Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foirne mór le rá notable teams
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
bhaill de na foirne tarrthála members of the rescue teams
" "Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall," a dúirt sé, "ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála.
bhaill foirne staff members
" do rannpháirtithe na ranganna, do bhaill foirne agus do mhic léinn.
allúntas foirne staff allowance
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir).
líon foirne numbers of staff
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
atógáil foirne team rebuilding
" Uíbh Fhailí v Loch Garman sa chluiche leathcheannais eile - dhá fhoireann iad seo atá lag faoi láthair agus i mbun atógáil foirne.
foirne teams
" Buíochas le Dia ní tharlaíonn an saghas iompar frithspórtúil seo an t-am ar fad agus is breá an rud é imreoirí agus foirne a fheiceáil ag déanamh a seacht míle dícheall chun an bua a fháil agus ag croitheadh láimhe lena chéile ag deireadh an chomhraic.
cuma cé na foirne atá ag imirt no matter what teams are playing
" Tá aithne agam ar dhaoine a théann go dtí cluichí móra na gCraobhchomórtas Peile agus Iomána ar fud na tíre, cuma cé na foirne atá ag imirt.
bhall foirne staff member
" " Thosaigh Mairéad ag obair ansin mar shaoririseoir le Raidió na Gaeltachta tar éis do bhall foirne de chuid an stáisiúin, Seán Ó Cuirreáin (atá ina Choimisinéir Teanga anois), an deis a chur ar fáil di.
Easpa foirne agus acmhainní lack of staff and resources
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an COGG? Laigí: Easpa foirne agus acmhainní.
foirne cúige provincial teams
" Mholfainn go roghnófaí foirne cúige díreach i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann gach bliain, go n-imreodh na cúigí i gcoinne a chéile le haghaidh Chorn an Bhóthair Iarainn agus go roghnófaí na Réaltaí as na himeoirí sin a d'imreodh ar son a gcúige.
ionadaí foirne staff representative
" Ó tharla gur ionadaí foirne a bhí ann agus go raibh sé lárnach sa cheardchumann, bhí dualgas air freastal ar mhianta na bhfeidhmeannach.
foirne sinsearacha senior teams
" Agus má tá fir agus mná eile sa chás céanna, agus beidh tuilleadh má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, céard a bheas in ann do na foirne sinsearacha sa chlub sin? Mar, nuair a phósfaidh na daoine óga seo, beidh sé fíordheacair orthu an t-am a fháil chun uaillmhian an chlub a shásamh.
thuairt eitleán na foirne the team's plane crashed
" Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan.
Easpa foirne lack of staff
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PCT? Na laigeachtaí: Easpa foirne.
líon teoranta foirne a limited number of staff
" Sílim go bhfuil an bhunchloch leagtha síos anois, is é sin go bhfuil an oifig tosaithe, tá líon teoranta foirne ag obair.
earcú foirne the recruiting of staff
" An dara ceann, ó thaobh earcú foirne, riachtanas teanga a bheith fréamhaithe san earcú sin.
dóthain foirne enough staff
" Ach ná bíodh aon dallamullóg uirthi: níl dóthain foirne sna hotharlanna le dul i ngleic le MRSA.
mana na foirne the team's slogan
" Deirtear go mbíonn oiread Gaeilge le cloisteáil is a bhíonn de Bhéarla ag seisiúin traenála na foirne agus gur i nGaeilge atá mana na foirne.
bhogás na foirne slándála the complacency of the security staff
" Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, "Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor.
do phá na foirne for the staff's pay
" An coláiste a bhí ag íoc as gach rud, ar ndóigh, agus nuair nach raibh airgead ar bith fágtha do phá na foirne, tugadh an bóthar do níos mó ná céad acu (cf.
cúraimí laethúla na foirne the staff's daily responsibilities
" Cén obair a dhéantar i RnaL ó lá go lá?***Tá éagsúlacht mhór ag baint cúraimí laethúla na foirne.
sonóg na foirne the team's mascot
" Agus beidh “Jack the Jackal”, sonóg na foirne, ag tabhairt amach T-léinte saor in aisce.
foirne gairmiúla professional teams
" Faoin leibhéal seo, ámh, bhí na *Minor Leagues* – sraithchomórtais inar imir foirne gairmiúla a rinne freastal ar fhobhailte agus cathracha beaga.
spiorad foirne team spirit
" Seans go bhfeileann imirt agus spiorad foirne na hEorpaigh níos fearr ná na Meiriceánaigh.
i seomra na foirne teagaisc in the teaching staff's room
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
ar na foirne thuasluaite. in the above-mentioned teams.
