Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lorg méar salach dirty finger marks
" Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d'éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
Gabhadh mo mhéar my finger was caught (stuck)
" "Gabhadh mo mhéar idir an dhá chrata," arsa Áine.
fead ghlaice finger-whistle
" Le sin, rinne Frank fead ghlaice agus seo anall tacsaí.
Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire if there was a nip out of the top of his finger
" Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin.
tá sé ar slabhrú agam I have him wrapped around my little finger
" Agus creidfidh an clabhstar mise nó tá sé ar slabhrú agam.
do mhéar sróna your nose finger
" Is cuma cén cearn den domhan a bhfuil tú lonnaithe ann anois, thig leat teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge le cuidiú ón luchóg leictreach agus do mhéar sróna.
Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol fast fingers don't make music
" Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol.
bhí sé fá ordógaí uilig all fingers and thumbs
" Is é an rud deireanach a bhí de dhíth uirthi nó Seán a bheith ag dul daofa nó bhí sé fá ordógaí uilig nuair a bhí sé i gceann obair mhion ar bith.
méarloirg finger print
" Amach anseo b'fhéidir go mbeidh muid in ann eolas bith-mhéadrach ar nós méarloirg a úsáid chun ár gcéannacht a chruthú, ach níl an teicneolaíocht sin forbartha go leor go fóill.
méarloirg finger-prints
" Dúirt na Gardaí go bhfuarthas méarloirg na beirte ar nuachtán an *Evening Herald *a fuarthas sa ghluaisteán éalaithe.
méarachaí fingers
" Bhí a gcuid barraicíní ag pramsáil agus a gcuid méarachaí ag damhsa.
méaracha briste broken fingers
" Níl a fhios agam an bhfuil seo fíor faoi lucht iománaíochta - seans go bhfuil ach gur pianta agus gortaithe difriúla a bheadh i gceist, méaracha briste go háirithe.
sháigh trí mhéar a dheasláimhe he stuck three fingers of his right hand
" Ina dhiaidh sin d’éirigh sé agus chuir sé ordú catha air féin agus sháigh trí mhéar a dheasláimhe faoi shrón lucht an díchreidimh agus dúirt: "Léigí idir na línte a scaifte húranna gan mhaith.
ailt a cuid méar the knuckles of her fingers
" Bhí muinchillí gach geansaí dá raibh uirthi síos thart fá ailt a cuid méar agus an geansaí féin beagnach síos go dtí an dá ghlúin uirthi.
Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara watch you don't burn your fingers
"Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara, a fheara,” a scairt Máire Mhór orthu.
ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada putting this delicate question on the long finger
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
ina mhéaracha in his fingers
" Ach tar éis cúpla nóta thuigeas go raibh draíocht an damhsa ina mhéaracha agus thosaigh mé ag smaoineamh ar “Rosc Catha na Mumhan” agus ar Fheis Átha Cliath.
a méaracha her fingers
" An sórt seinnte a chuireann luascadh sna méaracha roimh thaifeadadh nó cheolchoirm.
méaracha fingers
" An sórt seinnte a chuireann luascadh sna méaracha roimh thaifeadadh nó cheolchoirm.
obair na méar the finger work
"obair na méar beagnach díreach mar a chéile ach is í an difríocht is mó ná an ton agus an t-análú.
a mhéara agus a chluasa draíochta his magical fingers and ears
" Le himeacht na mblianta, tá mé ag tuiscint níos mó agus níos mó an méid atá muid ag brath ar Tom agus a mhéara agus a chluasa draíochta.
barra a mhéar the tips of his fingers
" Rud amháineile atá fós i m\'aigne ná barra a mhéara bheith buí ó chaitheamhtoitíní".
a méaracha ina cluasa, her fingers in her ears,
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
rí-mhéaraithe much fingered
" Cóip rí-mhéaraithe de leabhar an Chaptaein O’Neill, *1001 Irish Tunes*, ar an mbord.
