Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fite fuaite sa stát firmly interwoven in the state
" Tá an mheánaicme Phrotastúnach fite fuaite sa stát maidir le hairgead agus postanna.
fite fuaite i dteanga eile inextricably linked with another language
" Ansin, chuireas spéis i litríocht na hÉireann agus cé gurbh as Béarla a léigh mé an chuid is mó de na leabhair, ba léir dom go raibh an Béarla a bhí á úsáid fite fuaite i dteanga eile - le teanga dhúchais na tíre.
fite fuaite interwoven
" Óg agus aosta fite fuaite i sruth nua forbartha i gceantar Charna mar sin? Sea, ar go leor bealaí.
fite fuaite le fuaim an uisce mixed up with the sound of the water
" Cloistear glórtha ag teacht ó na baisíní níocháin, iad fite fuaite le fuaim an uisce.
fite fuaite le cultúr an phobail interwoven with the culture of the community
" Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.
fite fuaite lena chéile closely connected
" I ndáiríre, tá na healaíona agus an gnáthshaol fite fuaite lena chéile.
fite fuaite leis an fharraige closely connected with the sea
" Tá scéal Ulapul fite fuaite leis an fharraige, agus tá neart le feiceáil faoin stair sin.
tá muid fite fuaite ina chéile we are inextricably mixed together
" Is é sin le rá, tá muid fite fuaite ina chéile.
fite fuaite ina chéile firmly interwoven
" Tá an dá oidhreacht fite fuaite ina chéile agus bíonn siad ag streachailt lena chéile in amanna.
fite fuaite trí go leor acu. mixed through a lot of them.
" Tá trí amhrán déag ar an albam agus tá dánta de chuid de Paor fite fuaite trí go leor acu.
fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce. closely linked with economic and emigration matters.
" Tá stair CLG na Breataine fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce.
fite fuaite intertwined
" Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi! B’iomaí uair a bhí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí spóirt fite fuaite lena chéile sna cluichí Oilimpeacha ó shin a leith.
gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. without the crack being an integral part of it.
" Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus ní raibh sé in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd.
fite fuaite intertwined
" Mar is léir ó leabhair fhantaisíochta an Bhéarla ón ré Victeoiriach ar aghaidh, feidhmíonn struchtúr agus nósanna sochaí s’againne mar amhábhar agus an "domhan eile" á chruthú agus tá na heilimintí seo le feiceáil fite fuaite le samhlaíocht fhairsing an scríbhneora.
fad fite fuaite lena chéile intertwined with each other
" “Is í an tuiscint a bhain mé as m’óige ná go bhfuil muid ar fad fite fuaite lena chéile; gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.
fite fuaite lena cheile. intertwined with each other
" Ach ar ndóigh, tá na fadhbanna seo fite fuaite lena cheile.
fite fuaite intertwined
" “Nuair a bhí mé faoi oiliúint in RTÉ, bhí mé ag cabhrú le Cathal Goulding an feachtas cearta sibhialta a chur ar bun sa Tuaisceart agus mar sin, bhí an pholaitíocht is an léiritheoireacht fite fuaite ina chéile i gcónaí.
fite fuaite interwoven
" Creidtear go bhfuil scéal Phallaidigh agus scéal Phádraig fite fuaite ina chéile agus gur deineadh pearsa amháin den bheirt le himeacht aimsire.
fite fuaite fríd a chéile interwoven through other
" Bhí daoine ‘na gcónaí anseo i bhfad sular bheartaigh ’n duine sráideanna a thógáil agus níl na sráideanna sin leagtha amach ar bhealach dronuilleogach mar atá i ngach áit eile i Manhattan, ach bóithre atá fite fuaite fríd a chéile, a dhéanann a gcomhairle féin, cheapfá.
fite fuaite tied up with
" Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
fite fuaite tied up, connected
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
fite fuaite interwoven
" ” Is ábhair spreagtha ag Doherty an Ghaeilge, béaloideas, stair agus logainmneacha Ghleann Cholm Cille agus tá siad le feiceáil fite fuaite ina shaothar.
fite fuaite interlocked
" Tá an scéal inste i monlóga atá fite fuaite ina chéile.
fite fuaite intertwined
" Ciallaíonn sé gurb é daonáireamh na bliana 1901 an chéad cheann atá fágtha againn fós) Ní mór tuiscint go raibh cúrsaí sóisialta, cultúir agus teanga fite fuaite ina chéile.
fite fuaite intertwined
" Tá ceist na teanga sa Ghaeltacht fite fuaite le forbairt geilleagair, fostaíochta is sóisialta.
fite fuaite leis part and parcel
" Cé atá i gceannas agus cén duine ba cheart a bheith i gceannas agus maidir le pé dream atá i gceannas cé a choiméadfaidh súil orthu? Ar cheart athshamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil dóthain sa phlean don chainteoir dúchais Gaeltachta nó an bhfuil an stráitéis róthugtha don dátheangachas? An bhfuil an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 insroichte? An bhfuil dóthain ann chun dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge sa chóras oideachais? An bhfuil an plean radacach a dhóthain? An bhfuil struchtúr ann le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é? Ceisteanna móra tromchúiseacha Bhí alt eile san *Irish Times* le déanaí, le Brian Ó Broin, a chuir giorria eile ina shuí nach gcloistear chomh minic sin, cé go bhfuil sé fite fuaite leis na ceisteanna eile ar fad.
fite fuaite entwined
" Ní go rómhaith a d’éirigh leis an idirdhealú dearfach go fóíll, áfach, agus tá cúiseanna éagsúla leis seo atá fite fuaite ina chéile.
