Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá an deontas reaite the grant is spent, finished
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
tá an deontas reaite the grant is spent, finished
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
Nuair a bhí sé sin curtha di aici When she had finished that
" Nuair a bhí sé sin curtha di aici, phós sí agus bhailigh sí léi as Éirinn.
beidh a port seinnte it will be finished
" Níl sé rómhall leis an Ghaeltacht a shábháil ach muna gcuirfear infheistíocht ar fáil agus pleanáil chuí i bhfeidhm go luath, dírithe ar theaghlaigh agus ar pháistí óga, is cinnte go mbeidh a port seinnte.
ag cur bailchríche ar putting the finishing touches to
" Bhí Susan ag cur bailchríche ar a saothar nuair a bhuail mé léi agus, thar cupán tae, thug sí píosa beag dá cúlra féin domh chomh maith le heolas ar stair na stiúideonna.
barr slaicht finishing touches
" Ní fada go mbeidh barr slaicht dá chur ar an bhfoirgneamh breá seo a thabharfaidh ciúnas agus tearmann do dhaoine atá ag teannadh amach sna blianta.
snasta well-finished
" Ach má cheannaíonn tú ríomhaire nua snasta, tá fadhb á cruthú agat duit féin: Cad a dhéanfaidh tú leis an ríomhaire atá agat cheana féin ar do dheasc? Tá cuid mhaith ríomhairí as dáta ag bailiú dusta i dtithe in Éirinn, agus tá an teicneolaíocht ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin gur beag eagraíocht charthanachta atá sásta glacadh le ríomhairí atá níos mó ná cúpla bliain d'aois.
deis é a chríochnú an opportunity to finish it
" Tá Colm féin ag obair ar albam aonair le fada, ach tá sé dóchasach go bhfaighidh sé deis é a chríochnú sna míonna atá romhainn.
an dlaoi mhullaigh to put the finishing touches
" "Sé amhrán de mo chuidse," a deir sé, "agus bheadh gach duine ag caoineadh!" D'fhoilsigh Colm cnuasach gearrscéalta, *Turasóireacht*, i 1995 agus ba mhaith leis an dlaoi mhullaigh a chur leis na scéalta atá á scríobh aige le tamall de bhlianta anois don chéad chnuasach eile.
ullamh finished
" Chomh luath agus a bheidh tuarascáil an Bhreithimh Barron ullamh, bronnfaidh sé í ar an rialtas, a bhronnfaidh í ar an gComchoiste Dlí, Cirt, Comhionannais agus Cearta na mBan.
raite run out, finished
" Tá an páipéar raite anseo.
curtha de aige finished
" " Cinneadh dul go Meiriceá ======= Nuair a bhí an mháistreacht curtha de aige, chaith Allen bliain ag obair i mBanc na hÉireann.
curtha i gcrích finished
" Nuair a bheas an obair sin curtha i gcrích ag an RPA, beidh siad ag díriú a n-aird ansin ar sheirbhís a fhorbairt idir lár na cathrach agus an t-aerfort.
ag tnúth le bheith críochnaithe looking forward to being finished
" Táim ag tnúth le bheith críochnaithe leis an diabhal tráchtais seo chun go mbeidh mé in ann gnáthleabhair a léamh arís seachas *Ion **Selective Electrodes in Analytical Chemistry *agus a leithéid! Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAogán ag an seoladh (aoganlynch@eircom.
críochnófar í it will be finished
" Tá ceisteanna maoinithe agus timpeallachta a bhaineann leis an tionscadal á scrúdú faoi láthair agus mura mbíonn aon deacracht ann tosófar ar an tógáil an bhliain seo chugainn agus críochnófar í sa bhliain 2007.
tá deireadh leis an Chomhaontú the Agreement is finished
" " Mura bhfuil, tá deireadh leis an Chomhaontú.
reaite finished, run out
" "Tá an téip chumhdaigh reaite agus bhí mé ag smaointiú gur mhaith leat a dhul chuig B&Q le tuilleadh a fháil.
an obair a chur i gcrích to finish the work
" Tá sé ar intinn ag an Iodáil, agus tá súil aici, an obair a chur i gcrích faoi cheann dhá mhí.
bhailchríoch finishing touch
" Tá an chomhdháil á comóradh chun an bhailchríoch a chur ar an gCoinbhinsiún a bhí i mbun oibre le bliain go leith.
