Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
forais bodies, institutes
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
na bhforas trasteorann the cross-border bodies
" Tá siad ar son na bhforas trasteorann.
foras body
" Bheadh gá le tacaíocht ó na ranna stáit agus ó gach foras poiblí chuige sin.
forais trasteorann cross-border bodies
" Is cuma, ar dhóigh, fán díchoimisiúnú ná fá na forais trasteorann.
foras monatóireachta monitoring body
" Orthu sin tá an moladh go mbunófaí foras monatóireachta.
mórchuid na bhforas Eorpach most of the European institutions
" Conspóideach ======= Is é an tionscadal is conspóidí ar an liosta ná plean chun feabhas a chur ar an iarnród a cheanglaíonn an Bhruiséil, Strasbourg agus Lucsamburg - na trí chathair ina bhfuil mórchuid na bhforas Eorpach lonnaithe.
forais spóirt sports bodies
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
an bhForas Riaracháin the Institute of Public Administration
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
an bhForas Riaracháin the Institute of Public Administration
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
forais trasteorann cross-border bodies
" Muna gcuirfear, ní bheidh siad in ann forbairt a dhéanamh ar na forais trasteorann a bunaíodh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus is lú seans go n-éireoidh leo a n-aidhm eile a bhaint amach, sin le rá bheith páirteach i rialtas sa deisceart.
dian ar Fhoras na Gaeilge uaireanta hard on Foras na Gaeilge at times
" Bíonn na meáin chumarsáide dian ar Fhoras na Gaeilge uaireanta, agus bíonn cúis mhaith leis an cháineadh uaireanta, ach is ceart tacaíocht a léiriú d’fhear Thír Eoghain agus é ag dul i mbun oibre.
líon na bhforas trasteorann. the number of cross-border bodies.
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
forais achomhairc grounds for appeal
" Agus forais achomhairc á lua ag a lucht cosanta, mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear mar gheall ar “thuairisciú dhochrach” na meán le linn na trialach.
chuig forais na hEorpa. to European institutions
" I mbeagán focal, aistreofar go leor de chumhachtaí pharlaimintí na mballstát chuig forais na hEorpa.
polaiteoirí á dtogh chun foras éagsúil. politicians being elected to different institutions
" Ciallaíonn sin go mbíonn toghcháin ar siúl an t-am ar fad, beagnach, agus polaiteoirí á dtogh chun foras éagsúil.
foras creidimh, religious body
" Faoi réir mhír 37(1), tá sé ceadmhach idirdhealú áirithe a bheith déanta ag foras creidimh, oideachais nó leighis atá á reáchtáil ag comhlacht a bunaíodh chun críche creidimh nó a n-áirítear ar a chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh.
tá rún ag Foras na Gaeilge Foras na Gaeilge intend
" Ó mhí Aibreáin seo chugainn, áfach, tá rún ag Foras na Gaeilge gan maoiniú a bhronnadh feasta ach ar nuachtán seachtainiúil Gaeilge amháin agus tá siad ag iarraidh go mbeidh seirbhís leictreonach ag baint leis.
Ar son an deontais ón Fhoras for the grant from the Foras
" Ar son an deontais ón Fhoras?” “*A cups*? Ar son Dé, níl d’eolas agamsa ach ar *cups of tae*.
fhoras institute
" Bhí na trí fhoras láidir Béarla úd ag teacht ar an bhfód an ghlúin sin.
forais institutes
" Tá muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; tá daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl sé soiléir gur féidir seo a fháil.
fhoras coimeádach a conservative institution
" Cé gur tugadh an chluas bhodhar do rabhaidh ó eagraíochtaí eile go dtí seo, anois tá an scéal ag teacht ó fhoras coimeádach atá maoinithe ag na rialtais iad féin.
forais airgeadais financial institutions
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
bhforais daonlathais democratic institutions
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
foras institution
" Deir Cynthia Young, coimeádaí an Ionad Idirnaisiúnta Grianghrafadóireachta i Nua Eabhrac, foras a bhunaigh deartháir Capa ina ómós, nach raibh sí go hiomlán cinnte faoin teoiric seo agus go mbeadh a thuilleadh fianaise de dhith uirthi ach go raibh an tIonad ‘open to new interpretations’.
