Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beartas fioscach fiscal policy
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
comhchuibhiú fioscach tax harmonisation
" D’fhéadfaí iarracht a dhéanamh comhchuibhiú fioscach nó ionannú cánach a bhrú ar thíortha uile an Aontais, moltaí atá ar na bacáin cheana féin agus á gcur chun cinn go láidir ag an Fhrainc.
chúrsa fioscacha fiscal matters
" Níl an t-airgead againn fá choinne beartas mór spreagtha (*stimulus*) cionn is go bhfuil droch-chaoi ar chúrsa fioscacha agus go bhfuil fiacha an stáit ag dul ó smacht.
chóir fhioscach fiscal rectitude
" Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!).
rialacha fioscacha fiscal regulations
" Is léir go bhfuil rialacha fioscacha de dhíth le go bhfeidhmeodh limistéir an euro go maith.
comhordú fioscach fiscal coordination
" Iad siúd a chreideann gur chóir go mbeadh euro-bhannaí ann nó gur chóir go mbeadh comhordú fioscach de chineál éigin ann le go bhfeidhmeodh limistéar an euro ní b’fhearr, ba chóir dóibh vótáil ar son an chonartha.
Aill Fhioscach Fiscal Cliff
" An Cat Mara Romhainn ====== Amach romhainn tá an "Aill Fhioscach", rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre.
aill fhioscach a fiscal precipice
" Sna Stáit Aontaithe, tá siadsan ag suansiúl go bacach ó ‘aill fhioscach’ go géarchéim maoinithe (gan a bheith ag trácht ar na cogaí roghnacha thubaisteacha a tharraing siad orthu féin le deich mbliana anuas).