réidh finished
" AÓF: Ar thóg sé mórán ama ort? TM: Thosaigh mé i 1997 agus mé ag ceapadh nach mbeadh stró ar bith orm a bheith réidh don bhliain ina dhiaidh sin, ach gach áit a bhreathnaigh mé tháinig mé ar a thuilleadh ábhair! Níor éirigh liom é a chríochnú faoi dheireadh go dtí an bhliain dhá mhíle! AÓF: Dhá n-iarrfainn ort rud amháin a phiocadh amach nach dtaitníonn leat faoi staid an cheoil thraidisiúnta in Éirinn faoi láthair, céard a déarfá? TM: An rud is mó a chuireann isteach orm ná an bealach go bhfuil deighiltí tar éis teacht isteach sa traidisiún.
conas a chríochnóidh cúrsaí how things will finish up
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
an íomhá chríochnaithe the finished image
" Tá a shaothar lán tagairtí don bhás agus don anghrá agus, in ainneoin iad a bheith léirithe le lámh churámach fhineálta, is minic a bhíonn an íomhá chríochnaithe foréigneach - bíonn géaga lúbtha le feiceáil, cuir i gcás, nó coirp scriosta, i bpian.
ag críochnú iarchéime finishing a post-graduate degree
" Bhíos díreach ag críochnú iarchéime i gColáiste na Tríonóide nuair a ghabh an *wanderlust* seo mé.
réidh finished
" Chaith Hopper seal i bPáras nuair a bhí sé réidh sa choláiste ealaíne agus, in áit spreagadh a fháil ó shaol na healaíne ansin, ní dheachaigh an áit i bhfeidhm air ar bhealach ar bith.
réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh they prepared the finished version for broadcast
" Rinne Telegael an eagarthóireacht ar na pictiúirí, chuir siad fuaimrian leis, mheasc siad an fhuaim agus réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh.
críochnaithe finished
" Tar éis sí mhí, bhí gach uile cheacht sa leabhar críochnaithe agam, agus chuaigh mé tríd arís - faoi dhó, faoi thrí - nó gur thit an leabhar as a chéile ar fad.
Bhí mo phort seinnte I was finished
" Bhí mo phort seinnte, mar a déarfaí - ag sciotaíl faoi a bhí mé ach ní raibh ann ach searbhas chun an brón a sheachaint.
críochnaithe finished
" Faoin tionscadal seo, tá 6,000 teach nua á dtógáil (tá 5,000 acu críochnaithe cheana féin) agus beidh na túir go léir imithe faoi dheireadh.
ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta finishing their personal projects
" Le roinnt seachtainí anuas tá mic léinn an Dioplóma i Scileanna Raidió ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta agus ag gabháil amach ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le stáisiúin eile raidió.
críochnaithe finished
" Thóg sé naoi mbliana ón lá a thosaigh mé ar an gcéim go dtí go raibh mé críochnaithe.
a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh which finishes with the burning of a giant wickerman
" Agus is féidir dul ann Oíche Shamhna agus sult a bhaint as ceiliúradh na féile ársa Ceiltí, Samhain, a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh.
críoch snasta a polished finish
" Bhí dhá chéad míle duine bailithe thart ar an fhíor-Joe Mac Donnchadha agus é ar tí críoch snasta a chur le véarsa a daichead a sé de “The West’s Asleep”.
críochnaithe finished
" Ní raibh an bóthar críochnaithe go dtí na 1850í, nuair a bhí gorta ann agus íocadh daoine le bheith ar obair ar oibreacha poiblí.
leis sin a chur i gcrích to finish that
" Tabharfar glúin dóibh leis sin a chur i gcrích.
thart finished
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí éagsúla ar aon nós, nach duine an-sona a bhí i Roy Keane go fiú agus é i mbarr a réime, tréimhse atá thart le tamall anuas.
réidh finished
" Nuair a bhíos réidh sa mheánscoil, isteach san ollscoil liom agus roinnt blianta ina dhiaidh sin bhain céim tréidliachta amach.
nach mór istigh nearly finished
" Bhuel, tá an deich mbliana sin nach mór istigh: caithimis súil siar, mar sin, chun an réaltacht a chur i gcomparáid leis na gealltanais.
ní fada go mbeidh a phort seinnte it won't be long until he is finished
" Ach má fhéachann sé lena chomhairle féin a dhéanamh, ní fada go mbeidh a phort seinnte.
ar éigean a chríochnaíonn siad an cúrsa they just about finish the course
" Anois is arís, déanann siad iarracht beagán reatha a dhéanamh, ach gearrann siad cúinní agus ar éigean a chríochnaíonn siad an cúrsa, go fiú agus iad ag siúl.
críochnaithe finished
" Aon uair a shíl mé go raibh an cúrsa deireanach críochnaithe agam, thagadh ceann eile amach, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh mo ghloine á líonadh féin le fíon – i bhfad níb fhearr ná an ceann a bhí fágtha i mo dhiaidh agam i gCill Mhantáin! D’imíomar amach – buidéil bheorach sna pócaí againn! – thart ar 11.
sin uile that's all, everything is finished
" Na draenna ======= Go bhfóire Dia orainn, arsa mise liom féin, ach cá bhfuil na draenna? Breathnaím suas síos Fifth Avenue, ach sin uile.