forais institutions
" Tá sé ráite i mbrollach Thuarascáil An Bord Snip Nua nár tháinig na forais trasteorainn faoina scáth, rud a d’fhág gur tháinig Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, go leor de na heagrais dheonacha slán ó chorrán géar an speallaire.
bhforais institutions
" Cumhacht na dTíortha Móra Is fíor go bhfuil na tíortha móra níos cumhachtaí i bhforais an Aontais, ach ní mór an t-iontas go bhfuil.
fhorais institutes
" Ba shin an léiriú is fearr ar dhaonnacht a d’fhéadfaí a fháil i gceann de fhorais mhóra na tíre nach samhlófaí le dámh ná le daonnacht.
Forais Rialtais institutions of government
" Athruithe sna Forais Rialtais Cuireadh brú ar an chóras pholaitiúil san Fhionlainn freisin.
fhoras institute
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
ba gheall le foras almost an institution
" Ar nós Peter Allis atá ina thráchtaire don BBC le blianta fada ar chúrsaí gailf, ba gheall le foras é Bill McLaren lena ghuth sainiúil, seanchaíoch a samhlófá léargas agus tuiscint ar leith a bheith ag baint leis agus nach raibh le fáil in aon tráchtaire eile.
foras institute
" Bítear ag súil le caighdeán inghlactha áirithe táirge ó gach foras agus comhlacht.
foras institute
" Tá an foras dlíthiúil seo bunaithe sa Ghaimbia is cuireadh ar bun é chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal san Afraic, conradh cearta daonna, ar céim mhór chun cinn é, a dhaingnigh an Chéinia i 1992.
foras institute
" Ar an drochuair, tá fianaise acu gur foras thar a bheith lochtach ag barr Chnoc an Anfa agus nach bhfuil an seanmhúnla seicteach briste agus córas úr a bhéarfadh dóchas do gach duine curtha ina áit.
fhorais institutions
" Elaine Byrne ag agóid go tréan ar son athruithe bunúsacha bunreachtúla a chuirfeadh, dar léi, cuma úrnua ar fhorais pholaitiúla na tíre agus a thabharfadh ar oifigigh an stáit a bheith ionraic, freagrach agus iad i mbun a gcuid dualgas.
Fhorais institute
" Smith, stiúrthóir an Fhorais um Thaighde: Beartas an Mheánoirthir (Irmep), cuntas ar an gcaoi ar éirigh leis an stát Síónach an buama a fháil.
foras an institution
" Baineann an fhadhb is mó atá againn le cumas an Éireannaigh foras nó reacht a chruthú, a reáchtáil agus a fhorbairt.
Foras Náisiúnta um Eolaíocht NIS
" De réir an Foras Náisiúnta um Eolaíocht sna Stáit Aontaithe, tá a oiread taighdeoirí ag obair sa tSín is atá sna Stáit nó san Aontas Eorpach.
forais institutes
" Tá siad ag caitheamh an t-uafás airgid ar bhunú forais úra a théann in iomaíocht lena macasamhla san iarthar.
bhforas an institute
" Ní hamháin sin ach tá Gaeilge chomh maith sin aici gur éirigh léi post a fháil i bhforas tríú leibhéal agus an Ghaeilge mar theanga oibre aici (2007-08), dúshlán a sháródh an chuid is mó de mhuintir na tíre seo a bhfuil 14 bliain tugtha acu ag foghlaim na teanga ar scoil.
fhoras thrasteorann crossborder institutions
" D’fhógair Rialtas na hÉireann go raibh siad ag iarraidh dhá fhoras thrasteorann breise a bhunú, ceann a bhain leis an Ghaeilge ina measc.
