Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an aireacht airgeadais the finance ministry
" Ach d'fhéadfaí na rudaí is tábhachtaí a shocrú - clár toghcháin aontaithe agus cé a gheobhadh an aireacht airgeadais agus cúpla móraireacht eile.
maoiniú financing, funding
" B'éigean na ciorruithe a dhéanamh, a dúirt bainistíocht RTÉ, mar go raibh caillteanas de £25 milliún i ndán don eagraíocht, a dhéanann maoiniú ar RnaG.
maoinithe ag úinéirí na meán financed by media owners
" Linking libel reform to regulation is a narrow approach to both issues," a dúirt sé le *Beo!* Ba mhaith le Dooley córas a bheith ann faoina ndéanfadh na hiriseoirí monatóireacht orthu fein, é maoinithe ag úinéirí na meán ach gan smacht acu air.
airgeadais finance
" Tá caighdeáin an-arda ar fad in MIT agus tá sé de nós acu brú a chur ar dhaoine chun iad a ullmhú i gceart don saol gnó, don saol airgeadais.
airgeadú tionscadal project financing
" " Chaith sé sé bliana ag obair ar airgeadú tionscadal, agus ag plé le tionscadail mhóra bonneagair ar fud na hEorpa.
airgeadais finance
" Níl dlúthdhiosca ar bith agam den snagcheol nó de na gormachaí! AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol? SR: Tá cúlra agam in obair ríomhaireachta ach tá mé ag iarraidh athrú go rud eile faoi láthair, go cúrsaí airgeadais agus cuntasóireachta.
oifigeach airgeadais finance officer
" Chuir siad bac le rudaí an t-am uilig, agus nuair a chuir muid ceist orthu faoin bhuiséad le haghaidh sláinte agus sábháilteachta sa choláiste, bhí fearg ar Richard Griffiths, oifigeach airgeadais, agus tháinig sé amach le tuairimí ciníocha in aghaidh na nÉireannach.
a bhunaíonn agus a mhaoiníonn é who establish and finance it
" Ach is annamh a bhíonn struchtúr ar bith neamhspleách ar an dream a bhunaíonn agus a mhaoiníonn é agus, dá réir, ní chreidim go mbeidh seo inghlactha ach oiread.
an Roinn Airgeadais the Department of Finance
" I bhfocail shimplí, thit an Rialtas idir dhá stól nuair a chinn sé ar ocht roinn rialtais agus Oifig na nOibreacha Poiblí a bhogadh amach as an bpríomhchathair agus seacht gcinn - Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais san áireamh - a fhágáil inti.
airgeadas a láimhseáil to deal with finances
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais former Secretary of the Department of Finance
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
an tAire Airgeadais the Minister for Finance
" Tá ráflaí cloiste agamsa, mar shampla, go raibh an tAire Airgeadais (Charlie McGreevy), go raibh sé go binbeach in aghaidh TG4 an chéad uair riamh.
go raibh an-rath air i saol an airgeadais that he was very successful in the world of finance
" In ainneoin go raibh an-rath air i saol an airgeadais, ní fhéadfadh Buckley diúltú a thuilleadh don ghairm a chuala sé an chéad lá riamh agus é ag éirí aníos mar pháiste de chuid inimirceach Éireannach i gceantar Yorkville i Manhattan.
ag airgeadú financing
" Ní hamháin go bhfuil muid ag freastal agus ag cur áiseanna ar fáil do léiritheoirí eile agus do chraoltóirí, tá Telegael féin ag forbairt, ag léiriú, ag airgeadú a chláracha féin agus go leor de na tionscadail seo is tionscadail idirnáisiúnta iad.
sraith iomlán a airgeadú to finance a whole series
" "Blianta ó shin, bhí an BBC nó ITV in ann sraith iomlán a airgeadú iad féin, ach tá sé sin athraithe anois.
