Pota Focal Intergaelic
fia | fid | fig | fir | fis
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur beag is fiú an teorainn that the border isn't worth much
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
is ar éigean gur fiú é a lua it's barely worth mentioning
" Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua.
ab fhiú a thriail worth trying
" Cén scéim spreagúil tacaíochta is féidir a chur in áit Scéim Labhairt na Gaeilge? An bhfuil moltaí cruthaitheacha dearfacha amuigh ansin ab fhiú a thriail? Má tá cinn agatsa, abair amach iad.
fiú fós even still
" Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom? An é go bhfuil leithéidí John Waters (*The Irish Times*) ceart nuair a deir sé nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!
fiú dá mba mhian leo even if they wanted to
" Bheadh sé i bhfad níos deacra ag an Rialtas seasamh neodrach a ghlacadh anois, fiú dá mba mhian leo, go háirithe agus seans maith ann go luath go mbeidh siad ag lorg cabhrach ón Teach Bán le brú a chur ar Rialtas na Breataine cuid de na geallúintí a rinne siad i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.
fiú trí bhotún even by mistake
" Go mbeidh an tionscadal úr a luaigh mé cheana rathúil agus nach gceanneofar an Maxwell House dearg don cheaintín riamh arís - fiú trí bhotún.
fiú cléireach an Bhainc even the Bank clerk
" Ní raibh éinne acu sa staid sin ariamh, fiú cléireach an Bhainc mar gur rugadh ar leathchois eisean agus nár ghá fáil réidh lena leathchos nach raibh ariamh air.
níorbh fhiú bonn bán í it wouldn't be worth much (lit. a groat)
" Dá bhfágfaí ort do sheanchois spreangach spágach níorbh fhiú bonn bán í.
beag-is-fiú belittling
" Mura bhfuil an Trimbleach ábalta an Tionól a chur sa tsiúl arís, cad é is fiú beart a chur os comhair an UUP má tá siad le beag-is-fiú a dheánamh de, a deir poblachtánaigh.
gurbh fhiú é that it was worth it
" " Tochailt ======= Admhaíonn sé go bhfuil an tochailt go léir atá ar siúl i mBaile Átha Cliath chun 25 ciliméadar d'iarnród a leagan ag cur as do dhaoine ach tá sé deimhneach de go ndéarfaidh siad gurbh fhiú é nuair a bheas an córas ag feidhmiú an bhliain seo chugainn.
leath na fírinne fiú even half the truth
" Ach má tá leath na fírinne fiú ina bhfuil á rá le blianta anuas ag iarbhaill de sheirbhísí rúnda na Breataine, leithéidí Deacon, Wallace, Holroyd, Pincher agus Shayler, faoi insíothlú sheirbhísí rúnda na Breataine sa stát seo, tá i bhfad níos mó ag an rialtas agus ag saoránaigh na tíre seo le bheith buartha faoi ná eachtraí *Stakeknife*, cuma iad a bheith fíor nó bréagach.
sclábhaithe fiú even slaves
" Tá líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
nach fiú cros na cianóige é that is totally worthless
" “Tá mé dubh dóite, dóthanach, tinn tuirseach agus bréan den phoiblíocht uilig atá á fáil ag an leabhar sin nach fiú cros na cianóige é, *Eats Shites and Leaves*,” a mhaíonn Balor na Súile Nimhe, Laoch na Litríochta.
fiú dá gcaithfí an IRA scor even if the IRA had to be disbanded
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
is fiú an tairbhe an trioblóid it's worth making the effort
" Ach más ea, is fiú an tairbhe an trioblóid mar gur beag radharc in Éirinn atá inchurtha leis an cheann atá le fáil ó mhullach an tsléibhe seo.
fiú má bhraitheann siad ar a suaimhneas even if they feel comfortable
" com, “agus níl an t-am acu duine a lorg i mbeár, fiú má bhraitheann siad ar a suaimhneas á dhéanamh sin.
fiú dá mba mhian leis even if he wanted to
" Ach níl aon amhras orm ach oiread go raibh ar a laghad tacaíocht neamhoifigiúil a dTaoisigh acu, muna raibh a thacaíocht oifigiúil acu, mar is é an *real-politik *ná nach raibh dóthain tacaíochta ag an Loingseach le go bhféadfadh sé neamhaird a thabhairt ar an éileamh seo, fiú dá mba mhian leis.
gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that it would be worth the trouble
" Ní foláir mar sin go mbeadh socrú maith cánach ann lena chinntiú gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
nach ndéarfadh gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that it wasn't worth the trouble
" Ar ndóigh, tharraing an cás cúirte seo tuilleadh airde ar a iníon ach is beag duine nach ndéarfadh gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
go fiú agus é i mbarr a réime even when he was at his peak
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí éagsúla ar aon nós, nach duine an-sona a bhí i Roy Keane go fiú agus é i mbarr a réime, tréimhse atá thart le tamall anuas.
