Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
roinnt fiosrúchán discréideach some discreet enquiries
" D'éirigh liom teacht ar a theach trí roinnt fiosrúchán discréideach a dhéanamh agus breab nó dhó a íoc.
fiosrúchán inquiry
" Thosaigh an fiosrúchán faoi Harold Shipman i mí an Mheithimh anuraidh i Halla na Cathrach i Manchain agus ní bheidh sé críochnaithe go dtí earrach na bliana seo chugainn, 2003, nuair a fhoilseofar tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith ((www.
fiosrúchán oifigiúil official inquiry
" Bhí fiosrúchán oifigiúil ann faoin tubaiste, ar ndóigh, agus dúirt an Sirriam Kenneth Forbes ina thuairisc nach raibh locht ar bith ar Roger Wild.
fhiosrúchán enquiry
" **PM:** Ach tá dhá fhiosrúchán ar siúl faoi láthair a thiocfas ar an fhírinne.
fhiosrúchán investigation
" Bíonn trácht leanúnach sna nuachtáin thablóideacha ar an fhiosrúchán agus ar an fhianaise agus bíonn daoine ar bís le níos mó eolais a fháil.
bhfiosrúchán poiblí public enquiry
" I measc na bpríomhcheisteanna a bheidh á scrúdú ag an bhfiosrúchán poiblí a d'ordaigh an tAire Dlí agus Cirt níos luaithe i mbliana le gníomhartha na nGardaí i nDún na nGall a scrúdú, beidh faoistin áirithe.
fiosrúchán investigation
" Ach, ó bhí mí Iúil ann, tá na póilíní tar éis fiosrúchán a thosú i gcás dáréag de na daoine seo a bhí ag úsáid cuid seirbhísí Viva Lain, soláthrú striapach agus teacht i dtír ar an striapachas curtha ina leith.
go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách that an independent inquiry was needed
" Gá le fiosrúchán ======= Thart faoin am céanna d'fhoilsigh an iris *Hibernia* alt ina ndúirt siad go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith.
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Tá an fiosrúchán poiblí i Halla na Cathrach i Manchain i mbun oibre arís anois tar éis shos an tsamhraidh agus foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith, san Earrach 2003.
ina bhfiosrúcháin in their enquiries
" Ba cheart dóibh geallúint chomh maith go gcuirfeadh siad gach blúirín eolais atá acu faoi aon chás faoi bhráid na nGardaí mar thacaíocht dóibh ina bhfiosrúcháin.
fiosrúcháin enquiries
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
fiosrúchán inquiry
" Tá go leor eile fós le theacht amach as fiosrúchán Morris.
fiosrúchán inmheánach internal inquiries
" Le cúig bliana anuas tá Coimisinéir na nGardaí, Pat Byrne, tar éis an-chuid fiosrúchán inmheánach a ordú maidir le mí-iompar de shaghas amháin nó de shaghas eile de chuid na nGardaí.
Binse Fiosrúcháin na Mairteola The Beef Tribunal
" Nuair a bhí Binse Fiosrúcháin na Mairteola ina shuí aon bhliain déag ó shin dúirt a chathaoirleach, an Breitheamh Hamilton, nár ghá an fiosrúchán costasach sin a chur ar bun an chéad lá riamh.
fiosrúcháin enquiries
" Mothaíonn an pobal go bhfuil duine ansin a labharfaidh ar a son nó a dhéanfaidh fiosrúcháin.
fiosrúcháin enquiries
" Mar shampla, deir Uachtarán an Choimisiúin, Maurice Manning, go bhfeidhmeoidh an Coimisiún fiosrúcháin.
fhiosrúchán enquiry
" Cé go ndearna na Gardaí trí fhiosrúchán maidir le líomhaintí Holroyd agus *The Badger *níor foilsíodh aon cheann acu.
bhinse fiosrúcháin Flood the Flood tribunal
" I bhfad sula raibh aon trácht ar bhinse fiosrúcháin Flood, bhí *Magill *ag scríobh maidir le caimiléireacht i gcúrsaí pleanála.
bréan de bhinsí fiosrúcháin sick of tribunals of enquiry
" An mhí seo caite, ceithre bliana déag níos déanaí, agus sinn ar fad bréan de bhinsí fiosrúcháin, chuir an tUasal Goodman deireadh leis an gcás a bhí á thógáil aige i gcoinne an stáit.
fiosrúchán investigation
" Tá creidiúint mhór ag dul do na gardaí - ar deireadh thiar thall, a deir tú, agus an ceart ar fad agat - as fiosrúchán mall a dhéanmah chomh foighdeach sin.
fiosrúcháin inquiries
" Arís, is dóigh liom gurb iad na binsí fiosrúcháin is mó a chothóidh contúirt d'fhear Dhroim Conrach.