an tAire Airgeadais the Minister for Finance
" An bhfuil seans ar bith ann go dtarlóidh sé seo? Níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil an tAire Sláinte den tuairim go bhfuil gá leis an méid seo caiteachais agus níos lú cuma fós go bhfuil an tAire Airgeadais chun tacaíocht a thabhairt dó, mar is ag an Roinn Airgeadais atá an chumhacht.
stiúrthóir airgeadais finance director
" "Tá tábhacht ag baint le díchuachadh," a deir Brian Timmons, stiúrthóir airgeadais Smart Telecom, "mar tugann sé rogha eile (seachas Eircom) do chustaiméirí ach, go dtí seo, níl aon díchuachadh feicthe againn, i ndáiríre, in Éirinn.
eagraíocht atá á maoiniú an organisation being financed
" Dúirt an Australian Strategic Policy Institute, eagraíocht atá á maoiniú ag Rialtas na hAstráile, go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le NGP faoi láthair, go bhfuil an stát an-lag agus go bhfuil baol ann go dtitfidh an stát as a chéile taobh istigh de chúig bliana déag mura mbeidh an Astráil gníomhach ann.
airgeadas finance
" Is cúrsa é a bhaineann le hairgeadas agus ríomhaireacht go príomha, cé go gcumhdaíonn sé neart ábhar eile, mar shampla cumarsáid, dlí agus matamaitic.
an Roinn Airgeadais the Department of Finance
" Léiríonn figiúirí a d’eisigh an Roinn Airgeadais anuraidh nach ndearnadh ach 12,600 iarratas faoin Acht sa bhliain 2004 le hais an 18,400 an bhliain roimhe sin.
an Roinn Airgeadais the Department of Finance
" Mar thoradh ar an suirbhé seo sheol an Roinn Airgeadais litir chuig Oifigigh Phearsanra na Rann/Oifigí Rialtais ag éileamh lánfheidhmiú chóras na marcanna breise.
foinsí maoinithe sources of finance
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
an tAire Airgeadais, the Minister for Finance,
" Tá pinsean réasúnta maith acu fosta agus fógraíodh le gairid go raibh an tAire Airgeadais, Brian Cowen, sásta glacadh le moladh an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seamus Brennan, go n-ardófaí an pinsean ranníocach sa Cháinaisnéis an mhí seo ó €193 sa tseachtain go timpeall €208 sa tseachtain.
léachtóir le hairgeadas lecturer in finance
" Chaith sé tamall mar léachtóir le hairgeadas in Ollscoil na Banríona agus ansin rinne sé MBA san ollscoil chéanna.
ar an bhFondúireacht Shóisialta Airgeadais. on the Social Finance Foundation.
" Mar shampla, ceapadh é mar chathaoirleach i mí an Aibreáin ar an bhFondúireacht Shóisialta Airgeadais.
chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, to act as providor of social finance.
" Bunaíodh an fhondúireacht seo chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, chun iasachtaí a thabhairt a thacóidh le tionscadail shóisialta agus forbartha agus le fiontraíocht shóisialta i bpobail áitiúla.
ag maoiniú financing
" “Bheinn thar a bheith dóchasach go leanfar ar aghaidh leis an chiste seo sa todhchaí agus go bhfeicfidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur chóir dóibh leanúint ar aghaidh ag maoiniú an chláir.
Aire Airgeadais Minister for Finance
" Tá Peter Robinson ina Aire Airgeadais agus d’fhoilsigh sé dréachtphlean airgid an Tionóil ag deireadh na míosa seo caite.
ag brath ar fhlaithiúlacht an aire airgeadais depending on the generosity of the minister for finance
" Sa chéad dul síos, bíonn na cláracha éagsúla taighde sna coláistí ag brath ar fhlaithiúlacht an aire airgeadais.