Ní háil léi mo bheola fliucha ná mo mhéaracha mánla. She doesn't desire my wet lips or my gentle fingers.
" Ní háil léi mo bheola fliucha ná mo mhéaracha mánla.
samhlaigh deich méar ag scríobadh clár dubh. imagine ten fingers scratching a black board.
" Agus is míthrócaireach an fhuaim a thagann as cláirnéid nuair nach bhfuil an uirlis á seinnt go rialta – samhlaigh deich méar ag scríobadh clár dubh.
méarú na píobaireachta, the fingering in piping,
" Dúirt sé féin go raibh gné chruinn eolaíoch ag baint le méarú na píobaireachta, rud a léiríonn gur oibrigh sé amach go cúramach agus go comhfhiosach a raibh ar siúl aige.
bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta. their little fingers move so quickly
" Sílim go bhfuil cosúlachtaí idir Tír Chonaill agus Albain ó thaobh theicníc na bpíobairí de - bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta.
chuig a mhéara, to his fingers
" Tá sé faoi gheasa anois agus tá a chuid mothúchán uile ar nós srutha dhiamhaire – iad ag taisteal óna chroí chuig a mhéara, chuig a ghiotár agus amach chuig an ngléas taifeadta.
idir mhéaraíocht agus análú. between fingering and breathing
" Ach lean Fiachna leis ag cur snasa ar chleasaíocht na feadóige, idir mhéaraíocht agus análú.
agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige. while the ring was being placed on the bride's finger
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara the way they used their fingers
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
ag breith ar lúidíní a chéile, catching on to each others little fingers,
" Cé mhéad duine, mar shampla, a chonaic sráid lán le daoine, ag breith ar lúidíní a chéile, ag damhsa mar nathair neimhe ollmhór ó bhun go barr na sráide? Nó cé mhéad dínn a bhfuil cur amach aige ar an mbanna Ar Re Youank nó Gwerz nó an t-amhránaí Yann Fanch Kemener? *** In Adam’s sa Daingean.
ar an méar fhada. on the long finger
" Stair Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada.
é réidh lena mhéara a dhíriú ar him ready to concentrate his fingers on
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
mhéara fingers
" Ní raibh aon ní aige seachas an ceol féin ina cheann 's ina mhéara.
ag tabhairt na méire giving the finger
" Feictear do lucht na gcarranna go bhfuil tú ag tabhairt na méire daofa cionn is gur féidir leat rothaíocht leat suas go barr an scuaine má tá trácht trom ann.
mhéar fhada long finger
" Ach dar le de Valera, b’amhlaidh gur thábhachtaí i bhfad é caomhnú na Gaeilge le linn géarchéime dá chineál siocair nach raibh sí i riocht sách láidir le go bhféadfaí an obair sin a chur ar an mhéar fhada: “Sa chaoi ina bhfuil an saol fá láthair, ta a lán neithe gur deacair dúinn gan suim, agus suim an-mhór do chur ionnta.
mhéar fhada long finger
" Tá claonadh aige nithe conspóideacha a chur ar an mhéar fhada.
méar finger
" Dein ‘I’m going to explode’ a ghúgláil agus beidh sé le léamh agat ó scread na ndéagóirí sna blagspotaí, na bhfóram agus na gclárchainte éagsúla go bhfuil méar Neranjo ar chuisle na n-óg.
mhéara fingers
" Nuair a fhaighim leabhar nua, leagaim mo mhéara air agus mothaím é, féacháil an bhfuil sé mín nó garbh, an bhfuil sé tánaí nó ramhar.
mhéaracha fingers
" Mo mhéaracha ag bogadh go fánach idir nótaí.
ordóige (finger and) thumb
" Nuair a bhuaileann Gael le Gael eile, níl amaidí ar bith leis, bíonn an nasc sin ann láithreach (baineann Rónán smeachanna ordóige mar threisiú anseo), tá sé sa bhád chéanna leat, go bhfuil muid iontach bródúil, ag iarraidh rud maith a dhéanamh ó thaobh na teangan.
