Pota Focal Intergaelic
fear | fír | fair | fáir | feir | fia
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
baineadh siar as mo chuid compánach fir my male companions were taken aback
" Bhí an gliomach go breá ach baineadh siar as mo chuid compánach fir nuair a tairgíodh gnéas (bean go maidin ar $30) dóibh! Caithfidh tú a bheith ar d'airdeall i gcónaí.
fir nochta naked men
" Fiú má chaitheann muid fir nochta a chur ann, déanfaidh muid sin!" Tráchtann sé cúpla uair san agallamh ar "infheistíocht i ndaoine" agus an tábhacht a bhaineann le scileanna agus oiliúint cheart a chur ar fáil.
fir mheabhairéislinnigh mentally-retarded man
" Tá mé cinnte dearfach go mbeidh caighdeán difriúil ceartais i gceist i gcás máthar óige gile a bhí suaite agus a mharaigh cúigear, ná mar a bhí i gceist i gcás fir mheabhairéislinnigh de shliocht Spáinneach a mharaigh duine amháin.
na crainnte ghiúsacha the fir trees
" Baineadh na crainnte ghiúsacha sa choill is mó atá ann sa mbliain 2000 mar chuid de tionscadal mílaoise Coillte Teoranta, agus tá crainnte dúchasacha na tíre curtha ina n-áit, gach crann tiomnaite do chlann faoi leith.
Bullaí fir Good man, in the sense 'Good on you'
" "Bullaí fir," arsa Máire, "ní smaointeoinn féin air sin go deo.
phánaí fir plump, well-rounded man
" " Bhí Áine ina seasamh ag an doras ag amharc i ndiaidh an phánaí fir a bhí i ndiaidh na bocsaí a thabhairt aníos an staighre.
gabhadh Albánach fir an Albanian man was arrested
" I ndiaidh tamaill, gabhadh Albánach fir a bhí díreach cosúil le duine de na fir a ndearna Erika cur síos air.
Strapaire fir strapping man
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
Ollannach fir a Dutchman
" Dhúnmhaigh Ollannach fir 33 bliana d'aois an polaiteoir conspóideach tar éis dó agallamh raidió a thabhairt; níl sé curtha in iúl ag an dúnmharfóir fós cén fáth a ndearna sé an beart seo.
sna fir grown men
" "Má tá sé mar seo inniu, cén chaoi a mbeidh cúrsaí faoin am a bheas siadsan sna fir?" Chuimhnigh mé ar ghaois an tseanfhir seo agus mé ag léamh na dtuairiscí ó Chruinniú Mullaigh an Domhain i Johannesburg.
fir dhóiteáin firefighters
" Taispeánann na pictiúir, a thóg grianghrafadóirí proifisiúnta agus amaitéaracha, ina measc fir dhóiteáin, páistí agus póilíní, an léirscrios a bhí le feiceáil thart ar na sráideanna, chomh maith le daoine a tháinig slán ó na túir.
a comhghleacaithe fir her male colleagues
" Bíonn fadhbanna móra le saghsanna eile pornagrafaíochta freisin; bhuaigh bean i Sasana cás i gcoinne a fostóra toisc go raibh a comhghleacaithe fir ag féachaint ar phornagrafaíocht ar an idirlíon go rialta.
Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa I don't see many of the men around you taking the bait
" "Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa ach an oiread.
fir bhuí orangemen
" De ghnáth baineann mórshiúlta sa chathair le taobh amháin nó taobh eile den phobal - fir bhuí nó poblachtánaigh - agus siúlann na rannpháirtithe i línte fada.
fir dhóiteáin firefighters
" Is cinnte nár chuidigh sé leis an scéal go raibh oiread de na póilíní, de na fir dhóiteáin agus den lucht bailithe bruscair ina gcónaí i bhfad ó Manhattan ach go raibh orthu dul isteach ansin agus a bheith ag plé leis na hagóidithe.
cos fir bréige the leg of a scarecrow
" Is túisce go mór fada a ghlacfainn le cos fir bréige as garraí fataí nó glasraí a mbeadh cacannaí carógaí air.
chuaigh na fir ar a dteitheadh the men fled
" De réir an tseanchais, nuair a chonacthas na saighdiúirí ag teacht isteach, chuaigh na fir ar a dteitheadh amach fríd na hoileáin bheaga agus amach go tír mór.
crann giúise fir-trees
" Bhí lilí agus deora Dé ag fás os a chomhair, agus bhí roschoill crann giúise ar a chúl.