Roinn Airgeadais Department of Finance
" *CMA: Faoi láthair tá oifigigh sa Roinn Airgeadais ag déanamh grinnanailíse ar na figiúirí a bhaineann le cáin agus le caiteachas poiblí.
fuair Scofield maoiniú obtained financing
" De réir criticí áirithe an dispeansáideachais, áfach, fuair Scofield maoiniú ó Shíónaigh mhór le rá a bhí ag iarraidh tacaíocht a chothú don choincheap Iosraelach sna Stáit Aontaithe.
tAire Airgeadais Finance Minister
" Mar shampla, cheadaigh an tAire Airgeadais Nigel Dodds £115 milliúin do thograí tógála an mhí seo.
mhaoineofar shall be financed
" Mar gheall ar na cláracha a mhaoineofar as an airgead sa tionscadal COAG, táthar ag súil go mbeidh maolú suntasach ar líon na ndaoine gan dídean taobh istigh de chúig bliana, agus go mbeidh deireadh go hiomlán le codladh garbh roimh 2020.
tAire Airgeadais finance minister
" Is fiú mná Francacha eile a bhain clú amach dóibh féin sa chomhthéacs idirnáisiúnta a lua chomh maith: Christine Lagarde, an tAire Airgeadais sa Fhrainc, an chéad bhean riamh ar aire airgeadais í ar thír de chuid an G8 agus Françoise Barré-Sinoussi a bhuaigh an Duais Nobel i Leigheas i mbliana, in éineacht le Luc Montagnier, as an obair a rinne siad i gcomhpháirtíocht lena chéile chun an víreas SEIF a aithint.
maoiniú (to) finance
" Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca.
airgead reatha current finance
" Ach ní féidir a shéanadh gur mar airgead reatha a cuireadh i láthair é i mbuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i meastúchán na cainaisnéise (féach lch.
cúram maoinithe airgead caipitil the responsibility of capitol financing
" Ní léir, áfach, cad tuige ar aistríodh cúram maoinithe airgead caipitil na heagraíochta ón Roinn Ealaíon go Roinn na Gaeltachta agus ar ais arís.
rialtóirí airgeadais finance governors
" Ó thosaigh sé i ngairm na hinfheistíochta i 1960, fuair sé aithne ar an lucht airgeadais ba mhó agus ba thábhachtaí ar domhan, ina measc polaiteoirí mar Elliot Spitzer (iarghobharnóir Nua-Eabhrac), lucht cultúir mar Stephen Spielberg agus Zsa Zsa Gabor, agus rialtóirí airgeadais na tíre.
réimse an airgeadais the finance sector
" Dar le Madoff agus le cuid mhór daoine, ba cheart do réimse an airgeadais é féin a rialú, agus nach raibh ról ar bith don rialtas in eagrú an domhain airgeadais.
thránn an taoille airgeadais when the tide of finance ebbs
" Deir an billiúnaí Warren Buffett gur in amanna cúlaithe mar seo, nuair a thránn an taoille airgeadais, go bhfaigheann muid amach cé a bhí ag snámh lomnocht.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta Ach ní hiad na hIosraeligh amháin a thug cúnamh do Hamas.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta D’fhreastail Marc Grossman i Roinn an Stáit faoi chúig cinn de rialtais éagsúla, idir Dhaonlathach agus Phoblachtánach, i roinnt tíortha suimiúla i dtreimhsí tábhachtacha.
maoinithe financed
" Cé gur tugadh an chluas bhodhar do rabhaidh ó eagraíochtaí eile go dtí seo, anois tá an scéal ag teacht ó fhoras coimeádach atá maoinithe ag na rialtais iad féin.
tAire Airgeadais Minister for Finance
" Chualathas le déanaí an tAire Airgeadais, Christine Lagarde, ag rá go mbeidh an rialtas ag cur go mór in aghaidh aon íocaíocht bhreise le príomhfheidhmeannach a ligeann oibrithe chun siúil i mbliana.
Choiste Airgeadais Finance Committee
" Chomh maith le comhairle ar pholasaí airgeadais a thabhairt do chúig thír déag is fiche, bhí Gates ina abhcóide don Choiste Airgeadais de chuid Sheanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987.