" Anois, cé is moite d’eisceacht nó dhó, níl seans faoin spéir ag Éireannach áit a fháil ar na foirne thuasluaite.
ar na foirne cúige on the provincial teams
" D’fhéadfaí, cuir i gcás, na himreoirí a bheadh ainmnithe ina n-ábhair Réalta a roghnú le himirt ar na foirne cúige agus go roghnófaí na Réalta díreach i ndiaidh na gcluichí idirchúige, a d’imreofaí thar dhá dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, coicís nó mí, abair, i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann.
foirne teams
" Glacann foirne ó Cream, The Picket, The Farm (banna ceoil) agus a leithéid páirt ann.
foirne idirchontae intercounty teams
" Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.
foirne móra réigiúnda large regional teams
" Diaidh ar ndiaidh, chuaigh na foirne beaga baile i bpáirt le chéile chun foirne móra réigiúnda a bhunú.
na foirne láidre iomána the strong hurling teams
" Is deacair a chreidiúint leis gurb iad na foirne láidre iomána a bhí ann sa tréimhse sin idir 1993 agus 1998 ná an Clár, Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Luimneach.
foirne spóirt sports teams
" Ollscoil cháiliúil is ea Virginia Tech, in ainm is a bheith mar “MIT an Deiscirt”, agus bíonn foirne spóirt na hollscoile, na *Hokies*, le feiceáil ag imirt ar bhonn náisiúnta gach bliain.
príomhscórálaí na foirne the team's top scorer
" D’éirigh le The Pumas an 6ú háit a bhaint amach sa tsraith agus ba é Liam príomhscórálaí na foirne an séasúr seo.
na foirne gairmiúla sacair the professional soccer teams
" Ar ndóigh, tuigeann muid nach n-éiríonn ach le fíorbheagán, agus go bhfuil droch-chlú ar na foirne gairmiúla sacair mar gheall ar an dóigh a mbaineann siad úsáid as buachaillí óga.
comórtas foirne team competition
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
idir foirne ollmhóra cathracha nó ceantar between big city or area teams
" Sa chéad dul síos peil ghairmiúil, a imrítear idir foirne ollmhóra cathracha nó ceantar - na New York Jets agus na New England Patriots, cuir i gcás.
chruthaigh na foirne the teams created
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
in aghaidh foirne against a team
" De ghnáth, tosaíonn na foirne mór le rá le cluiche éasca nó dhó, in aghaidh foirne lasmuigh den sraithchomórtas.
i stair na foirne, in the history of the team,
" Den chéad uair i stair na foirne, bhuaigh Pioneers, foireann ollscoil William Paterson, áit a bhfuil mé féin ag teagasc faoi láthair, a céad dhá chluiche sa sraithchomórtas.
foirne éagsúla various teams
" Bhí ár sáith cúiseanna caointe againn i gcaitheamh na bliana, le foirne éagsúla na hÉireann agus na Poblachta ar easpa fuinnimh agus easpa tuigbheála, agus a gcuid bainisteoirí ar easpa cuid mhór rudaí eile.
foirne teams
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
foirne imeartha the playing teams
" Ba dhearmad é an chéad lá foireann bhainistíochta a bhrú isteach nuair ba léir nach raibh na foirne imeartha sásta.
Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne He was invited to be a team captain
" Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne ar an gclár “Don’t feed the Gondolas” ar RTÉ.
i bhfeighil na foirne rugbaí in charge of the rugby team
" Chaith sé sé bliana go leith i bhfeighil na foirne rugbaí agus d’éirigh go maith leis, go pointe áirithe.
as ucht dhrochimirt na foirne for the team's bad play
" Cáineadh é as ucht dhrochimirt na foirne agus cáineadh an cumann rugbaí, an IRFU, go forleathan chomh maith as ucht conradh nua ceithre bliana a shíniú le O'Sullivan roimh thús an chomórtais.
de bharr thorthaí na foirne as a result of the team's results
" Thosaigh an feachtas ina aghaidh ag bailiú nirt de bharr thorthaí na foirne i gComórtas na Sé Náisiún.
