Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarbhall former member
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
iarimreoirí former players
" Is iarimreoirí atá i mbun an chlub.
iarbhall den Pháirtí Cumannach former member of the Communist Party
" Is iarbhall den Pháirtí Cumannach é John Reid, duine de lucht tacaíochta Glasgow Celtic agus is léir go mbíonn sé ar a shuaimhneas i measc gnáthdhaoine.
iarchraoltóir former broadcaster
" Aon uair a iarrtar ar aon iarchraoltóir rud ar bith a dhéanamh, bíonn siad toilteanach é a dhéanamh go deonach.
iarchigire scoile a former school inspector
" Is iontach an smaoineamh é, a tháinig chugainn ó Shéamas de Creag, iarchigire scoile as Béal Feirste a bhí ina chónaí in aice le Toronto go dtí le déanaí.
iar-dhílleachtlann former orphanage
" Is iar-dhílleachtlann Chaitliceach é agus tá staighre an-mhór ina lár, le balastair ghalánta déanta as iarann.
iarchathaoirleach former chairman
" Nuair a bhíonn iriseoir Gaeilge ag scríobh ailt faoi fhorbairt teicneolaíochta sa ríomhaireacht, cá bhfaigheann sé a chuid focal? Agus nuair a léann léitheoirí a alt, cá bhfaigheann siadsan aistriúcháin ar na focail seo? Tionscadal nua ======= Ba cheart go mbeadh fíoráthas orainn mar sin gur bheartaigh Foras na Gaeilge tamall siar foclóir nua Béarla-Gaeilge a fhoilsiú agus iarchathaoirleach an Fhorais, Mícheál Ó Gruagáin, a chur i mbun cúnta sa tionscadal.
iarbhainisteoir former manager
" Agus mé i mbun taighde don alt seo, labhair mé le hiarbhainisteoir de chuid na sreangshiopaí Standa, fear a chaith seal ag obair le Berlusconi agus a bhfuil aithne mhaith aige air.
Iarbhall former member
" **ANO:** Leithéidí Johnson Brown? **PM:** Cé? **ANO:** Iarbhall de CID an RUC é Jonty Brown a bhí i láthair nuair a d'admhaigh spiaire de chuid an Bhrainse Speisialta gur mharaigh sé an dlíodóir Pat Finucane.
iarmhúinteoir former teacher
" Mar shampla, is iarmhúinteoir í an tAire Oideachais atá againne, an feisire Estelle Morris.
iar-Státrúnaí na Stát Aontaithe the former US Secretary of State
" Rinne sé botún faoi dháta ar a ndearna Kissinger ráiteas éigin agus rinne iar-Státrúnaí na Stát Aontaithe scéal mór as seo le haird a tharraingt ó na ceisteanna deacra a bhí á gcur air.
iarpheileadóirí former footballers
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
iardhrioglann a former distillery
" Tar éis an ghéillte, cuireadh na Kings agus a lán óglach eile sa phríosún i Sasana agus i mí an Mheithimh aistríodh iad go Frongoch, iardhrioglann agus campa géibhinn do na Gearmánaigh.
iarimreoirí peile former footballers
" Cé go bhfuil tuiscint níos fearr ann anois ar na bealaí is fearr chun traenála agus chun meatáin, ailt agus cnámha an choirp a chosaint roimh, le linn agus tar éis traenála agus imeartha, is cosúil go bhfuil seans maith ann fós go bhféadfadh iarimreoirí peile agus araile a bheith ag fulaingt le hairtríteas agus scoilteacha roinnt blianta tar éis dóibh éirí as an imirt.
iarmháinlia former surgeon
" Nuair a chuaigh John Robb, iarmháinlia agus bunaitheoir an New Ireland Movement go Baile Monaidh, thosaigh sé ag caint ar fhorbairt pobail.
iarimreoir former player
" Mar a dúirt Tommy Burns, iarimreoir agus iarbhainisteoir de chuid Celtic: "Caithfidh siad (na himreoirí) cuimhneamh go bhfuil níos mó i gceist ná bheith ag imirt d'fhoireann pheile.
iarstáisiún ginte leictreachais a former electricity powerstation
" Gailearaí den scoth é seo, iarstáisiún ginte leictreachais, a osclaíodh sa bhliain 2000 le healaín chomhaimseartha agus ealaín an fichiú haois a thaispeáint.
Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí a former Supreme Court judge
" Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí i Victoria, Alec Southwell, a bheas i mbun an fhiosraithe agus is dóigh go mbeidh sé dhá mhí nó trí sula mbeidh toradh air.
iarbhaill former members
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
Iarionsaitheoir former striker
" Iarionsaitheoir le Liverpool FC is ea John Aldridge agus bhí sé ar fhoireann na hÉireann a d'imir i gCorn an Domhain i 1990 agus arís i 1994.
d'iarbhaill to former members
" Anuraidh scríobh Ambasadóir na Breataine litir chuig an *Irish Times *ina ndúirt sé nach raibh aon fhírinne sa scéal go raibh an MOD tar éis comhairle a thabhairt d'iarbhaill de chuid Arm na Breataine gan comhoibriú le fiosrúchán an Bhreithimh Barron.
iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí the party's former director of elections
" Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé "Grúpa Athbhreithnithe Straitéise" ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí.
iarcheannaire airm former army leader
" Dúirt iarcheannaire airm amháin go gcuirfeadh sé imní air go raibh an oiread sin daoine i gcoinne an chogaidh cé nár thosaigh sé fós.
iarcheannaire former leader
" Is ón Afganastáin a thagann an chuid is mó de hearóin an domhain agus nuair a d'fhógair iarcheannaire na dTaleban, Mullah Omar, ar an 27 Iúil 2000 go raibh cosc as sin amach ar fhás an phlanda opium, bhí ganntanas hearóine ar fud an domhain dá bharr.
a iarchomhghleacaithe his former colleagues
" Bhí Gregg ina cheannaire ar cheann de na complachtaí ba mharfaí agus ba sheictí de chuid an UDA sular mharaigh a iarchomhghleacaithe é.
iar-Ollamh le Gaeilge former Professor of Irish
" Fear a bhfuil taithí ar an spotsolas aige é an scoláire mór agus iar-Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, atá anois ina shagart paróiste sa Daingean, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí.
iarcheannaire former leader
" Fostaíocht ======= Fuair Raytheon cuireadh teacht go Doire ó John Hume, atá ina bhall de Pharlaimint Westminster agus den Pharlaimint Eorpach, agus ina iarcheannaire ar an SDLP.
iarchigire former inspector
" Ba é an Giúistís Sir Samuel Croker, iarchigire san RIC, a athair agus bhí a mháthair, Mary Ann Noonan, ina giolla i dteach Croker.
iar-Aire Iompair former Transport Minister
" Agus in ainneoin an méid a bhí le rá ag an iar-Aire Iompair Mary O'Rourke faoin tseirbhís a bheith ar fáil don phobal faoi dheireadh na bliana 2003, ní bheidh na tramanna le feiceáil ar shráideanna na hardchathrach go dtí mí an Mheithimh 2004 ar a luaithe.
an t-iarfhear dóiteáin the former firefighter
" Tuairiscíodh an samhradh seo caite gur ardaigh Dennis Smith, an t-iarfhear dóiteáin i Nua-Eabhrac agus an údar leabhar mór-ráchairte, ceisteanna tromchúiseacha sábháilteachta, ina measc cinn a luaigh an BPCA i ndiaidh dhúnadh an ionaid.
iarbhall former member
iarbhall former member
" Is éard atá sa dráma ná an méid a tharlaíonn nuair a fhaigheann iarbhall den RUC amach go bhfuil an fear atá ag obair ina chistin ina iarbhall den IRA.
an t-iarphéas the former policeman
" Ní nach ionadh, tosaíonn "díospóireacht" idir an t-iarphéas, a bhean chéile agus an poblachtánach ar an choimhlint ó thuaidh.
chearta iarphríosúnach poblachtánach the rights of former republican prisoners
" Ach cad é mar is féidir le beirt iarchimí poblachtánacha intinn oifigigh de chuid an RUC a thuigbheáil? Le cúpla bliain anuas, tá Laurence McKeown ag obair ar son Choiste na nIarchimí, scáthghrúpa a oibríonn ar son chearta iarphríosúnach poblachtánach.
iarbhall former member
" Tharraing Carnie Wilson (iníon le Brian Wilson ó na Beach Boys agus iarbhall den phopghrúpa cailíní Wilson Phillips) aird ar an chineál seo sceanairte nuair a craoladh a hobráid sheach-chonair ghastrach ar an idirlíon sa bhliain 1999.