ag léiriú fir showing a man
" Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon.
ar fir ghnó iad who are businessmen
" Is é an rud a tharla agus an fáth go bhfuil conspóid ann ná gur thug cúpla cara leis, ar fir ghnó iad a bhfuil infheistíocht mhór curtha acu i Man U PLC, thugadar nó thug duine acu (nílim cinnte) bronntanas dó.
dúnmharú fir the murder of a man
" B’fhéidir gur ar chomóradh 100 bliain bhunú an pháirtí a bhí ceannairí Shinn Féin ag súil le bheith ag caint i mbliana ach, ina ionad sin, ó thús 2005 táid ag séanadh líomhaintí go bhfuil gluaiseacht na poblachta freagrach as robáil bainc, sciúradh airgid agus dúnmharú fir i mBéal Feirste.
na Fir Bhuí the Orangemen
" Teifigh ó na Fir Bhuí.
Bulaí fir, a Dickie! Good man, Dickie!
" Bulaí fir, a Dickie! Bhí JP McManus agus John Magnier ina suí go te sa choirnéal, aoibh mhór na sástachta siar go dtí an dá chluais ar an bheirt acu, agus iad ar a sáimhín só ag lasadh agus ag múchadh nótaí céad euro.
fir leagtha crann lumberjacks
" Bhí na fir leagtha crann, áfach, ag bun an liosta ar fad, mar gheall ar neamhsheasmhacht an phoist, an drochphá, agus an dainséar.
píle ard fir a tall string of a man
" ” Lig Liam amach í agus ina sheasamh roimhe ar leac an dorais bhí píle ard fir agus madadh ar adhastar aige.
na fir dhóiteáin the firemen
" Tuairiscíodh go raibh gás ag sceitheadh ón phíblíne 37 mbomaite sular phléasc sí ach ní raibh na fir dhóiteáin ábalta a dhath a dhéanamh faoi.
fir tharrthála lifeguards
" Bhí scliúchas ann an Domhnach roimhe sin nuair a ionsaíodh beirt nó triúr de na fir tharrthála ar an trá agus ceaptar gurbh shin é an rud a spreag an slua a bhí ag dul a dhíbirt na “*Lebs*” ó “thrá s’againne”.
Fir Bhuí Orangemen
" Is éard atá in *Love Ulster *na comhghuaillíocht ina bhfuil Fir Bhuí, dílseoirí paraimíleatacha agus daoine a bhí thíos le foréigean an IRA.
caldar fir a fine figure of a man
" Ach sula bhfuair Sorcha nó Siobhán faill aisfhreagra a dhéanamh, lig caldar fir goldar as agus thiontaigh an bhean úr a ceann ina threo.
fir dhóiteáin firefighters
" Chuaigh drong i ndiaidh droinge de shaighdiúirí, póilíní, agus fir dhóiteáin tharam ar comhchéim, aghaidheanna sollúnta crua dírithe chun cinn.
fir leathnochta half-naked men
" Sin roth mór an tsaoil duit: bomaite amháin tá tú ag dáileadh dí ar mhná dathúla, iad uilig gléasta go deas agus réidh le craic a bheith acu, agus an chéad bhomaite eile tá tú ag dáileadh ceapairí agus líomanáide i seomra lán le fir leathnochta, iad ag déanamh réidh don chéad rás eile.
fir óga uaillmhianacha ambitious young men
" Thóg sé fir óga uaillmhianacha isteach sa Rialtas leis – Brian Lenihan, George Colley, Donogh O’Malley, Patrick Hillary agus, sea, céile a iníne Maureen, Charles Haughey.
fir cromtha ar chúl carranna men bent behind cars
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
fir ionaid substitutes
"fir ionaid acu atá in ann teacht ar an bpáirc i lár cluiche, nó ag aon am eile, agus tionchar a imirt ar an toradh – féach Cathal Ó Neachtain, mar shampla, a scóráil 1-1 taobh istigh de chúpla nóiméad tar éis do a theacht ar an bpáirc sa dara leath i gcoinne Phort Láirge.
go fir thuirseacha thraochta, to tired worn-out men,
" D’athraigh baill an bhanna ó fhir óga fhuinniúla fhiáine, go fir thuirseacha thraochta, bréan den ghnó agus den cheol.
fir ghnó businessmen
" Tuigeann muid go maith gur fir ghnó iad atá anseo le níos mó airgid a dhéanamh as Liverpool FC; mar a dúirt Gillett: “This is the most important club in the most important sport in the world.
na fir mhiotail seo these metal men
" Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.
na Lochlannaigh fir the male Vikings
" Bhí ceist agam di: an ndearna na Lochlannaigh fir an chócaireacht riamh? Síos an bóthar, tá an seanstáisiún le feiceáil go fóill, ach is fada an lá ó bhí traenacha ann.