líon na n-oifigeach foirne the number of team officials
" Maidir le craobhchomórtais na gcoláistí tríú leibhéal, cuir i gcás, is é líon na n-oifigeach foirne atá ceadaithe in ionad imeartha ná seacht nduine dhéag ar a mhéad, ach ní bhíonn ach ochtar ceadaithe ar thaobh na páirce.
ag plé le foirne involved with teams
" Bíonn líon mór daoine ag plé le foirne na laethanta seo.
foireann tacaíochta na foirne gairmiúla the support team of the professional team
" ** Dar ndóigh, ní bhíonn sa síceolaí sin ach duine amháin den iliomad ball a bhíonn i gceist le foireann tacaíochta na foirne gairmiúla – nó na foirne amaitéaraí, i gcás CLG.
na foirne the teams
" Ach tá athrú mór tagtha ar an gcur chuige seo sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois agus na himreoirí in aois níos óige – ceithre bliana déag, de ghnáth – agus dá bhrí sin, bíonn na painéil agus na foirne socraithe i bhfad sula mbaineann na buachaillí aois na mionúr (faoi ocht mbliana déag) amach.
a raibh baint aige riamh le traenáil foirne. who was ever involved in training a team.
" Ach ní tharlaíonn a leithéid i gcónaí, mar is eol d’aon duine a raibh baint aige riamh le traenáil foirne.
Inneall na foirne the engine of the team
" **Mary Coughlan **(Leatosaí Láir): Inneall na foirne is ea an leatosaí láir.
leaschaptaen na foirne. the vice-captain of the team.
" Cuireadh ina leith san am a chuaigh thart go raibh sí faiteach i mbun cosanta ach is cinnte nach mbeidh a leithéid inghlactha a thuilleadh agus í roghnaithe mar leaschaptaen na foirne.
in aghaidh foirne áitiúla against a local team
" Bhí na buachaillí – aon duine dhéag acu a bhí idir trí bliana déag agus seacht mbliana déag d’aois – tar éis cluiche sacair a imirt in aghaidh foirne áitiúla.
na foirne peile of the football team
" Ar an 27 Lúnasa, labhair an t-iaruachtarán Bill Clinton agus John Kerry, agus ar an 28 Lúnasa, ar ndóigh, labhair an t-iarrthóir é féin, Barack Obama, os comhair lucht éisteachta de 87,000 duine in Mile High Stadium, staidiam na foirne peile The Denver Broncos.
Cheann Foirne Chief of Staff
" Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin - Rahm Emanuel.
sheasamh na foirne the team's standing
" Is é seo an toradh is fearr atá bainte amach ag na cailíní go dtí seo agus tá dóchas mór sa champa go mbeidh tuilleadh feabhais ar sheasamh na foirne i ‘gComórtas na Sé Náisiúin’ i mbliana.
foirne of the staff
" Ba as na hoileáin san Aigéan Ciúin formhór mhór na foirne, as na hOileáin Fhilipíneacha ach go háirithe.
ceann foirne chief of staff
" Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus é ar ais sna Stáit Aontaithe mar fhorúnaí stáit um ghnóthaí polaitiúla, chas Grossman le ceann foirne an ISI, an Ginearál Mahmoud Ahmad, díreach roimh 9/11.
cheann foirne team leader
" Bhí sé ina cheann foirne sna Stáit Bhalcánacha, tráth a raibh an OSCE ag reachtáil toghchán mar níorbh ann don bhonneagar cuí toghcháin a reáchtáil i ndiaidh na coimhlinte ansin.
foirne teams
" Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne, Cill Chainnigh chun tosaigh ar éigean.
ré gach foirne every team's era
foirne teams
" Chuir sé an iontas orm a léamh san Irish Times, thiar sna seascaidí go raibh foirne sacair i nGaeltacht Dhún na nGall a raibh an Ghaeilge á husáid mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na n-imreoirí! Ag dul ó scil orm a bhí sé, cén chaoi a d’fhéadfá a bheith ag labhairt Ghaeilge agus ag imirt an chluiche ghallda.
bosca foirne a set
" Rogha na nDVDanna Tá boscra, nó bosca foirne, amuigh ag DENDY, World Movie Collection, a mholaim gan chuntar dá laghad d’éinne atá ar tí titim i ngrá leis an gcineama domhanda – nó mar bhronntanas d’éinne atá ina afficionado cheana féin.
