Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhoilseacháin leictreonacha electronic publications
" ie* a chur i láthair léitheoirí *Beo!*, dream a bhfuil seanchleachtadh acu ar fhoilseacháin leictreonacha.
foilseachán publications
" Tá cuireadh faighte againn ó fhoilsitheorí haiku avant-garde freastal ar ócáid chun a gcuid foilseachán a cheiliúradh ina dteannta.
foilseacháin publication
" Tá aistriúchán déanta aici ar na hamhráin atá sa bhailiúchán, tá nótaí ann mar gheall ar na foinsí ónar tháinig na focail (agus an ceol, murab ionann an dá fhoinse), cúlra an cheoil agus comhthéacs an amhráin sa cheantar, agus gach uile thagairt don amhrán sin i bhfoilseacháin eile.
foilseachán publications
" An phríomhláidreacht atá againn ná go bhfuil foireann óg fhuinniúil againn agus go bhfuil aitheantas faighte againn i gcéin agus i gcóngar as ardchaighdeán ár gcuid foilseachán litríochta agus ceoil.
bhfoilseacháin speisialta special publications
" Cuireann siad fógraí i nuachtáin nó in irisí áitiúla agus i bhfoilseacháin speisialta ina mbíonn grianghraif agus uimhreacha teileafóin na mban, glaonn custaiméir agus déanann sé coinne.
foilseachán idirlín internet publications
" Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé *Beo*, *Lá *nó *An Teanga Bheo*, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu.
foilseachán publication
" Is breá an foilseachán é seo faoi Sheán Boylan agus faoi pheileadóirí agus fhoirne na Mí agus is leabhar neamhghnách é ó thaobh coincheapa de.
foilseachán publication
" Tá seo fíor go háirithe sa Ghaeilge de bharr na ndeacrachtaí atá tar éis a bheith ag gach foilseachán go dtí seo léitheoirí a mhealladh.
fhoilseacháin publications
" Ach mar chomhúinéir ar chomhlacht foilsitheoireachta í féin anois, is é sin Cois Life a bhunaigh sí lena cara Seán Ó Cearnaigh i 1995, an mbíonn imní áirithe uirthi faoin todhchaí atá ann d'fhoilseacháin Ghaeilge mar *Comhar*? "Tá dúshlán faoi leith ag baint le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge i gcló ó thaobh margadh a aimsiú dó.
fhoilseachán publication
" Thug mé eolas faoin chás do nuachtlitir an NATFHE, *The Lecturer*, agus foilsíodh an scéal san fhoilseachán sin i mí Feabhra.
fhoilseachán publication
" *More than a Game: Selected Sporting Essays *is ainm don fhoilseachán agus is é Con Houlihan an t-údar.
foilseachán publication
" Tá mé thar a bheith bródúil as an bhfoilseachán *A Selection of Irish Traditional Step Dances *le Micheál Ó Tiobraide - an chéad bhailiúchán de dhamhsaí aonair a foilsíodh riamh.
fhoilseacháin publications
" Tá an Stát, go háirithe trí Fhoras na Gaeilge, ag tabhairt tacaíocht láidir do scéimeanna pobail, d'fhoilseacháin mar *Beo! *agus ag maoiniú fhorbairt an fhoclóra Gaeilge - Béarla, tionscadal ina mbainfear úsáid as na modhanna oibre is éifeachtaí atá ar fáil i réimse na foclóireachta.
fhoilseacháin publications
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
cuid foilseachán an Times The Times publications
" Níor nós liom cuid foilseachán an Times a léamh mórán roimhe sin ná ní raibh eolas ar bith agam ar pháipéar Nua-Eabhraic roimhe sin ach oiread, ach chuir mé dúil sa *London Review of Books *ón chéad lá.
cuid foilseachán an Times The Times publications
" Níor nós liom cuid foilseachán an Times a léamh mórán roimhe sin ná ní raibh eolas ar bith agam ar pháipéar Nua-Eabhraic roimhe sin ach oiread, ach chuir mé dúil sa *London Review of Books *ón chéad lá.