Aire Airgeadais Finance Minister
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais in the noble phraseology of the Finance Minister
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
ag maoiniú financing
" Thapaigh SAM an deis ansin teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
t-airgeadas poiblí public finance
" Ní hé an easpa rialúcháin nó an domhandachas, áfach, a chuir an t-airgeadas poiblí ar seachrán.
airgeadais finance
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
géarchéim an gheilleagair the finance crisis
" Easpa ceannródaíochta le dul i ngleic le géarchéim an gheilleagair agus gan an téagar polaitiúil léirithe le go mbeadh meas coitianta tuillte aici (à la Dan Quayle).
sparánacht finance
" Ní bheidh an sparánacht fhairsing ann le barr feabhais a chur ar an mhogalra de mhotárbhealaí atá againn.
Choiste Airgeadais Finance Committee
" ” Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag.
maoinithe financed
" RTÉ a bheadh thíos leis seo agus níl aon chinnteacht ann nach dtitfeadh a sciar féin de chiorrú den chineál sin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar Nuacht TG4 atá maoinithe as ioncam an cheadúnais.
maoinithe financing
" * deireadh a chur le cistí maoinithe d'áiseanna spóirt, do scéimeanna pobail, agus d’oibreacha bonneagair (céanna, bóithre, scéimeanna uisce srl.
maoiniú financing
" Rinneadh infheistíocht os cionn £4 mhilliún san ionad le tacaíocht agus maoiniú ó dheich gcinn de chomhpháirtithe - Foras na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Ciste Síochána agus Athmhuintearais ina measc.
airgeadais finance
" Níos measa go mór anois atá cúrsaí geilleagair agus eacnamaíochta agus airgeadais ná mar a bhí riamh roimhe seo in Éirinn, nó fiú i dToraigh.
maoiniú finance, funding
" Ar chuala tú aon scéal ó shin? CNC: Bhí muid a ghabháil á dhéanamh mí Lúnasa, ach tá sé iontach deacair maoiniú a fháil do rudaí mar sin.
maoiniú financing
" Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse.
maoinithe financed
" Bhí tuairimíocht áirithe ann go mbeadh ciorruithe breise i ndán do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus do Nuacht TG4, atá maoinithe as ioncam an cheadúnais cheana féin, dá dheasca sin.
mhaoinithe financing
" Spíon muid cumhachtú daoine ar an talamh, bonneagar le dreamanna a nascadh agus chuir Marcas agus Daragh Ó Tuama comhairle orainn faoi bhunreachtaí, rólanna d'oifigigh ar choistí agus dea-chleachtas ar iarratais mhaoinithe.
mhaoiniú finance, fund
" Ansin dúirt sé nach mbeadh na céadta míle trúpaí ag teastáil, go gcuirfí fáilte rompu mar fhuascailteoirí, agus nach mbeadh ar SAM an cogadh a mhaoiniú.
á maoiniú being financed
" Tá gach uile eagraíocht á maoiniú ag an gcáiníocóir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, bíodh sé trí Fhoras na Gaeilge, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, nó tríd An Roinn Oideachais nó trí eite eile den státchóras.
maoinithe financed
" Bhí an ceannach maoinithe ag cara le céad Phríomh-Aire Iosrael darb ainm David Lowenthal, iarbhall den Haganah, réamhtheachtaí an airm Iosraelaigh.
mhaoiniú to finance
" Ní raibh na hinimircigh féin sásta na tionscadail seo a mhaoiniú ar bhonn fadtéarmach, áfach, is cuireadh brú ar oifigigh rialtais tacaíocht éigin a sholáthar.
mhaoinigh financed
" Bhí siad ag iarraidh airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge le dornán blianta roimhe sin; mhaoinigh siad tionscadal na logainmneacha i lár na n-ochtóidí, rud a bhí ‘sábháilte’, dar leo, agus bhí pingneacha beaga ag teacht ón Chomhairle Ealaíon, ach taobh amuigh de sin, ní raibh a fhios acu cad é a dhéanfadh siad.
