Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhinnéithe witnesses
" ) Tá go leor daoine neamhchiontacha curtha chun báis, agus tarlóidh sé sa todhchaí fosta, de bharr mhí-iompar cosantóirí agus póilíní, de bharr nach raibh teacht ag cosantóirí ar chosaint cheart dlí, mar gheall ar chlaontacht fhorleathan ciníoch, bréagaithint, fianaise ó fhinnéithe nach bhféadfaí brath orthu, agus faoistiní a fuarthas leis an lámh láidir.
finnéithe witnesses
" Tamall roimhe sin, i dtriail John Gilligan, léirigh an Giúistis Diarmuid O'Sullivan imní toisc nár choimeád an bleachtaire Hanley aon chuntas ar ar na cruinnithe a bhí aige le finnéithe, Russel Warren agus Charles Bowden.
fhinné witness
" De réir an Ollaimh le Dlí in Ollscoil Uladh, Fionnuala Ní Aoláin, bhí trí ghné ag baint leis na trialacha ollbhrathadóra a chothaigh deacrachtaí: de ghnáth, ní raibh aon fhinné eile ann le tacú leis an fhianaise a thug na brathadóirí, agus chaith an tslí ar mealladh daoine le fianaise a thabhairt, mar aon le carachtar na mbrathadóirí féin, amhras ar an fhianaise a thug siad.
fhinné witness
" Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
fhinné witness
" Dúirt sé leo go raibh sé sásta fianaise a thabhairt don fhiosrúchán oifigiúil, The Taylor Inquiry, ach níor roghnaíodh é le bheith ina fhinné.
finnéithe witnesses
" "Ach ar mhaithe leis na finnéithe, éisteoidh muid leis an chomhairle a tugadh dúinn.
fhinné witness
" De réir an fhinné, níor chuireadar aon cheisteanna air faoin ngluaisteán a chonaic sé.
nuair a bhuaileadar leis an bhfinné when they met the eyewitness
" Ní hamháin sin ach deir na Gardaí freisin nach eol dóibh fiú go fóill cérbh é an garda a bhí i dteannta ard-cheannfort an RUC sa ghluaisteán nuair a bhuaileadar leis an bhfinné.
fhinné pearsanta personal witness
" Le cúig bliana is fiche anuas tá sé ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.
céad fhinnéithe neamhspleácha na staire the first independent witnesses of history
" “Ba ghnách liom creidbheáil gur muidinne, na hiriseoirí, céad fhinnéithe neamhspleácha na staire, go raibh muid neodrach.
finné súl eyewitness
" Dúirt finné súl amháin liom gur lucht na sráideanna a bhí páirteach sa chreachadh a chuaigh ar aghaidh Dé Sathairn.
mar fhinné as a witness
" Tagann tocht ort agus tú i do sheasamh i lár na heaglaise, foirgneamh a bhí mar fhinné ar an lá millteanach sin, ag meabhrú ar an chuma a bhí ar an bhaile sular leagadh é agus an saol a bhí ag daoine sular tháinig an t-ollscrios.
finné a witness
" Ach ní raibh finné ar bith agam.
finné súl eye witness
" Glacadh leis i gcónai gurb é an mílísteoir ainrialta Federico Borrell García an t-íobartach sa phictiúr ach de réir an stairí Hugo Doménech, a tháinig ar chuntas finné súl ó 1937, fuair García bás ar chúl crainn a bhí in úsáid mar chosaint piléir aige i Cerro Muriano.
finnéithe witnesses
" Ba mhór an faoiseamh a bheadh ag teaghlach an fhir mhairbh dá bhfoilseofaí, chomh maith le sin, an tuairisc a rinne Leas-Choimisinear an Gharda Síochána ag an am, Eugene Crowley, ar bhás Mc Anespie, ach tá An Garda Síochána ag diúltú sin a dhéanamh "le finnéithe a chosaint.
finnéithe witnesses
" Tá ráite aige, os comhair finnéithe agus i láthair a dhé féin, nach ndéanfaidh sé gearradh siar dá laghad ar an dá euro agus seachtó trí cent a fhaigheann muid in aghaidh an lae.
finné witness
" Más mian leat a bheith saor, tuig gur tú an Féin, an finné orthu go léir, croí an airdill.
a bheith ina fhinné ar to be witness to
" * Sin mar a chonaic Aontachtaithe an Riail Dúchais, ach cad é mar a chonaic Náisiúnaithe é? Chuir páipéar náisiúnaíoch amháin, The Frontier Sentinel, síos ar theachtaireacht an Chúnaint mar a chonaic an nuachtán é - diúltaíonn sé go bhfuil sé de cheart agus de chumas ag Éireannaigh iad féin a rialú; gurb iad Caitlicigh na hÉireann “the spawn of the devil” nach bhfuil d'aidhm acu ach Protastúnaigh a scor; gurb é an móramh Protastúnach/Aontachtach i gceithre contae de chuid Chúige Uladh amháin a chleachtann an fhíor-Chríostaíocht agus iarrann an Cúnant ar Dhia a bheith ina fhinné ar bhréaga, dar leis an Sentinel.
Finné ar Riasc an Choimheascair a witness to the swamp of contention
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
fhinné ar an stair a witness to history
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
bhfinnéithe saineolacha expert witnesses
" Cuireadh faoi thriail iad agus ciontaíodh an bheirt acu mar gheall ar fhianaise fhóiréinseach na bhfinnéithe saineolacha.
iompú ina bhfinnéithe don choróin to become crown witnesses
" Bheartaigh beirt acu siúd iompú ina bhfinnéithe don choróin agus fianaise a thabhairt in éadan a gcomharsan.
fianaise finnéithe eile evidence of other witness’s
" Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge.
Dar le finnéithe according to witnesses
" Dar le finnéithe go raibh Mubenga ag lorg cabhrach ó na paisinéirí eile ar an eitilt de chuid British Airways agus ag liú nach raibh sé in ann análú nuair a shuigh an triúr gardaí anuas air.
ina fhinné stáit a state witness
" Agus faoi dheireadh d’iompaigh fear darb ainm Vico Virkez, a d’admhaigh go raibh sé páirteach sa chomhcheilg, ina fhinné stáit.
roinnt finnéithe some witnesses
" B'fhacthas do roinnt finnéithe go raibh duine éigin ar scaradh gabhail os cionn duine eile a bhí ina luí ar an talamh, agus taispeánann an fhianaise gur buaileadh cloigeann Zimmerman in aghaidh na talún, gur briseadh a shrón, agus go bhfuair sé dhá shúil dhubha.
agus de réir finnéithe and according to witnesses
" De réir an daonáirimh 1851, ba Ghaeilgeoirí iad, formhór na ndaoine sna contaetha thuas luaite, agus de réir finnéithe, mar an eaglaiseach Úinitéireach, an tOirmhinneach John Johns, ní raibh Béarla ar bith ag cuid de na hÉireannaigh a casadh dó i Learpholl sa bhliain 1847.
fhinnéithe ag an stát state witnesses
" An Triail a Thit ======= Ní raibh an tUas Ó Maolaodha ná an tUas Ó Conchúir i measc an tseisear fear a bhí mar fhinnéithe ag an stát nuair a cuireadh Ó Lubhlaí ar a thriail i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.
nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe statements of witnesses were not found
" Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.