laoch foirne team hero
" Tá deireadh leis an lá a bhfeicfeá laoch foirne ag filleadh ar pháirc an ‘áir’, a gheansaí báite lena chuid fola féin, bindealán bán timpeall a chloiginn, agus an slua tacaíochta ag béiceach go fiáin os ard.
seomraí foirne staff room
" Is í seo an bhean a chuirfidh spleodar ar ais sa Roinn Éadóchais agus a chuirfidh splanc i seomraí foirne scoileanna na tíre.
foirne staff
" Ach an bhféadfadh anois go mbeadh athrú intinne orthu de bharr rialú na Cúirte Uachtaraí san achomharc, go háirithe i bhfianaise an costas mór a bhaineann le fostú foirne aistriúcháin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach ar an 6 Bealtaine 2010 i mbreithiúnas a d'eisigh an Breitheamh Fidelma Macken (agus an Príomhbhreitheamh Murray, Uachtarán na hArd-Cúirte Kearns, agus na Breithiúna Hardiman agus Fennelly ag aontú léi) mar seo a leanas: - Is é an léirmhíniú ceart ar airteagal 25.
imirt na foirne the team’s playing
" Thug na cluichí breise sin deis don bhainistíocht imreoirí difriúla a fhéachaint, snas a chur ar imirt na foirne is araile.
baill foirne múinteoireachta teaching staff members
" ” Na 7 gCumhacht Eisiach - Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh - Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna - Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta - Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin - Beartaigh an curaclam - Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile - Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú Dar leis an Dr.
foirne teams
" Bhí na seastáin lán don chluiche idir péire de na foirne sacair is fearr san Eoraip.
Ball foirne a member of staff
" Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe.
foirne teams
" Mar sin, beidh sé tamall fada sula bhfeicfidh Peter Robinson an rud atá a mholadh aige, bíodh sé mar ionsaí ar an earnáil Chaitliceach nó bíodh sé ina fhís de thodhchaí ina mbeidh Caitlicigh agus Protastúnaigh ag foghlaim taobh lena cheile - agus cá bhfios - ina mbeidh foirne contae CLG plódaithe le Protastúnaigh óga nach bhfuair deis na cluichí Gaelacha a imirt sa chóras deighilte oideachais!
breis foirne extra staff
" ’ Níl sé seo déanta ag an Rialtas ins an Straitéis ach mar sin féin, tá stádas COGG láidrithe go mór agus breis foirne geallta dó.
bainisteoir na foirne the team manager
" Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin.
Cinn Foirne Chiefs of Staff
" Mar a chuir na Cinn Foirne go neamhbhalb é, *“All stages of this program are equally sacred to the fanatical concepts of Jewish leaders.
bainistíocht na foirne the team management
" Tuigtear anois go ndearna na himreoirí sin agus bainistíocht na foirne botún nuair a ligeadh dóibh imirt, ach mar a dúirt duine amháin, níl íobairt ar bith nach ndéanfadh duine chun imirt i gcluiche ceannais an chontae, ní áirím cluiche ceannais na hÉireann.
na foirne céanna of the same staff
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
dá n-earcófaí a dhóthain foirne were enough staff to be recruited
" Dá bharr seo, caitear go leor airgid ar sheirbhísí aistriúcháin nach mbeadh le caitheamh, dá n-earcófaí a dhóthain foirne le Gaeilge.
bainisteoirí foirne team managers
" Tá ráflaí láidre le roinnt mhaith blianta anuas i dtaobh íocaíochtaí neamhoifigiúla, neamhrialta agus neamhrialaithe, a bheith á ndéanamh le bainisteoirí foirne peile agus iomána, idir fhoirne clubanna agus fhoirne contae.
foirne teams
" Bhí an bhéim anois ar imreoirí de bhunadh dúchais Átha Cliath a bheith á roghnú agus dar ndóigh spreag sé sin lucht leanúna cathrach chun tacaíocht a thabhairt do na foirne agus chothaigh sé meas ar pheileadóirí agus ar iománaithe an chontae nach raibh le brath i measc phobal na cathrach roimhe sin.