Mar fhocal scoir to finish
" Mar fhocal scoir, déarfainn go bhfuil rud amháin níos tábhachtaí ná aon ní eile: Chun go mbeidh aon seans againn an Ghaeilge a athbheochan, caithfidh muid uilig a bheith sásta í a labhairt go poiblí, ar na sráideanna, sna tithe tábhairne, sna bialanna, sna siopaí, chuile áit.
bhí mé réidh léi I had finished with her
" “An bhfuil a fhios agat seo?” arsa bean acu, “bhí mé réidh léi agus an ghruaig agus eile déanta.
críochnaithe finished
" Aon uair a shíl mé go raibh an cúrsa deireanach críochnaithe agam, thagadh ceann eile amach, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh mo ghloine á líonadh féin le fíon – i bhfad níb fhearr ná an ceann a bhí fágtha i mo dhiaidh agam i gCill Mhantáin! D’imíomar amach – buidéil bheorach sna pócaí againn! – thart ar 11.
slachtmhar neat, well-finished
" Ní ábhar ró-éasca a dhéanamh as teanga na Gaeilge ach go mbeadh cainteoirí slachtmhara, maithe Gaeilge ag teacht amach ag ceann scríbe – sin an aidhm ba cheart bheith le múineadh na Gaeilge.
ó chríochnaigh mé mo chéim since I finished my degree
" Cén ról atá agat féin in Feachtas agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú go lánaimseartha mar dhuine d’Oifigigh Forbartha Feachtas agus tá mé sa phost ó chríochnaigh mé mo chéim le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2004.
an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh to put the finishing touches to an contract
" Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe.
bheimis réidh ar fad mar mhórchumhacht we'd be finished as a major power
" “Polasaí an bhata mhóir,” a thugann cara ar an gcaoi a ndéileálann Meiriceá le pobal an domhain, “ach cén dara rogha atá againn? Murach é, bheimis réidh ar fad mar mhórchumhacht.
Is maith liom a bheith réidh leis. I'm glad to be finished with it.
" Is maith liom a bheith réidh leis.
go raibh a phort seinnte that he was finished
" Thréig na comhlachtaí ceirníní ar fad é agus cheap a lán go raibh a phort seinnte.
agus go gcríochnaíodh sé an séasúr céanna and that he'd finish the same season
" Ceanglaíodh na foirne seo le foirne na *Major Leagues* (ba mhinic gur le foirne *Major League* na foirne beaga seo), agus ba mhinic a thosaíodh imreoir éigin an séasúr daorchluiche leis na Memphis Redbirds (nó a macasamhail) agus go gcríochnaíodh sé an séasúr céanna leis na St.
don chríoch for the finish
" Ar ábharaí an tsaoil, tháinig agus d’imigh an spéirling oíche Déardaoin, agus cé is moite de cheathanna troma, bhí an aimsir cineálta go leor, go háirithe ar an Domhnach don chríoch.
Albam aonair a chríochnú. To finish a solo album.
an deireadh diomúch the disappointing finish
" Cé go raibh díomá agus briseadh croí ar na himreoirí seans gur chuidigh an toradh agus an deireadh diomúch le foireann na hÉireann a ghríosú agus tabhairt faoi na Sasanaigh le cur chuige agus le paisean.
go bhfuil a port seinnte. that the language is finished.
" Deir sé gur cineál d'eisceacht í an Bhriotáinis; níl sé chomh fada sin siar ó bhí milliún duine ag labhairt na teanga sin ach tá titim thubaisteach tagtha ar líon na gcainteoirí le cúpla glúin anuas, agus measann Krauss, agus beagnach gach teangeolaí eile, go bhfuil a port seinnte.
an t-aistear a chríochnú. to finish the journey.
" Is mór an dúshlán é ag coisí ar bith – bíodh sé ina Chríostaí nó na bíodh – tabhairt faoi agus an t-aistear a chríochnú.
críochnaithe finished
" Maidir le daoine fásta os cionn 30 bliain, aistríonn siad chuig spórt aonair go minic i ndiaidh dóibh bheith críochnaithe le spórt foirne.
agus an dealbh á críochnú aige. as he finished the sculpture.
