Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beidh linn we will be fine
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
Míndána Fine Arts
" Deir sí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh scileanna gnó ag an té atá ag obair sa ghairm sin ach nár fhoghlaim sí a leithéid agus an cúrsa Míndána á dhéanamh aici.
fíneálacha fines
" Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
fíneálacha luais speeding fines
" Cén t-ionadh sin nuair a tuairiscíodh i rith na bliana nár íocadh ach 84% de na fíneálacha luais i 1998.
cultacha galánta fine suits
" Caitheann na hoibrithe óga seo cultacha galánta, i gcodarsnacht leis na seanéadaí atá á gcaitheamh ag na tógálaithe.
rúplach mná fine strapping woman (big boned)
" Nach bhfuil spút chéille agat ag iompar na mbocsaí troma sin leat féin?" "Ní bheidh mé i bhfad ag teacht chugam féin anois nuair atá rúplach mná cosúil leat féin agam," arsa Tomás.
Ionad breá oidhreachta a fine heritage centre
" Ionad breá oidhreachta atá ann anois, ach ní raibh sé oscailte nuair a bhí mise ansin.
ionad cultúrtha breá nua a fine new cultural centre
" Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead, ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
bua breá fine victory
" In ainneoin go raibh bua breá ag Áth Cliath ar Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh le déanaí, is é is dóichí ná go mbeidh Cill Chainnigh róláidir dóibh nó do Laois ar an 8 Meitheamh.
taispeántas breá fine display
" Rinne siad féin éacht tré Chluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach agus taispeántas breá a thabhairt iad féin in ainneoin na míbhuntáistí atá acu ó thaobh taistil agus cluichí a imirt i dtuaisceart na tíre.
an rúplach mná fine, strong woman
" Níor seo an rúplach mná a raibh aithne ag Aifric uirthi ach iarlais fágtha.
fíneáil fine
" Ach an rachaidh sé seo i bhfeidhm ar Éireannaigh Nua-Eabhrac? Tá go leor de bhunadh Rockaway go fóill ar buile faoin dóigh ar gearradh fíneáil orthu siúd a bhí i láthair ag an chóisir chuimhneacháin do 9/11 an mhí seo caite de bharr iad a bheith ag ól go poiblí.
bonnóg bhreá úr a fine fresh scone
" Thug sí cupán tae agus bonnóg bhreá úr dom agus d'imigh sí léi ansin agus í faoi dheifir, mar oibríonn sí sa Siopa Beag fosta.
tugadh sochraid mhór bhreá dó he was given a fine big funeral
" Tugadh an corp anall agus tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
sna tithe breátha faiseanta in all the fine fashionable houses
" Ach ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom dúirt cara liom gur in Coca Cola a cócaráileadh an liamhás sna tithe breátha faiseanta ar fad in Sandymount an bhliain sin freisin.
stór breá amhrán a fine store of songs
"stór breá amhrán aici agus múineann sí na hamhráin do pháistí an cheantair.
fíneáil throm a heavy fine
" Beidh fíneáil throm, chomh hard le $1,000,000 (€600,000), i gcás daoine nó comhlachtaí a sháróidh an plean.
go bhfóirfeadh na bróga i gceart dó that the shoes would suit him fine
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
Dhéanfaidh mé gnaithe breá I'll do fine
" "Dhéanfaidh mé gnaithe breá," arsa Ingrid, agus tharraing sí uirthi péire bróg agus bheir sí ar mhála agus síos léi an staighre.
d'fhóir sé go maith dom it suited me fine
" Bhí mé go mór trína chéile is dócha ag an am, so d'fhóir sé go maith dom gan a bheith ag dul isteach i bpost láithreach.
Réitigh mé go breá leo. I got on fine with them.