baill eile na foirne other team members
" Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
hullmhú na foirne the team’s preparation
" Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
n-aíonna agus na foirne araon both guests and staff
" D’ith muid dinnéar traidisiúnta san óstán i lár an lae agus bhí atmaisféar álainn le braistint i measc na n-aíonna agus na foirne araon.
gcaithfidh baill foirne team members have to
" An Duais ===== **Charades as Gaeilge ó Ghlór na nGael** Is cluiche geamaireachta é Charades ina gcaithfidh baill foirne aisteoireacht a dhéanamh le leideanna a thabhairt dá chéile ionas go mbeidh siad in ann focail a thomhas laistigh de thrí nóiméad.
ullmhú foirne preparing a team
" ) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin.
cluichí foirne team games
" Gníomh nádúrtha, shamhlófá, speach a tharraingt ar rud éigin, ar chloch nó cnap adhmaid a bhualadh le maide – an cluiche cnaig -, ach ba dheacair a shamhlú go bhféadfaí cluichí foirne agus páirce a chur ar bun nuair a bhí daoine scaipthe ar fud taobh tíre fairsing agus gan ach siúl na gcos acu mar mhodh taistil.
foirne peile football teams
" Comharthaí an Bháis: ========= Tá comharthaí an bháis chuile áit anois: i roinnt de na siopaí is le gnúsacht a fhreagraítear mé nuair a labhraím Gaeilge; sna ollmhargaí áitiúla cloisim freastalaithe meánaosta ag labhairt Béarla le seandaoine nár chleacht Béarla riamh cé go labhrann siad Gaeilge liomsa agus le corrchancrán eile ar nós mé féin; tá roinnt de na foirne peile sa gceantar á dtraenáil trí Bhéarla, amhail is nach bhféadfaí duine le Gaeilge a fháil.
aigne na foirne a team spirit
" Mura mbíonn aigne na foirne agat, ní bhíonn an dearcadh ceart ariamh.
tuarastal na foirne the staff’s wages
" De réir na tuairisce ar Nuacht TG4, níor deineadh an t-iarratas seo in am i mí Eanáir agus b'éigean don Fhoras iarratas a dhéanamh ar íocaíocht eatramhach le go n-íocfaí tuarastal na foirne agus deontais éagsúla do na heagrais Ghaeilge.
na foirne eile of the other team
" Bhíodh cead ag imreoirí ar fud na páirce ag an am bac nó laincis a chur le gluaiseacht imreoirí na foirne eile nach raibh i seilbh na liathróide dul i dtreo imreora a bhí i seilbh na liathróide.
dul chun cinn na foirne dúchais the local team’s progress
" Díol iontais agus údar mórtais do na hÉireannaigh a chastar ar fhoireann seo na nGailíseach ag comórtaisí peile na Spáinne dul chun cinn na foirne dúchais.
chnámh droma na foirne the team’s backbone
" Thug mé iarraidh *Stand Up for the South Africans* a cheol - in ómós do mhuintir na hAfraice Theas atá mar chnámh droma na foirne - ach ní raibh aiste ar na bric.
foirne áitiúla local teams
" Rith foirne áitiúla, scoileanna agus daoine a raibh suim acu ann ciliméadar nó dhó ar fud an chúrsa leis an mbaitín.
an líon foirne the staff numbers
" **SMM: Cad é an líon foirne a oibríonn do Raidió na Gaeltachta?** ENíCh: Tá thart ar cheithre scór go leith duine ag obair do Raidió na Gaeltachta ar fud na tíre.
an ball foirne is faide the longest (serving) member of staff
taispeántas na foirne mionúire how the minors performed
" An t-aon léas beag dóchais ar an lá áfach do mhuintir Átha Cliath ná taispeántas na foirne mionúire a bhuaigh go réidh agus go sciliúil ar fhoireann Chill Chainnigh.
lucht tacaíochta na foirne the team’s supporters
" Caint Roy ==== Tuigfear do Roy Keane a mhíchéadfa oíche theip na hÉireann ach cuimhnímis gur thacaigh sé ina chaint chéanna le lucht tacaíochta na foirne chomh maith.
Laghdú Foirne lessening of team members
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
foirne ban agus fear men and women’s teams
" Lena mórcheart a thabhairt don dá chumann seo, thugadar foirne ban agus fear araon leo, agus bhí na Fillos in ann an dara foireann fear a sholáthar leis, Ártabros de Oleiros.