Níorbh fhiú deich dtriuf é le breathnú air. It wasn't worth looking at.
" * Gluais • Glossary neascóidboil bioránachsprat brachpus logindent Níorbh fhiú deich dtriuf é le breathnú air.
fiú muna dtacaíonn na fíricí even if the facts don't support
" Seo ceist: An raibh O’Toole ag seasamh le líne eagarthóireachta an Raghallaigh, rud a mbítear ag súil leis, fiú muna dtacaíonn na fíricí leis an líne eagarthóireachta chéanna? Ar chreid O’Toole gur iarchomrádaithe neamhúdaraithe a bhásaigh Donaldson - ar son onóra agus ar son chuimhne na n-óglach a thit de bharr fhaisnéis sceite an bhrathadóra? Deir “srón” an tseaniriseora ormsa gur mar sin a bhí an scéal le Michael O’Toole.
fiú má tá sé doiligh even if it is difficult
" Tá sé de dhualgas orainn seo a dhéanamh chun í a choinneáil beo, fiú má tá sé doiligh.
nach fiú an tairbhe an trioblóid that it's not worth the effort
" Is ionann an cás do gheilleagar na tíre! An fiú mar sin leanstan leis an chur i gcéill agus a bheith ag síorthógáil ar mhaithe le beatha a chur sa gheilleagar? Táthar ann a deir nach fiú an tairbhe an trioblóid.
arbh fhiú trácht orthu that would be worth mentioning
" Muna mbainfear triail as gníomhaíochtaí úrnua agus muna mbíonn na móreagraíochtaí ag díriú ar chur chun na Gaeilge ar bhealaí nua-aimseartha, ní bheith fuinneamh ná forbairtí i saol na Gaeilge arbh fhiú trácht orthu.
fiú dá gcaillfidís an comórtas even if they lost the competition
" Sílim go mbeadh sé sin fíor fiú dá gcaillfidís an comórtas.
fiú agus crampáin ar ár mbuataisí even with crampons on our boots
" Leis an fhána anuas, ba é seo an chuid ba dheacra den lá, fiú agus crampáin ar ár mbuataisí.
ní fiú do vóta a chaitheamh. it's not worth voting.
" Muna féidir leat an tír a athrú, a cheapann go leor, ní fiú do vóta a chaitheamh.
go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois that such a thing used to happen in Europe in the old days
" Is cosúil go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois dá mbeadh fómhar maith ann.
níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. it wasn't worth the effort;
" Níorbh fhiú dul ag máirseáil; níorbh fhiú scríobh chun na nuachtán; níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
arbh fhiú trácht air worth mentioning
" Níl aon dreasacht ann arbh fhiú trácht air don táirgeoir ná don tomhaltóir le húsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus is beag maoiniú a dhéantar ar thaighde ina leith.
amhrasach fiú, even suspicious,
" Bhí a bhás cineál ait, amhrasach fiú, agus bhí trácht air sna meáin chumarsáide, i *Magill*, mar shampla, i mí na Samhna 1987, faoi cheannteideal “Death in Dundrum”.
tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú I doubt if anybody even read it
" “Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh tuiscint chomh maith sin air go dtí sin.
is mór is fiú do chách it is worth everyone's while
" D’fhiafraigh sé de, suas lena bhéal, an raibh aon mheas aige ar an Ghaeilge, agus seo mar a d’fhreagair Enda: “Ó a Bhaloir, a chara, is mór is fiú do chách meas a bheith acu ar an Ghaeilge, nó is í teanga ár sinsir í, gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan aon agó.
nach raibh cleachta aici fiú amháin. that she hadn't even practised.