" ***** Tá John Hoban ag caint ón altóir lá na sochraide, faoi na cainteanna fada a bhí aige le Ger cúpla seachtain roimh a bhás; faoin ealaín, faoin dealbh a bhí díreach críochnaithe aige, faoin saol, faoin tsíocháin a bhraith sé go domhain ina chroí agus an dealbh á críochnú aige.
Críochnaímis let us finish
" Críochnaímis le sampla den chineál seo taighde ar tuar dóchais é.
an tsiúlóid sin a chríochnú. to finish that walk.
" Thóg sé lá iomlán, nó sé huaire, an tsiúlóid sin a chríochnú.
go raibh deireadh liom. that I was finished.
" Ach is dócha nár shíl mé riamh go raibh deireadh liom.
den cháipéis chríochnaithe of the finished document
" Agus é déanta agat, is féidir leagan PDF den cháipéis chríochnaithe a íoslódáil.
a chríochnaíodh who used to finish
" Ba chuma cén comórtas gailf ar domhan a raibh sé páirteach ann, bheadh daoine ag cur na ceiste ar a chéile ar mhachairí gailf na tíre: "Cén chaoi a bhfuil ag éirí le Harrington?"Bhí an cháil ar Phádraig ar feadh na mblianta mar imreoir a chríochnaíodh sa dara háit go minic i gcomórtais ar fud an domhain agus mar dhuine nach raibh sé ar a chumas aige an chéad áit a bhaint amach, ach amháin go fíorannamh.
Críochnaithe! Finished!
" Críochnaithe! Spíonta! Amaidíocht! Tá comhad fuaime den amhrán de chuid Kíla, "Cabhraigí léi", a mheasc The Thrills le fáil thíos, os cionn na gluaise.
nár chríochnaíomar riamh that we never finished
" Píosa ab ea é nár chríochnaíomar riamh mar nach raibh sé ceolmhar agus go raibh sé lán de dhíshondas dorcha.
ó thús deireadh. from start to finish
" AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag gabháil foinn agus cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú, an gcuimhin leat? GB: Bhí mé thart ar sheacht mbliana d’aois, agus is cuimhin liom gur fhoghlaim mé ‘An Spailpín Fánach’ as *Abair Amhrán *ó thús deireadh.
críochnaithe finished
" D’fheil an iriseoireacht go maith dom ar an gcaoi sin; an nóiméad a rachadh an nuacht amach bhí tú críochnaithe leis sin agus d’fhéadfá dul síos Tigh Mhadagáin agus cúpla pionta a ól.
atá díreach thart. which is just finished
" Tá deireadh le 2007 agus nár bhreá a rá "*and they all lived happily ever after*", ach ba thúisce *Bah Humbug* i mo bhéal tráth na Nollag atá díreach thart.
a bhí díreach curtha i gcrích which was just finished
" Oíche amháin ag a naoi, dúirt sé liom go raibh fonn air bualadh isteach chuig Lance agus a bhean Suzanne leis an jab tógála a bhí díreach curtha i gcrích ar a dteach a fheiceáil.
ag críochnú an fhocail finishing the word
" Fuarthas suas le 69 tairiscint ceannaigh ar an saothar, ar íomhá é ina léirítear ealaíontóir ag críochnú an fhocail “Banksy”.
tá an dlaoi mhullaigh á cur finishing touches are being made
" Tá na scéalta grinn Gaeilge á gcleachtadh aige le tamall anuas agus faoi láthair tá an dlaoi mhullaigh á cur ar an obair sin.
chun mo chuid oideachais a chríochnú. to finish my education
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
bhí port Eddie seinnte. Eddie was finished.
" Bhí sé thar am d’Eddie imeacht -- b'in tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí agus bhí port Eddie seinnte.
nuair a chríochnaigh sé an t-aistriúchán. when he finished the translation.
" Dúirt Smith gur thug sé na plátaí ar ais don Aingeal Moroni nuair a chríochnaigh sé an t-aistriúchán.
ídithe. finished.
" Sleamhnaíonn m’aird chuig an mbean in aice liom ag gearán faoina ceann a bheith ag éirí liath le strus an tsaoil! An *latté* ídithe.
nuair a chríochnaíos, when I finished
" Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais.
curtha i gcrích finished
" Agus an obair seo curtha i gcrích acu, thug siad aghaidh ar chóras téacs-go-hurlabhra a fhorbairt don Ghaeilge.
in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh despite the fact that he never finished his secondary schooling
" D’éirigh leis na poist sin ar fad a bhaint amach in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh.
críochnaithe finished
" Tá sé ag scríobh leabhair faoin cheangal idir a shinsearsan agus Éirí Amach na Cásca agus tá súil aige go mbeidh sé críochnaithe aige roimh 2016.
díreach tar éis a mbunchéim a chríochnú just after finishing their degrees
" Bí ag caint ar scanrúil – bhí lear mór daoine óga féinmhuiníneacha ansin a bhí díreach tar éis a mbunchéim a chríochnú in Ollscoil Luimnigh agus bhí an 99 faoin chéad eile acu díreach tagtha amach as institiúid inteacht eile.