Foras fostáit state institution
" Buntáistí Oideachais do theangacha mionlaithe - Na 7 gCumhacht - Foras fostáit - Scoileanna & Oideachas = an ceann is tábhachtaí do mhionlach - Dúnghaois: aitheantas/pobail, cultúr, cúrsaí agus daonlathas An Chéad Chéim ======= Deir sé go bhfuil COGG ann, atá ina bhord comhairleach, an chéad chéim eile atá le tógáil ná bord le cúraimí reachtúla ann a dhéanamh as.
foras a chosnóidh tú an institute you’ll defend
" “Níl a fhios agam cén chaoi a ndéanann tú sin”, níl aon cnaipe draíochta ach, ar a laghad, má tá foras a chosnóidh tú, ach go háirithe i rannóg oideachais, atá chomh tábhachtach, bhuel ar a laghad, tá uirlis amháin eile sa mbosca agaibh.
forais institutions
" ” Mar is Toil leis an bPobal a Bheas an Lá =============== Deir sé más sin atá uainn, togha, leanaigí oraibh, ach mura bhfuil sin fíor, caithfear athruithe a dhéanamh, ach chun go dtarlóidh na hathruithe seo “caithfidh toil láidir a bheith taobh thiar den ghníomh mar sin an t-aon uair a dhéanfaidh polaiteoirí, forais agus eagraíochtaí rud éigin.
forais airgeadais financial institutions
" 5bn a thógfaidh an rialtas ón cháin a ghearrfaidh siad ar na bancanna agus ar na forais airgeadais,” arsa Brian Campfield, ceannaire NIPSA (the Northern Ireland Public Service Alliance).
a chuid foras its institutions
" Tá an turnamh airgeadais ar an ghéarchéim is mó dár bhuail an tír ó phléasc an Tuaisceart i ndeireadh na seascaidí, agus thug sé rud mór uafásach amháin le fios: tá córas polaitiúil na tíre, an cultúr a bhaineann leis, a chuid foras, agus na daoine atá ina bharr, tá an t-iomlán, is léir, mí-oiriúnach don aonú haois is fiche.
forais na heaglaise the church institutions
" Bhí forais na heaglaise ag tacú leis an gcogadh.
na bhforas daonlathach of the democratic institutions
" Cuireadh athleasú na bhforas daonlathach go barr an chláir oibre dá bhrí sin.
forais riaracháin admin institutions
" Lena gceart a thabhairt d’Fhine Gael agus do Pháirtí an Lucht oibre, tá siad ag moladh go gcuirfí athruithe suntasacha ar na forais riaracháin.
foras an institute
" Ceapadh Weir uachtarán anuraidh ar *Council for the National Interest,* foras a thacaíonn le *“Middle East policies that serve the American national interest.
foras institute
" Is é ‘Visceral’ an teideal atá ar an taispeántas agus tá sé bunaithe ar shaothar a rinne SymbioticA, foras Astrálach, a chruthaíonn ábhar ealaíne atá bunaithe ar theicneolaíocht na clónála agus a mbíonn idir shaothrúchán fíocháin agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist.
forais institutes
" Forbairt an Cheantair ============ **SMM: Chonaic daoine cuid d'áilleacht an cheantair sa scannán sin An Píopa agus rinneadh iarracht, áitiúil, leis an idirlíon daoine a mhealladh isteach ar saoire, ach ar cheart tuilleadh a dhéanamh ar bhonn contae nó go hidirnáisiúnta? – Dá ndéanfaí nascadh le ranna Gaeilge sna forais tríú leibhéal, nó le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge abair?** BNC: Ceapaim go bhfuil deiseanna iontacha ansin, forbairt a dhéanamh ar an méid a dúirt tú ansin.
bhforas dianchúram meabhairshláinte an intensive care mental institution
" Dá ndéanfaí sin san Ollainn, ní bheadh cead gunna a iompar faighte ag Tristan van der Vlis: sa bhliain 2006, chaith seisean deich lá i bhforas dianchúram meabhairshláinte toisc go raibh sé ag bagairt lámh a chur ina bhás féin.
bhforas institution
" Seo an chéad uair atá siad go léir ar taispeáint le chéile i bhforas náisiúnta, agus bíonn slua timpeall orthu gach lá.