" Réitigh mé go breá leo.
críoch bhreá a fine ending
" Tar éis beagnach aon uair déag i mo shuí san áit chéanna, ba mhór an t-áthas a bhí orm nuair a fuair mé amach nach raibh Basil Fawlty ag feitheamh orainn ag an deasc fáiltithe! Is mór, gan amhras, idir ciúnas draíochtúil na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ach cuireadh críoch bhreá leis an turas i Leabharlann Partick.
comhluadar breá i m'fhochair fine company along with me
" Bhí sé d'ádh orm tamall ó shin bheith ag imirt gailf ar chúrsa álainn agus comhluadar breá i m'fhochair.
gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga that Fionn found it fine and easy to lie
" " Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga.
na míndána the fine arts
" Bhí spéis ag muintir Bewley sna healaíona fosta agus bhíodh na míndána le feiceáil go flúirseach ina gcuid caifí, go háirithe sa cheann ar Shráid Grafton, mar a bhfuil na fuinneoga daite áille a rinne Harry Clarke le feiceáil.
fíneáil cúirte court fine
" Níor mhór a mheabhrú gurb é McSharry féin a chinn ar dhul go príosún cionn is nach raibh sé sásta fíneáil cúirte de €300 a dhíol.
tine bhreá mhóna a fine turf fire
" Bíonn *parties* ag ár gclann ann agus is breá leis na daoine óga an seanathig deas seo, le tine bhreá mhóna, coinnle agus lampaí íle agus arán a dheinim féin.
ar chainteoir breá Gaeilge é who was a fine Irish speaker
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
ar chainteoir breá Gaeilge é who was a fine Irish speaker
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
fíneáil fine
" Ina theannta sin, gearradh fíneáil ar choistí Átha Cliath agus Thír Eoghain.
rúplach mná a fine big woman
" Déarfadh duine gur rúplach mná a bhí inti ach bhí athrach scéil ag na cailíní.
caldar fir a fine figure of a man
" Ach sula bhfuair Sorcha nó Siobhán faill aisfhreagra a dhéanamh, lig caldar fir goldar as agus thiontaigh an bhean úr a ceann ina threo.
rith Fine Gael rún Dála Fine Gael ran a Dáil motion
" Sé mhí roimh fhógra an Aire Airgeadais rith Fine Gael rún Dála ag cáineadh an rialtais mar nach raibh siad ag déanamh faic i dtaobh dhílárú na státseirbhíse.
comhluadar breá fine company
" I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
radharcanna breátha a cheilt to hide fine views
" Ní dóigh liom gur dul chun cinn atá ann ár dtír ghalánta a loit leis an rófhorbairt agus radharcanna breátha a cheilt ar mhuintir na hÉireann.
plúr na bhfear is na mban óg the finest young men and women
" Ó bhlianta an chogaidh ar aghaidh, thóg plúr na bhfear is na mban óg an bád bán go Sasana.
toghadh 55 Teachta de chuid Fhine Gael 55 Fine Gael TDs were elected
" Corrlach Paddy Power: 5/2 Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre I dtoghchán na bliana 1997 toghadh 55 Teachta de chuid Fhine Gael.
táth breá bláthanna a fine bunch of flowers
" Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
fíneálacha a íoc to pay fines
" Is é an dearcadh atá ag an rialtas, faraor, ná go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach agus gur fearr i bhfad fíneálacha a íoc ná ceannasaíocht a léiriú trí bheartais a chuirfeadh olc ar an toghlach a chur i bhfeidhm.
as broimeanna breátha bréana a scaoileadh for letting off fine smelly farts
" Agus éileofar deontas as machnamh a dhéanamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as taibhreamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as broimeanna breátha bréana a scaoileadh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta.
óstáin bhreátha mhóra fine big hotels
" Tógadh óstáin bhreátha mhóra agus vilí ar an chnoc.
do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh to the fine appearance of Croke Park
" Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha! An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana.
tithe breátha fine houses
" Thóg ceannaithe saibhre tithe breátha sa bhaile, atá ann go fóíll.
bollóga breátha blasta fine tasty loaves
" Is é an t-aon íomhá amháin a thiocfaidh isteach i m’intinn ná taos aráin á chur isteach agus bollóga breátha blasta á dtarraingt amach.
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu the fine new system that they had implemented
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
na míndána the fine arts
" Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid sé go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu.
díospóireacht bhreá a fine debate
" “Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.
go dtí go n-íocadh siad fíneáil until they would pay a fine
" Nuair a thagtaí ar Shasanaigh nó ar Éireannaigh a raibh cónaí orthu i measc na Sasanach agus an Ghaeilge a á labhairt acu, bhaintí an talamh díobh agus chuirtí i bpríosún iad go dtí go n-íocadh siad fíneáil agus go ngealladh siad go labhródh siad Béarla.
céim sa Mhínealaín a degree in Fine Art
" “Nuair a thosaigh mé a chaint leis na daoine sa siopa, fuair mé amach go raibh go leor saineolais acu ar an ealaín agus go raibh céim sa Mhínealaín ag cuid acu fosta.