fite fuaite tied up with
" Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna! Ní hé an Geilleagar a Amadáin! I ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin.
fite fuaite an integral part
" Óir bhí an dealbh chéanna fite fuaite i stair chultúrtha na cathrach.
fite fuaite tied up
" Faoi láthair, tá na breoslaí iontaise seo chomh fite fuaite leis na geilleagair mhóra is gur mór agus gur iontach an t-athrú é foinsí nua a chur ina n-áit.
fite fuaite le interconnected with
" * Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá.
fite fuaite caught up, intertwined
" Sin ráite, in ainneoin gur fheabhsaigh caighdeán saoil gach uile dhuine, d’fhan an bhearna idir na boicht agus an uasalaicme chomh leathan is a bhí sí riamh - ach tá an cheist sin fite fuaite le cúrsaí nach féidir a athrú thar oíche, nó le linn dhá thréimse uachtaránachta, fiú amháin.
fite fuaite interlinked
" Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.
fite fuaite intertwined
" Bhí gníomhréim na beirte sa pholaitíocht fite fuaite ina chéile.
fite fuaite le entwined
" Tá scéal na himirce fite fuaite le muintir na tíre le dhá chéad bliain anuas.
Fite fuaite intertwined
" Fite fuaite le ceist an phósta bhí cearta maoine na hEaglaise.
chomh fite fuaite so intertwined
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
fite fuaite intertwined
" Mhaígh sé freisin go bhfuil sé dosheachanta go mbeidh an Astráil ina poblacht luath nó mall – bíonn ceist na brataí agus ceist na poblachta fite fuaite ina chéile i dtólamh.
fite fuaite intertwined
" Beidh an toghchán tionóil ar siúl i gcionn míosa arís agus is é an siombalachas is mó atá i mbéal an phobail, ach tá na cásanna thuasluaite fite fuaite iontu, ainneoin gur tharla siad fada ó shin.
fite fuaite ina chéile intertwined
" Saol Comhaimseartha na hÉireann ============== Rud amháin atá ag déanamh buartha dom faoi na ranna Nua-Ghaeilge sna hollscoileanna, nach mór do na léachtóirí, an fhoireann, ins na ranna Nua-Ghaeilge suim a chur in athréimniú na Gaeilge, i ndán na Gaeilge ins an saol comhaimseartha mar tá an dá rud fite fuaite ina chéile.
fite fuaite ina chéile interlinked with each other
" Baineann na ceisteanna sin go minic, in Éirinn, le cúrsaí airgeadais, freagracht phearsanta, oidhreacht na nEaglaisí difiriúla, an stair agus an pholaitíocht, iad go léir fite fuaite ina chéile.
fite fuaite i intertwined in
" Má tharlaíonn sé sin, creidtear go mbeidh athrú ó bhonn ar eagraíocht atá fite fuaite i saol phobail na hÉireann le beagnach céad tríocha bliain.
fite fuaite ina chéile both interconnected
" Tá deasghnátha na heaglaise agus gnáis an phobail fite fuaite ina chéile chomh maith.
fite fuaite intertwined
" Tá oidhreacht an Titanic fite fuaite anois in oidhreacht Halifax mar is ann a cuireadh an líon is mó de choirp íospháirtithe soithí na mícháile a d’imigh go tóin poill céad bliain ó shin.
fite fuaite interwoven
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
héagóracha atá fite fuaite injustices which are interwoven
" Cáineadh Eorpach ====== Tá na héagóracha atá fite fuaite i gcóras inimirce na hÉireann tugtha faoi deara ag eagraíochtaí lasmuigh den tír, leis.
ceist eitice fite fuaite le a matter of ethics entangled with
" Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh, tá ceist eitice fite fuaite le turasóireacht i gceantair bhochta.
fite fuaite i stair an integral part of (the city’s) history
" ” Tuigeann líon mór na bProtastúanch a bhfuil suim acu sa Ghaeilge go bhfuil an teanga fite fuaite i stair na cathrach agus tá teach fuar na Gaeilge – má bhí sé riamh ann – ag téamh suas.
fite fuaite ina chéile tríthe interwoven through it
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
fite fuaite ionainn part of us
" 
 “Deir Alison liom, bean ó chúlra thar a bheith dílseach, ‘is í teanga dhúchais s'againne í, tá sé fite fuaite ionainn, tá rud éigin taobh istigh ionainn atá oscailte don Ghaeilge.
a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt his social life was bound up in the struggle
" " Marú Dearthár ====== Agus an smaointeoireacht seo ina chloigeann, d'aithin Feargal go raibh a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt a bhí ag dul ar aghaidh thart air.
tá a shaol fite fuaite le his life is interwoven with
" Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tá a shaol fite fuaite le Coláiste Lurgan ó shin.
fite fuaite i interwoven with
" Tá an ceannach agus an bhreabaireacht fite fuaite i saol polaitiúil agus oifigiúil na tíre.
a bhfuil a stair chomh fite fuaite lena chéile their history so interwoven
" Deir siad go bhfuil difríochtaí cinnte idir Albain agus Sasana ach sa deireadh cé mhéad tíortha atá chomh cosúil lena chéile agus a bhfuil a stair chomh fite fuaite lena chéile.
fite fuaite leis an dúlra interwoven with nature
" Ina leabhar *The Healing Power of the Human Voice* (2005) meabhraíonn James D’Angelo dúinn go bhfuil an nádúr daonna fite fuaite leis an dúlra agus cá hionadh mar sin éifeacht amhrán na farraige is na gaoithe orainn, cantain na n-éan agus mar sin de.