Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fiche ball buan twenty permanent members
"fiche ball buan sa ghrúpa agus tá dhá dhuine dhéag ceangailte go hindíreach leis, iad ar fad ina gcónaí sa cheantar.
san aonú haois is fiche into the twenty-first century
" Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil.
scrios agus fiche many curses
" Ní bheadh éalú ó chur an fhútóin le chéile nó bheadh orthu luí ar an urlár gan é, agus chuir Seán scrios agus fiche ar an diabhal rud sula raibh sé i gceann a chéile aige.
ocht n-uaire fichead twenty-eight hours
" Tháinig gála go tobann orthu agus thóg sé ocht n-uaire fichead orthu an Catalpa a aimsiú.
trí chúis is fiche twenty-three charges
" D'inis sé dom go raibh an feirmeoir, Martin Leigh, os comhair na cúirte i Chester an tseachtain sular bhuail mé leis agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air as trí chúis is fiche.
a raibh sna ceithre hairde fichid everyone from far and near
" Bhí cuma air go raibh a raibh sna ceithre hairde fichid cruinnithe agus, cibé nach raibh ann, bhí Pól ann nó fuair sé sceiteadh dá shúl air.
ar a laghad fiche uair at least twenty times
" Bhí greim ag an bhfonn taistil ort agus, nuair a tharlaíonn sé sin, is deacair fáil réidh leis! Cuireadh síol an phlean taistil atá agam anois i mbrú óige taobh amuigh de Pháirc Náisiúnta Kruger san Afraic Theas mí an Mheithimh seo caite, ach tá an plean athraithe ar a laghad fiche uair ó shin.
trí fichid sixty people
" Abair go mbeadh trí fichid ag déanamh na Laidine san am san.
thart ar dheich dteach fhichead around thirty houses
" Nuair a bhí mise i mo ghasúr, is dóigh go raibh thart ar dheich dteach fhichead ar an mbaile agus bhí chuile theach acu sin, ach teach s’againne agus an teach béal dorais, ar mhúinteoirí iad freisin, beo ar an talamh nó ar an bhfarraige.
fiche fostaí twenty employees
" Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, that no revolution would manage to support twenty languages,
" Is cinnte nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt.
thigeadh fiche smaoineamh tríom twenty thoughts would come through me
" ” Ní luann Mac Giolla Chomhaill, ámh, na línte eile san alt: “Óg is mar bhí mé, thigeadh fiche smaoineamh tríom léim a thabhairt síos agus mé féin a bhá, agus deireadh a chur le cuid magaidh na bpáistí.
sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche before the end of the twenty-first century
" Is féidir a bheith cinnte, dar leis, go mbeidh an Astráil ina poblacht sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche.
chomh stuama le fiche príomhoide as level-headed as 20 headmasters
" Tá an Trajet stuama ach tá mise chomh stuama le fiche príomhoide cheana féin.
corradh le fiche bliain more than twenty years
" ) anois le corradh le fiche bliain, ó thosaigh mé ag glacadh suim i gceol agus mé i mo dhéagóir óg.
Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche The Great Depression of the 21st Century
"Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.
Fearadh fáilte is fiche roimh (the announcement) was heartily welcomed
" Fáilte roimh an deis oibre Fearadh fáilte is fiche roimh an bhfógra ag na rialtais sna ceithre thír thuas.
slat is fiche 21 yard(s)
" Le déanaí, mar shampla, bhí an cluiche sraithe iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár á thaispeáint ar TG4 agus bhronn an réiteoir poc saor slat is fiche díreach os comhar chúl an Chláir ar fhoireann Chorcaí.
aonú lá is fiche 21st. day
" Tosaíonn an samhradh sa Fhrainc, go hoifigiúil pé scéal é, ar an aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh.
chúigiú is cúig fhichead 125th.
" Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.
ceithre fhichead four score
" Is ar éigean a aithníonn an t-údar an tír inar chaith sé ceithre fhichead bliain dá shaol.
trí bliana is ceithre fhichead 93 years
"trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
fiche míle twenty thousand
" Tá 400 duine fós ar iarraidh agus tá os cionn fiche míle duine gan dídean.
fiche is a cúig faoin gcéad 25%
" Tá sé i gceist agam na tuarastail a ghearradh síos go dtí fiche is a cúig faoin gcéad dá bhfuil ar fáil acu faoi láthair.
seachtar imreoirí is fiche 27 players
" Luadh seachtar imreoirí is fiche ar fad agus astu sin bhain trí dhuine dhéag le hiománaíocht, seisear le sacar (foireann Phoblacht na hÉireann a bhí i gceist), seisear le rugbaí agus beirt leis an bpeil Ghaelach.