Bullaí fir, a Dháithí. Good man, Dáithí.
triúr múinteoirí fir three male teachers
" “Cén áit a ndeachaigh vótaí na múinteoirí sna Gaelscoileanna, más ea? Bhuel ar an chuntas is déanaí ní raibh ach triúr múinteoirí fir sa tír nár cheannaigh Joe Soap cúpla pionta dóibh ag am inteacht.
bean chéile fir chonspóidigh. the wife of a controversial man.
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
ar an mhearú sóisialta a mhothaigh na fir on the social confusion felt by the men
" ” Shocraigh Collins an scannán a dhéanamh trí Ghaeilge seachas i mBéarla, teanga an dráma amharclainne, agus deir go raibh sé ag iarraidh níos mó béime a chur ar an mhearú sóisialta a mhothaigh na fir agus iad ag teacht go húrnua go Londain, agus gur chuir an dráma ag smaoineamh fosta é ar na mílte eile ó thíortha éagsúla a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann gan focal Béarla acu.
fir choinsiasacha conscientious men
" Is fir choinsiasacha iad John Gormely agus Trevor Sargent, a chreid go láidir i gcónaí gur chóir go mbeadh caighdeán ard iompair i gceist sa saol poiblí.
fir an lae inniu men of today
" “Tá sé contúirteach teachtaireachtaí a chur i scannáin – gura slán an scéalaí! Baineann an scannán le fir sna seachtóidí, ach baineann sé le fir an lae inniu chomh maith.
an dóigh le labhairt le fir the way to speak to men
" Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó: Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair.
ach ag fir amháin atá an acmhainn fhisiceach agus mhothúchánach but only men have the physical and emotional resoures
" Bheadh bean sásta bás a fháil ar son a páistí féin, ach ag fir amháin atá an acmhainn fhisiceach agus mhothúchánach le strainséirí a shábháil.
a rinne cion fir ar son na síochána who took a stand on behalf of peace
" Fear cróga Críostaí a bhí in Hume a rinne cion fir ar son na síochána in Éirinn.
fir de réir an dlí, men according to the law
" Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.
polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha conservative politicians and businessmen
" Sa Chonradh tháinig polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha le chéile le Naitsithe agus Faisistithe an domhain.
ba é a spreag fir óga what inspired young men
" ” Ach cén ról atá ag an síceolaí spóirt? An bhfuil gá leis, dáiríre? Go traidisiúnta, ba é a spreag fir óga – agus mná óga chomh maith, seans – lena ndícheall a dhéanamh ná an grúpa lenar bhain siad: an teaghlach, an chomharsanacht, an paróiste, an club áitiúil, an scoil, an coláiste, an contae.
damhsóir fir male dancer
" An rud is mó a chuir leis an phíosa seo, dar liom féin, nó go raibh damhsóir fir ann – Christopher Williams – a bhí iontach.
iarratas a fir. application of her husband
" Le bheith beacht, bhuaigh Griffin agus a bhean chéile, Marion Mahony, an comórtas de bharr gur chuir na léaráidí áille ildathacha a tharraing sise go mór le hiarratas a fir.
fir gheala, white men
" Is é seo an t-iontas is mó is dócha: go bhfuil fear gorm agus bean ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach i réimse a mbíonn fir gheala, go príomha, ag plé leis.
Is ar chúiseanna éagsúla a thiontaíonn fir ar mhainicíní it is for various reasons that men turn to mannequins
" Is ar chúiseanna éagsúla a thiontaíonn fir ar mhainicíní le comhluadar a bheith acu, ach dar leis an síceolaí cliniciúil, Ron Bracey, níl aon cheann acu sláintiúil.
a dhírigh ar na fir which concentrated on men
" Murab ionann is stair na hÉireann – a dhírigh ar na fir agus a bhí scríofa ag staraithe fireanna go dtí gur tháinig stair na mban chun tosaigh le déanaí – cruthaítear agus déantar ceiliúradh ar stair fhantaiseach bhaineann in An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín.