" ”B’éigean do Mhaighread amhrán amháin, “Inis Dhún Rámha”, a chanadh nach raibh cleachta aici fiú amháin.
fiú go páirtaimseartha. even on a part-time basis.
" Deir sí go raibh sé deacair a bheith ag taifeadadh agus ag obair ag an am chéanna, fiú go páirtaimseartha.
fiú faoi rún na faoistine, even under the secrecy of confession,
" fós! Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar *Beo Ar Éigean*, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery.
ag cur na ruaige fiú ar na Doiminicigh even chasing out the Dominicans
" Tá lucht an airgid ag cur na ruaige fiú ar na Doiminicigh anois, agus praghas talaimh i Nua-Eabhrac chomh hard sin.
beag is fiú a dhéanamh demean
" Ní bheidh bunús ar bith le go leor de na gearáin seo, ach níor cheart beag is fiú a dhéanamh de phróiseas trédhearcach dá chineál más mian linn a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid d’iompar sleamchúiseach arís.
sóbráilte go leor fiú. sober enough.
" Seans go mbeidh Ambasadóir na Gearmáine ag dul thart i mbliana ag cuartú duine le héisteacht leis, le go míneodh sé a chás i nGaeilge na Gearmáine, ach seans go n-éireoidh sé as de cheal aistritheora atá cumasach go leor, nó sóbráilte go leor fiú.
fiú aon faoin gcéad even one percent
" Tús maith leath na hoibre! Ach tuigim nach bhfuil fiú aon faoin gcéad den obair déanta! Tá ruathar fúm anois.
beag is fiú a dhéanamh belittle
" D’fhéadfadh daoine áirithe beag is fiú a dhéanamh de na teoiricí seo mar “chaint san aer” acadúil.
nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú. that I shouldn't even let him out of my sight
" Ba í an treoir a tugadh dom ná go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú.
nárbh fhiú dom that it wasn't worth my while
" I bhfaiteadh na súl, bhí an leaid óg fionn a bhí á mharcáil agam imithe ar ruathar aonair, chomh sciobtha sin nárbh fhiú dom iarracht a dhéanamh fanacht leis.
Is fiú go mór aon teanga a fhoghlaim, It is worthwhile to learn any language
" Is fiú go mór aon teanga a fhoghlaim, go háirithe teanga a bhfuil baint aici le do dhúchas.
nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach. that any republic which was not socialist wasn't worth it.
" Bhí Sinn Féin ar buile gur crochadh an póstaer seo taobh amuigh d’fhoighneamh s’acu ar Bhóthar na bhFál, an ceann a bhfuil múrphictiúr clúiteach Bobby Sands air, ach chaill siad an phointe; Bobby Sands féin, dúirt sé nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach.
gurbh fhiú vótáil ar a shon. that it would be worthwhile voting for it
" Titeann sé ar an rialtas agus ar na páirtithe atá ar son an chonartha, mar sin, a chur ina luí orainn gurbh fhiú vótáil ar a shon.
beag is fiú belittle
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
Más fiú reifreann a rith in aon chor, if a referendum is worth having at all
" Más fiú reifreann a rith in aon chor, is fiú díospóireacht chiallmhar a reáchtáil faoi.
fiú agus é féin sínte even when he is laid out
" Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile.
arbh fhiú an braon fola é. was it worth the drop of blood.
" Murach gur chuir sé deireadh le stailc ocrais 1980, an bhfaigheadh deichniúr eile bás i 1981? Ghoill an smaoineamh sin go mór air go lá a bháis agus é ag meabhrú ar na “cultacha Armani” i Stormont agus ag cur ceiste air féin arbh fhiú an braon fola é.
nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam. that they can't even guess at what I am saying
" Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? An falsacht atá ann? An bhfuil mo chuid cainte chomh briotach sin, chomh dothuigthe sin, nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam.
nach fiú that it isn't worth
" Ní hé go gceapaim féin nach fiú an Tuaisceart a phlé, ach léirigh mo thaithí mar iriseoir dom nach bhfuil go leor den phobal den tuairim chéanna.
is fiú an tairbhe an trioblóid. it's worth the trouble.
" Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé casta go leor gairdín fíorúil a chruthú leis an mbogearra seo, ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta. they managed to portray that even in the studio
" Deir sé nach mbíodh na ceoltóirí sin in iomaíocht lena chéile ach go mbíodh siad i gcónaí “ar thóir na splaince, an mhothúcháin” agus gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta.
fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi. even if I am quite far away from her
" Nuair a bhím thall ansin, déanaim iarracht i gcónaí mo dheirfiúr – atá ina cónaí in Cleveland – a fheiceáil, fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi.
ar fiú go leor airgid é which is worth a lot of money
" An t-aon rud cineál tromchúiseach a tharla ná gur rith fear amháin, a chaill srian air féin, amach as an bpuball agus micreafón – ar fiú go leor airgid é – ina ghlac aige.
fiú más de thoradh éignithe an toircheas); even if the pregnancy is as a result of rape
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that the reward would be worth the effort
" Thuig mé ag an bpointe sin go mbeadh siúl an lae maslach go maith, ach thuig mé leis gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid mar go raibh an taobh sin tíre go hálainn agus cheana féin, bhí an radharc dochreidte.
fhiú worth
" Bheinn ag déanamh áibhéile dá maífinn gurbh fhiú an €175 a íoc as an gcúrsa ar son na mbrioscaí amháin ach bhí gach duine ar aon intinn gur bhrioscaí eisceachtúla iad.
is fiú it's worthwhile
" Is cinnte go mbeidh na figiúirí seo as dáta sula gcuirtear an t-alt seo i gcló, ach is fiú breathnú orthu cionn is go dtugann siad léargas ar a dhonacht is atá an scéal: sa bhliain 2006 tháinig fás de 6.
go fiú even
" ” Ceol ó thús a hóige Dúirt Cathy in am amháin go mbíodh sí ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin.
Fiú amháin even while
" Dochar na heitilte Fiú amháin agus an geilleagar ag cúlú go géar, tá an scéal amhlaidh.
Fiú dá n-éireodh leis were he even to succeed
" Fiú dá n-éireodh leis an t-ainmniúchán a fháil, níor chreid mé go raibh muintir Mheiriceá réidh le fear gorm a chur sa Teach Bán, cuma cé chomh maith is a bhí a chuid óráidíochta is a chuid smaointí.
fiú trácht air worth mentioning
" )Ach a bheith ag dul ó *Macy’s* go *Sachs of 5th Avenue*, agus as sin go *Barney’s* ag cuardach *Angebots*, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach *junk* atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán! Ansin tá na “*outlet stores*” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir.
deánamh beag is fiú diminishing
" An teacht i dtír ar dhaoine tragóideacha bochta atá sna taispéantais seo nó an áis iontach foghlama iad? An ag deánamh beag is fiú d’urraim don duine ar mhaithe le hairgead a shaothrú nó an bhfaigheann daoine tuiscint níos fearr ar an bheatha dhaonna agus níos mó measa dá réir uirthi i ndiaidh Bodies a fheiceáil? Rinne clár nuachta ABC, 20/20, fiosrúchán ar an ‘trádáil rúnda’ i gcorpáin Síneacha agus mhaígh go raibh na marbháin ar díol ar an mhargadh dhubh ar $300 an ceann.
go fiú even
" Titeann an teocht an-domhain faoin reophointe in oirthear na Polainne, fagaim, go fiú i rith an lae.
fiú even
" Tá an Chelsea cáiliúil fiú ó am *Mark Twain*, nuair a bhí sé ina chónaí i gceann de na seomraí.
síochánta agus diamhair fiú peaceful and mysterious even
" Tá rud éigin álainn, síochánta agus diamhair fiú, ag baint le folcadán (nó jakuzzi má tá pinginí agus an spás agat!) - solas íseal, boladh coinneal ar lasadh, ceol séimh ciúin ar siúl.
fiú iad siúd even those
" Aontaím go hiomlán nár cheart do dhaoine a bheith caifeach san airgead nach bhfuil acu, ach má stopann achan uile dhuine, fiú iad siúd a bhfuil an t-airgead acu, caillfear níos mó postanna fós.
an fiú is it worth
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
gurbh fhiú é it was worth
" Shíl sí go gcuirfeadh sé feabhas ar chúrsaí slándála agus má bhí praghas polaitíochta le híoc - rannpháirtíocht rialtas na hÉireann i gcúrsaí Thuaisceart Éireann - gurbh fhiú é ach chuir an Comhaontú alltacht ar aontachtaithe.