foras taighde research institute
" Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.
forais airgeadais financial institutes
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
Fhoras Bia agus Talmhaíochta food and agriculture institute
" ** CL: Bhí m’áthar ag obair do na Náisiúin Aontaithe, don Fhoras Bia agus Talmhaíochta.
forais teanga language institutes
" Ní bhíonn de rogha ag an té a dteastaíonn uaidh Béarla ceart a fhoghlaim ach cúrsa a dhéanamh ag ceann de na forais teanga phríobháideacha atá á mbunú i ngach uile cheard.
an foras a chosaint to protect the institution
" Agus a bhfuil tagtha chun solais ó na tuairiscí éagsúla le gairid, ní hiontas ar bith é nach mian le go leor daoine dílseacht a thabhairt a thuilleadh d’eaglais, ar thábhachtaí leis an foras a chosaint thar aon rud eile.
foras institution
" Is foras é Raffles a bhfuil cáil air ar fud an domhain mar urdhún na seanmhodhúlachta agus an fháilteachais.
forais pholaitíochta political institutions
" Is íospháirtí iad na daoine faoin gcóras sin, óir táid sáraithe is saofa ag forais pholaitíochta.
is iomaí foras stáit many a state institution
" Ach is iomaí foras stáit a bheas faoi lúchair gur cuireadh múineadh ar an Choimisinéir óir gur bhior sa bheo a bhí ann agus é i mbun póilíneachta gan scíth ar chearta teanga phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.
forais institutes
" Dá mba mhian leis - agus lena chomhghleacaí sa DUP, an tAire Airgeadais Sammy Wilson - beartais a chur i bhfeidhm a chosnódh cearta oibrithe, a chosnódh seirbhísí oideachais agus sláinte, cúram do sheandaoine agus do pháistí agus an t-airgead a fháil ó na daoine, ó na comhlachtaí agus ó na forais is mó a bhfuil sé acu, ansin gheobhadh sé tacaíocht ó gach aicme sa tuaisceart.
ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal graduating from third level institutions
" Ach mar is gnách sna tionscadail dhigiteacha in Éirinn, tá fadhb ann: ní hionann na scileanna atá acu siúd a bhíonn ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal is na scileanna atá de dhíth ar na fostóirí san earnáil seo.
fhoras institute
" Thiocfadh dá réir go gcuirfí easpa daonlathais ina leith dá mbeadh cumhachtaí á dtiomnú ar fhoras nach bhfuil tofa ag mórgóir an phobail.
forais institutions
" Déanann an Fhéile ceiliúradh ar na meáin chumarsáide Ceilteacha agus i gcaitheamh tri lá gach bliain, cuirtear ar fáil sárthaispeántas de na forais agus de na táirgí craoltóireachta agus scannáníochta is fearr a léiríonn cultúr na dtíortha Ceilteacha.
forais sheanbhunaithe longestablished institutions
" Na Buaiteoirí ===== D’éirigh le léiriúcháin teilfíse, raidió agus na meáin úra Ghaeilge ainmniúcháin a fháil ar ghearrliosta iomaíoch na Féile, ina measc, Raidió Fáilte agus Tobar Productions, ach ba iad na forais sheanbhunaithe, RTÉ (teilifis agus raidió) chomh maith le TG4, a thug leo tromlach na ngradam a bronnadh ar léiriúcháin as Éirinn.
taighdeoir i bhforais éagsúla researcher(s) in various institutions
" Is brateagraíocht í an *Koala Research Network*, a labhraíonn ar son corradh is 60 taighdeoir i bhforais éagsúla fud fad na tíre, agus thug an tOllamh Clive McAlpine fianaise don choiste thar ceann an Líonra.
an foras cruthú fostaíochta a bheas ann whether it’s an employment creating institution
" Socrófar an foras cruthú fostaíochta a bheas ann feasta nó an mbeidh fócas níos leithne aige mar atá leagtha amach ins an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
forais stáit state institutions
" Ach ba mhaith leis níos mó dul chun cinn a fheiceáil: "Ba chóir don rialtas i mBaile Átha Cliath na forais stáit a oscailt do na daoine, do mhuintir na Sé Chontae," dúirt sé.