binsí fiosrúcháin tribunals
" Arís, is dóigh liom gurb iad na binsí fiosrúcháin is mó a chothóidh contúirt d'fhear Dhroim Conrach.
fiosrúchán enquiry
" Mura mbeadh buntáiste ar bith eile leis, ba chóir go gcuirfeadh fiosrúchán Seanaid beagán feola ar na tuairimí sin.
phróiseas fiosrúcháin enquiry process
" Mar chuid den phróiseas fiosrúcháin, tugadh cuireadh do ghrúpaí deonacha a gcás a dhéanamh leo.
a lán fiosrúchán a lot of enquiries
" Faigheann siad a lán fiosrúchán ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi shinsir daoine agus beidh na rollaí agus an chartlann uilig ar ríomhaire san ionad nua, agus beidh cartlannaí ann le cuidiú a thabhairt do chuairteoirí.
fhiosrúchán oifigiúil official inquiry
" Dúirt sé leo go raibh sé sásta fianaise a thabhairt don fhiosrúchán oifigiúil, The Taylor Inquiry, ach níor roghnaíodh é le bheith ina fhinné.
fhiosrúchán oifigiúil official inquiry
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Tá a chlann anois i mbun feachtais go mbunófaí fiosrúchán poiblí le dúnmharú a n-athar a scrúdú in athuair.
fiosrúchán neamhspleách independent inquiry
" Ag an am, d'fhoilsigh an iris *Hibernia *alt inar dúradh go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith.
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Ach faoi láthair is é dunmharú Pat Finucane an t-aon cheann nach bhfuil fiosrúchán poiblí le bunú mar gheall air.
fiosrúchán investigation
" MÁNAS: Na Gardaí! SUSAN: Tá fiosrúchán ar siúl faoi na hiarratais a cheadaigh sé.
fiosrúchán inmheánach internal investigation
" Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris.
fiosrúchán enquiries
" De réir dealraimh, tá go leor fiosrúchán (agus iarratas) tagtha ó na haerlínte an uair seo, agus is dócha go gcabhróidh an comórtas seo idir na haerlínte le hísliú na bhfóirdheontas.
fiosrúchán inmheánach internal investigation
" Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris.
a nocht fiosrúchán Stevens which the Stevens Inquiry revealed
" Ní rún é go bhfuil daoine i seirbhísí rúnda na Breataine nach mian leo an chumhacht a thabhairt uathu a chuir ar a gcumas tabhairt faoin drochobair a nocht fiosrúchán Stevens.
binsí fiosrúcháin tribunals
" “Nuair a chuireann tú í i gcomparáid leis an aos dlí ó dheas atá ag déanamh na múrtha airgid as na binsí fiosrúcháin, is léir gur bean as an ghnáth í.
binse fiosrúcháin tribunal
" D'fhógair an Taoiseach Garrett Fitzgerald go mbunófaí binse fiosrúcháin faoi stiúir an Ghiúistís Kevin Lynch.
fhiosrúcháin investigation
" Mhínigh an Ceannfort George Hamilton, an bleachtaire atá mar cheann feadhna an fhiosrúcháin ar an choimhlint, mar seo é: *“It’s significant that we are in the middle of a situation where we have these two criminal gangs, these paramilitary groups feuding with each other.
fiosrúcháin inquiry
" Ar nós Bhinse fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
Bhinse Fiosrúcháin Tribunal of Enquiry
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
fhiosrúcháin inquiry
" Chuir breis is céad duine gearán faoi bhráid an fhiosrúcháin agus tá 26 sagart luaite sa tuarascáil.
fiosrúcháin inquiry
" Ar nós Bhinse fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
Bhinse Fiosrúcháin Tribunal of Enquiry
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
fiosrúchán inquiry
" I 2004 tosaíodh fiosrúchán faoin scéim faoi cheannas Paul Volcker, iarchathaoirleach Bhanc Ceannais na Stát Aontaithe.
conclúidí an fhiosrúcháin the conclusions of the investigation
" Tuairim é seo a luíonn le conclúidí an fhiosrúcháin a rinne an Coimisinéir Stephens maidir le claonpháirtíocht i dTuaisceart Éireann.
conclúidí an fhiosrúcháin the conclusions of the investigation
" Tuairim é seo a luíonn le conclúidí an fhiosrúcháin a rinne an Coimisinéir Stephens maidir le claonpháirtíocht i dTuaisceart Éireann.
fiosrúchán oifigiúil official inquiry
" ” In ainneoin na poiblíochta sna meáin agus an gearán a rinne Maureen, níor tharla rud ar bith - ní raibh fiosrúchán oifigiúil ann, mar shampla.
mar thoradh ar fhiosrúchán as a result of an inquiry
" Chuir an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an méid sin in iúl dom mar thoradh ar fhiosrúchán faoi úsáid na teicneolaíochta nua-aimseartha i measc ghardaí na tíre.
Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán another conclusion that the Commission reached based on the investigation
" Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán ná go ndearna an polasaí asamhlaithe dochar uafásach d’fhéinmheas na bpáistí a tógadh óna muintir.
ag déanamh fiosrúchán making enquiries
" Shroich mé Cleveland tamall beag sula raibh siad ag dréim liom in Columbus le saoire bheag a chaitheamh le mo dheirfiúr agus thosaigh mé ag déanamh fiosrúchán fá thraenacha go Columbus.
fiosrúchán cúirte court inquiry
" Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.
fiosrúcháin enquiries
" Is tríd na Ranna Stáit féin a íoctar iad chuig na hAirí agus na hAirí Stáit agus ní bhíonn siad áirithe sna fiosrúcháin ASF dá bharr.
fiosrúcháin rialtais government investigations
" Spreag an clár sin fiosrúcháin rialtais chomh maith le fiosrachán ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac agus mar gheall air seo, b’éigean d’Arnie Geller, príomhfheidhmeannach Premier Exhibitions éirí as a phost.
chúirt fhiosrúcháin court of inquiry
" Ach ní raibh Admiral Issac Kidd, a bhí ina uachtarán ar chúirt fhiosrúcháin faoin ionsaí, chomh muiníneach as an údar sin.
fiosrúchán inquiry
" Rinne fiosrúchán oifigiúil ar mhaíomh Howard blianta ní bá dhéanaí inar léiríodh nach raibh bunús dá laghad leis na líomhaintí a rinneadh in éadan lucht iarrtha tearmainn ar an mbád.
fhiosrúchán investigation
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
fhiosrúcháin inquiry
" Táthar ag súil go dtógfar aerstráice nua dá molfaí é i dtuairisc an fhiosrúcháin atá ar siúl faoi láthair faoi chúiseanna an taisme thuas.
fhiosrúchán investigation
" Cad chuige, a deir sé, nach dtugtar dá dhlíodóir na grianghraif ar fad a tógadh an lá ar tháinig na póilíní chun a theach agus na tailte timpeall air a chuardach mar chuid den fhiosrúchán? Éilíonn sé chomh maith go bhfoilseofar an dá fhótashamhail a rinne na póilíní de dhaoine a d’fhéadfadh cabhrú leo ina gcuid fiosruithe.
bhfiosrúchán inquiry
" Ainmníodh duine amháin sa bhfiosrúchán cheana, amadán óg sa chomhlucht, darb ainm Fabrice Tourre, a chuir síos ar féin mar "*The Fabulous Fab*" agus a bhí chomh soineanta sin gur úsáid sé a chuntas ríomhphoist chun litreacha faoi na bhearta a sheoladh chuig a chairde.
fiosrúcháin inquiry
" 
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.
fiosrúcháin inquiries
" D'eagraigh muid fiosrúcháin faoi dhúnmharaithe conspóideacha.
fiosrúcháin inquiry
" Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín.
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Rinne coiste de chuid na parlaiminte náisiúnta fiosrúchán poiblí ar thuarascáil an Choimisiúin agus mhol siad go mbeadh rogha ag na clubanna móra idir an cárta cliste nó innill lagdhianais a chur ar fáil faoin mbliain 2014.
fhiosrúcháin inquiry
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla Historical Enquiries Team
" Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha.
fiosrúcháin inquiry
" Bhí misneach ag Enda Kenny labhairt amach sa Dáil, mar a rinne agus léasadh teanga a thabhairt don Vatacáin faoin mbealach ar chuir an Eaglais Románach isteach ar an bpróiséas fiosrúcháin, a bhí ar bun faoi líomhaintí maidir le sagairt i ndeoise áirithe.
líon na bhfiosrúchán the amount of inquiries
" Tar éis an tsaoil, ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna MFG, agus is leor mar chruthú ar sin líon na bhfiosrúchán agus na dtuarascálacha a coimisiúnadh maidir le riaradh na cuideachta i gcaitheamh na mblianta.
binsí fiosrúcháin tribunals
" Ba iad na binsí fiosrúcháin a léirigh go grod don phobal na táillí ollmhóra a bhaineann abhcóidí na tíre seo amach.
fiosrúcháin an inquiry
" Le 22 bliain anuas, tá teaghlach Pat Finucane ag iarraidh fiosrúcháin ar dhúnmharú a fir agus a n-athar.
clár fiosrúcháin aonair one off investigative program
" Bhain Alison Millar /*Erica Starling Productions* do BBC Uladh, gradam dá clár fiosrúcháin aonair: *Wonderland: The Men Who Won’t Stop Marching*.
fiosrúchán an inquiry
" Meitheal Taighde ======= Rinne coiste de chuid Sheanad na hAstráile fiosrúchán ar stádas, ar shláinte agus ar mharthanacht an chóála anuraidh agus léiríonn an staidreamh a cuireadh faoi bhráid an choiste a dhonacht is atá cúrsaí.