chompánach breá seilfe fine shelf companion
" Tá *Ón tSeanam Anall* ina chompánach breá seilfe ag leithéidí *Laochas* le Séamus Ó Searcaigh, *Seanchas na bhFiann* le Niall Ó Dónaill, *Síscéalta ó Thír Chonaill *le Ó hEochaidh, Ní Néill agus Ó Catháin agus *Na Cruacha: Scéalta agus Seanchas* le hÁine Ní Dhíoraí.
dhromchla mín neamhionsúite a fine non-absorbable surface
" Is é atá in monotyping ná stíl déanta prionta ina dtarraingítear nó in bpéinteáiltear ar dhromchla mín neamhionsúite.
Bhóthar na Léinsí Fine Gael Road
" * Bígí ag éisteacht le Pádraig Ó Sé ag bladar leis ó Bhóthar na Léinsí le Camchuairt ar Raidió na Galltachta agus sibh ag cumadh bhur gcuid dea-rún.
séimh fine
" 6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
FG Fine Gael
" Cad tuige mar sin nach bhfuil aon suim ag fir tabhairt faoin cheird? CMÉ, Mary Hanafin agus FG ag déanamh dóigh dá mbarúil? Deir múinteoirí áirithe go bhfuil siad buartha go gcuirfear ina leith gur péidifiligh iad.
bhreá fine, lovely
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
bheachtaigh siad they fine-tuned
" Ní raibh a thuilleadh siar ná aniar ar údair an tuarascála sular bheachtaigh siad an sceanairt a bhí ar intinn acu.
caoine fine
" Is mé an cainteoir dúchais deireanach de chainteoirí caoine ceannasacha Liatroma, bail ó Dhia orm mar ghaiscíoch gasta groí, sa chiall is cultúrtha de na focail sin, agus bail ó Dhia ar shluaite na marbh a d’imigh romham agus iad ag spalpadh Ghaeilge bhinn bhlasta Liatroma agus iad ar a ndé dheiridh agus an bás ag bagairt orthu, bail ó Dhia ar an bhás.
mín fine
" Anuas go dtí an Athbheochan, shíl an Eaglais go raibh an ghealach chomh mín agus chomh glan le criostal.
mionstaidéar fine study
"mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
chaomh fine
" D’éalaigh sé lena anam ón Ghaeltacht ag Irish Fest Milwaukee i ndiaidh do mhná fiánta na háite sin spéis a chur ina cholainn bhreá chaomh.
mbarr a sláinte fine fettle
" Is iontach ar fad an méid rudaí a dúirt sé le daoine eile nach bhfuil cuimhne dá laghad aige anois orthu; ach, tá cuid bheag dá inchinn mhór atá fós i mbarr a sláinte, nó ní dhéanann sé dearmad riamh ar rudaí a deir daoine eile leis.
ar a seanléim in fine fettle
" Cé a chreidfeadh go mbeadh an DUP agus Peter Robinson ar ais ar a seanléim i ndiaidh Irisgate? Tá Peter cóir chomh sotalach, uaibhreach is a bhí sé riamh.
cóir our fine friend
" Cé a chreidfeadh go mbeadh an DUP agus Peter Robinson ar ais ar a seanléim i ndiaidh Irisgate? Tá Peter cóir chomh sotalach, uaibhreach is a bhí sé riamh.
caoin fine
" Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh i ndán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79.
chaomh fine
" Theacht dheirge an dá néal an mhaidin chiúin shamhraidh sin, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, agus i ndiaidh dó *The Western People* agus *The Mayo News* a léamh ó chlúdach go clúdach, ghléas sé é féin fá choinne an chatha: clogad crua rothaíochta fána chasdlaoithe buí, sciath óir de Bhunreacht Fhine Gael crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheas agus léine gheal ghorm an pháirtí ceangailte thart ar a cholainn chaol chaomh.
míne minute, fine
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
is deise finest
" Ar láimh amháin, bíonn na cainteoirí is deise ar domhan le cloisteáil ag caint ar an dá mheán sin, RnaG agus TG4.
