Pota Focal Intergaelic
feor | fíor | fir | fír | fo
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad who know Mairéad for a long time
" Is minic a chloisfeá daoine a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad ag rá nár athraigh sí riamh, nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint léi in ainneoin go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici féin agus ag an ghrúpa.
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
ar feadh scaithimh for a while
" Chaith sé tamall ina chonstábla freisin agus bhí teach tábhairne aige ar feadh scaithimh.
freagrach as responsible for
" Tá mé freagrach as feidhmiú agus forbairt na heagraíochta ó lá go lá, i gcomhar le feidhmeannach agus faoi threoir Coiste Stiúrtha.
ar thóir an spraoi looking for fun
" In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi.
ar mhaithe le for the sake of
" Ná déanaimis an botún céanna arís ar mhaithe le scéal maith a insint.
do chúis for a cause
" Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint.
fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta the campaign for Civil Rights
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
freagrach as responsible for
" Chaith Balor a shúil nimhe fosta an mhí seo ar na múinteoirí míshásta, míchéillí, mírathúla a bhfuil sé de mhí-ádh orthu a bheith freagrach as oideachas a chur ar na daltaí mioscaiseacha a chuaigh amach ar stailc in éadan stailce.
nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo they seldom pay for this bad behaviour
" Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo.
dá gcuid pócaí for their pockets
" Tá sé soiléir gur beag fonn a bheidh ar go leor daoine a n-iompar teanga a athrú muna bhfeiceann siad go bhfuil buntáiste ann dá gcuid pócaí.
ar son na cúise for the cause
" Ar ndóigh, tá muintir na hÉireann ag déanamh a gcuid féin ar son na cúise - tháinig méadú 322% go £542 milliún ar an méid fíona a díoladh in Éirinn idir 1990 agus 1999 agus is ag fíon na hAstráile atá 28% den mhargadh sin.
chuige sin for that purpose
" net agus Ireland On-Line a úsáid chuige sin, agus aon chuairteoir chuig an seoladh ponc com a atreorú i dtreo an tsuímh sin go huathoibríoch.
Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana European Bureau for Lesser Used Languages
" Luigh an chathaoirleacht ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, mar sin, leis an obair eile a bhí ar siúl ag Neasa leis an bhFéile Scannán agus le RTÉ.
le haghaidh an fhíorsheisiúin for the real session
" agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó "The Blonde's" mar is fearr aithne air).
fágaim agus eile for example
" Ní aon aistíl an aidiacht a bheith ina hainmfhocal mar ainm abhann: tá an Bhodhair, an Dubh/an Duibh ann, fágaim agus eile.
más saibhir, más bocht for richer, for poorer
" Bhíos ag bainis cairde liom le déanaí agus bhíos ag smaoineamh ar na focail "más saibhir, más bocht".
Dhéanfaidh cider mise cider will do for me
" "Dhéanfaidh cider mise," arsa Síle.
Dhéanfaidh cider mise cider will do for me
" "Dhéanfaidh cider mise," arsa Síle.
cuir i gcás for example
" Chomh maith leis sin tá cearnóg suite ina lár, a bheas in úsáid mar ionad neamhfhoirmiúil d'imeachtaí ceoil, filíochta agus *performance* agus tá áiteanna beaga thart ar an chearnóg d'imeachtaí níos ciúine, an scéalaíocht cuir i gcás.
ag seasamh an fhóid standing up for
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
chun a leasa féin for their own benefit
" Chiallaigh sé sin dá seolfaí aon phíosa próis, ceol nó go fiú pleannana gnó mar chuid de theachtaireacht ríomhphoist leis an tseirbhís sin, go raibh cead ag an gcomhlacht ríomhphoist é a úsáid chun a leasa féin.
luach a gcuid airgid value for money
" Má ba mhall, ba mhithid agus, gan aon amhras, faigheann pobal na tíre luach a gcuid airgid ó RnaG.