an té atá breis is fiche bliain d’aois people who are over 20 yrs
" ** Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith.
fiche nóiméad twenty minutes
" Ar feadh nach mór fiche nóiméad, scaoil sé a chuid urchar leis na siopadóirí lena ghunna uathoibríoch.
naoi suíochán déag is fiche 39 seats
" Ach tá siad i mbéal lucht polaitíochta na hEorpa inniu mar gheall ar an naoi suíochán déag is fiche a bhain siad amach san olltoghchán cúpla seachtain ó shoin, rud a fhágann ar an tríú páirtí is mó sa tír iad.
fiche cúig 25
" **LNC: Conas agus cathain ar tosnaíodh an ISS agus an féidir leat an obair á dhéantar anseo a mhíniú dúinn?** S: Bhí bunaitheoir an ISS, Brendan Price, ag obair mar mhaor ag gairdín na n-ainmhithe fiche cúig bliain ó shin.
faoi bhliain is fiche under 21
" Sa tréimhse chéanna áfach, bhuaigh foireann peile Átha Cliath Craobh shinsir na hÉireann sé huaire agus craobh Laighean seacht n-uaire déag gan trácht ar roinnt craobhacha mionúr agus ‘faoi bhliain is fiche’ a bheith bainte chomh maith.
cuireadh fáilte is fiche roimpi she received a hearty welcome
" Is mór an t-athrú atá tagtha ar an dóigh a bhreathnaíonn muintir na tíre uirthi ón am a thug Éilís II a céad chamchuairt ar an Astráil sa bhliain 1954, cé gur cuireadh fáilte is fiche roimpi an iarraidh seo.
Sprioc na Straitéise Fiche Bliain the 20 yr Strategy target
" Sprioc na Straitéise Fiche Bliain =========== Mar is eol do chuile dhuine faoin am seo, ’sé an sprioc atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 cainteoirí laethúla ann taobh amuigh den chóras oideachais faoi cheann fiche bliain.
le fiche bliain anuas over the space of 20yrs
" D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.
cuireadh fáilte is fiche roimpi she was made very welcome
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
beidh fiche cairde aimsithe agam I’ll find 20 friends
" Nuair a bhím ina measc im’ aonar fiú, beidh fiche cairde aimsithe agam mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo.
tugadh chun solais le fiche bliain anuas it came to light in the last 20 years
" Agus tugadh chun solais le fiche bliain anuas nó mar sin an dóigh ar theip ar an stát caitheamh mar is cuí leis na páistí a bhí faoina gcúram.
Seacht mbliana is fiche ó shin 27 years ago
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
corradh le fiche muileann gaoithe more than 20 wind turbines
" Beidh corradh le fiche muileann gaoithe á gcrochadh in airde ar chnoic na nGleannta.
le fiche bliain anuas beagnach over the last twenty years almost
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh thirty two of them on horseback
" Turas deich lá a bheadh sa dá chéad míle dóibhsean nuair a d’fhág siad An Lóbháin tamall ó thuaidh de Liège ar an 28ú Feabhra an bhliain úd, ‘dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh’ agus ‘cóiste ag a mnáibh uaisle,’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin in Imeacht na nIarlaí.
sa tréimhse fiche bliain a bheith istigh dá ndeoin féin in the twenty year period to enter of their own free will
" Spéisiúil go maith, d’iarr leath de na mná a cláraíodh mar striapacha iad sa tréimhse fiche bliain a bheith istigh dá ndeoin féin.
Tchítear breis is fiche more than twenty
" Tchítear breis is fiche teachtaireacht faoi roinnt de na hailt ó am go chéile agus tá súil againn go mbraithfidh sibh breis saoirse le scríobh go fada leitheadach feasta nuair nach mbeidh aon bhagairt le brath sa timpeall oraibh anseo ar Beo.
corradh le fiche more than twenty
" Le linn na hagóide a raibh corradh le fiche duine páirteach ann, gar don Skainos Building ag uimhir a 239, bhí léacht ar siúl ar logainmneacha Gaeilge Bhéal Feirste ag a raibh 65 duine.
le beagnach fiche bliain anuas anois for almost twenty years now
" ) le beagnach fiche bliain anuas anois agus is ionann an t-iontas a bhraithim faoin ábhar féin agus faoi gur féidir leis scéal casta, spéisiúil a chur os comhair an leitheora arís is arís eile.
