Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhiosracht curiousity
" Agus cé go méadaíodh a fhiosracht ina leith ar bhealach amháin b'fhiosracht aibí a bhí ann faoi seo agus bhraith sé cibé ainm a bhí uirthi, nárbh é an t-ainm é a thabharfadh seisean uirthi cé go bhféadfadh an t-ainm ab áille is ab fhírinní ar domhan a bheith tugtha uirthi i ngan fhios dó.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
fhiosracht curiosity
" Tógadh mé sna bruachbhailte agus spreag maireachtáil an *status quo* chultúrtha m'fhiosracht faoi dhaoine nár mhair mar sin.
fhiosracht inquisitiveness
" Agus cé mhéad a thuigeann aon duine ón taobh amuigh riamh faoin ngaol idir beirt eile? Má chuireann an fhiosracht seo isteach uirthi, ní ligeann sí uirthi riamh é.
fhiosracht inquisitiveness
" Is é an tslí a n-amharcann sí orainn an rud a spreagann an fhiosracht ó thaobh a scéala de agus is air seo atá an t-úrscéal, *Girl with the Pearl Earring*, le Tracy Chevalier, bunaithe.
de bharr ár bhfiosrachta because of our inquisitiveness
" Meallann Hopper isteach muid i ndomhan príobháideach mar *peeping toms*; amharcann muid isteach ar an saol uaigneach seo, muid ag brath ciontach de bharr ár bhfiosrachta ach ar bís le níos mó a fheiceáil.
Músclaítear fiosracht na mná the woman's curiousity is awakened
" Músclaítear fiosracht na mná, Aoife, nuair a thagann sí trasna ar scéal tragóideach in ailt nuachtáin sa teach.
mo chuid fiosrachta my own curiosity
" Chun mo chuid fiosrachta féin a shásamh, chuaigh mé ag brabhsáil ar an idirlíon ag féachaint cén saghas post a bhí i gceist.
fiosracht, inquisitiveness,
" An é boladh na fola a tharraingíonn gach uair mé, nó fiosracht, nó an bhfuil iarracht den *voyeurism* i gceist? Ní fheadar.
fiosracht inquisitiveness
" Léirigh an fhístéip nach bhfuil teorainn le fiosracht an phobail agus nach bhfuil rud ar bith ródhéisteanach le cur ar an idirlíon.
fiosracht inquisitiveness
" Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile.
le teann fiosrachta with sheer inquisitiveness
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
bhfiosracht inquisitiveness
" Aimsíonn Michael radharcanna a léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann sé ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann sé ina chuid pictiúr.
fiosracht doshásta insatiable inquisitiveness
" D’éirigh le Beckham a phósadh a thabhairt slán de réir cosúlachta agus leanúint ar aghaidh mar pheileadóir gairmiúil in ainneoin fiosracht doshásta lucht na meán cumarsáide i ngach gné dá shaol.
fiosrachta inquisitiveness
" Le teann fiosrachta chuaigh mé ar an idirlíon ag cuartú eolais faoi na capaill a thit.
fiosracht inquisitivity
" Mar a mbeifí ag súil leis, tháinig an lá gur thosaigh fiosracht faoi chúrsaí móra an tsaoil á chrá agus á chiapadh.
fiosracht inquisitiveness
" Ba dheas an rud é dá dtabharfadh siad tacaíocht dá chéile agus dá gceannódh siad gach leabhar nua Gaeilge a thagann amach le fiosracht mura mbeadh tada eile ann.
fiosrachta enquiry
" Sula raibh an carr le feiceáil san iarsmalann, bhí sé ar chamchuairt i Meiriceá aige agus é ina ábhar mór fiosrachta agus díospóireachta ag daoine ansin.
fiosracht intleachtúil intellectual inquiry
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
mhúsclaíonn an fhiosracht ann sparks his curiosity
" Tagann sé ar sheanléarscáil a mhúsclaíonn an fhiosracht ann.
mhúsclaíonn an fhiosracht ann sparks his curiosity
" Tagann sé ar sheanléarscáil a mhúsclaíonn an fhiosracht ann.
má chuir a chuid fiosrachta thar sáile if his curiosity sent him overseas
" I ndúnáras Calvi cois farraige a rugadh é, agus má chuir a chuid fiosrachta thar sáile go Meiriceá é, ní raibh ansin ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear.
Fiosracht maidir le curiosity about
" Fiosracht maidir le Liège ba chúis leis an turas: deineadh ‘príomhchathair cultúir na hEorpa’ de Marseille na Fraince an mhí seo caite.
Chothaigh sé an fhiosracht ionam he encouraged my inquiring
" Chothaigh sé an fhiosracht ionam.
fiosracht faoin saol an inquiring mind
" Measann Róisín (agus a máthair) gurb é an t-oideachas, fiosracht faoin saol agus uaillmhian gan a bheith ardnósach, tréithe an-luachmhara.
fiosracht faoin tionscadal curiosity about the project
" Ach bhí fiosracht faoin tionscadal, agus nuair a chraoladh an scannán ar an teilifís don chéad uair i mí Bealtaine 2013, d’éirigh leis.