Roinn Airgeadais Dept. of Finance
" Cuireadh tús leis an aighneas eatarthu nuair a d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais an tuarascáil, *Intergenerational Report 2010: Australia to 2050: Future Challenges*, i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.
airgeadais finance
" B'fhéidir go bhfuil tuairimí coimeádacha acu i leith airgeadais, ach go bhfuil tuairimí oscailte acu i leith cúrsaí craicinn.
Aire Airgeadais finance minister
" Léiríonn sé an easpa intleachta atá i gcroí an rialtais anseo nuair atá bearna billiún punt idir luach na ciorruithe atá á thuar ag an Aire Airgeadais, Sammy Wilson (£4bn) agus ag an Chéad-Aire, Peter Robinson (£5bn).
cúrsaí airgeadais finance
" Ba léir i lár na míosa seo caite go ndeachaigh cúrsaí airgeadais in olcas arís.
mhaoiniú tograí financing projects
" Tá an eagraíocht ag feidhmiú le blianta anuas mar a bheadh poblacht neamhspleách ann; ag déanamh cinntí faoi chaiteachas agus faoi mhaoiniú tograí, ag déanamh socruithe le hinfheisteoirí agus ag iarraidh tionscnaimh a mhealladh chun na Gaeltachta.
Roinn Airgeadais Dept. of Finance
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
fheachtas a mhaoiniú to finance his campaign
" Bliain toghchán uachtaránachta a bhí ann i 1948, áfach, agus bhí Truman ag brath ar a “chairde” ar nós Abraham Feinberg lena fheachtas a mhaoiniú.
saol an airgeadais the world of finance
" Beimid go léir, agus sliocht ár sleachta, ag íoc as an dearcadh sin go ceann tamaill, i saol an airgeadais agus i saol na timpeallachta araon.
Airgeadais finance
" An tAire Airgeadais: Ruairí Quinn ================= ’Sé taithí a dhéanann máistreacht agus bheadh Ruairí Quinn ar a sháimhín só dá bpillfeadh sé ar a sheanchúraimí.
sparánacht finance, budget
" An tAire Comhshaoil: Phil Hogan ================= Beidh sparánacht fhairsing ag an Roinn seo agus is post fóirsteanach é do Theachta tuaithe.
Airgeadais finance
" Ba léir go raibh siad scantraithe go dtitfeadh an rialtas nuair a tharraing na Glasaigh amach mar go bhfágfaí an fhreagracht ar an Lucht Oibre i gcomhrialtas le Fine Gael an Bille Airgeadais a threorú tríd an Oireachtas.
réimse an airgeadais the area of finance
" Tá airgead mór i saol na Gaeilge cheana féin agus nílimid ag cuidiú lena chéile i réimse an airgeadais.
maoinithe financed
" I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an *Open Society Institute* de chuid George Soros.
mhaoiniú to finance
" Bhí feachtasóirí in ann níos mó na leath milliún ainmneacha a chur ar achainí idirlín, agus bhailigh siad a dhóthain airgid chun an phobalbhreith, thuasluaite, a mhaoiniú, chomh maith le fógraíocht sna nuachtáin náisiúnta a fhoilsiú.
hurlabhraithe airgeadais finance spokespersons
" I ndíospóireachtaí éagsúla chaith na hurlabhraithe airgeadais leathchuid an ama ag cáineadh bheartais na bpáirtithe eile agus an chuid eile ag maíomh gurbh iadsan amháin a bheadh in ann méid áirithe post a chruthú agus “an tír a chur ar ais ag obair”.
maoiniú financing
" Gheobhaidh 14 TD pháirtí Adams maoiniú ón stát le foireann taighdeoirí a fhostú a chuirfidh lena gcumas airgeadais, beidh siad in ann ceisteanna a chur ar Airí i dTeach Laighean agus má leanann siad ar aghaidh leis an teachtaireacht phobalach is féidir go gcuirfidh siad go mór lena líon suíochán ó dheas.