Fiosrúcháin Idirnáisiúnta international enquiry
" ” Más fíor an méid san fhíseán ag Invisible Children, agus creidimse féinig agus Binse Fiosrúcháin Idirnáisiúnta um Choiriúlacht Chogaidh go bhfuil sé fíor, deánfar éagóir ar na leanaí seo athuair mura dtapófar an deis seo le Joseph Kony a ghabháil.
táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar another inquiry is being held
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
fiosrúcháin éagsúla a dhéanamh to engage in various inquiries
" Cuirim i gcás go bhféadfadh an Seanad ceapúcháin phoiblí a scrúdú, nó fiosrúcháin éagsúla a dhéanamh.
fiosrúchán inquiry
" Ní mó ná sásta a bhí na meáin ná na húdaráis sa Chríoch Thuaidh agus thug an Príomh-Aire ann ordú dá phóilíní fiosrúchán eile a dhéanamh.
Fiosrúcháin Eile other inquiries
" Fiosrúcháin Eile ====== “Suimiúil go leor, tá Coimisiúin Fhirinne ag saothrú i láthair na huaire i 40 tír ar fud an domhain agus bunúis éagsúla le gach ceann acu ach téann siad uilig go mór i bhfeidhm ar an phobal ar bhonn dearfach,” dar le Robinson.
bhfiosrúchán inquiry
" Ghabh na póilíní Stokes agus chuaigh Mc Laughlin ar ais go Darwin le cuidiú leis na póilíní ina bhfiosrúchán.
fiosrúchán poiblí a ghairm to convene a public inquiry
" Ach dhiúltaigh Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí a ghairm, rud a chur dlús le turnamh Rialtas Liobrálach Gladstone in 1885 nuair a thacaigh Charles Stuart Parnell agus na feisirí Éireannacha leis na Caomhaigh.
tuilleadh fiosrúchán more enquiries
" Ó tharla go bhfuil rath ar an tionscadal, tá suim ag lucht oideachais tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh faoin mbealach go bhféadfadh scoileanna na tíre leas a bhaint as Coderdojo mar áis teagaisc i réimse na heolaíochta agus matamaitice.
rud beag fiosrúcháin faoin a little research about
" Nuair a d’éirigh le m’iarratas an post seo a fháil, rinne mé rud beag fiosrúcháin faoin áit.
ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán praying that nothing shall appear in the inquiry
" Agus beidh lucht tacaíochta Fianna Fáil ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don pháirtí.
bhfiosrúchán in éadan investigation of
" An Mheitheal in Aghaidh na Córa ============== Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa.
toradh an fhiosrúcháin sin the result of that inquiry
" Tá an áisíneacht NewERA le hathbhreithniú a dhéanamh san Fhómhar ar Raidió na Gaeltachta agus d'fhéadfadh ciallachais mhóra a bheith ag toradh an fhiosrúcháin sin do TG4.
ndéanfaí fiosrúchán a thionscan that an inquiry be instituted
" Ag eascairt as na hagallaimh sin d'éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go ndéanfaí fiosrúchán a thionscan mar gur léir, dar leo, nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.
athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán to reinvestigate the inquiry
" D'fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána, Martin Callinan, ina dhiaidh sin gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a deineadh in éadan Uí Lubhlaí sna nóchaidí.
athbhreithniú seachas fiosrúchán a review rather than an inquiry
" Is fiú a lua gur athbhreithniú seachas fiosrúchán a d'fhógair Coimisinéir an Gharda i mí Aibreáin seo caite.
fiosrúcháin ar choireanna inquiries into crimes
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
Fiosrúchán Barron The Barron Inquiry
" Tá oiread fianaise bailithe le chéile ag Fiosrúchán Barron go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag feidhmiú go mídhleathach i bPoblacht na hÉireann, a deir Dónall Ó Maolfabhail, go mbeidh ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán ceart cuimsitheach a bhunú.
fiosrúchán inquiry
" Tá gaolta na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh i dtubaiste Hillsborough i 1989 fós ag cur brú ar na húdaráis chun fiosrúchán ceart a chur ar bun le teacht ar an fhírinne.
fiosrúcháin inquiries
" Tá gach seans ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh leis na fiosrúcháin atá á mbunú ag rialtais na hÉireann agus na Breataine claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí sna Sé Chontae a chruthú.
fhiosrúchán inquiry
" Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.