Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
forlíonadh supplement
" Chuir siad forlíonadh le chéile a foilsíodh sa nuachtán *Foinse*.
forlíonadh seachtainiúil Gaeilge weekly Irish supplement
" Sa bhliain 2002, d'iarr muintir an nuachtáin *The* *Irish News – *foilseachán a bhfuil a oifig lonnaithe i mBéal Feirste – €700,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge le forlíonadh seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, a chomhdhéanfaí de shé leathanach déag agus a chuirfí isteach ina nuachtán féin.
forlíonadh supplement
" Más gá! Ar shuí san aerfort dom, bhíos ag léamh alt le Brian Boyd, ar chúl forlíonadh 'ealaíne' an Irish Times Dé hAoine.
forlíonadh insert
" Mar a déarfaí sa chúirt: “they have previous m’lud!” Agus i ndeireadh ama is forlíonadh seachas nuachtán é Foinse anois.
forlíonadh supplement
" Ar an Domhnach 13 Eanáir d’fhoilsigh an *Sunday Independent* forlíonadh speisialta in éineacht leis an nuachtán Domhnaigh faoi chúrsaí spóirt in Éirinn agus thar lear.
forlíonadh supplement
" Bhí an forlíonadh san Irish Times thar barr: thug sé an-léargas ar an gcoimhlint ghéar idir gluaiseacht na n-oibrithe leis na fostóirí 100 bliain ó shin, le go mbeadh sé de cheart ag an ngnáthoibrí ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann.
Forlíonadh ildaite a multi-coloured supplement
" In imeacht coicíse tháinig Seachtain! Forlíonadh ildaite é a dháilfear mar fhorlíonadh de chuid an *Irish Independent* chuile Chéadaoin.
forlíonadh nua oideachais a new educational supplement
" Anuas ar sin, tá forlíonadh nua oideachais darbh ainm Ar Fheabhas á fhoilsiú ag an Irish Independent an lá céanna.
an forlíonadh ús morgáiste the mortgage interest supplement
" Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.