á maoiniú being financed
" An CRD ==== Agus coimhlint ag dul ar aghaidh céad míle suas an bealach, chinn Ruane agus scaifte eile daoine macasamhail na n-ionad a bhí á maoiniú ag Trócaire thar lear a bhunú, ach é a lonnú in iarthar Bhéal Feirste.
Roinn Airgeadais department of finance
" Caidé mar a bheadh a fhios agamsa go raibh bainc ann nuair nach raibh cuntas agam? Agus chuir an húr sin i mo leith go raibh a fhios agamsa go raibh Roinn Airgeadais ann.
chéadmhaoinigh who first financed
" Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.
maoinithe financed
" Bhí an Institiúid Adelson maoinithe ag Sheldon Adelson, an cúigiú duine is saibhre i Meiriceá i mbliana le $23.
mhaoiniú to finance
" Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in *New South Wales* (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú.
de cheal airgid through lack of finance
" An Leatrom ===== Tá próifíl an-íseal ag an Choimisiún Comhionnannais ó thuaidh cionn is, b'fhéidir, go mbíonn siad ag plé go minic le haonaráin agus nach dtig leo cásanna mór tromchúiseacha a throid, de cheal airgid, ach tá buanna beaga bainte ag an Choimisiún do ghnáthshaoránaigh an Tuaiscirt agus is obair thábhachtach í.
mhaoinigh siad they financed
" Anuas air sin, mhaoinigh siad fógraí sna meáin inar baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla le rabhadh a thabhairt do chaiteoirí faoin gcineál dochair a dhéanann tobac don cholainn.
a gcuid foinse cistiúcháin their source of finance
" An ADL agus an AIPAC ============= Cé gur mhaígh an ADL sa phreaseisiúint gur thuairiscigh said go forleathan ar na scríbhneoirí seo, is cinnte nach ndearna said aon taighde ar a gcuid foinse cistiúcháin riamh.
tionscail airgeadais agus sócmhainne finance and assets industries
" Dar leo (agus an ceart acu) is iad na baincéirí agus a gcairde sna tionscail airgeadais agus sócmhainne is cionsiocair leis an ngéarchéim go léir.
An tAirgeadas finance
" An tAirgeadas ======= **SMM: Rialtas Brian Cowan a bhí ann romhaibh, d’iarr siad comhairle ar Goldman –Sachs faoi cad é le déanamh? D’éist siad leo agus d’íoc siad airgead maith as an chomhairle sin.
um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta responsible for financing terrorism
" Glaser, Rúnaí Cúnta um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta, cuairt ar an Iordáin agus an Liobáin ag brú ar na húdaráis ansin gan ligean leis an Damaisc éalú ó na smachtbhannaí.
roinn airgeadais department of finance
" Bíonn siad ag fanacht ó bhliain go bliain le scéala ón roinn airgeadais.
arm agus airgeadas defence and finance
" A Mhalairt de Scéal Abhus ============ Is beag nach raibh gach údarás seachas arm agus airgeadas faighte acu, agus d’oibrigh Caitlicigh agus Saor-Phreispitéirigh in éineacht lena chéile sa Chomhairle ó shin.
ag baint maoinithe removing finance
" “Níl siad ach ag baint maoinithe de naoi gcinn déag de na heagraíochtaí deonacha is mó ar an oileán seo.
Maoiniú Mé-Féineach selfish financing
"Maoiniú Mé-Féineach Sarkozy ============= Céard a dhéanfaidh sé, an ea? Má tá bunús ar bith leis na scéalta a tháinig chun solais ar dtús ar an nuachtán Idirlín, mediapart.
mhaoiniú reatha uireasach current financing is deficient
" Bhí lucht na scoileanna poiblí ceansaithe de bharr go raibh sí ag moladh go mbeadh a mhaoiniú bunaithe ar riachtanas as seo amach agus go bhfuil a mhaoiniú reatha uireasach.
roinn airgeadais féin dept. of finance itself
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
D’amharctaí ar an airgeadas finance was perceived
" D’amharctaí ar an airgeadas sna seascaidí mar ghairm bheatha a bhí marbhánta liosta.