Is fiú it's worth
" Is fiú a dhul ó thuaidh lena fheiceáil.
pluideanna fiú even blankets
" Scáthbhrait agus scáthanna báistí móra; téitheoirí allamuigh; toilg; agus pluideanna fiú! Agus mar a dúirt mé – daoine áille – gach ribe éadaí a chaitheann siad ó dhearthóir éigin.
ndéanann tú beag-is-fiú de you make little of
" Sula ndéanann tú beag-is-fiú de seo, ba cheart a mheabhrú duit nach bhfuil oiread is post amháin i Meiriceá a mbaineann gradam níos airde leis.
ar fiú tráithnín who's worth anything
" Baincéir ar bith ar fiú tráithnín é tuilleann sé cúpla milliún sa bhliain.
fiú even
" Baincéir ar bith ar fiú tráithnín é tuilleann sé cúpla milliún sa bhliain.
nach fiú not worth
" Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn.
fiú even
" Bhí na bróga gorma svaeide fiú amháin aige, a chosain pá seachtaine fadó air.
fiú even
" Tá sé sna seascaidí - b'fhéidir gar dos na seachtóidí fiú.
fiú worth
" Thar athrú ar bith eile sa saol, b’fhéidir gur fiú aird a dhíriú ar an teicneolaíocht.
fiú even
" Thar athrú ar bith eile sa saol, b’fhéidir gur fiú aird a dhíriú ar an teicneolaíocht.
arbh fhiú would be worth
" Is cosúil gur beag scéim Gaeltachta arbh fhiú a choinneáil agus go hindíreach tá cibé aitheantas a bhí ag an Ghaeltacht mar cheantar sonrach le stádas ar leith, le cur ar ceal nach mór, d’aon ráib amháin.
Is mór is fiú it's well worth
"Is mór is fiú aire ar bith a labhraíonn chomh hoscailte macánta ionraic leis sin.
Fiú amháin even
" Fiú amháin má bhím ag súil lena léamh, fágfaidh mé de leataobh é má bhíonn leabhar eile idir lámha agam.
fiú even
" Anois, áfach, braithim go bhfuil gach rud réamhchleachtaithe - fiú na focail a deirtear, táid réamhscríofa.
arbh fhiú worth
" Cé gur oileán sceirdiúil é, gan aon chrann arbh fhiú crann a thabhairt air le feiceáil ann, tá talamh maith féarach ann agus tá neart garrantaí curtha le glasraí de gach cineál ar an taobh foscúil den oileán.
fiú worthwhile
" ‘Nach deas sin?’ arsa mise liom féin, ‘Tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!’ An chéad bhoc ar casadh orm é d’fhiafraigh mé de cárbh as é.
fhiú worth
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
ar fiú which is worth
" Seo ceist ar fiú a phlé san am i láthair agus tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge do fhoilsitheoir nuachtáin.
fiú even
" Ach tá fíuntas ann, fiú leis na ‘bots’.
fiú náire even shame
" Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas.
fiú even
" Níos measa go mór anois atá cúrsaí geilleagair agus eacnamaíochta agus airgeadais ná mar a bhí riamh roimhe seo in Éirinn, nó fiú i dToraigh.
fiú amháin even
" com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp) Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine go sea.
go fiú even
" com, ní bheadh an t-eolas seo faighte agam in aon áit, go fiú ar bhlag Mhic Dhonnagáin féin! Is iad torthaí 2007 na torthaí is nuaí atá le fáil ar shuíomh an Oireachtais féin.
Ní fiú faic worth nothing
" De bharr an teas ina gcré,Ní fiú faic a saothar.
Fiú even
" Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis na hOgiek a aslonnú más rud é go mbeartaítear iad a thabhairt ar ais? Fiú dá mbeadh ciall lena leithéid de bheart, fágann taithí stairiúil na nOgiek go bhfuil siad amhrasach faoi ghníomhartha na n-údarás.
fiú amháin even
" Mar san, tá daoine muinteartha liom timpeall na háite agus tá sé go deas chomh maith, fiú amháin sa gheimhreadh, má theastaíonn uait dul amach oíche Dé Luain, bíonn cúpla duine thart.
fiú even
" Cuireann formhór mór mhuintir na hAstráile geall ar an rás, fiú iad siúd nach mbíonn aon bhaint acu le cúrsaí geallta is graí de ghnáth.
Fiú even
" Fiú ag an ráta is airde, €0.