Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
próiseas foirmiúil formal process
"próiseas foirmiúil ag an Eaglais Chaitliceach anois le hiniúchadh a dhéanamh ar chásanna mar seo ach tá daoine ann a deir nach bhfuil an próiseas sásúil.
mhol mise go foirmiúil I formally proposed
" Dhiúltaigh na ceardchumannaithe dóibh mar nach raibh na ráitis chonspóideacha iontu, ach d'ordaigh Ian Farmer, an leas-phríomhoide, don rúnaí gan iad a scríobh síos mar, ina thuairim siúd, ní raibh siad tábhachtach agus ní raibh spás ann do gach rud! Tar éis leathuaire ag argóint mar seo, mhol mise go foirmiúil na ráitis chonspóideacha a chur isteach.
i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla much more formal and official
" Tá na *pardons *sa Bhriotáin i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla, ach tá an seantionchar págánach ann go fóill.
cead foirmiúil formal permission
" Chuir cúntóirí de chuid Ridge in iúl ina dhiaidh sin nach raibh cead foirmiúil faighte aige ón Teach Bán a leithéid a rá.
tacaíocht fhoirmiúil formal support
" Ar ndóigh, déarfadh go leor de na stiúrthóirí naíonra a bhíonn ag obair leo go dícheallach thart timpeall na tíre go mbíonn a leithéid de ghníomhaíochtaí ar bun acu ar aon nós, mar chuid nádúrtha den obair a bhíonn ar siúl acu ann, ach fós féin ba bhuntáiste dóibh é tacaíocht fhoirmiúil a bheith ar fáil dóibh i bhfoirm struchtúir agus leabhar agus áiseanna, agus mar sin de.
go foirmiúil formally
" *"Calm down madam, nobody has any guns here," *arsa seisean go foirmiúil.
iarratas foirmiúil formal application
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
bunús foirmiúil dleathach formal legal basis
" Níl bunús foirmiúil dleathach ag Curaclam Úr na Bunscoile (1999), atá á úsáid i scoileanna na tíre le hocht mbliana anuas.
ranganna foirmiúla formal classes
" Damhsa an phobail a bhí ann nach mbíodh ranganna foirmiúla ar fáil fá choinne é a fhoghlaim.
na ranganna foirmiúla the formal classes
" Chríochnaigh na ranganna foirmiúla ar a dó a chlog gach lá agus mar sin bhí deis againn dul suas na cnoic thart timpeall na háite – Taobh an Leithid, an Eargail, an Eachla Mhór agus an Mhucais.
ar bhonn níos foirmiúla, on a more formal basis
" , an comhlacht a cuireadh ar bun sa bhliain 2006 leis an bhféile a reáchtáil ar bhonn níos foirmiúla, aitheantas don dearcadh dearfach atá i gceist i measc na nÉireannach i leith an phobail aeraigh: “*(this festival will mark) the important changes which have taken place in gay life over the past 25 years and the positive attitudes of Ireland and Dublin toward the gay community*.
foirmiúil formal
" Éacht ollmhór é seo atá ag feidhmiú gan aon chuidiú foirmiúil stáit.