Fhoras institute
" Múinteoireacht Mheasartha ============= An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin.
na forais ghairmiúla the professional institutions
" Cuirfear na carthanais, na forais ghairmiúla, agus na brústocairí tráchtála ar chlár poiblí.
forais ghinearálta the general institutions
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
an foras láidir bríomhar sin that strong lively institute
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine there is no institute created by man
" Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine – ón teaghlach go dtí an stát féin – gan locht.
foras tábhachtach poiblí amháin one important public institution
"foras tábhachtach poiblí amháin caillte san áit, an teach leanna, agus níl mórán thairis sin ann.
aon fhoras ardléinn any advanced educational institution
" Toisc ná fuar sé cead isteach in aon fhoras ardléinn seachas oifig dlí a charad Billy Herndon i Springfield, ba chuma le Lincoln mar gheall ar dhíospóireachtai claonta den chineál seo.
ualach ar fhorais agus ar dhlíthe the load on institutions and laws
" ’Sé seo cur chuige teibí na bhfichidí agus na dtríochaidí, eiseamláir brónach fiú den *“primacy of form”* sin aige Ó Crualaoich a chuireann ualach ar fhorais agus ar dhlíthe nuair ba chóir an t-ualach chéanna ar chur ar ghualainn dhaonna.
forais institutions
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
thar foras out of his depth
" (Is léir go bhfuil an Constábla Ceannais Matt Baggot thar foras (*out of his depth*) agus é ag déileáil leis na scliúchais ina bhfuil corradh le cead oifigeach dá chuid gortaithe ach sin scéal eile).
forais institutions
" Gheall sí freisin go mbeadh imeachtaí faoi leith sna forais chultúrtha náisiúnta lárnach sa chomóradh.
forais éagsúla various institutions
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
I dtaca le ginealach na bhforas sin in regards to the origins of those institutions
" I dtaca le ginealach na bhforas sin a bhí i mbéal an phobail le blianta anuas, tithe na ngealt, na neachtlanna Maigdiléana agus na scoileanna ceartúcháin san áireamh, foilsíodh leabhar spéisúil le déanaí, leabhar tinrimh dar teideal Pauper Limerick a thugann léargas thar a bheith spéisúil dúinn ar Theach na mBocht i gCathair Luimnigh ag deireadh an ochtú haois déag.
gcaithfear na forais atá ar an oileán seo the institutions on this island have to be
" Cuid de na dreamanna a luaigh tú, tá cuid mhaith de na bunphrionsabail ag na daoine sin, ach feictear dúinn go gcaithfear na forais atá ar an oileán seo a úsáid leis an bhfeachtas sin a chur chun cinn.
nó do fhorais eile or the other institutions
" Tá cuid de na dreamanna a luaigh tú, nach dtugann aitheantas do Dháil Éireann, nó do fhorais eile.
chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha the failure of the most basic social institutions
" Lonnú Fada Ceamara ar an Láthair ============== Fear mór an “*show*” seachas an “*tell*” ab ea Simon sa chlár mór le rá eile aige freisin, The Wire, clár fíormhall a dhéanann mioniniúchadh mall réidh ar chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha i mBaltimore.
is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos many institutions ought to be closed down
" Is fíor san ach dá mba é sin an tslat tomhais is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos, an Banc Ceannais agus an Dáil san áireamh! An mhórargóint eile atá ag Fine Gael ná an méad airgid a shábháilfí dá bhfaighfí réidh leis.
céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal graduates from some of the third level institutes
" Níl aon vótaí ach (i) ag céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal, na coláistí de chuid an NUI agus TCD, agus (ii) ag polaiteoirí, ’sé sin Comhairleoirí Contae agus baill an Oireachtais.
ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime no matter what institution presented the degree parchment
" Mura bhfuil an vóta ag céimí ó DCU nó Ollscoil Luimnigh nó DIT, ní ar an Seanad atá an locht ach chuile rialtas a bhí i gcumhacht le 34 bliain anuas, nár ghníomhaigh lena chinntiú go ndéanfaí do réir toil na ndaoine, agus an vóta a thabhairt do gach céimí, ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime.
forais chultúrtha na dtíortha éagsúla cultural institutions from the various countries
" Teachtaireachtaí sa Taispeántas =============== Spreagann scála an taispeántais iomaíocht ghéar idir ealaíontóirí agus forais chultúrtha na dtíortha éagsúla a ghlacann páirt ann.
ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon spoiling the institute of arts
" Cacamas Samhlaithe ========== Bhí iar-Aire Cultúir na Breataine, Kim Howells (2002), iontach daingean ina thuairim faoin chomórtas seo ag rá gur ‘conceptual bullshit’ a bhí ann, rud a spreag an Prionsa Séarlas le litir a scríobh mar thaca leis ag rá go raibh an gradam ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon.
go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE that EU institutions and policies associate in their own minds
" Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead.
dúnadh forais thábhachtacha important institutions were closed
" Ní dearnadh dochar uafásach don tír, mar coinníodh na seirbhísí ‘éigeandála’ ar oscailt, ach dúnadh forais thábhachtacha mar an Áisínteacht um Chosaint na Timpeallachta, an Roinn Dlí, rialtóirí airgeadais an rialtais, agus na páirceanna náisiúnta go léir.
Ní féidir foras mar sin géilleadh an institution like that cannot yield
" Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla nó tá deireadh ar fad caillte.
an t-aon fhoras the only institute
" Seo an t-aon fhoras cultúrtha Éireannach dá bhfuil ann a tháinig slán ó chúplaí an choilínithe agus domhandaithe.
ag fáscadh a ngreama ar fhorais tightening their grip on the institutions
" Ach go gasta tar éis imeacht Mandela, agus b’fhéidir lena linn féin, bhí muintir an ANC ag fáscadh a ngreama ar fhorais agus ar acmhainní geilleagair an stáit.
Intinn Dúnta an Fhorais the F's closed mindset
" Intinn Dúnta an Fhorais ========== Tá a fhios agam an tráth seo de mo shaol, nach bhfuil maith ar bith a bheith ag moladh réitigh do dhuine le hintinn dúnta.
a thionól an Foras which the F. called together
" Léiríonn an clár thíos an réimse oibre as a mbeidh gach ceann dena 6 cheanneagraíocht freagrach: <table style="width: auto; margin: auto"> <thead> <tr><td></td><td>Réimse Oibre</td><td>Ceanneagraíocht Bhuacach</td></tr> </thead> <tbody> <tr><td>1</td><td>Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge</td><td>Eagraíocht na nGaelscoileanna</td></tr> <tr><td>2</td><td>Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht</td><td>Conradh na Gaeilge</td></tr> <tr><td>3</td><td>Oideachas in Earnáil an Bhéarla</td><td>Gael-Linn</td></tr> <tr><td>4</td><td>Deiseanna a Thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán</td><td>Oireachtas na Gaeilge</td></tr> <tr><td>5</td><td>Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta</td><td>Glór na nGael</td></tr> <tr><td>6</td><td>Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga</td><td>Cumann na bhFiann</td></tr> </tbody> </table> Bhíos i láthair ag cruinniú i nGaillimh, a thionól an Foras leis an ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ a phlé tús na bliana 2012.
cinnidh an Fhorais the F. decisions
" Chuir cinnidh an Fhorais (agus úinéirí na nuachtán) go gcuirfí deireadh leis na teidil thuasluaite, seachas iad a leasú faoi struchtúr úr úinéireachta, caipín an bháis ar thraidisiún nach raibh ach ina thús.
go dtí forais chreidimh to religious institutions
" 4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh.
ar níos mó ná aon fhoras amháin more than just one institute
" Titeann cúram na mbeartas maidir le Gaeilge ar chomharthaí ar níos mó ná aon fhoras amháin.