iarbhainisteoir former manager
" Agus é ag scríobh le déanaí ar an ábhar seo rinne Liam Ó Gríofa, iarbhainisteoir Loch Garman, argóint láidir ar son cineál "*sin bin*".
iarbhainisteoir former manager
" Is maith liom Liam Mac Grifín, iarbhainisteoir fhoireann iománaíochta Loch Garman (bhuadar Craobh na hÉireann faoina chúram i 1996 agus ba é a bhaist an "Riverdance of Sport" ar an iománaíocht).
iariascaire former fisherman
" Is iariascaire é Mícheál Ua Ciarmhaic a chaith a shaol iomlán sa Ghaeltacht sin ar imeall an Aigéin Atlantaigh.
iarbhleachtaire a former detective
" Tá mé cinnte nach raibh mé ag caint leis an Tiarna Lucan an oíche sin, ach de réir an leabhair *Dead Lucky*, a scríobh iarbhleachtaire de chuid Scotland Yard, Duncan McLaughlin, agus an t-iriseoir William Hall le gairid, bhí mé.
faoin iarchoimisinéir iompair under the former transport commissioner
" Grúpa saineolaithe faoin iarchoimisinéir iompair, Karel van Miert, a chuir an liosta tosaíochtaí le chéile.
in iar-Aontacht na bPoblacht Sóivéideach Sóisialta in the former USSR
" Anois tá sí ina bainisteoir tionscadal sa Choimisiún Eorpach, agus tá sí ag plé leis na tíortha in iar-Aontacht na bPoblacht Sóivéideach Sóisialta.
iarchigire scoile a former schools inspector
" Séamus de Cregg), iarchigire scoile as Béal Feirste, an eagraíocht timpeall 1995.
Iarmhúineoir a former teacher
" Iarmhúineoir is ea Con, a d'éirigh sé as an mhúinteoireacht am éigin sna seachtóidí nó roimhe sin, agus a chuaigh leis an iriseoireacht ghairmiúil.
iarchócaire former cook
" Bhí ócáid den chineál sin sa gCúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite, nuair a tháinig iarchócaire ón scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic i gConamara os comhair an Bhreithimh Harvey Kenny.
iarbhráthair former brother
" Tugadh téarma príosúin d'iarbhráthair amháin cheana féin (cé gur cuireadh ar fionraí é) a d'oibrigh san áit sna 1960í.
iarcheannaire former leader
" Tá imní, áfach, laistigh d'Fhianna Fáil go dtárlódh dó mar a tharla d'iarcheannaire Fhine Gael Michael Noonan, fear eile a raibh intleacht agus an-tuiscint ar chúrsaí polaitíochta aige.
hiarollamh ríomhaireachta a former professor of computing
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
iarimreoir former player
" Dar ndóigh is páiste mór nó gasúr fós gach imreoir agus gach iarimreoir go lá a bháis.
iar-Ghobharnóir former Governer
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais former Secretary of the Department of Finance
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
iar-Sheanadóir former Senator
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann former Chancellor of the National University of Ireland
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
iar-uachtarán former president
" Creideann iar-uachtarán an CLG, Seosamh Mac Donncha, gur de bharr gur mhothaigh muintir na hÉireann ciontach as an Ghaeilge a thréigean, is cúis cuid mhór, i ngan fhios dóibh féin, gur thacaíodar chomh mór sin leis an CLG.
iar-ospideál fiabhrais former fever hospital
" Nuair a bhí an t-ionad á thógáil (nó *á atógáil*, mar is iar-ospideál fiabhrais é), cuireadh díon úrnua air.
iarcheannasaí pleanála former head of planning
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
iar-chomhairleoir former councillor
" Is iar-chomhairleoir de chuid an SDLP ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste é Brian Feeney.
iarimreoir former player
" Teastaíonn ó na contaetha sin fanacht i Roinn a hAon mar, dar le hiarimreoir de chuid Bhaile Átha Cliath a raibh mé ag caint leis le déanaí, níl i Roinn a Dó ach "ainnise".
iarchaiteoirí former smokers
" "Tá mé ag éirí astu," a chuala mé arís agus arís eile, agus cé go raibh grúpaí beaga ag caitheamh taobh amuigh de na doirse, bhí neart iarchaiteoirí taobh istigh.