mar is dual don té as is natural for one
" Bhí sí luath mar is dual don té atá úr, is dócha, nó nár mhaith a bheith mall ar an chéad lá.
seo a bhfuil ar a shon agat this is all you have to show for it
" Bhí trí lá agat lena dhéanamh agus seo a bhfuil ar a shon agat.
luach maith airgid value for money
" Ach cé go bhfuil luach maith airgid le feiscint i measc na ríomhairí pearsanta atá fógartha tá laigí orthu freisin agus d'fhéadfaí feabhas mór a chur ar roinnt de na ríomhairí sin gan mórán airgid bhreise a chaitheamh.
Murach if it wasn't for
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
do shliocht ár sleachta for our children's children
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
gá acu need for them
" Tuiscint nach bhfuil tír amháin ar domhan "ceart" agus an chuid eile éagsúil agus gá acu iad féin a athrú go dtí an "tslí cheart".
freagrach as responsible for
" Déanaim obair an Ghúim a phleanáil agus a leagan amach i gcomhar leis an bhfoireann agus bím freagrach as an gclár oibre a chur i gcrích agus as bainistíocht ghinearálta na háite.
ní bheifeá ina dhiaidh sin air you wouldn't have blamed him for that
" Bhí Antóin marbh tuirseach agus ní bheifeá ina dhiaidh sin air agus an lá oibre a bhí istigh aige.
Nár aifrí Dia orm é may God forgive me for saying it
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
ar thóir looking for
" Is gá aire mhaith a thabhairt do na gasúir sin, fiú amháin má chosnaíonn sé mórán airgid, mar seans go sciobfaidh spórt eile iad atá gairmiúil agus atá ar thóir imreoirí óga cumasacha.
Murach if it wasn't for
" Murach an cat sin, a raibh sé de nós aige fanacht ag an bhfuinneog ní thabharfadh aon duine faoi deara go raibh tada as cor.
cúis imní reason for concern
" " Ní cúis imní atá ann dó nach bhfuil an Bille Teanga a bhfuiltear ag trácht air le fada tagtha chun cinn go fóill.
murach if it wasn't for the fact
" Ní bheadh Fianna Fáil ábalta é seo a dhéanamh murach go raibh an Lucht Oibre ann gach uair go raibh gá leo chun na figiúirí a dhéanamh suas.
le haois asail for a long time
" "Bhí sé ar na bacáin le haois asail ach tá sé chugainn fá dheireadh," a mhaígh Balor an Scolardach Polaitíochta nuair a chuala sé an fógra ar dhíchoimisiniú ghunnaí an IRA.
a thaiscidh Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
" "Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil Sinéad got up to make (for the purpose of making) a bottle
" D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
gléasta chun gnímh prepared for action
" D'fhágfadh san go raibh, ar a laghad, píolóta amháin acu gléasta chun gnímh ag an am sin.
ach go bé gur casadh Máire uirthi only for she met Máire
" Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh.
ar saorchonradh for a cheap contract
" É seo ar fad seo ar saorchonradh i gcomparáid leis na luachanna atáthar a bhaint amach in áiteacha eile, agus, ar ndóigh, sochar á bhaint as an Ghaeilge i do chuid siopadóireachta.
cúis imní cause for concern
" Rinne an GMP fiosrúchán i Márta 1998 ach dúirt siad sa deireadh nach raibh cúis imní ann.
freagrach as responsible for
" Chomh luath is a bhíothas cinnte de go raibh Osama Bin Laden, Al Qada agus an Taliban (go hindíreach) freagrach as na hionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, bhí naimhdeas gránna le feiceáil ar an toirt i gcoinne na nArabach Meiriceánach, daoine de shliocht Meánoirthearach, agus daoine a raibh cuma Arabach nó Mheánoirthearach orthu, naimhdeas a bhí marfach go rómhinic.