Nuair a bhí siad réidh leis an chaint when they were finished talking
" CúrsaíNuair a bhí siad réidh leis an chaint (agus Oscar bainte agam i mo chloigeann), scairt siad amach ainmneacha na gcúrsaí MA ar fad ceann ar cheann.
síothlaithe finished, gone, dead
" “Má amharcann tú ar Mheiriceá inniu, tá sé briste as airgead, tá a institiúidí airgeadais in aimhréidh, tá sé ag fáil airgid ar iasacht ón tSín, tá a fhórsaí armtha ag troid i dhá chogadh agus tá a údarás morálta síothlaithe.
chríochnaíodar they finished
" An chomhthuiscint capall na hoibre De bharr an ceangail seo, tháinig ruathar faoi shruth na maidne agus chríochnaíodar an seisiún le grianghrafanna den scoth - ceann atá ar chlúdach an albaim úir - To Be Touched (albam álainn dála an scéil).
cúl ar an dialann finished the diary
" Chaill mé ceamara is chlis ar mo ríomhaire glúine agus chuir an dá rud sin cúl ar an dialann, ach tá mé ar ais ar an bhóthair arís.
chríochnaigh finished
" ” Thosaigh Cathy ag meangadh ansin agus chríochnaigh a cuid cainte le han-racht gáire sa dóigh gur chuir sí mé féin ag gáire nuair a dúirt sí: “.
ó thús deireadh from start to finish
" ” Ba léir dom ó thús deireadh an agallaimh seo go bhfuil taidhleoir / urlabhraí den scoth ag Dervish.
cosa i bpoll a chur le to dig a grave for .., finish off
" Caithfidh tú plean agus sprioc a bheith agat – sin a bheith amhlaidh ó do chuid iompair agus cosa i bpoll a chur le haon duine a thagann isteach i do chasann.
Chríochnaigh finished
" Chríochnaigh aitheasc Obama ar an 24ú Feabhra le freagra ó Ghobharnóir Louisiana, Bobby Jindal, a chuir alltacht ar go leor.
ar éigean thart barely finished
" Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
chóir a bheith thart almost finished
" Níl in aon ní ach seal a deir siad agus tá mo sheal sna Stáit Aontaithe chóir a bheith thart.
Chríochnaigh finished
" Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh.
thart finished
" Má tá an nasc sin scaoilte ar chóir an nascadh sin a dhéanamh arís agus a threisiú? Níl mé a rá go bhfuil ré na déantúsaíochta thart.
Críochnaíonn finishes
" Críochnaíonn sí mar seo:"*It is evident that the decline in Gaelic during this period was also rooted in the Irish psyche, which had come to perceive the acquisition of English as a prerequisite of social and economic advancement in an expanding and increasingly urbanized world.
Críochnóidh shall finish up
" Críochnóidh an bhliain scoile an tseachtain seo, ar an gceathrú lá is fiche de Mheitheamh, nuair a bheidh scrúdú deiridh an baccalauréat ann.
chur i gcrích finish off
" Cad é do bharúil, a Bhaloir? Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill! Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna.
Chríochnaigh finished
" Chríochnaigh mé mo thráchtas don MA ar an dara lá de mhí an Mheithimh agus bhí an viva voce agam ar a 5ú.
chríochnú finish
" D’fhoghlaim mé struchtúr a chuir ar mo shaol, agus an cheird is tábhachtaí – rudaí a chríochnú.
críochnaithe finished
" Rinne muid sceallóga de na prátaí – iad bánaithe san ola go dtí go raibh siad tréshoilseach – curtha ar leataobh, agus críochnaithe in ola a bhí níos teo ná an chéad bhabhta, nuair a tháinig na haíonna isteach ar an doras.
snas ar polish on, finished of
" Ach sílim féin, cé go raibh sé millteannach blasta – is é an bealach a tháinig an bia chugainn a chuir an snas ar an oíche seo.
Cosa Nite finished, done for
" htm)SMM: Is cineál ‘Cosa Nite’ é? BNC: Tá sé chomh dorcha leis, ag breathnú siar, tá sé chomh dorcha leis, ach tá na pictiúirí ar an leibhéal céanna is atá an scéal.