iar-aire former minister
" Teachta Dála agus iar-aire é Eoin Ryan, fear ó chúlra meánaicmeach i ndeisceart na cathrach a raibh a athair agus a sheanathair roimhe beirt lárnach i bhFianna Fáil.
iarphairtnéir former partner
" Ní hamháin go bhfuil Noel Ahern, deartháir an Taoisigh, ag tacú leis, ach tá cairde an Taoisigh, daoine ar nós Des Richardson agus iarphairtnéir an Taoisigh Celia Larkin, bainteach lena fheachtas freisin.
an t-iarfheisire Eorpach the former MEP
" Lárnach i bhfeachtas an Uasail Ryan tá muintir Andrews uilig, sin le rá an t-iarfheisire Eorpach Niall Andrews agus an t-iaraire David Andrews, mar aon lena mhac siúd Barry Andrews.
in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha in the former Soviet Union
" Thóg seisean comhlacht mór foraoiseach in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha i ré Gorbachev agus *glasnost*.
iarshaighdiúirí former soldiers
" Tá poblachtánaigh agus iarshaighdiúirí iad féin ar aon intinn go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná seo.
iarthaidhleoir former diplomat
" Sa tuarascáil, dúirt an t-iarthaidhleoir agus iarspiaire Philip Flood go raibh an fhaisnéis "gan téagar, débhríoch agus easnamhach".
iarspiaire former spy
" Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne.
a dhamnaigh an t-iar-Choimisinéir Pat Byrne which criticized the former Commissioner Pat Byrne
" Ach tuigtear do Beo! nach raibh an tuarascáil chéanna iomlán, gur fágadh ar lár na giotaí a dhamnaigh an t-iar-Choimisinéir Pat Byrne.
iar-mheánmhúinteoir Béarla former secondary school English teacher
" Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann.
archathaoirleach former chairperson
" Tá sé ina bhall den *Executive Committee*, is iarchathaoirleach é ar Chomhairle Ceardchumann Dhoire agus ball den *Bloody Sunday Campaign*.
d'iarshaighdiúir cabhlaigh former marine
" Agus é ag fás aníos in Greenpoint, Brooklyn mar mhac d'iarshaighdiúir cabhlaigh a bhí ag obair mar phóilín raoin i Nua-Eabhrac, chuir George Marlin suim sa pholaitíocht agus é an-óg.
iarbhaile former home
" Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.
iarchathaoirleach an choiste smachta the former chairperson of the disciplinary committee
" Tá gach coiste contae freagrach as imeachtaí ina chontae féin agus tá aithne ag gach duine ar (a) na réiteoirí (b) baill an choiste contae (c) uncail a d'imir leis an gcontae (d) iarchathaoirleach an choiste smachta, agus mar sin de.
iaraire former minister
" Ach, de réir an iaraire Tony Benn, tá 55,000 Iarácach marbh go dtí seo.
iar-mhuilte lín former flax mills
" Bíonn réimse maith áiteanna i gceist, ina measc caisleáin agus tithe ceann tuí, eaglaisí agus iar-mhuilte lín, reiligí agus príosúin.
iarscoláirí former students
" Bhí beirt iarscoláirí de chuid mo scoilse sa chomhluadar agus ba iad a bhí cumasach i mbun na maidí.
iarfhostaí former employer
" Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód.
a iarbhean chéile his former wife
" Bhí a iarbhean chéile ag fáil bháis den ailse nuair a d'fhill sé agus deir sé go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm, "go leibhéal tubaisteach", ar gach duine.
iaruachtarán former president
" D'fhill iaruachtarán dá gcuid ar Éirinn, fiú.
iarchoilíneacht former colony
" Ní mór a mheabhrú nár bhain an iarchoilíneacht seo de chuid na hAstráile a neamspleáchas amach go dtí 1975 agus go bhfuil deacrachtaí ann ó shin.
iarfhostaithe former employees
" Tá súil againn duine amháin, ar a laghad, d'iarfhostaithe ITÉ (Institiúid Teangeolaíochta Éireann) a bheith ag obair anseo go luath.
iarmhúinteoirí former teachers
" Déanaim taifeadadh anois is arís ar iarmhúinteoirí agus cairde liom ar nós Thomáis Uí Neachtain.
iar-eagarthóir former editor
" An mhí roimhe sin, cháin iar-eagarthóir de chuid *Encyclopaedia Britannica *an suíomh agus dúirt nach raibh sé a dhath níos iontaofa ná "leithreas poiblí".