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
Cúis ceiliúrtha cause for celebration
" Cúis ceiliúrtha dúinn uilig go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuilimid níos saibhre tar éis athrú go hairgeadra nua.
murach an nua if it wasn't for the new
" Thar aon cheantar eile Gaeltachta tá Corca Dhuibhne tar éis an-mheascán den sean agus den nua a bhaint amach di féin agus murach an nua, seans nach mbeadh éinne ina chónaí ann ach lucht saoire samhraidh.
ar son a gcúiseanna for their causes
" Beidh sé níos deacra arís i gcás na bpobal as ar fháisc na "saighdiúirí" a fuair bás agus a mharaigh ar son a gcúiseanna.
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
leis na cianta for years, for yonks
" Bhí siad beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
Tháinig sé crua ar Chian It was difficult for Cian
" Tháinig sé crua ar Chian soc an chairr a fheiceáil, chan amháin a bheith ag caint ar chúlú thart an coirneál.
gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid that this image was more suitable for the likes of me
" Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid.
ag tuar a ghrá di forecasting/measuring his love for her
" Bheadh sé ag tuar a ghrá di.
ar chúiseanna eacnamaíocha for economic reasons
" Is beag teaghlach in Éirinn nár imigh duine nó beirt uaidh ar chúiseanna eacnamaíocha, bíodh sin chomh fada siar leis an Ghorta Mór nó in ochtóidí na haoise seo caite.
le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán for publication on the site
" ie* gach rud a d'éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán.
stáisiún seirbhísí d'fhearaibh a service station for men
" Bhraitheas ag an am go raibh drochmheas ar na mná, nach raibh ionainn ach meaisín chun leanaí a thabhairt ar an saol, stáisiún seirbhísí d'fhearaibh.
Murach If it wasn't for
" "Murach Aosdána, ní bheinn ag scríobh filíochta - fadó riamh, bheinn imithe ag múineadh.
ar mhaithe le cearta daonna for the sake of civil rights
" Impíodh ar an rialtas na hionaid choinneála a dhúnadh ar mhaithe le cearta daonna ach níor bhog siad óna seasamh cruachroíoch.
d'aistarraingtí luatha for early withdrawls
" Má bhíonn do chuid airgid uait i rith na tréimhse, níl na cuntais seo oiriúnach mar go ngearrfaidh gach eagras (seachas An Post) pionós d'aistarraingtí luatha.
Rinne sí ar an chisteanach she headed for the kitchen
" Rinne sí ar an chisteanach agus bhí Emma ina seasamh ar stól ag cur tae agus sú oráiste sa bhainne.
fá choinne na scine for the knife, to stick in the knife
" Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.
dá gcomhghleacaithe for their colleagues
" Cé go bhfuil go leor d'ár bpolaiteoirí, cuid acu a bhí sa Dáil dheireanach, anois faoi scamall, beidh muid fós ag vótáil dá gcomhghleacaithe nó dóibh féin gan aon mhachnamh ceart a dhéanamh.
Bí ag faire amach do look out for
" Bí ag faire amach do Vincent Mac Dowell - m'athair féin - i nDún Laoghaire, atá ag seasamh mar neamhspleách toisc gur imir na glasaigh feall air trí pharaisiút a chur isteach sa dáilcheantar.
ar na bacáin acu they're preparing for it
" Bhain siad clú agus cáil amach ar Shráid Ghrafton ag seinm ceol bríomhar rithimeach Laidineach agus anois tá an cheolchoirm mhór seo ar na bacáin acu.
murach if it wasn't for the fact
" Tá súil aige go léireoidh Binse Fiosraithe Flood an dochar a rinne na dlíthe clúmhillte agus go dtuigfidh daoine go mbeadh iriseoirí mar Frank McDonald agus Mark Brannock san *Irish Times* tar éis na scannail i gcúrsaí pleanála a thabhairt chun solais murach go raibh srian curtha orthu.
toiseacht ag freastal orthu to begin to cater for them
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Aonad na Gaeilge mar gur aithin BBC Thuaisceart Éireann go raibh neamart déanta acu i bpobal na Gaeilge agus go raibh sé thar am acu toiseacht ag freastal orthu.
