Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á foilsiú being published
" Tá na dlíthe ag athrú chomh tapa sin go bhfuil nuachtlitir nua mhíosúil dar teideal *World Online Gambling Law Report *á foilsiú ag Cecile Park Publishing chun an t-eolas is nua a chur ar fáil do na comhlachtaí san earnáil.
foilsiú publication
" Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair? Tá úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, *Cailíní Beaga Ghleann na mBláth*, á phoibliú againn; tá eagar á chur ar leabhar faoi stair an mhúinteora in Éirinn le Caoimhe Martin; tá fadhbanna teicniúla a roinneann le foilsiú innéacs 500 leathanach don *Chlaidheamh Soluis *ar CD-ROM á réiteach; tá ábhar á sholáthar againn do thionscadal de chuid ITÉ (corpus Gaeilge), tá clúdaigh á ndearadh, tá ábhar breise á réiteach don suíomh gréasáin, srl.
ag foilsiú publishing
" Dá leanfaí ag foilsiú *Magill *ar feadh bliana eile, gach seans go mairfeadh sé.
foilsiú publishing
" Cuireadh tús le foilsiú laethúil an nuachtáin *Lá *i mBéal Feirste; tháinig méadú ar líon lucht féachána TG4; agus tugadh aitheantas do Raidió na Gaeltachta mar stáisiún a dhéanann freastal cuimsitheach ar lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn to promote the publishing of Irish language books
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an Bord chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn sa tslí is go mbeadh ábhar maith léitheoireachta Gaeilge ag an bpobal.
ag foilsiú a chinnidh publishing its decision
" Beidh an Rialtas ag foilsiú a chinnidh maidir le scéim tógála meitreo ó lár Bhaile Átha Cliath (moltar Faiche Stiabhna) go dtí an tAerfort nó go Sord.
ag foilsiú publishing
" In 1885, thosaigh Louis Prang, as Bostún, ag foilsiú cártaí Nollag, traidisiún nach raibh coitianta i Meiriceá ag an am agus a tháinig ó Shasana.
foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin the publishing of the report of the Independent Monitoring Commission
" ” Ar an drochuair, níl rím idir spriocam *Beo!* agus foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (nó an IMC) – tá cúpla uair an chloig sa bhearna, ach *away liom*.
á foilsiú go laethúil being published daily
" Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach lá chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta – fiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil.
á foilsiú go laethúil being published daily
" Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach lá chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta – fiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil.
ag foilsiú ár n-irise publishing our magazine
" ” Mar a deir Mairéad Perron, duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, “thosaigh ár ngaol leis an teicneolaíocht in 1881 nuair a thosaigh Mícheál Ó Lócháin ag foilsiú ár n-irise *An Gaodhal*, agus á dáileadh ar Ghaeil ar fud Mheiriceá.
foilsiú nuachtáin the publishing of a newspaper
" Os a choinne sin, tá daoine amuigh ansin a shílfidh go bhfuil mé i mo bhall de Shinn Féin ar an ábhar go raibh baint agam le foilsiú nuachtáin ar le duine é a bhíodh ina chomhairleoir de chuid an pháirtí sin.
foilsiú na tuarascála the publishing of the report
" Sa deireadh, níor foilsíodh ach 19 leathanach den tuarascáil! Luadh an tionchar féideartha a bheadh ag foilsiú na tuarascála ar chásanna cúirte – ní ann don leithscéal sin a thuilleadh.
foilsiú an churaclaim, publication of the curriculum
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
foilsiú an leabhair seo the publishing of this book
"foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.
ag foilsiú a saothar publishing their works
" Nó b’fhéidir go bhfuil scríbhneoirí níos cliste! Óir samhlaigh dá mbeadh scríbhneoirí móra sa tír seo ag foilsiú a saothar go neamhspleách agus á thabhairt díreach don phobal mar atá ceoltóirí agus cumadóirí a dhéanamh.
foilsiú na Cáinaisnéise the publication of the budget
" Chomh maith leis sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil rudaí níos measa fós ag na mic léinn in Éirinn le foilsiú na Cáinaisnéise an mhí seo caite.
Foilsiú publishing
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
foilsiú publish
" foilsiú Thuarascáil An Bord Snip Nua.
foilsiú publish(ed)
" com/watch?v=uOOJUH8Uqp8&feature=related) Ag éisteacht leis an Aire Ó Cuív ag caint ag an bhFóram a d'eagraigh Conradh na Gaeilge mar chuid de Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn an mhí seo caite, bhí sé le tuiscint uaidh go mbeadh athbhreithniú ar theorannacha na Gaeltachta, mar chuid den Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go gairid, má tá.
foilsiú an eolais seo the publishing of this
" Ghlac breithiúna na Breataine leis go dtí seo nach gá go mbeadh foilsiú an eolais seo ar leas an phobail agus gur chóir fosta cosaint a thabhairt do dhaoine neamhurchóideacha, ar nós leanaí, a bheadh thíos le nochtadh na gcaidreamh.
bhí á foilsiú acu they were publishing
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
Fiúntas le Foilsiú Fós worthwhile material to be published yet
" Fiúntas le Foilsiú Fós ======== Tá go leor saineolaithe ar an bhfilíocht den tuairim láidir go bhfuil an Duais Nobel ar son na Litríochta tuillte ag file as Kerala na hIndia, K.
tar éis foilsiú an chéad eagráin after the publishing
" Bunaíodh an chéad *Maker Faire* i 2006 i San Mateo sna Stáit Aontaithe thart fá bliain tar éis foilsiú an chéad eagráin de Make, (Makezine)(http://makezine.
le foilsiú an leabhair mhórthaibhsigh seo with the publication of this great tome
" Is cinnte go bhfuil éacht curtha i gcrích ag Cló Iar-Chonnacht le foilsiú an leabhair mhórthaibhsigh seo agus go háirithe ag eagarthóirí an leabhair – Mícheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin.
i ndiaidh foilsiú an scéil after the publication of the matter
" " Cúpla lá i ndiaidh foilsiú an scéil, d'éiligh Cumann Náisiúnta na Cispheile ar Sterling éirí as a úinéireacht agus leag siad fíneáil $2.
foilsiú Cuisle the publication of C.
" Bhíos ag plé le foilsiú Cuisle na blianta ó shin.