iarcheannasaí former leader
" Bhíodh Andy Terry, iarcheannasaí an UDA, ina chónaí ar an taobh eile den tsráid.
an t-iarstailceoir ocrais the former hunger striker
" Rinne an t-iarstailceoir ocrais Laurence McKeown agus an t-iarchime Danny Morrison géarcháineadh ar an údar ina gcolúin i *Daily Ireland*.
an t-iarchime the former prisoner
" Rinne an t-iarstailceoir ocrais Laurence McKeown agus an t-iarchime Danny Morrison géarcháineadh ar an údar ina gcolúin i *Daily Ireland*.
dúnmharú an iar-chomhairleora contae the murder of the former county councillor
" Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú.
iarurlabhraí former spokesperson
" I gclár TG4, “Fullerton”, dúirt iarurlabhraí Pháirtí Lucht Oibre na Breataine ar Thuaisceart Éireann, Kevin McNamara: *“I think the Garda should be pursuing the allegations that their was a member of the gardai in the car when the witness was talking to the RUC.
iarimreoir former player
" Tá sé ráite ag iarimreoir cáiliúil rugbaí amháin, bunaithe ar a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí rugbaí, go scriosfadh an ghairmiúlacht na cluichí Gaelacha agus go mba chóir don Chumann bheith san airdeall.
iar-ard-déagánach former archdeacon
" D’easaontaigh Gordon Linney, iar-ard-déagánach Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath, leis an dóigh ar léiríodh na Protastúnaigh, cé nach ndeachaigh sé thar fóir leis an rud ar fad.
iaroifigeach former officer
" Scríobh iaroifigeach amháin, Jim “Dinty” Moore an méid seo i 1984: *“When first commissioned as Second Lieutenant in 1942, I was alarmed to find myself drafted to the 8th Irish – a wild rough battalion I was told.
iaraire former minister
" Tacaíonn fianaise an iaraire Caoimhín Ó Beoláin leis an méid seo.
iarbhaill former members
" Ag an am sin ba iarbhaill den IRA - ar chuimhin leo na híobairtí a rinneadh le linn Chogadh na Saoirse – cuid mhór de Theachtaí Dála Fhianna Fáil agus ba mhic nó iníonacha le hiaróglaigh an chuid eile.
iaróglaigh former volunteers
" Ag an am sin ba iarbhaill den IRA - ar chuimhin leo na híobairtí a rinneadh le linn Chogadh na Saoirse – cuid mhór de Theachtaí Dála Fhianna Fáil agus ba mhic nó iníonacha le hiaróglaigh an chuid eile.
iariománaí former hurler
" Ba é an Loingseach an chéad cheannaire de chuid Fhianna Fáil nach raibh riamh ceangal aige féin ná ag a mhuintir leis an IRA agus mar gheall air sin bhí cuid mhór den pháirtí nach raibh muinín acu san iariománaí ó Chorcaigh.
iarbhaill former members
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha in the former Soviet Union
" Thóg seisean comhlacht mór foraoiseach in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha i ré Gorbachev agus *glasnost*.
an t-iaroide scoile the former school teacher
" Tá dhá scór bliain ann, mar shampla, ón uair dheireanach a bhí an t-iaroide scoile Micheál Ó Seighin os comhair na cúirte, tráth ar gearradh fíneáil £2 air mar nach raibh solas ar a charr, a bhí pairceáilte taobh amuigh de Halla Uí Éallaithe i nGleann na Muaidhe.
iarchomhairleoir former councillor
" In alt suimiúil ar an *Irish News*, scríobh an colúnaí, agus iarchomhairleoir de chuid an SDLP, Brian Feeney, go raibh i bhfad níos mó sa ráiteas ná ceist dumpála arm.
in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha in the former Soviet Union
" Thóg seisean comhlacht mór foraoiseach in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha i ré Gorbachev agus *glasnost*.
iar-pháirtí former partner
" Glacadh pictiúirí de Liz O’Donnell, Mary Hanafin agus de Bertie Ahern féin ina gculaith snámha agus bíonn scéalta rialta faoin chaidreamh a bhí nó atá ag an Taoiseach lena iar-bhean chéile, lena iar-pháirtí agus lena pháirtí úr.
an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta the former Minister for Trade, Commerce and Tourism
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.