foilseachán a mbíodh sé ag obair dó a publication he used to work for
" Ach le cúpla bliain anuas tá an t-eagarthóir ag iarraidh an nuachtán a athrú le go mbeadh sé níos cosúla leis na nuachtáin thablóideacha, ar nós an *Daily Mirror*, foilseachán a mbíodh sé ag obair dó.
foilseachán imeachtaí reatha current events publication
" Roinnt blianta roimh a bhás ceapadh é ina eagarthóir ar *The Atlantic *agus thuill sé an-mholadh de bharr gur éirigh leis an iris 150 bliain seo a athbheochan; d'athraigh sé é ó irisleabhar tur go foilseachán imeachtaí reatha, ina raibh béim ar an litríocht chomh maith, agus a raibh an-tóir uirthi.
fhoilseachán publication
" Is dóigh liom go mbeidh ráchairt air mar fhoilseachán agus sin mar is fearr é, mar tá sé ag teacht le haidhmeanna Ghael Linn go mbeadh fáil ag an mórphobal ar an gcuid is fearr den traidisiún agus go mbeadh eochair tugtha dóibh freisin chun gur féidir leo an saibhreas seo a oscailt.
foilseachán fiúntach worthwhile publication
" Bíonn ag an eagarthóir le foilseachán fiúntach a dhéanamh as a bhfaigheann sé roimhe de shaothar duine eile, agus sin a dhéanamh i gcuid téarmaí an ábhair féin ar bhealach a fhanann dílis don údar.
iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach journalists from the conservative publications
" B'fhéidir gur chreid iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach sinne sa deireadh, nuair a chuala siad an méid sin.
neart foilseachán eile plenty of other publications
" Scríobhann sé do neart foilseachán eile chomh maith, áfach, *Foinse, Fortnight *agus *The Belfast Telegraph *ina measc.
Foilseacháin publications
" Foilseacháin bheith curtha amach againn (stair na heagraíochta, srl.
foilseacháin publications
" Ní hamháin sin, ach cuireadh an fhoráil leis an mbille “nach mbeadh cead ag éinne seirbhísí nó foilseacháin ar bith a iarraidh ó rialtas na Stát Aontaithe i dteanga ar bith eile seachas Béarla”.
i gcuid dá bhfoilseacháin in some of their publications
" Níor chabhraigh ach oiread an ciníochas frith-Ghiúdach a bhí le sonrú i gcuid dá bhfoilseacháin.
foilseachán tábhachtach liobrálach an important liberal publication
" Is foilseachán tábhachtach liobrálach inÉirinn é Village agus tá eitic láidir ag Vincent".
dúradh i bhfoilseachán amháin it was said in one publication
" Go deimhin, dúradh i bhfoilseachán amháin gur ciontaíodh é san am a chuaigh thart as coireanna éagsúla.
foilseachán publication
" Sa bhliain 2002, d'iarr muintir an nuachtáin *The* *Irish News – *foilseachán a bhfuil a oifig lonnaithe i mBéal Feirste – €700,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge le forlíonadh seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, a chomhdhéanfaí de shé leathanach déag agus a chuirfí isteach ina nuachtán féin.
foilseachán bolscaireachta na heite deise. the right wing's propaganda publication.
" Níl ann i ndáiríre ach foilseachán bolscaireachta na heite deise.
foilseachán publication
" ” Is cuimhin liom gur léigh mé foilseachán le Helen Ó Murchú dar teideal *Dúshlán agus Treo d’Eagraíochtaí Gaeilge* le linn dom a bheith ag staidéar inar mhol sí a leithéid de lárionad don teanga.
na nuachtáin agus foilseacháin the newspapers and publications
" ) Is é an t-idirlíon an nasc is mó atá agam leis na nuachtáin agus foilseacháin lena mbím ag scríobh.
níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan. there is not a lot of demand for publications in a lesser-used language
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
fhoilseacháin publications
" Nuair a thosaigh na Trioblóidí, d’fhág sé an longlann agus thosaigh ag obair ar fhoilseacháin éagsúla agus ag déanamh líníochta do na páipéir áitiúla, tréimhse a mhair ar feadh deich mbliana go dtí gur dhúirt a bhean leis, “cén fáth nach bhfuil tú ag taispeáint do chuid ealaíne?” Níor shamhlaigh Liam taispeántas dá chuid féin riamh roimhe.
