am gur beag polasaí úr dá chuid féin a bhí á chur chun cinn aige mar fhreasúra don rialtas.
fhreasúra opposition
" Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
fhreasúra opposition
" Mar a rabhthas ag súil leis, thug gach ar labhair sa díospóireacht teasmholadh do chrógacht agus d’fhulaingt na saighdiúirí – ní dhiúltaíonn aon pholaiteoir don deis leas bolscaireachta a bhaint as íobairt na saighdiúirí! Mar a rabhthas ag súil leis freisin, thug an príomhaire agus ceannaire an fhreasúra araon, Tony Abbott, tacaíocht láidir don mhisean san Afganastáin.
d’fholmhaigh binsí an fhreasúra opposition benches emptied
" Mar sin féin, a luaithe a sheas an tAire Lenihan sa Dáil, d’fholmhaigh binsí an fhreasúra ar an gcaoi a d’fholmhódh seomra ranga ar bhualadh an chloig ag am lóin.
chló an fhreasúra trace of the opposition
" Éacht ann féin é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis mar gur beag de chló an fhreasúra atá le sonrú air.
fhreasúra opposition
" Tá sé soiléir chomh maith agus dúirt ana-chuid daoine liom é ó shin, gur cheapadar go rabhas slán sábháilte cheana féin, agus gur thugadar vóta, b’fhéidir, do dhuine éigin eile a cheapadar a bheith sa fhreasúra nó ar an eite chlé chomh maith.
ceannaire an fhreasúra the leader of the opposition
" Is ríogaí coimeádach é Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, agus níorbh aon ionadh é nuair a chuir sé in iúl go neamhbhalbh go bhfuil sé glan in aghaidh athraithe.
bínsí an fhreasúra the opposition benches
" Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
bínsí an fhreasúra the opposition benches
" Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
lucht a fhreasúra its opponents
" An fhadhb is mó a bhí ag lucht a fhreasúra ina gcoinne ná an tslí gur shocraigh lucht a dhréachta ar chasúr a úsáid in áit an chleite.
ceannaire an fhreasúra the opposition leader
" ”* Thug Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, le fios go bhfuil sé báúil leis an moladh aitheantas a thabhairt don mhuintir dhúchais sa bhunreacht freisin, cé go bhfuil sé in amhras faoi na moltaí a bhaineann le cearta daoine agus idirdhealú thuasluaite.
fhreasúra opposition
" Tá a fhios againn nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh an UUP mar fhreasúra, ach is beag eile atá ar eolas againn faoin chur chuige a bheas aige.
ceannaire an fhreasúra the opposition leader
" Gheall Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, Páirtí an Lucht Oibre, go laghdódh a rialtas an maoiniú a bhí na 67 scoil is saibhre sa tír a fháil agus go dtabharfaí an t-airgead do scoileanna bochta poiblí.
ceannaire an fhreasúra the opposition leader
" An tseachtain a tháinig ceannaire an fhreasúra i mBurma, Aung San Suu Kyi, go hÉirinn chuir comhleacaí de mo chuid ó nuacht an Bhéarla in RTÉ agallamh ar chócaire de bhunadh na tíre sin atá ag tabhairt faoi i gCeatharlach san am i láthair.
fhreasúra opposition
" Níl sé de chumas ag an fhreasúra cuntas a iarraidh ar an rialtas.
ar fhreasúra a chosc stopping the opposition
" Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall faoi stiúir Mhic Géibheannaigh, modh a leag béim ar chosaint seachas ar an ionsaí, ar fhreasúra a chosc in ionad scór a aimsiú go minic.
cheannaire an fhreasúra the opposition leader
" Léirigh na pobalbhreitheanna thuas go raibh mná na hAstráile amhrasach faoi cheannaire an fhreasúra, Tony Abbott, de bharr gur mheas siad go raibh a chuid ionsaithe ar Gillard gnéasach.
ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra rapid movement towards the opposition’s goal
" Is acu atá an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air agus cuireann siad scór mór suas de bharr na béime a chuireann siad ar ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra agus de bharr feabhas na dtosach atá acu.
ceannaire an fhreasúra the opposition leader
" Is amhlaidh a bhí cúrsaí san Astráil ar na mallaibh nuair a cuireadh Páirtí an Lucht Oibre as cumhacht, in ainneoin nach ndeachaigh Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, i gcion rómhór ar mhuintir na tíre.
ceannaire sealadach an fhreasúra the opposition’s temporary leader
" Mhaígh Chris Bowen, ceannaire sealadach an fhreasúra, go bhfuil an Astráil ina staicín áiféise ar fud an domhain toisc go bhfuil níos mó ban in Aireacht na hAfganastáine ná atá againn.
páirtithe an fhreasúra the opposition parties
" Cailleadh an deis, dar le Dónall Ó Maolfabhail, díospóireacht a chothú mar gheall ar roinnt ceisteanna móra nuair a shocraigh páirtithe an fhreasúra nach gcuirfidís iarrthóirí chun cinn don uachtaránacht.
fhreasúra opposition
" Tá polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag cur an-bhrú ar an rialtas maidir le drochiompar i measc bhaill den Gharda Síochána ach is iadsan a thug ardú céime do chuid de na Gardaí a bhfuiltear in amhras orthu faoi láthair, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
fhreasúra opposition
" Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas.
moltaí an fhreasúra the opposition's proposals
" Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas.
an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra how he broke the oppositions’ hearts
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.