méar finger
"méar á díriú ar na bancanna agus ar na forbróírí chuile lá sna meáin.
mhéar fhada long finger
" Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint.
mar a bhainfeá smeach like you'd click your fingers
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
a chur i leith pointing the finger at
" Níl iontas ar bith go mbeidh gá le hardú mór ar an deontas a fhaigheann Seosamh ó Fhoraois na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn, nó ní thiocfadh le duine ar bith tréanas ná troscadh ná féinsmacht féin a chur i leith Laoch na Súile Nimhe agus na Tóna Toirtiúla i dtaca le feoil agus ól.
lúidín little finger
" ) Fuair Lula post in aois a sheacht mbliana déag i monarcha stáin, áit ar chaill sé lúidín a láimhe clé i dtimpiste oibre.
mhéara fingers
" Ach tá na taobhghleannta, a shíneann siar mar mhéara agus ó thuaidh ó Gleann Beannchuir, suimiúil go leor agus mar a deir Cameron McNeish ina leabhar *The Monroes:* *"There may not be any great pinnacles here, rocky spires and sheer rock faces are non-existent, but there are other attributes - a wide open aspect, a feeling of vast landscapes and spaciousness, and you'll see more wildlife in a day than you'll see in the Skye Cuillin in a week.
Shín méar pointed (his) finger
a mhéar air his finger on it
" Sílim gur leag an tráchtaire Brian Feeney a mhéar air agus é ag scríobh san Irish News an tseachtain seo nuair a dúirt sé go raibh eagla ar mhuintir na 26 Chontae roimh thoghadh Martin McGuinness mar Uachtarán na hÉireann, mar go léireodh sé go raibh an fhaisnéis náisiúnta atá á scaipeadh ó dheas ó bunaíodh an stát contráilte.
ar an méar fhada on the long finger
" Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.
ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada to put problematic matters on the long finger
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.
ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach awaiting its emancipating downloading finger
" Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach.
ag oibriú na méar working his fingers
" “Cén rithim é féin meas tú?” ar sé agus é ag oibriú na méar.
barr ionga finger tip
" ” “Agus cén focal é sin?” agus chuir sé barr ionga faoi derdrathar.
Cairde go Lá, Cairde go Brách let’s not put matters on a long finger
" Cairde go Lá, Cairde go Brách ============= Le linn bhorradh an Tíogair bhí tionchar an ábharachais le feiceáil ar fud na tíre: tithe ollmhóra scaipthe faoin tír, carranna móra nua, éadaí dearthóra, agus mar sin de.
leis an méar a shíniú i gcoinne in order to point the finger (of accusation)
" Ní hé nach raibh treibheachas ag sní tríd an tír le linn na ngníomhaíochtaí uafáis a thit amach ansin le blianta beaga, ná ó ré King Idris, ach tá sé in am anois ráiteas uafáis de chineál an bhuama sin a dhéanamh leis an méar a shíniú i gcoinne Mhuintir Warfalla.
an fáinne gealltanais ar a méar aici the engagement ring on her finger
" Rud a tharraing aird faoi leith an domhain agus Johansson ar an gcairpéad dearg an babhta seo ná an fáinne gealltanais ar a méar aici.
méar Naomh Tomás St. Thomas’ finger
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.
is deacair do mhéar a leagan ar conas it’s hard to put your finger on how
" Le teacht an idirlín, tá cúrsaí athraithe go mór agus is deacair do mhéar a leagan ar conas a bheidh cúrsaí sna blianta amach romhainn.
Níl breith agam féinig ar I can’t put my finger on
" Níl breith agam féinig ar an easpa tuisceana ar chultúr atá le fáil sa phub, sa tacsaí, sa tsráid nó i ndorchlaí na cumhachta - laistigh nó lasmuigh d'Éirinn.
moltar do mhéar, peann nó eile it’s advised (to use) your finger, a pen or something else
" Sin an fáth go moltar do mhéar, peann nó eile a úsáid chun léamh níos tapúla gan bhotúin.