Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is follas it is clear
" Is follas go raibh Justine faoi anáil a hathar agus í arscoil i gCorcaigh, in ainneoin go raibh sé dulta ar an mórshlua.
is follas go obviously
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
Is follas it’s obvious
" Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh a léighinn; Is follas daoibh, a dhaoine, Gurab dó is aoibhne in Éirinn.
mullach níor léir ná níorbh fhollas dom a summit I’ve never spied
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
is follas it’s clear
" Sa lá atá inniu ann, is follas go mbíonn strus ag cur isteach ar leanaí óga fiú.
is follas it’s obvious
" In ainneoin sin, is follas go bhfuil an tslachtaíocht agus dearthóirí slachtaíochta ag déanamh ionraidh ar fhorais naofa na n-ealaíon – na hiarsmalanna - le blianta beaga anuas.
ionas gur follas so it’s obvious
" De réir mar a théann iompar Alina in aimhréidh ionas gur follas go bhfuil fadhbanna síciatracha tromchúiseacha ag cur as di, is ea a mhéadaíonn an teannas idir an sagart agus na mná eile sa mhainistir.