Gearrtar fíneáil are fined
" Gearrtar fíneáil $20 ar dhaoine nach gcaitheann vóta mura bhfuil leithscéal inghlactha acu.
dromchla mín fine surface
" Bhí cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach.
mín fine
" Is é an dara tréith ná is cuma cé chomh géar a fhéachann tú ar mhionphíosa frachtail, bíonn sé fós chomh casta agus chomh garbh is atá an cruth ar fad – ní bhíonn an cruth mín ag aon scála.
breá fine
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
Níos Deisiúla Fós even finer still
" net/2009/06/the-20-most-inappropriately-hilarious-yahoo-answers-questions> Níos Deisiúla Fós ======= Tá neart suíomhanna téacs agus meáin saibhre ann a mhíníonn conas rudaí a dhéanamh is a fhreagraíonn ceisteanna (VideoJug)(http://www.
duais bhreá fine prize
" ) Bronnfar an duais bhreá sóláis seo uirthi ina éiric ach beidh cinnidh chrua le glacadh aici.
scríofa i bhfuil mo choirp chaoimh written in my body's fine blood
" Bhí an beartas cúig phointe greanta in eibhir, scríofa i bhfuil mo choirp chaoimh féin, (go meafarach, a Bhaloir! Go meafarach!).
míndána fine arts
" Bronnadh dochtúireacht oinigh sna míndána air in Ollscoil Uladh sa bhliain 2010, an bhliain chéanna ar bhain sé an ceithre fichid bliain amach.
focail bhreátha fine words
" Mar a thuigimid anois, is beag tionchar a bhí ag an ngníomh, cibé focail bhreátha a bhí ag Taoiseach Bertie Ahern timpeall an ama chéanna faoi riachtanas “Saoránacht Ghníomhach”.
fógra breá mór a fine large notice
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
gearrfar fíneáil orainn we’ll be fined
" Mura ndéantar sin, gearrfar fíneáil orainn.
ghlór breá fine voice
" Chomh maith lena ghlór breá, tá soiléire agus cruinneas focal go sonrach ag Pádraig sna hamhráin seo.
Cuireann an dea-aimsir the fine weather puts
" (Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!) Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
Mo shoraidh céad slán leo my fine adieu to them
"Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
Mórshiúl mín a fine parade
hearraí fínéalta ársa fine ancient artefacts
" Amharctar ar na saothair dhealbhóireachta agus ar na hearraí fínéalta ársa seo mar rudaí a bhí lán suntais agus tábhachta ó thaobh an chreidimh de.
míne fine
" Craobhóga beaga le duilleoga móra garbha agus duilleoga beaga míne a bhíonn ar fáil – ar chuile phraghas, agus ar chuile bhlas.
míndána i sochaí na linne seo the fine arts in contemporary society
" Níl amhras ar bith ann, áfach, go spreagfaidh an saothar seo machnamh agus caint ar ghnóthaí ealaíne agus ar an ról atá ag na míndána i sochaí na linne seo.
mín fine
cholainn chaomh fine body
" Nuair a d’éirigh le Balor Biatach na Blonaige a cholainn chaomh a fháisceadh suas staighre cúng an teachín seo, agus trí dhoras caol na hoifige, ba bheag an spás a bhí fágtha sa seomra.
fógra breá úr fine new sign
" Chonaic mé an fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
gleann mínghlas torthúil the fine green fertile valley
" Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr.
Focail chomh mín chomh cneasta words so fine and kind
" Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis.
dabhachaí míne marmair fine marble vessels
" Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.
ar ais ar a seanléim in fine fettle again
" De réir a chéile, áfach, cuireadh an tír ar ais ar a seanléim.
galánta fine
" Ach thug an dráma galánta seo laigeachtaí argóint Fussell chun solais.
achainí shéimh fine plea
" Is deacair uaireanta an chuid seo de leabhar Faulks a dhíleá gan cuimhneamh ar Ulysses de chuid Joyce, ach go háirithe an achainí shéimh sin a dhéanann duine amháin sa scéal sin ar a spéirbhean, *“Touch me.
a chliabhrach caomh his fine chest
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite; lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá.
dea-shampla den obair seo a fine example of this
" "Geilleagar uile-Éireann, sin an tslí chun tosaigh," a dhearbhaigh sé agus thug sé an dul chun cinn atá déanta ag eagraíochtaí trasteorann ar nós *Tourism Ireland* mar dea-shampla den obair seo.
na foirgnimh uaisle the fine buildings
" Ag titim as a chéile atá na foirgnimh uaisle, a ré caillte acu na céadta bliain ó shin.
fána chloigeann caomh around his fine head
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.