bríste ar fhiche a pair of trousers for twenty
" Nuair a fheiceann tú t-léine ar chúig euro nó bríste ar fhiche, bíonn tú ag meabhrú, cén chaoi ar féidir iad a dhéanamh, a iompar ón taobh eile den domhan, agus a dhíol ar roinnt euro? An freagra atá air seo: Rana Plaza.
le fiche bliain anuas for the last twenty years
" Tá tionól amháin a bhaineann le gnóthaí staire Gael-Astrálacha ar siúl ag Galong le fiche bliain anuas a mheallann na sluaite.
sílim go raibh fiche spreagadh ann I think the reasons were many
" "Dar liom, bhí daoine spreagtha ag an chultúr agus ag an tsochtheangeolaíocht, daoine eile, ag brath ar theaghlach s'acu féin, bhí siad spreagtha go hiomlán ag an pholaitíocht, ach sílim go raibh fiche spreagadh ann.
breis is fiche faoin gcéad more than 20percent
" Mhaígh breis is fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre go raibh oidhreacht daoránaigh acu sa daonáireamh is déanaí.
fiche uair níos measa twenty times worse
" Má tá an scéal scanrúil sna Stáit Aontaithe tá sé fiche uair níos measa sna tíortha móra eile.
d'fháiltigh roimh os coinn fiche welcomed more than twenty
" Chuir sé faoi i Hollywood agus d'fháiltigh roimh os coinn fiche cliant in aghaidh an lae; d'oibrigh sé mar chomhairleoir ar roinnt scannán chomh maith.
ar a laghad fiche troith síos le fána at least twenty foot of a descent
" Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.
le corradh is fiche bliain anuas for more than twenty years
" An Fíor-Athmhuintearas ======== Tá feachtas ar siúl le corradh is fiche bliain anuas abhus le hathmhuintearas a shnaidhmeadh idir muintir dhúchais agus daoine eile na hAstráile, ach ní dóigh liom go mbeidh fíor-athmhuintearas ann go dtí go bhfuilimid go hiomlán ionraic faoinár stair.
atá breis is ceithre fichead who is over eighty (years)
" De réir Annie, atá breis is ceithre fichead anois: “Bhí an-suim agam le blianta anuas agus mé ag dul in aois a fháil amach faoi Phádraig mar bhí an méid sin cloiste agam faoi.
cúig bhomhaite is fiche 25 minutes
" Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla.
faoi bhliain is fiche under twenty ones
" Imríonn sé le foirne faoi bhliain is fiche agus sinsearacha a chlub sa pheil agus san iomáint.
ag aois seacht mbliana fichead at twenty seven
" B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
in aois seacht mbliana fichid aged 27 yrs
" Gabhadh Corby ag aerfort Denpasar i mBali sa bhliain 2004, agus í in aois seacht mbliana fichid.
ceithre huaire fichid twenty four hours
" An bhfuil a fhios agat gur bhagair sé clár raidió Derek Mooney a chur fríd na cainéil satailíte anseo ceithre huaire fichid, seacht lá na seachtaine? Agus níl ansin ach an tús.
fiche duine anaithnid twenty unknown people
" Ina dhiaidh sin bheadh fiche duine anaithnid ann ag caint gan stad gan staonadh faoi Brian O Driscoll agus faoina shaol agus a shaothar agus a chuid cluichí agus a bhean chéile agus a iníon agus a… Agus, a Bhaloir, ar mhiste leat dul abhaile anois go gasta – maith an fear – agus a rá le hEnda nach bhfuil sé ar intinn againn dul in aice libh.
ceithre bliana fichead twenty four years
" Ba dheacair di labhairt mar gheall ar na hionsaithe seo le ceithre bliana fichead, ach fé dheireadh i 1997 thug sí na sonraí go léir don Ghardaí Síochána tar éis do iardhalta eile as an scoil chéanna gearán a dhéanamh freisin ó thaobh iompar múinteora amháin sa scoil.
fiche státsheirbhíseach twenty civil servants
" Níl fiche státsheirbhíseach le ardchumas Ghaeilge sa Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath, a mbeadh a dhóthain Gaeilge acu le seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil do scoileanna sa Ghaeltacht agus do na Gaelscoileanna is Gaelcholáistí.
na Trí Fhichead Contae the 30 counties
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad there’s only less than twenty per cent
" Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre i gcoinne eotanáis thoilteanach, ach tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo ar chúrsaí polaitíochta abhus.
Straitéis Fiche Bliain 20 yr. Strategy
" Ní hamháin go raibh plé ar tíocht an IMF ach bhí díospóireacht chomh maith ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.