Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúpla rann filíochta a few verses of poetry
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht was the reason I started writing poetry
" Seo mar a chuireann sé síos ar an spreagadh a mhúsclaíonn filíocht ann: Ceiliúradh faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht an chéad lá.
dhuanaire filíochta poetry anthology
" "What is the source of our first suffering?" a d'fhiafraigh Seamus Heaney nuair a dhiúltaigh sé a bheith mar chuid de dhuanaire filíochta de chuid na Breataine.
d'aithrisíodh siad a gcuid filíochta they used to recite their poems
" "Sa tseanaimsir, bhíodh filí ag dul thart leis na cruiteoirí dalla agus d'aithrisíodh siad a gcuid filíochta, scil ar leith ar ndóigh.
lámhscríbhinn dá chuid filíochta a manuscript of his poetry
" Tamall tar éis a bháis, chuir a dheirfiúr Ethel lámhscríbhinn dá chuid filíochta chuig eagarthóir irise a d'fhoilsigh cuid mhaith d'fhilíocht nua-aoiseach na linne.
filíocht dheabhóideach devotional poetry
" * Gluais • Glossary bandéithegoddesses adhradh an bhandéthe worship of the goddess is ársamost ancient dár n-oidhreachtof our heritage ómósreverence tírdhreach beannaithehallowed landscape filíocht dheabhóideachdevotional poetry a aithristo recite féintóraíochtsearching for ones self
(filíocht (poetry
" D’aistrigh sé go Dunedin (logainm a eascraíonn ó Dhún Éideann na hAlban) sa bhliain 1869, agus lean sé ar aghaidh leis an scríbhneoireacht (filíocht agus iriseoireacht).
leabhair fhilíochta poetry books
" Bhí leabhair fhilíochta leis ann, *Muskerry*, *Secret Societies*, agus *The Blue Formica Table*.
seachas tríd an bhfilíocht. except through poetry.
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
oidhreacht shaibhir filíochta rich legacy of poetry
" Nuair a d’éalaigh an file Sylvia Plath ón saol seo ar bhealach tragóideach sa bhliain 1963, d’fhág sí oidhreacht shaibhir filíochta agus próis ina diaidh, a thug léargas brónach ar a saol truamhéalach cráite.
ficsean agus filíocht fiction and poetry
" Baineann réimse na leabhar Gaeilge le ficsean agus filíocht den chuid is mó.
ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht. reciting the poetry
" ”DlúthdhioscaAr an dlúthdhiosca, tá triúr aisteoirí aitheanta ó Chonamara – Peadar Ó Treasaigh, Áine Ní Dhroighneáin agus Darach Ó Tuairisg – le cloisteáil agus iad ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht.
ar chúrsaí filíochta. poetry
" ” Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
riarthóir filíochta, arts administrator,
" Tá Kate Murphy ann – an file nach file í ach atá anois ina riarthóir filíochta, í sásta tionchar a imirt ar chúrsaí filíochta trí phátrúnacht a hoifige agus trí dhíoltas a bhaint as craiceann foilsitheoirí a dhiúltaigh dá dánta féin.
filíocht poetry
" Tá gach eolas a bhaineann leis an roicéad ar fáil ar wikipedia ar ndóigh! Ach tá cuid mhaith den tseanlitríocht ar an líon freisin, ón Aeinéid le Virgil go filíocht Fhearghail Óig Mhic an Bhaird.
filíocht poetry
" An Deatach nach Féidir a Dhearmad A Sort of Homecoming – bhí filíocht dhiamhaireach san amhrán seo - bhí taisteal ann - bhí ceol cliste ann – bhí gach rud nua.
ceartas filíochta poetic licence
"ceartas filíochta de shaghas éigin ar fáil, áfach, má chreideann tú i rudaí mar sin.
Filíocht (the) poetry
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin not just reliant on public verse
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
filíochta béil oral poetry
" Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
bua scríobh na filíochta an acumen for poetry
" Agus, munar leor sin, nuair atá na gnáthfhocla laethúla ag sleamhnú uaithi, cláraíonn sí i gcúrsa chun foghlaim conas na focla atá díreach ceart a aimsiú - cúrsa a thabharfadh bua scríobh na filíochta di.
ngort álainn na filíochta the wonderful world of poetry
" Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta.
bláthchumhra na filíochta the fragrant flower of poesy
" Agus, i ndeireadh báire, nuair a aimsíonn sí saoirse a fíorghutha ceart, glan, ionraic, naofa – má imíonn sí uainn, agus ní léir go hiomlán go n-imíonn, fágann sí bláthchumhra na filíochta ina diaidh.
Chonac leathlíne filíochta I saw a half line of poetry
" Chonac leathlíne filíochta ar bhalla cúpla lá ó shin.
an féidir filíocht a thabhairt ar can you call it poetry
" Níl a fhios agam an féidir filíocht a thabhairt ar an méid a bhí ann.
filíocht poetry
" Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!), freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne (ní bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir.
fhilíocht poetry
" Dúirt sí linn go raibh an cósta sin molta go forleathan agus tá clú air mar gheall ar an fhilíocht a scríobh Byron faoi.
aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh any poetry or art being taught
" Ar ndóigh, dá leanfaí leis an tuairim gur chun freastal ar an imirce atá córas oideachais na hÉireann, ní bheadh aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh i scoileanna na tíre ach an oiread.
mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta about the skill of poetry reading
" Scríobhann sé in áit amháin: ‘Léitheoir is ea an criticeoir liteartha go bunúsach’, rud a chuireann seanáiteamh Brooks i gcuimhne dúinn óna leabhar cáiliúil mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta, The Well Wrought Urn, ceird a bhí bunaithe ar chreathlach neamhspleách inmheánach an dáin féin, nó an ‘independent poetic structure’ a nochtfaidh an léitheoir stuama.
le ceird na filíochta at the trade of poetry
" Má tá tríocha bliain caite agam le ceird na filíochta, b'annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn.
Ina saothar ceoil is filíochta in her musical and poetry work
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
ceathrú filíochta a quatrain
" Seo ceathrú filíochta de chuid Dic Jones faoin gceathrú tréimhse.
amhráin agus filíocht den chéad scoth truly excellent songs and poetry
"amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith.
filíochta of poetry
" Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.
uaigheanna aos na filíochta the poets’ graves
" Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.