ag teacht in aois fir coming of age as a man
" Nath eile a thaitin liom ná “ag teacht i gcrann”, is é sin, ag teacht in aois fir.
fir na pluide 'the blanket men'
" Lean ‘fir na pluide’ polasaí easumhlaíocht shíochanta chun na nithe a bhí uathu – éadaí sibhíaltacha, gan obair phríosúin a dhéanamh, saoirse teagmhála lena chéile – a bhaint amach.
leanbh fir boy
" 5% in 1998); an leanbh fir a rugadh sa Fhrainc in 2008, mairfidh sé 77.
fir bhuí Orangemen
" Bhí Union Jack sa lár, ach sna ceithre chúinne bhí brat ó Shasana, Alban, An Bhreatain Bheag agus trídhathach na hÉireann agus an mana *'Europe in one city*' air!!! Seo i gcathair atá lán de na fir bhuí, dream a iompraíonn brat dílseachta Uladh ar a gcuid paráidí go rialta.
chúl tí fir behind a man's house
" B’fhearr liom i bhfad a dhul chuig ionad garraíodóireachta atá ar chúl tí fir, cuir i gcás, nó ábhar garraí a cheannacht ó Woodies nó óna mhacasamhail.
cion fir a fair share
" Roibeárd Mac Ádhaimh a bhí ann a rinne cion fir é féin lenar fhéad sé a shábháil do na glúinte a bhí le teacht.
dia fir male god
" Nach mór an trua nach ndeachaigh an dúramán ar a ghlúine fadó os comhair Chroim Dhuibh nó Aonghus an Cheoil nó Bhadhbh an Bháis nó cibé dia fir nó bandia a aithníonn sé, ag iarraidh comhairle faoi bhealach a leasa agus leas na tíre chomh maith.
fir dhóiteáin firemen
" Fiche lá a chaith sí ag baint ceoil as na feadáin uisce chéanna go dtí gur tháinig na fir dhóiteáin chun í a tharrtháil.
fir óga young men
" “Sna príosún, bhuail mé le fir óga sna 20i nach raibh an aibítir acu, nach dtiocfadh leo a n-ainmneacha féin a scríobh.
fir agus mná spóirt athletes
" Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
fir éagsúla various men
" Sa scannán seo, titeann scata ban ‘i ngrá’ (agus ‘as grá’) le fir éagsúla i gceantar turasóireachta Baltimore.
Fir Óga Scoite young disassociated men
" Fir Óga Scoite ====== Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol.
fir shlándála security men
" Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh.
fir uaisle noble people
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.
sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin one man’s efforts were brought to light
" I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean.
fathach fir a giant (of a man)
" Deich nóiméad dár gcionn bhí mé i mo shuí sa traein, an dá phláta goulash ag cur suain orm, an baklava ag leá i mo bhéal, mo chuid fichille imeartha agam le fathach fir sa domhan thoir, agus mé ag tabhairt aghaidh ar chathair aoibhinn Phrág áit a raibh Sasanach darb ainm David Vaughan ag feitheamh liom le clár raidió a dhéanamh maidir le gnéithe de litríocht na Breatnaise.
bodach ceart fir a really thick idiot
" D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile.
dhúnmharú a fir chéile her husband’s murder
" An mbeadh sé i bhfách le hAct Gaeilge don Tuaisceart, cuirim i gcás? An dtabharfadh sé tacaíocht do Geraldine Finucane agus í ag iarraidh fiosruchán poiblí faoi dhúnmharú a fir chéile, Pat? Cad é an dúnghaois náisiúnach-chairdiúil a dtiocfadh leis a thabhairt isteach nach dtiocfadh salach ar aontachtaithe Fhear Manach, an dream is mó tionchar sa pháirtí? Cinnte, beidh rath ar an fhear úr ag an tús, mí na meala, ach go fóill, ní heol dúinn cén cineál dúnghaoise a leanfaidh Nesbitt.
fir mheánaosta middle-aged men
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir the police were standing around doing nothing
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
aon rábálaí fir ar an bhfoireann any male sprinter on the team
" Cé go raibh Norman cáilithe le bheith páirteach sna rásaí céad mhéadar agus dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha in Munich sa bhliain 17972, chinn na húdaráis nach mbeadh aon rábálaí fir ar an bhfoireann.
thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo a group of men attacked a neighbour’s house
" Ar an 17 Lúnasa 1882 thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo, John Joyce, agus thug siad faoina raibh ann go fíochmhar agus go brúidiúil le gunnaí glaice agus le maidí.
fir an otharchairr the ambulance man
" Tá an nós céanna ag fir an otharchairr.
na fir agus mná grinn the comedians
" Ar ndóigh, is iad na fir agus mná grinn réaltaí móra an lae inniu.
fir léinn academics
" Tugann an dialann seo dar scríobhadh i Northhampton sna caogaidí droim láimhe dos na fir léinn sin a deir go bhfuil uaisleacht mhórálta de shaghas éigin ag baint leis an mbochtanas saolta, bochtanas a sheasann mar sciath ós comhair chathú agus thruailliú na gcathracha nua-aimseartha.