fhoilseachán a publication
" Bheifeá ag súil lena leithéid ó fhoilseachán nach ndeachaigh ar chúl sceiche ariamh lena dímheas ar an teanga a chur in iúl.
foilseacháin publications
" De ghnáth is ar nuachtáin áitiúla a bhíonn a cuid griangraf is scéalta mar gheall uirthi, foilseacháin nach mbíonn teacht orthu san Astráil, ar ndóigh.
foilseacháin publications
" Scáthán na bhFoilseachán Béarla? Is féidir glacadh leis, is dócha, go gceannaíonn lucht léite nuachtán Gaeilge na foilseacháin Bhéarla chomh maith.
foilseachán publication(s)
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
fhoilseachán publication(s)
" Tá gach tacaíocht (idir chúnamh airgid is mórálta) dlite don dá fhoilseachán má táthar leis na cosa a thabhairt leo ón ghéarchéim reatha.
bhfoilseachán publications
" I measc na bhfoilseachán i mBriotáinis ag an am, bhí neart ábhar creidimh, ach go hoifigiúil, ní raibh stádas ag an mBriotáinis.
foilseacháin publications
" Ní léann Tadhg an mhargaidh foilseacháin mar seo de ghnáth, ámh, agus cloíonn sé lena thuairim mhícheart i dtaca le stíl mhaireachtála an mhuintir dhúchais thuasluaite dá bhíthin sin.
foilseachán publication
" Bhí an tOllamh Patrick O Farrell ar an duine is údarásaí i measc na staraithe áitiúla a rinne staidéar ar chúrsaí Éireannacha-Astrálacha agus ba ea a leabhar, The Irish in Australia, an foilseachán ag a raibh an tionchar is mó ar an réimse staidéir seo.
aon fhoilseachán Gaeilge any Irish publication
" Go deimhin, má leanann rudaí mar atá ní bheidh aon fhoilseachán Gaeilge againn le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge! An mhí seo caite, d'fhógair an nuachtán Foinse ar Twitter go raibh deireadh ag teacht le foilsiú an nuachtáin i bhfoirm cló agus gur ar an idirlíon amháin a bheas fáil air feasta.
le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge to describe the demise of the Irish publications
" Go deimhin, má leanann rudaí mar atá ní bheidh aon fhoilseachán Gaeilge againn le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge! An mhí seo caite, d'fhógair an nuachtán Foinse ar Twitter go raibh deireadh ag teacht le foilsiú an nuachtáin i bhfoirm cló agus gur ar an idirlíon amháin a bheas fáil air feasta.
Na Foilseacháin Sainspéise Seo these special interest publications
" Ach cén seans go mairfidh Seachtain nuair a theip go tubaisteach ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig roimhe? Na Foilseacháin Sainspéise Seo ============ Seanscéal agus meirg air is ea na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite ar bhonn domhanda.
fhoilseachán ilmheáin go príomha multi-media publication
" Tuigim go gcaithfear cloí leis na bunriachtanais a leagfaidh an Foras síos – agus beidh taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe ag guairdeall thart faoi chaolachaí an tí – ach is mar fhoilseachán ilmheáin go príomha ar cheart breathnú air.
foilseachán cuimsitheach Gaeilge comprehensive Irish publication
" Ba léargas é sin ar an ghéarghá a bhí le foilseachán cuimsitheach Gaeilge.
foilseachán a publication
" Ní ghlacann muid leis an chur chuige seo: deireadh iomlán a chur le foilseachán, atá ag feidhmiú go fíoréifeachtach agus a bhfuil pobal iontach láidir léitheoirí agus gréasán idirnáisiúnta scríbhneoirí aige cheana féin, ar mhaithe le cur chuige nua, nach bhfacthas go dtí seo, a thriail.
fhoilseachán publication
" Chaith Robert McMillen súil ar an fhoilseachán nua seo.
leis an fhoilseachán a tharrtháil. to save the newspaper
" Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
bhfoilseachán nua idirlín new internet publication
" Tá claíocha arda le caitheamh ag an bhfoilseachán nua idirlín, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.