ag riar ar providing for
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar na chéadspriocanna bhí freastal ar riachtanaisí pháistí scoile agus ar phobal ginearálta na Gaeilge; rinneadh roinnt sraitheanna raidió agus teilifíse do dhaltaí scoile agus bímid ag riar ar fhoghlaimeoirí i rith an ama; de réir a chéile cuireadh seirbhís chuimsitheach le chéile chomh maith do phobal na Gaeilge ar na trí mheán.
chlis ar mhargadh an éisc go tobann the market for fish collapsed suddenly
" An t-am sin, dhein go leor fear infheistíocht i mbáid iascaireachta, ach tar éis an chéad chogadh domhanda aistríodh na báid mhóra Shasanacha a bhí páirteach sa chogadh ar ais go báid iascaireachta agus chlis ar mhargadh an éisc go tobann.
freagrach as responsible for
" Tá níos lú ná dáréag Garda ón rannóg seo freagrach as formhór na bhfaoistiní a dhéantar.
Ní fhéadfá níos mó a iarraidh You couldn't ask for anything better
" "Ní fhéadfá níos mó a iarraidh," ar seisean.
ar thóir sóláis looking for comfort
" Anoir chugainne a thagadh Helen ar thóir sóláis.
ar thóir looking for
" An féidir le gaol suntasach a bheith ann idir ailtireacht agus teanga, mar sin? Chuaigh mé go Béal Feirste ar thóir fheagra na ceiste seo agus chaith mé cúpla uair an chloig ar oilithreacht ailtireachta ar fud na cathrach leis an ailtire Michael Doherty.
ar feadh scaithimh for a while
" B'fhéidir gurb é tábhacht na Féile seo ná go bhfuil muintir an domhain, nó cuid mhór díobh ar aon nós, dírithe ar rud éigin nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ar bhealach amháin ach a tharraingíonn daoine le chéile agus a thugann deis dóibh a gcuid fadhbanna agus cúraimí a chur i leataobh ar feadh scaithimh.
dá gcuid muiríní for their families
" Ba bheag an mhaith máithreacha bochta na tíre bheith ag caitheamh airgead na bprátaí ar gheansaithe Eircom agus FAI dá gcuid muiríní.
chomh hullamh don saol as prepared for life
" Measaim nach mbíonn siad chomh forbartha mar dhaoine agus chomh hullamh don saol is a bhíonn mic léinn tar éis dóibh oideachas tríú leibhéal a fháil in Éirinn.
oiliúint intinne training for the mind
" Ní forbairt phearsanta a bhíonn i gceist ach oiliúint intinne.
cuir i gcás for example
" Tá fianaise láidir air seo le feiceáil, cuir i gcás, ar an leathanach cúil do gach eagrán den *Irish Times*, áit a bhfuil tairiscintí ísle speisialta ar fáil ó óstáin mhóra ar fud na tíre.
mhilleán blame, responsibility for failure
" Ní thig an locht a chur go hiomlán ar chúinsí lasmuigh den tír go bhfuil titim thubaisteach i ndiaidh tarlú sa ghnó seo - is féidir go leor den mhilleán a chur orainn féin.
don Lucht Taistil for Travellers
" Dá mbeadh fíorspéis ag an Taoiseach sna moltaí a rinneadh bheadh sé tar éis ainmniúchán a thabhairt do leithéid Kathryn Sinnott, a sheas don Dáil agus don Seanad le haird a tharraingt ar an easpa tacaíochta atá ar fáil do dhaoine míchumasacha, nó do Rosaleen McDonagh a sheas ar son cearta don Lucht Taistil.
an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana European Bureau for Lesser Used Languages
" Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin.
d'fhormhór na ndaoine for most of the people
" Ní raibh an t-aistriú éasca d'fhormhór na ndaoine a rinne é.