Fir chróga ar nós brave men like
" Fir chróga ar nós Gary Smith, Bob Bolger, Terry Kohut.
Glór fir a man’s voice
" Glór fir, glór daingean, dea-mhúinte, agus canúint Bhrandenburg na Gearmaíne air.
ba fir iad were men
" Idir 1774 agus 1793 cuireadh 2747 duine isteach sa Teach sin i Luimneach; 51 faoin gcéad díobh ba fir iad, 49% ba mhná iad.
comhcheangal idir fir agus mná amháin a union of man and woman only
" Ba chéim ollmhór chun cinn é sin don ghluaiseacht Aerach, agus ba bhuille mór é dóibh siúd (lucht creidimh a bhformhór) a chreideann gur comhcheangal idir fir agus mná amháin é an pósadh.
a léirigh go raibh na fir neamhchiontach which showed that the men were innocent
" Níos measa fós, sceith Ian Cunliffe, iarfheidhmeannach i Roinn an Phríomh-Aire in Canberra, an rún go raibh faisnéis ag seirbhís rúnda na hAstráile a léirigh go raibh na fir neamhchiontach, ach gur coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint.
fir chéile in ainneoin mí-úsáid husbands despite abuse
" Is minic nach dtréigfidh siad fir chéile in ainneoin mí-úsáid a bheith á fulaingt acu ar eagla go mbeidh orthu filleadh ar an tír dhúchais.
orthu gur éirigh le fir na hardchathrach that the men from the big city
" Is é an dearcadh agus an cur chuige sin a sheas do Chill Chainnigh bliain i ndiaidh bliana agus is mór an teist ar bhua Átha Cliath orthu gur éirigh le fir na hardchathrach an lámh in uachtar a fháil don chéad uair ó 1942 ar shár-iománaithe Chill Chainnigh.
fir mheánaosta a bhformhór acu most of them are middle aged men
" Cé go dtugtar an t-arm craiceáilte ar na tacaithe Sasanacha caithfear a rá gur daoine deasa iad, fir mheánaosta a bhformhór acu, murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga a thacaíonn le foireann sacair Shasana.
na fir ba thorthúla riamh the most prolific men ever
" Ní féidir leis an gcéatadán seo a bheith cruinn, mura raibh na daoránaigh ar na fir ba thorthúla riamh.
Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair men within a mile distant
" Tógann sí a guthán amach as póca a gúna, cuireann Tinder ar siúl agus athraíonn na socruithe: Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair.
gheobhair stail fir you’ll get a stallion man
" Bean nach gcreideann a thuilleadh i ngaois sheanchaite a hinscne, an bhréagbhrionglóid thraidisiúnta – mair, a láir Mheiriceánaigh, agus gheobhair stail fir de rachmasóir groí.
Lapadán Fir’ cáiliúil famous elephant man
" I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige.
amhráin fir a tógadh ina measc songs of a man who was raised in their midst
" Cad é chomh maith is a bheadh sé go mbeadh amhráin fir a tógadh ina measc agus a scríobh amhráin fána cheantar dúchais - Cyprus Avenue.
fir ionaid subs
" Faigheann fir ionaid Átha Cliath níos mó scóranna ná mar a fhaigheann fir ionaid chontaetha eile de réir na staidreamh.
ag leagan mallachtaí ar na fir cursing the men
" Agus bhí an sagart ag leagan mallachtaí ar na fir.
mar gheall ar dhúnmharú fir óig regarding the murder of a young man
" Léireoidh tuarascáil Ombudsman na Póilíneachta i dTuaisceart Éireann mar gheall ar dhúnmharú fir óig i 1997 go raibh na fórsaí cosanta ag tabhairt cead a gcinn do bhrathadóirí a rogha rud a dhéanamh.
fáidh fir a fortune teller
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.