cé ab fhóirsteanaí dó who was the most suitable for him
" Rinneadh cleamhnas dó ach bhí triúr ban ar an ghearrliosta agus b'éigean domhsa a theacht leis agus socrú a dhéanamh cé ab fhóirsteanaí dó.
an tsaint atá agam inti the thirst I have for it
" Ach is deacair í a chur i leataobh go ceann i bhfad, agus an tsaint atá agam inti, mar Ghaeilge.
ag tóraíocht na gréine agus na gaoise looking for sun and wisdom
" Cúis lúcháire dúinn uilig go bhfuil Balor na Baothchainte ar ais i dtír na mbeo agus ar a sheanléim arís, i ndiaidh dó an domhan a shiúl agus é ar a chuid laethanta saoire ag tóraíocht na gréine agus na gaoise.
neamh-infheidhme not fit for service
" 'Poitín Chonamara! Cuir fríd an chóras uisce é agus fágfaidh sé iad neamhbhríoch, neamhéifeachtach, neamh-infheidhme agus neamh-amhrasach.
dá sheasamh for his position
" Tá eagraíocht nua, Irish Rural Dwellers Association, tosaithe ag Jim Connolly as Contae an Chláir le dúshlán a thabhairt don dearcadh cathrach agus tá tacaíocht láidir á fáil aige ar fud na tíre dá sheasamh.
ar son na cúise for the cause
" Ní raibh díomá orm leis an albam seo, rud a tharlaíonn uaireanta nuair a chaitear rudaí le chéile "ar son na cúise".
ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine catering for people's needs
" Bhíodh lucht siúil gur tháilliúirí, ghréasaithe agus lucht déanta cannaí iad ag taisteal i ngach ceantar ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine.
murach if it wasnt' for
" Thar na blianta tá a lán taifeadtaí déanta againn d'fhilí, scríbhneoirí agus amhránaithe sean-nóis nach mbeadh ar fáil choíche murach CIC.
chuir mé i dtaisce iad I put them away for safe-keeping
" "Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad," arsa Bróna.
luach a gcuid airgid value for money
" Fiafraíonn siad cén costas a bhainfeadh le seirbhísí difriúla, cad é go díreach a d'fhéadfadh siad a fháil ar shuim áirithe airgid, agus féachann siad le luach a gcuid airgid a fháil.
freagrach as responsible for
" Creid é nó ná creid, is é Samuel Beckett atá freagrach as an tsuim atá agam i gcultúr na hÉireann.
ábhar clamhsáin reason for complaining
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
gurb é leas na seirbhíse that it is for the good of the service
" Ar an lá sin insíodh do de Róiste go raibh sé á scor as an arm "ar an gcúis gurb é leas na seirbhíse é a scor".
an eachtra a mhaitheamh dá mhac to forgive his son for the incident
" Fiú go lá a bháis, i mí Eanáir seo caite, ní raibh sé sásta an eachtra a mhaitheamh dá mhac.
Murach if it wasnt' for the fact
" Aird na nuachtán ======= Murach gur sheas a dheirfiúr d'uachtaránacht na hÉireann i 1997, is dócha go mbeadh de Róiste tar éis an eachtra ar fad a ligean i ndearmad.
muradh botún if it weren't for a mistake
" Bheadh duine eile de na robálaithe, Joe Dillon, sa phríosún muradh botún a deineadh in ordú aire agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise.
ar theachtaireachtaí dá fhostóir on messages for his employer
" Bíonn an buachaill Kaim i gcónaí ag rith trasna na talún tirime donnbhuí, ag dul ar theachtaireachtaí dá fhostóir.
i bhfad róchontúirteach chuige sin much too dangerous for that
" Inár gcás féin, ní dóigh liom go ligfidh muid do Dhara ná do Chuán dul ar scoil leo féin go dtí go mbeidh siad cuid mhaith níos sine - tá an príomhbhóthar ar a bhfuil an scoil suite i bhfad róchontúirteach chuige sin.